EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52007PC0645

Togra leasaithe le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dliteanas iompróirí a bhíonn ag gabháil d’iompar paisinéirí ar muir agus ar uiscebhealaí intíre i gcás tionóisce (arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE)

/* COIM/2007/0645 leagan deireanach - COD 2005/0241 */

52007PC0645

Togra leasaithe le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dliteanas iompróirí a bhíonn ag gabháil d’iompar paisinéirí ar muir agus ar uiscebhealaí intíre i gcás tionóisce (arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE) /* COIM/2007/0645 leagan deireanach - COD 2005/0241 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil22.10.2007

COIM(2007) 645 leagan deireanach

2005/0241 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le dliteanas iompróirí a bhíonn ag gabháil d’iompar paisinéirí ar muir agus ar uiscebhealaí intíre i gcás tionóisce

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE)

2005/0241 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le dliteanas iompróirí a bhíonn ag gabháil d’iompar paisinéirí ar muir agus ar uiscebhealaí intíre i gcás tionóisce

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

1. Staid na n-imeachtaí

Ghlac an Coimisiún an togra - COIM (2005) 592 – COD/2005/0241 – an 23 Samhain 2005 agus cuireadh ar aghaidh é chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 13 Feabhra 2006.

Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim maidir leis an togra ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2006.

Ghlac Coiste na Réigiún a thuairim maidir leis an togra ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2006.

Ghlac Parlaimint na hEorpa 27 leasú sa chéad léamh an 25 Aibreán 2007.

2. Cuspóir an togra

Is é is cuspóir don togra creat dlíthiúil a thabhairt do phaisinéirí ar bord soithí, le linn turais ar bith, agus d'iompróirí araon, ar creat é lena socrófar a gcearta agus a n-oibleagáidí ar bhealach comhchuibhithe. Ba chóir go mbeadh scóip an chomhchuibhithe seo leathan go leor d’fhonn cúiteamh níos cothroime i ndamáistí a áirithiú mar aon le cosc feabhsaithe tionóiscí.

Is é is aidhm don togra seo Prótacal na bliana 2002 le Coinbhinsiún na hAithine 1974 maidir le hiompar paisinéirí agus a mbagáiste ar muir, ar prótacal é a glacadh faoi choimirce na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta ("Coinbhinsiún na hAithine 2002") a ionchorprú i ndlí an Chomhphobail. Is téacs nua-aimseartha é Coinbhinsiún na hAithine 2002 ina luaitear go soiléir na cearta atá ag paisinéirí agus ag iompróirí agus na hoibleagáidí atá orthu; déantar foráil ann maidir le córas dliteanais dhéin iompróirí i leith damáistí i gcás tionóisce loingseoireachta, leagtar amach ann uasmhéideanna cúitimh atá sách ard, éilítear ar gach iompróir polasaí árachais a thógáil amach agus ceadaítear don ghearánaí dul i dteagmháil go díreach leis an árachóir chun cúiteamh a fháil.

Tá sé ar intinn ag na Ballstáit agus ag an gComhphobal an tráth céanna teacht chun bheith ina bpáirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún na hAithine 2002[1].

Ba chóir go mbeadh líon áirithe leasuithe ag gabháil le hionchorprú an Choinbhinsiúin i ndlí an Chomhphobail.

- Ní bhaineann Coinbhinsiún na hAithine ach le muiriompar idirnáisiúnta. Beartaíonn an Coimisiún an raon feidhme a leathnú chuig cabatáiste (muiriompar laistigh d'aon Bhallstát amháin) agus chuig iompar ar uiscebhealaí intíre;

- D’fhonn comhchuibhiú a éascú ar mhaithe le paisinéirí agus le hiompróirí araon: díchur clásail den Choinbhinsiún faoinar féidir le Ballstát leis féin uasteorainneacha cúitimh a ghlacadh atá níos airde ná uasteorainneacha cúitimh an Choinbhinsiúin;

- Beart a chur isteach a bhfuil mar aidhm aige cúiteamh níos fearr a íoc i leith damáistí a dhéantar do threalamh do dhaoine meabhairéislinneacha;

- Oibleagáid réamhíocaíochta a chur isteach;

- Oibleagáid a chur isteach faisnéis a thabhairt do phaisinéirí maidir lena gcearta.

3. Cuspóir an togra leasaithe

Tá sé mar aidhm ag an togra leasaithe an buntogra a oiriúnú i dtaca le pointí éagsúla, faoi mar a mhol Parlaimint na hEorpa.

4. barúlacha maidir leis na leasuithe lenar ghlac Parlaimint na h EORPA

4.1 Leasuithe lenar ghlac an Coimisiún

Féadfaidh an Coimisiún leasuithe 2, 3, 5, 6, 7, 8, 10, 11, 12, 13, 14, 15 a ghlacadh.

4.2 Leasuithe lenar ghlac an Coimisi ún go páirteach nó faoi réir a n-athdhréachtaithe

Ní ghlactar ach go páirteach le leasú 1. San abairt deiridh den leasú seo, tugtar le tuiscint nach ndéanfaidh bunú scéime árachais éigeantaigh difear ar bith d'árachóirí. Tá an Coimisiún den tuairim gur chóir an abairt seo a bhaint amach toisc nach luíonn sé le réasún. Go deimhin, níl aon dabht ann ach go ndéanfaidh bunú scéime árachais éigeantaigh difear don mhargadh árachais.

4.3. Leasuithe nár ghlac an Comisiún leo

Ní féidir leis an gCoimisiún leasuithe 4,9,16 go 27 a ghlacadh.

5. Togra leasaithe

De bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE, déanann an Coimisiún a thogra a leasú mar atá leagtha amach thuas.

[1] Togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle maidir leis an gComhphobal Eorpach do chríochnú Phrótacal na bliana 2002 le Coinbhinsiún na hAithine 1974 maidir le hiompar paisinéirí agus a mbagáiste ar muir – COIM(2003) 375 an 24 Meitheamh 2003. Á ghlacadh.

Top