Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 42017Y0630(01)

    Ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún Eorpach

    IO C 210, 30.6.2017, p. 1–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.6.2017   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    Ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún Eorpach

    AN COMHDHEARCADH EORPACH NUA MAIDIR LE FORBAIRT

    “ÁR SAOL, ÁR nDÍNIT, ÁR dTODHCHAÍ”

    1.

    Is é Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (1) (Clár Oibre 2030), a ghlac na Náisiúin Aontaithe i Meán Fómhair na bliana 2015, freagra an chomhphobail idirnáisiúnta ar na dúshláin agus treochtaí domhanda a bhaineann leis an bhforbairt inbhuanaithe. Creat polaitiúil bunathraitheach é Clár Oibre 2030, a bhfuil na spriocanna forbartha inbhuanaithe ina chroílár, arb é is aidhm dó an bhochtaineacht a dhíothú agus an fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach ar fud an domhain. Déantar gnéithe eacnamaíocha, sóisialta, agus comhshaoil na forbartha inbhuanaithe a chur i gcothrom le chéile — lena n-áirítear an dá chroí chúis sin arb iad an rialachas agus sochaí shíochánta cuimsitheach iad — agus aithnítear ann na hidirnaisc riachtanacha sin atá idir aidhmeanna agus cuspóirí an Chláir Oibre. Ní mór gur ina iomláine seachas ar bhonn roghnach a chuirfí i bhfeidhm é. Tá sé mar aidhm ag Clár Oibre 2030 gan éinne a fhágáil ar lár ach dul chomh fada leo siúd is faide ar gcúl i dtús báire.

    2.

    Mar léiriú ar an athrú atá tagtha ar an gcur chuige maidir leis an bhforbairt dhomhanda, féach an t-athrú atá tagtha idir spriocanna forbartha na mílaoise agus na spriocanna forbartha inbhuanaithe. Tá an cur chuige sin, atá bunaithe ar chearta an duine agus ar an bhforbairt inbhuanaithe, ag teacht go huile is go hiomlán le luachanna agus prionsabail an Aontais. Tá Clár Oibre 2030 agus na 17 sprioc forbartha inbhuanaithe a ghabhann leis uilíoch agus feidhm acu i ngach tír beag beann ar staid a forbartha, agus tá siad bunaithe ar úinéireacht náisiúnta agus comhfhreagracht. Is dlúthchuid de chur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe an chomhpháirtíocht idir na hilgheallsealbhóirí.

    3.

    Leagtar amach i gClár Oibre Addis Ababa (2) (AAAA), ar dlúthchuid de Chlár Oibre 2030 é, múnla nua maidir leis an gcur chun feidhme i.e. úsáid éifeachtach a bhaint as acmhainní airgeadais agus neamhairgeadais, trí thús áite a thabhairt do ghníomhaíocht intíre agus do bheartais fhónta. Ina theannta sin, de chomhlánú ar Chlár Oibre 2030, tá Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaistí (3) ann, agus Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide (4) ina dtugtar creat atá ceangailteach ó thaobh an dlí lena gcuirtear ar chúrsa nua iarrachtaí an domhain maidir leis an aeráid. Ní mór gur ar ord domhanda riailbhunaithe a bhunófar cur chun feidhme na ngealltanas sin, agus go mbeidh an t-iltaobhachas ina phrionsabal lárnach aige agus na Náisiúin Aontaithe ina chroílár.

    4.

    Tá an tAontas agus na Ballstáit tiomanta go mbeidh dínit le fáil ag cách sa saol, saol ina dtabharfar faoi réir a chéile an rathúnas agus an éifeachtúlacht eacnamaíoch, sochaithe síochánta, an cuimsiú sóisialta agus an fhreagracht i leith an chomhshaoil. Dá thoisc sin, déanfar gach iarracht a dhíriú ar dhíothú na bochtaineachta, ar leochaileachtaí a laghdú, agus ar aghaidh a thabhairt ar an éagothroime ar mhaithe lena áirithiú nach bhfágfar éinne ar lár. Fágfaidh rannpháirtíocht an Aontais agus na mBallstát i gcuspóirí Chlár Oibre 2030 go mbeidh an Eoraip á cothú ar bhealach a fhágfaidh níos láidre, níos inbhuanaithe, níos cuimsithí, níos sláine agus níos rathúla í.

    5.

    Feidhmíonn an Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt mar chreat chun Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme, i gcomhar le gach tír atá i mbéal forbartha, agus aird chuí á tabhairt ar an gcreat a cuireadh ar fáil le Conradh Liospóin. Ina theannta sin, is ionann an Straitéis Dhomhanda le haghaidh Bheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais (an Straitéis Dhomhanda) agus fís fhoriomlán don rannpháirtíocht dhomhanda atá comhleanúnach, inchreidte agus freagrúil.

    6.

    Is é is aidhm don Chomhdhearcadh seo creat a sholáthar ionas go mbeidh cur chuige comhchoiteann ann maidir le beartas forbartha a ndéanfaidh institiúidí an Aontais agus na Ballstáit é a chur i bhfeidhm, agus sainróil agus saininniúlachtaí a chéile á n-urramú go hiomlán acu. Beidh sé ina threoir ag gníomhaíocht institiúidí an Aontais agus na mBallstát agus iad ag comhoibriú leis na tíortha sin atá i mbéal forbartha. Déanfaidh gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát a chéile a threisiú agus a chomhordú ionas go n-áiritheofar an chomhlántacht agus an tionchar.

    1.   FREAGRA AN AONTAIS MAIDIR LE CLÁR OIBRE 2030

    1.1.   Gníomhaíocht níos tréine agus níos éifeachtúla ag an Aontas i ndomhan atá ag athrú

    7.

    Ní mór don Aontas agus do na Ballstáit freagairt do na dúshláin agus do na deiseanna reatha domhanda i bhfianaise Chlár Oibre 2030. Cuirfidh siad Clár Oibre 2030 chun feidhme i ngach beartas inmheánach agus seachtrach ar bhealach cuimsitheach straitéiseach, déanfaidh siad trí thoise na forbartha inbhuanaithe a chomhtháthú ar bhealach cothrom comhtháite, agus tabharfaidh siad aghaidh ar na hidirnaisc atá idir na spriocanna forbartha inbhuanaithe éagsúla agus ar thionchair mhóra a ngníomhaíochtaí intíre ar an leibhéal idirnáisiúnta agus domhanda. Déanfar an cur chun feidhme a chomhordú go cúramach le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide agus le gealltanais idirnáisúnta eile, lena n-áirítear an Clár Oibre Uirbeach Nua (5).

    8.

    Faoi chuimsiú an chreata fhoriomláin sin, is den tábhacht go mbeidh cur chuige comhordaithe comhleanúnach ann maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais ionas gur féidir Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme ar fud an domhain. A bhuí lena leagan amach institiúideach agus leis na hionstraimí polaitiúla dá bhforáiltear faoi Chonradh Liospóin, is maith mar is féidir leis an Aontas freagairt do dhúshláin agus do dheiseanna domhanda ach a dtagann a leithéidí i gceist.

    9.

    Leagtar amach i straitéis dhomhanda an Aontais fís maidir le rannpháirtíocht an Aontais in imeachtaí an domhain, trí bhíthin réimse beartas. Leagtar béim sa straitéis sin ar an ról tábhachtach atá ag Clár Oibre 2030, arb acmhainn dó tús a chur leis an athrú is gá a dhéanamh ar mhaithe le luachanna agus le cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Beidh na spriocanna forbartha inbhuanaithe ina ngné chothrománach den obair ar fad a bhainfidh le cur chun feidhme Straitéis Dhomhanda an Aontais. Beidh an Comhdhearcadh sin ina rannchuidiú agus tosaíochtaí gníomhaíochta seachtraí ag an Aontas á mbaint amach; áireofar ar an rannchuidiú sin tacaíocht don teacht aniar ar gach leibhéal. Dá thoisc sin, cothóidh an tAontas agus na Ballstáit cur chuige dinimiciúil iltoiseach i dtaca leis an teacht aniar, ar mhaithe le déileáil le pé leochaileacht a bhaineann le rioscaí iomadúla idirghaolmhara.

    1.2.   Freagairt maidir le forbairt

    10.

    Is é an Comhdhearcadh seo is bunchloch do bheartas forbartha an Aontais; is cuid de fhreagra foriomlán an Aontais ar Chlár Oibre 2030 é. Is é is príomhchuspóir do bheartas forbartha an Aontais, mar atá leagtha síos in Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an bhochtaineacht a laghdú agus san fhadtéarma, a díothú ar fad. Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit i bhfeidhm prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt, agus beidh aird acu ar chuspóirí an chomhair um fhorbairt sna beartais inmheánacha agus sheachtracha uile sin a chuirfidh siad chun feidhme, ar beartais iad ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do thíortha atá i mbéal forbartha. Is cuid bhunúsach é an comhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt den mhéid a dhéanann an tAontas chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach.

    11.

    Gné eile de bheartas forbartha an Aontais is ea cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a bhaint amach, go háirithe na cuspóirí sin a leagtar amach in Airteagal 21(2)(d) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) maidir le tacú le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na dtíortha atá i mbéal forbartha, agus é mar phríomhaidhm aige an bhochtaineacht a dhíothú. I gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 21(2)CAE, bíonn an beartas forbartha ina chuidiú, inter alia, acu seo: tacú leis an daonlathas, leis an smacht reachta agus le cearta an duine; an tsíocháin a chaomhnú agus an choinbhleacht a chosc; feabhas a chur ar mhianach an chomhshaoil agus ar bhainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha an domhain; cabhrú le pobail, le tíortha agus le réigiúin atá ag tabhairt aghaidh ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéantús an duine; agus córas idirnáisiúnta a chur chun cinn arna bhunú ar chomhar iltaobhach níos láidre agus ar an dea-rialachas domhanda. Dá bhrí sin, beidh an Comhdhearcadh ina rannchuidiú freisin maidir leis an gceanglas atá ann comhchuibheas a áirithiú idir na réimsí éagsúla de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus idir na réimsí sin agus a chuid beartas eile.

    12.

    Eochair-ghné i dtaca le baint amach na gcuspóirí comhchoiteanna sin is ea gur ar bhonn aontaithe a ghníomhódh an tAontas. Chuige sin, tá an tAontas agus na Ballstáit tiomanta go ndéanfaidh siad comhar níos fearr le chéile. Teastaíonn comhchuibheas níos fearr idir na Ballstáit agus institiúidí an Aontais. Tiocfaidh den rannpháirtíocht chomhleanúnach chomhsheasmhach sin níos mó den inchreidteacht, den dlisteanacht, den chuntasacht, den bhreisluach, agus den tionchar dearfach ar imeachtaí an domhain. Ní mór don Aontas agus do na Ballstáit a bheith aontaithe san éagsúlacht, agus leas a bhaint as taithí agus cur chuige den uile chineál, agus beann acu ar na buntáistí atá acu faoi seach thar a chéile.

    1.3.   Na Prionsabail agus na luachanna lena dtreorófar an ghníomhaíocht forbartha

    13.

    Is i gcomhréir le prionsabail ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, a leagtar amach in Airteagal 21(1) de CAE, a ghníomhaíonn an tAontas agus na Ballstáit: an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na mbunsaoirsí, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta. Tá na luachanna uilíocha agus an dea-rialachas sin ina gcroí-chuid de Chlár Oibre 2030.

    14.

    Bealach tábhachtach é an t-idirphlé polaitiúil le prionsabail na forbartha a chur chun cinn; ina theannta sin, baineann toise coisctheach leis an idirphlé céanna arb é is aidhm dó a áirithiú go gcloítear le luachanna an Aontais. Déanfaidh an tAontas an tAontas agus na Ballstáit an urraim do chearta an duine, an daonlathas, an smacht reachta agus an comhionannas inscne a chomhtháthú leis an idirphlé polaitiúil. Maidir leis an idirphlé sin, is le rialtais chomhpháirtíochta agus le rialtais eile nach iad a dhéanfar, agus beidh sé ina fhóram tábhachtach gníomhaíochta chun an tuiscint chomhpháirteach a chur chun cinn, chun athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn sin, agus chun bearta tacaíochta iomchuí a shainaithint.

    15.

    Croí-chuid de luachanna an Aontais is ea comhionannas an inscne a chumhdaítear i gcreat dlíthiúil agus polaitiúil an Aontais. Níl déanamh dá uireasa má táthar leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach, agus baineann sé le gach cuid de Chlár Oibre 2030. Tabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit tosaíocht i ngach ceann dá réimsí gníomhaíochta do chur chun cinn chearta na mban agus chearta na gcailíní, don chomhionannas inscne, do chumhachtú na mban agus na gcailíní agus dá gcosaint.

    16.

    Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit chun feidhme cur chuige cearta-bhunaithe i leith an chomhair um fhorbairt, lena gcuimseofar cearta uile an duine. Cuirfidh siad chun cinn an cuimsiú agus an rannpháirtíocht, an neamh-idirdhealú, an comhionannas agus an cothromas, an trédhearcacht agus an chuntasacht. Ní staonfaidh an tAontas ná na Ballstáit den ról lárnach atá acu maidir lena áirithiú nach bhfágfar éinne ar lár cuma cá háit chónaithe dóibh, beag beann ar eitneacht, inscne, aois, míchumas, reiligiún nó creideamh, claonadh gnéasach agus féiniúlacht inscne, stádas imirce nó tosca eile. Cumhdaítear sa chur chuige seo aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú iomadúil a chastar orthu siúd ar leochaileach a gcás agus ar ghrúpaí imeallaithe.

    17.

    Is mór ag an Aontas agus ag na Ballstáit rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta i réimse na forbartha agus is áil leo gach cuid den tsochaí a spreagadh le páirt ghníomhach a ghlacadh. Aithníonn siad róil iomadúla na n-eagraíochtaí sin i dtaca leis an daonlathas a thionscnamh agus le sealbhóirí ceart agus an smacht reachta, ceartas sóisialta, agus cearta an duine a chosaint. Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit spás don tsochaí shibhialta a chur chun cinn agus tabharfaidh siad breis tacaíochta d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun cumas na n-eagraíochtaí sin a mhéadú, ar mhaithe lena dtionchar sa phróiseas forbartha a neartú agus chun an t-idirphlé polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn.

    18.

    In éagmais éifeachtacht na forbartha, ní féidir na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach; is ceart í a bheith ina taca faoin gcomhar um fhorbairt gan beann ar chineál an chomhair sin. Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit prionsabail éifeachtacht na forbartha a chur i bhfeidhm, mar a comhaontaíodh iad faoin gComhpháirtíocht Dhomhanda maidir le Comhar um Fhorbairt Éifeachtach, le linn Fhóram Ardleibhéil Busan maidir le hÉifeachtacht Cabhrach in 2011, arna n-athnuachan le linn an Chruinnithe Ardleibhéil in Nairobi in 2016: is é sin le rá, úinéireacht na dtosaíochtaí forbartha a bheith ag na tíortha atá i mbéal forbartha, díriú ar thorthaí, comhpháirtíochtaí cuimsitheacha don fhorbairt, trédhearcacht agus cuntasacht fhrithpháirteach.

    2.   CREAT GNÍOMHAÍOCHTA

    19.

    I dtaca le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030, teastaíonn straitéisí forbartha inbhuanaithe cuimsitheacha náisiúnta ina gcuirtear na spriocanna forbartha inbhuanaithe leis na hidirnaisc san áireamh. Agus an comhar um fhorbairt á phleanáil agus á chur chun feidhme acu, beidh aird ar leith ag an Aontas agus na Ballstáit ar na hidirnaisc sin agus ar ghníomhaíochtaí comhtháite lenar féidir comhthairbhí a chruthú agus lenar féidir cuspóirí iolracha a chomhlíonadh ar bhealach comhleanúnach. Sa chomhthéacs sin, déanfar na téamaí lárnacha sin atá i gClár Oibre 2030 a léiriú i ngníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát: Daoine, an Pláinéad, an Rathúnas, an tSíocháin agus an Chomhpháirtíocht.

    20.

    Cé go n-aithníonn an tAontas agus na Ballstáit gur gá Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme ina iomláine seachas ar bhonn roghnach, tabharfaidh an tAontas Eorpach agus na Ballstáit aghaidh ar réimse gnéithe cothrománacha chun an fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach agus dlús a chur leis an athrú, amhail: an óige; an comhionannas inscne; an tsoghluaisteacht agus an imirce; an fuinneamh inbhuanaithe agus an t-athrú aeráide; an infheistíocht agus trádáil; an dea-rialachas, an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine; an rannpháirtíocht nuálach le tíortha atá i mbéal forbartha agus atá céim chun tosaigh i dtreo na forbartha; agus acmhainní intíre a chur ar fáil agus leas a bhaint astu.

    2.1.   Daoine — forbairt agus dínit an duine

    21.

    Eascraíonn idir dheiseanna agus dúshláin thromchúiseacha i dtaca leis an bhforbairt inbhuanaithe as an bhfás déimeagrafach domhanda, as iomlaoidí déimeagrafacha, agus as athruithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil. Meastar go mbeidh méadú 2,4 billiún duine tagtha ar dhaonra an domhain faoin mbliain 2050, agus 1,3 billiún díobh sin san Afraic. Is den ríthábhacht freagairt do na riachtanais oideachais a bhíonn ag leanaí agus ag daoine óga má táthar leis an tsaoránacht fhreagrach a chur chun cinn, sochaithe rathúla, inbhuanaithe a fhorbairt, agus dlús a chur leis an bhfostaíocht i measc na n-óg.

    22.

    Gach gné den bhochtaineacht a dhíothú, dul i ngleic le hidirdhealuithe agus neamhionannais agus gan éinne a fhágáil ar lár — sin é atá i gcroílár bheartas an Aontais maidir leis an gcomhar don fhorbairt. Tá an iliomad gnéithe ag baint leis an mbochtaineacht idir ghnéithe eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil, cultúrtha agus polaitiúla. Féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit le deireadh a chur leis an ocras agus le míchothú den uile chineál, agus cuirfidh siad chun cinn an cúram sláinte uilíoch, rochtain uilíoch ar oideachas agus oiliúint ardchaighdeáin, cosaint shóisialta leordhóthanach, inbhuanaithe, agus obair chuibhiúil do chách laistigh de chomhshaol sláintiúil. Ach dul chun cinn a dhéanamh sna réimsí sin, neartófar an bonn le haghaidh forbairt inbhuanaithe. Athdhearbhaíonn an tAontas go bhfuil sé tiomanta do 20 %, ar a laghad, dá chúnamh oifigiúil um fhorbairt (ODA) a leithdháileadh ar an gcuimsiú sóisialta agus ar an bhforbairt dhaonna.

    23.

    Tacóidh an tAontas agus na Ballstáit le tíortha comhpháirtíochta i gcomhlíonadh na freagrachta atá orthu a mbeartais náisiúnta agus an rialachas a neartú ar mhaithe le foráil inbhuanaithe a dhéanamh i dtaca le seirbhísí riachtanacha agus le comhlíonadh chearta an duine.

    24.

    Ní beag de chonstaic roimh an bhforbairt an tearc-chothú agus an míchothú. Is ualach iad a leanann daoine ar feadh a saoil ar an ábhar go mbíonn siad ina gcúis le heasnaimh chognaíocha, go laghdaíonn siad cumas leanaí agus iad ar scoil, go bhfágann siad daoine gan a sláinte, agus gur lúide an táirgiúlacht eacnamaíoch dá mbarr. Oibreoidh an tAontas agus na Ballstáit chun a áirithiú go mbeidh fáil ag cách ar bhia atá inacmhainne, sábháilte, leordhóthanach agus cothaitheach. Tabharfar aird faoi leith orthu siúd ar leochailí a gcás, ina measc leanaí is óige ná cúig bliana, gearrchailí, agus mná, go háirithe má bhíonn siad ag súil le leanbh nó ag cothú linbh. Déanfaidh siad iarrachtaí comhordaithe, luathaithe, trasearnála ar dheireadh a chur leis an ocras, ar an toilleadh maidir le táirgeadh bia áitiúil agus réigiúnach a mhéadú, ar shlándáil an tsoláthair bia agus ar chothú a áirithiú, agus ar theacht aniar na ndaoine sin ar leochailí a gcás a threisiú, go háirithe sna tíortha sin ar fada nó ar minic i ngéarchéim iad. Leanfaidh siad den infheistíocht i luathfhorbairt leanaí trí aghaidh a thabhairt ar gach cineál míchothaithe, lena n-áirítear crandú agus cnaí leanaí, trí thacú le seirbhísí bunúsacha a bhaineann le sláinte, le cothú, le huisce, le sláintíocht agus sláinteachas, agus leis an gcosaint shóisialta.

    25.

    Tacóidh an tAontas agus na Ballstáit leis na pobail is boichte chun rochtain níos fearr a thabhairt do chách ar thalamh, ar bhia, ar uisce agus ar fhuinneamh inbhuanaithe, inacmhainne, glan. Féachfar leis nach ndéanfar aon dochar don chomhshaol. Cothóidh siad tionscnaimh bheartais agus tacóidh siad le tíortha comhpháirtíochta tráth a mbeidh cur chuige comhtháite (lena dtabharfar aghaidh ar na hidirnaisc idir talamh, bia, uisce agus fuinneamh) á phleanáil agus á chur chun feidhme go nithiúil ag na tíortha sin.

    26.

    Fágfaidh an méadú suntasach a thiocfaidh, as seo go ceann cúpla scór bliain nó mar sin, ar an éileamh ar uisce agus an méadú ar ghanntanas uisce go mbeidh dúshláin mhóra ann go mór mór i dtaca leis an oiriúnú don athrú aeráide. Ní ann don tsláinte ná don fholláine, don fhás ná don táirgiúlacht, in éagmais rochtain uilíoch a bheith ar uisce óil sábháilte, ar shláintíocht agus ar shláinteachas. Tá acmhainní uisce fágtha faoi lé ag díghrádú comhshaoil, lena n-áirítear an t-athrú aeráide, rud atá ina bhagairt ar earnáil na talmhaíochta agus ar shlándáil an tsoláthair bia. Tacóidh an tAontas agus na Ballstáit leis an mbainistiú inbhuanaithe comhtháite uisce, le húsáid níos éifeachtúla uisce, agus le hathchúrsáil uisce lena n-áirítear trí cur chuige níos straitéisí maidir leis an bhforbairt agus leis an gcomhtháthú réigiúnach.

    27.

    Croí-chuid de shaol an duine í an tsláinte agus is gné ríthábhachtach í san fhás cothrom inbhuanaithe, lena n-áirítear díothú na bochtaineachta. I dtaca leis an gceart atá ag cách an caighdeán insroichte is airde cáilíochta i dtaca lena sláinte fhisiciúil agus mheabhrach a bhaint amach, is mian leis an Aontas agus leis na Ballstáit a dhearbhú an athuair go bhfuil rún daingean acu an ceart sin a chosaint agus a chur chun cinn ar mhaithe le dínit an duine, an fholláine agus an rathúnas a chur chun cinn. Leanfaidh siad orthu de bheith ag tacú le hiarrachtaí na dtíortha comhpháirtíochta ar chórais sláinte láidre ardchaighdeáin a bhfuil seasamh iontu a chur ar bun trí rochtain chothrom a thabhairt ar sheirbhísí sláinte agus ar chúram sláinte uilíoch. Chuige sin, tacóidh an tAontas agus na Ballstáit le tíortha atá i mbéal forbartha i dtaca le lucht oibre sláinte a oiliúint, a earcú, agus a imscaradh, agus i dtaca lena bhforbairt ghairmiúil leanúnach. Cuirfidh siad chun cinn infheistíocht in oibrithe túslíne cúraim sláinte agus in oibrithe sóisialta, agus ina gcumhachtú; bíonn ról ríthábhachtach acu seo i dtaca le seirbhísí cúraim sláinte a áirithiú i gceantair nach ndéantar freastal mar is cóir orthu, atá iargúlta, bocht, nó a bhfuil sé ina choinbhleacht iontu. Leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit den infheistíocht ar mhaithe le galair theagmhálacha a chosc agus a chomhrac, amhail VEID/SEIF, eitinn, maláire agus heipitíteas, agus cuideoidh siad le rochtain shlán do chógais agus vacsaíní bunriachtanacha inacmhainne a thabhairt do chách. Cuirfidh siad taighde, infheistíocht agus forbairt chun cinn sna teicneolaíochtaí nua sláinte. Gníomhóidh siad chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sláinte domhanda, amhail eipidéimí agus an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, le cur chuige sláinte poiblí. Féachfaidh siad leis an ráta báis i measc máithreacha agus leanaí a laghdú, cuirfidh siad an tsláinte mheabhrach chun cinn agus tabharfaidh siad aghaidh ar an ualach méadaitheach a bhaineann le galair neamhtheagmhálacha i dtíortha comhpháirtíochta agus tabharfaidh siad aghaidh ar thruailliú ceimiceach agus ar dhroch-cháilíocht aeir. I bhfianaise na n-idirnasc éagsúil, tacóidh siad le tíortha comhpháirtíochta le cur chuige “sláinte i ngach uile bheartas” a chur rompu.

    28.

    Ní ann d’infhostaitheacht an aosa óig ná don fhorbairt fhadtéarmach mura féidir a áirithiú go mbeidh fáil ag cách ar oideachas ardchaighdeáin. Tacóidh an tAontas agus na Ballstáit leis an bhfoghlaim chuimsitheach saoil agus leis an oideachas ardchaighdeáin cothrom, go háirithe le linn na luath-óige agus le linn bhlianta an bhunoideachais. Cuirfidh siad an t-oideachas dara agus tríú leibhéal chun cinn freisin, an oiliúint theicniúil agus ghairmiúil agus an fhoghlaim obairbhunaithe agus aosach, tráth éigeandála agus géarchéime san áireamh. Tabharfar aird ar leith ar dheiseanna oideachais agus oiliúna a chur ar fáil do chailíní agus do mhná. Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit dlús lena gcuid iarrachtaí ar a áirithiú go bhfuil ag cách an t-eolas, na scileanna, na hacmhainní agus na cearta a theastaíonn chun go gcaithfidís saol faoi dhínit, chun go mbeidís lánpháirteach sa tsochaí mar aosaigh tháirgiúla, fhreagracha, agus chun go rannchuideoidís le leas sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil na bpobal dar díobh iad.

    29.

    Ní mór tuilleadh a dhéanamh maidir le riachtanais leanaí, lena gcearta agus lena mianta. Ar na gníomhaíochtaí sin a mbíonn an toradh eacnamaíoch agus sóisialta is fearr orthu, áirítear idirghabhálacha cuimsitheacha le linn na luath-óige. Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit dlús lena gcuid iarrachtaí ar thimpeallacht shábháilte chothaitheach a chur ar fáil do leanaí mar ghné thábhachtach lena gcothófar glúin óg shláintiúil de dhaoine óga a bheidh in ann barr a cumais a bhaint amach. Aithníonn siad fairis sin go bhfuil dlite do gach leanbh oideachas ardchaighdeáin a fháil agus an óige a chaitheamh faoi shíocháin, fiú tráth éigeandála agus géarchéime, le go seachnófaí an baol go ndéanfaí glúin a “ligean amú”. Oibreoidh an tAontas agus na Ballstáit lena gcuid tíortha comhpháirtíochta chun feabhas a chur ar chosaint leanaí agus ar rannpháirtíocht na leanaí sin i ngach cinneadh dá mbaineann leo.

    30.

    Ag teacht leis an bprionsabal sin faoi nach bhfágfar éinne ar lár, tabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit aird ar leith orthu siúd ar míbhuntáisteach, leochaileach nó imeallach dá gcás, lena n-áirítear leanaí, daoine scothaosta, iad siúd atá faoi mhíchumas, daoine LGBTI, agus pobail dúchais. Áireofar ar an méid sin bearta lenar fearr is féidir spriocdhíriú ar na daoine sin, iad a chosaint agus tacú leo chun na deiseanna céanna a thabhairt dóibh agus an neamh-idirdhealú a áirithiú.

    31.

    Thart ar aon bhilliún duine atá faoi mhíchumas ar fud na cruinne, agus 80 % díobh ina gcónaí i dtíortha atá i mbéal forbartha. Is minic iad siúd atá faoi mhíchumas ar an dream is boichte sa phobal, agus i bhfad Éireann níos mó den stiogma agus den idirdhealú le fulaingt dá bharr acu. Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit na riachtanais shonracha a bhíonn acu siúd atá faoi mhíchumas san áireamh ina gcomhar um fhorbairt. I gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, cuirfidh siad chun cinn go fonnmhar fuinniúil a gcearta siúd atá faoi mhíchumas, agus glacfaidh siad bearta níos láidre chun a áirithiú go gcuirfear sa chomhaireamh go hiomlán iad sa tsochaí, agus go mbeidh siad rannpháirteach ar bhonn comhionann i margadh an tsaothair.

    32.

    Is príomhdhúshlán fós líon leordhóthanach post ardchaighdeáin a chruthú don aos óg. Tá gá le beartais spriocdhírithe agus le hinfheistíocht iomchuí chun cearta an aosa óig a chur chun cinn, chun éascú a dhéanamh ar a rannpháirtíocht sa saol eacnamaíoch, sóisialta agus sibhialta, agus chun a áirithiú go rannchuideoidh siad go hiomlán leis an bhfás cuimsitheach agus leis an bhforbairt inbhuanaithe. Is é an ceart é go mbeadh an t-aos óg rannpháirteach freisin sna próisis dhaonlathacha agus go dtarraingeoidís chuca féin rólanna ceannaireachta.

    An Óige

    Dream iad an t-aos óg a bhíonn ina ngníomhairí ar son na forbartha agus an athraithe, agus ós amhlaidh atá, is cuid riachtanach de Chlár Oibre 2030 a mbíonn le tairiscint acu, go háirithe fad a bhaineann lena gcumas chun nuálaíochta. Má dhéantar faillí ina gcuid oideachais, nó i dtaca lena gcuid fostaíochta, nó lena gcuid riachtanais shóisialta agus pholaitiúil, cuirfear de dhroim seoil na spriocanna forbartha inbhuanaithe agus fágfar i mbaol a radacaithe iad, agus i nguais na coiriúlachta, go háirithe tráth coinbhleachta.

    Díreoidh an tAontas agus na Ballstáit ar ghníomhaíochtaí nithiúla chun freastal ar riachtanais shonracha na hóige, go háirithe na riachtanais a bhíonn ag mná agus ag cailíní óga, trí líon na ndeiseanna ar fhostaíocht ardchaighdeáin agus líon na ndeiseanna fiontraíochta a ardú, agus beartais éifeachtacha san oideachas, sa ghairmoiliúint, san fhorbairt scileanna, maille le rochtain ar theicneolaíochtaí digiteacha agus seirbhísí de thaca leis an méid sin. Is é is aidhm leis sin leas a bhaint as an gcumas nuálaíochta digití, agus deiseanna a chruthú chun tairbhe a bhaint as an dul chun cinn sa teicneolaíocht. Ina theannta sin, féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit le cearta an aosa óig a neartú agus lena gcumhachtú níos mó i ngnóthaí poiblí freisin, lena n-airítear trína rannpháirtíocht a chothú sa gheilleagar áitiúil, sa tsochaí, agus sa chinnteoireacht go háirithe trí bhíthin eagraíochtaí don óige.

    33.

    Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit rompu a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú. Cuirfidh siad chun cinn go fonnmhar fuinniúil cosaint agus comhlíonadh chearta na mban agus na gcailíní, agus déanfaidh siad comhar lena gcomhpháirtithe chun deireadh a chur le gach cineál foréigin gnéis, le gach cineál foréigin agus idirdhealaithe atá bunaithe ar inscne, lena n-áirítear cleachtais dhíobhálacha, go háirithe an pósadh éigeantais, an luathphósadh, pósadh leanaí, agus ciorrú ball giniúna ban. Gníomhóidh an tAontas agus na Ballstáit agus neartóidh siad an t-idirphlé beartais ar mhaithe le mná agus cailíní a chumhachtú; cothóidh siad an ról tábhachtach atá acu mar ghníomhairí don fhorbairt agus don athrú agus méadóidh siad líon na ngníomhaíochtaí atá dírithe ar an gcomhionannas inscne. Áireofar ar an méid sin: a gcearta agus a gcumhachtú eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn, glór níos láidre a thabhairt dóibh, iad a bheith níos rannpháirtí sa saol sóisialta, eacnamaíoch, polaitiúil agus sibhialta, a sláine fhisiciúil agus shíceolaíoch a áirithiú, agus cultúr institiúideach an Aontais agus na mBallstát a athrú ar mhaithe lena ngealltanais a chomhlíonadh. Is chun tairbhe gach duine sa tsochaí rochtain chomhionann na mban ar fhostaíocht tháirgiúil, ar obair chuibhiúil, ar phá comhionann agus ar sheirbhísí airgeadais a chur chun cinn.

    34.

    Tá an tAontas fós tiomanta chun cearta uile an duine a chur chun cinn, a chosaint agus a chomhlíonadh, Clár Oibre Bhéising don Ghníomhaíocht agus Clár Gníomhaíochta na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt a chur chun feidhme go héifeachtach agus go hiomlán mar aon le pé toradh a bheidh ar a gcuid comhdhálacha athbhreithnithe. Sa chomhthéacs sin, tá an tAontas fós tiomanta do chearta sláinte gnéis agus atáirgthe. Agus beann aige ar an méid sin, athdhearbhaíonn an tAontas go bhfuil sé tiomanta do chur chun cinn, cosaint agus comhlíonadh cheart gach duine smacht iomlán a bheith acu, agus cinneadh a dhéanamh gan bhac agus ar bhealach freagrach, maidir le hábhair a bhaineann lena ngnéasacht agus lena sláinte gnéis agus atáirgthe, saor ó leithcheal, ó chomhéigean agus ó fhoréigean. Is mian leis an Aontas a chur i bhfáth an athuair go dteastaíonn rochtain uilíoch ar fhaisnéis ardchaighdeáin, inacmhainne, chuimsitheach, i leith na sláinte gnéis agus atáirgthe, agus i leith an oideachais, lena n-áirítear oideachas cuimsitheach gnéis, agus seirbhísí cúraim sláinte.

    Comhionannas inscne

    Tá an comhionannas idir fir agus mná idir óg agus sean ríthábhachtach don fhorbairt inbhuanaithe. Bíonn éifeacht iolraitheach ag a leithéid i dtaca le díothú na bochtaineachta a bhaint amach, agus is den ríthábhacht é i dtaca le sochaithe daonlathacha a fhorbairt a bhunaítear ar chearta an duine, ar an gceartas sóisialta agus an inbhuanaitheacht. Ina theannta sin, bíonn comhchoibhneas deimhneach idir an comhionannas inscne agus an rathúnas méadaithe agus an chobhsaíocht mhéadaithe, agus torthaí níos fearr i réimsí amhail an tsláinte agus an t-oideachas. Aithníonn an tAontas agus na Ballstáit mná agus cailíní mar ghníomhairí don fhorbairt agus don athrú, agus aithníonn siad freisin a ról i ndáil leis an tsíocháin a chothú, le coinbhleachtaí a réiteach, agus leis an bhfreagairt dhaonnúil.

    Tá mná agus cailíní go leor fanta ar an trá fholamh go fóill i dtaca le cearta, le hacmhainní agus le cluas a thabhairt dá nguth. Is eisiamh é an neamhionannas inscne a bhaineann le heisiaimh de chineálacha eile. Má táthar le forás na mban agus na gcailíní maille leis an gcomhionannas inscne a chur chun cinn, caithfear oibriú le buachaillí chomh maith le fir, cailíní agus mná chun tuiscint a chothú ar chearta, ar an gcomhionannas, agus ar na róil a bhíonn ag daoine sa tsochaí. Cuid eile de seo is ea a bheith ag obair le cuid de phríomhghníomhaithe na sochaí amhail múinteoirí, ceannairí reiligiúnacha agus ceannairí comhphobail chun deireadh a chur leis an idirdhealú i gcoinne na mban agus na gcailíní.

    Áiritheoidh an tAontas agus na Ballstáit go ndéanfar príomhshruthú córasach ar ghné na hinscne i ngach beartas mar rannchuidiú tábhachtach le baint amach na spriocanna forbartha inbhuanaithe. Cuirfidh siad dlús lena n-iarrachtaí ar an gcomhionannas inscne agus ar chumhachtú na mban a bhaint amach tríd an gcomhpháirtíocht leis na hilgheallsealbhóirí a dhoimhniú, tríd an gcumas a neartú maidir le buiséadú a chuireann cúrsaí inscne san áireamh, trí phleanáil, agus trí rannpháirtíocht ghníomhach na mban agus eagraíochtaí na mban sa chinnteoireacht a áirithiú.

    35.

    Is cumasóir ar son na forbartha é an cultúr agus é ina chomhchuid thábhachtach den fhorbairt, ar féidir leis an cuimsiú sóisialta, saoirse chun tuairimí a nochtadh, cruthú céannachta, cumhachtú sibhialta agus cosc coinbhleachtaí a éascú, agus an fás eacnamaíoch á neartú aige san am céanna. De léiriú go bhfuil an tAontas bunaithe ar uilechoitinne, dodhealaitheacht, idirghaolmhaireacht agus idirspleáchas chearta uile an duine, cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit chun cinn an t-idirphlé idirchultúrtha agus an comhar, mar aon leis an éagsúlacht chultúrtha, agus déanfaidh siad an oidhreacht chultúrtha a chosaint; cuirfidh siad borradh faoi thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta; tacóidh siad le beartais chultúrtha nuair ba chúnamh a leithéidí le baint amach na forbartha inbhuanaithe, agus san am céanna, cuirfidh siad cúinsí áitiúla san áireamh.

    36.

    Gníomhóidh an tAontas agus na Ballstáit chun an neamhionannas a laghdú i dtaca le torthaí agus cuirfidh siad comhdheiseanna chun cinn do chách. Dá thoisc sin, tacóidh siad go díreach leis na sciartha sin is boichte agus is leochailí sa tsochaí, agus cuideoidh siad leis an bhfás a chur chun cinn, ar fás é a bheidh níos cuimsithí agus níos inbhuanaithe ach nach lagfaidh an cumas a bheidh sna glúine atá le teacht pé riachtanais dá mbeidh acu a shásamh. Baineann buaine leis an bhfás eacnamaíoch agus bíonn níos mó dá thairbhe acu siúd is boichte ach an fás sin a bheith cuimsitheach. D’fhonn dul i ngleic leis an ardú atá ag teacht ar an éagothroime shóisialta agus eacnamaíoch, tacóidh an tAontas agus na Ballstáit leis na bealaí forbartha náisiúnta sin a chinntíonn go mbaintear amach oiread torthaí agus tionchair dhearfacha shóisialta agus is féidir. Oibreoidh siad le tíortha comhpháirtíochta chun an cánachas forchéimnitheach agus beartais phoiblí athdháiliúcháin a chur chun cinn a dhéanann cuíchúram de gur fearr a chomhroinntear sochair an fháis, go gcruthaítear poist chuibhiúla agus rachmas, agus go dtugtar rochtain níos fearr ar fhachtóirí táirgeachta, amhail talamh, maoiniú agus caipitil dhaonna.

    37.

    D’fhonn an neamhionannas a chomhrac, tacóidh an tAontas agus na Ballstáit le córais cosanta sóisialta atá éifeachtúil, inbhuanaithe, cothrom, ar mhaithe le hioncam bunúsach a ráthú, lena chinntiú nach bhfágfar beo bocht arís iad siúd a tháinig ón mbochtaineacht, agus ar mhaithe leis an teacht aniar a chothú. Déanfaidh siad measúnú ar na deitéarmanaint agus na treochtaí a bhaineann le gach neamhionannas eacnamaíoch agus sóisialta, agus neartóidh siad gach uirlis agus cur chuige dá bhfuil acu ionas gurb éifeachtúla iad chun aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas. Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit príomhshruthú ar laghdú an neamhionannais ina gcomhar um fhorbairt, agus tacóidh siad le cleachtais nuálacha shóisialta.

    38.

    Neartóidh an tAontas agus na Ballstáit an teacht aniar, go háirithe i dtaca le pobail ar leochaileach a gcás, i gcoinne turraingí comhshaoil agus eacnamaíocha, tubaistí nádúrtha agus de dhéantús an duine, coinbhleachtaí agus bagairtí sláinte domhanda. Déanfaidh siad an teacht aniar a chomhtháthú go córasach ina gcuid gníomhaíochtaí agus áiritheoidh siad gur fearr a bheidh daoine aonair, institiúidí, pobail, agus tíortha in ann iad féin a ullmhú faoi choinne strus agus suaitheadh gan ionchais fhadtéarmacha maidir le forbairt a chur i mbaol, agus gur fearr a bheidh siad in ann a leithéidí a sheasamh, dul in oiriúint dóibh agus teacht slán uatha go sciobtha. Is amhlaidh a dhéanfar freisin tráth athshlánaithe, tráth téarnaimh nó tráth atógála tar éis tubaiste. Ní mór a áirithiú go mbeidh ann comhar níos dlúithe agus gníomhaíocht chomhlántach idir gníomhaithe daonnúla agus forbartha, agus iad ag cur leis an anailís chomhpháirteach ar gach riosca agus gach leochaileacht.

    39.

    Is feiniméan casta, domhanda, fadmharthanach í an imirce a gcaithfear freagairt di le beartas cothrom, fianaise-bhunaithe, inbhuanaithe, a cheaptar go cúramach — beartas ina n-urramófar inniúlachtaí náisiúnta, agus go háirithe, nach ndéanfar difear leo do cheart na mBallstát faoi Airteagal 79(5) CFAE líon na náisiúnach tríú tíortha, a thig as tríú tíortha isteach ar a gcríoch ar thóir oibre, a shocrú. Is féidir leis an imirce agus an tsoghluaisteacht, ach iad a bhainistiú mar is ceart, a bheith ina rannchuidiú dearfach ag an bhfás cuimsitheach agus ag an bhforbairt inbhuanaithe. Is féidir leis an imirce neamhrialta agus leis an tsoghluaisteacht tairbhe a thabhairt uatha trí eolas, scileanna agus cumas táirgiúil a aistriú chuig na himircigh féin, chuig a dteaghlaigh, agus chuig na tíortha tionscnaimh agus cinn scríbe dar díobh iad. Ag an am céanna, is féidir leis an imirce neamhrialta a bheith ina siocair le dúshláin mhóra agus tionchar diúltach a imirt ar na tíortha tionscnaimh, ar na tíortha idirthurais agus ar na tíortha cinn scríbe. Is práinní anois ná riamh ceist na himirce a mhéid a bhaineann le tíortha atá i mbéal forbartha agus tíortha forbartha araon. I gcásanna áirithe, tá a gcearta mar dhaoine á gceilt ar lucht imirce, nó níl rochtain á tabhairt dóibh ar shláinte ná ar oideachas, ionas gur mhór an baol go bhfágfaí an t-imirceach ina íospartach ag an saothar éigeantais nó ag lucht gáinneála ar dhaoine. Trí rannpháirtíocht neartaithe, cabhrófar leis an imirce agus le soghluaisteacht daoine ar bhealach sábháilte, ordúil, rialta agus freagrach a éascú, lena n-áirítear trí bheartais phleanáilte dhea-bhainistithe imirce a chur chun feidhme.

    40.

    Is iomaí réimse beartais a bhíonn i gceist agus aghaidh á tabhairt ar an imirce: an fhorbairt, an dea-rialachas, an tslándáil, cearta an duine, an fhostaíocht, an tsláinte, an t-oideachas, earnáil na talmhaíochta, an tslándáil bia, an chosaint shóisialta agus an comhshaol, lena n-áirítear an t-athrú aeráide. Leis an gcur chuige atá bunaithe ar an gCreat Comhpháirtíochta, tabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit aghaidh, ar bhealach cuimsitheach, ar na gnéithe iomadúla sin a bhaineann leis an imirce agus leis an easáitiú éigeantach, lena n-áirítear an smuigleáil agus an gháinneáil ar dhaoine, bainistiú teorann, seoltáin, aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce, an chosaint idirnáisiúnta agus filleadh, athligean isteach agus athlánpháirtiú ar bhonn na cuntasachta frithpháirtí agus na lánurraime d’oibleagáidí daonnúla agus d’oibleagáidí maidir le cearta an duine. An cur chuige a bheidh ag an Aontas agus na Ballstáit maidir leis an imirce, beidh sé níos comhordaithe, níos iomlánaíche agus níos struchtúraithe agus, leis an gcur chuige sin, déanfar na sineirgí a uasmhéadú agus an ghiaráil is gá a chur i bhfeidhm trí leas a bhaint as beartais, ionstraimí agus uirlisí ábhartha uile an Aontais, lena n-áirítear an fhorbairt agus an trádáil. De bhíthin na n-iarrachtaí treisithe sin, tacóidh an tAontas agus na Ballstáit go gníomhach le Plean Gníomhaíochta Comhpháirteach Vaileite, 2015, a chur chun feidhme a thuilleadh agus le hullmhú Chomhshocruithe Domhanda na Náisiún Aontaithe maidir leis an Imirce agus Dídeanaithe, mar a iarradh i nDearbhú Nua-Eabhrac maidir le Dídeanaithe agus le hImircigh, 2016.

    41.

    Leis an mbeartas forbartha, tabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit aghaidh ar na bunchúiseanna a bhíonn leis an imirce neamhrialta agus rannchuideoidh siad, inter alia, le lánpháirtiú inbhuanaithe na n-imirceach i dtíortha óstacha agus i bpobail óstacha agus cabhróidh siad lena áirithiú go ndéanfar na himircigh a fhilleann a lánpháirtiú go socheacnamaíoch agus go rathúil ina dtíortha tionscnaimh nó idirthurais. Áireofar air sin an infheistíocht, an trádáil agus an nuálaíocht a chur chun cinn i dtíortha comhpháirtíochta chun borradh a chur faoin bhfás agus faoi dheiseanna fostaíochta, lena n-áirítear teagmháil a choimeád le diaspóraí, tacú le córais shóisialta agus oideachais mar aon le dul i mbun oibre le comhpháirtithe ón earnáil phríobháideach agus le daoine eile chun costais seoltán a ísliú agus chun aistrithe níos gasta, níos saoire agus níos sábháilte a chur chun cinn i dtíortha foinse agus, freisin, i dtíortha is faighteoirí, agus leas á bhaint, ar an gcaoi sin, as a n-acmhainneacht le haghaidh forbartha.

    Soghluaisteacht agus imirce

    Aithnítear go soiléir i gClár Oibre 2030 rannchuidiú dearfach na himirce agus na soghluaisteachta i dtaca leis an bhfás cuimsitheach agus leis an bhforbairt inbhuanaithe. Cuireann imircigh borradh nach beag faoin ngeilleagar domhanda, go háirithe trína gcuid seoltán. Más uainn aghaidh a thabhairt ar an imirce faoina hiomad gné idir rialta agus neamhrialta, beidh gá le hidirghabhálacha, beartais agus creataí dlíthiúla trasearnála sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma chun freastal ar riachtanais na n-imirceach agus na bpobal óstach araon agus chun a sábháilteacht a áirithiú. Aithnítear go bhfuil dúshláin mhóra roimh na tíortha sin atá i mbéal forbartha. Sa réimse sin, rinneadh dul chun cinn nár bheag ag Cruinniú Mullaigh Vaileite faoi Shamhain na bliana 2015, nuair a glacadh plean gníomhaíochta uaillmhianach.

    Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit dlús leis na hiarrachtaí atá ar bun chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna a bhíonn leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach, agus leis na hiarrachtaí atá ar bun chun bainistiú níos fearr a chur chun cinn don imirce, faoina hiomad gné, i dtíortha comhpháirtíochta. Déanfaidh siad an imirce a chomhdhlúthú mar phríomhchuid d’idirphlé bheartas eachtraigh an Aontais, lena n-áirítear freagairtí saincheaptha agus comhpháirtíochtaí neartaithe a ullmhú ar bhealach trédhearcach daonlathach.

    42.

    Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit chun cinn dínit agus teacht aniar na ndaoine sin a easáitíodh go héigeantach agus go fadtéarmach; cuirfidh siad chun cinn cuimsiú na ndaoine sin i saol eacnamaíoch agus sóisialta na dtíortha óstacha agus na bpobal óstach, agus é á aithint gur sócmhainn ríthábhachtach shoghluaiste é cumas na ndaoine siúd a easáitítear — cumas atá bunriachtanach maidir le teacht aniar na ndaoine sin agus chun gur féidir leo an saol a chur ar bonn arís — agus gur rannchuidiú ag na pobail óstacha an cumas céanna. Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit cur chuige cearta-bhunaithe i bhfeidhm, ina dtabharfar aird ar leith ar mhná, ar mhionaoisigh thionlactha agus neamhthionlactha agus orthu siúd ar fíorleochaileach dá gcás. Déanfaidh siad na struchtúir shóisialta fhadtéarmacha a chosaint, agus iad siúd ar fada easáitithe iad a lánpháirtiú sa mhórphleanáil forbartha, lena n-áirítear rochtain ar an oideachas agus ar phoist chuibhiúla.

    2.2.   An Pláinéad — An comhshaol a chosaint, acmhainní nádúrtha a bhainistiú agus dul i ngleic leis an athrú aeráide

    43.

    Bíonn folláine an duine agus an teacht aniar a bhíonn i ngach sochaí ag brath ar chomhshaol sláintiúil agus ar éiceachórais a fheidhmíonn mar is ceart. Tig le díghrádú an chomhshaoil, leis an athrú aeráide, le hadhaimsir, le tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine a bheith ina siocair le tairbhí i réimse na forbartha, agus leis an bhforás eacnamaíoch, a chur de dhroim seoil, go háirithe i gcás na mbocht. Tig leo leochaileachtaí agus riachtanais a mhéadú, an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chur i mbaol, agus a bheith ina gcúis leis an imirce mhórscála. Anuas ar ghníomhaíochtaí tiomnaithe, ba cheart an comhshaol a chur san áireamh agus an cur san áireamh sin a chomhtháthú i ngach earnáil den chomhar don fhorbairt, lena n-áirítear bearta coisctheacha. Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit chun cinn an éifeachtúlacht acmhainní, agus an tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe, lena n-áirítear bainistiú inbhuanaithe ceimiceán agus dramhaíola, chun an fás eacnamaíoch a dhícheangal ón díghrádú comhshaoil ionas gur féidir aistriú chuig geilleagar ciorclach. Má tá i ndán agus go mbeidh rath ar chúrsaí, beidh ar an earnáil phríobháideach a bheith freagrach agus cur i bhfeidhm córasach an phrionsabail gurb é “údar an truaillithe íocóir an truaillithe” a bheith ina bhunriachtanas aici. Cuideoidh siad chun cur leis an gcumas inbhuanaitheacht an chomhshaoil agus cuspóirí maidir leis an athrú aeráide, mar aon le saothrú an fháis ghlais, a phríomhshruthú sna straitéisí forbartha náisiúnta agus áitiúla. Ina theannta sin, bainfidh siad leas níos fearr as an eolaíocht, as an teicneolaíocht agus as an nuálaíocht chun an inbhuanaitheacht chomhshaoil a chur chun cinn; spreagfaidh siad a gcuid comhpháirtithe le húsáid a bhaint as na sonraí cuimsitheacha agus as an bhfaisnéis chuimsitheach a bhíonn ar fáil ó chláir Eorpacha agus idirnáisiúnta um fhaire na cruinne agus a bhíonn ina dtaca ag na cinntí fianaise-bhunaithe sin ina gcuirtear staid an chomhshaoil san áireamh.

    44.

    Tacóidh an tAontas agus na Ballstáit le caomhnú, le bainistiú agus le húsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, agus le caomhnú agus le húsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta agus éiceachóras, lena n-áirítear foraoisí, na haigéin, limistéir chósta, abhantracha agus éiceachórais eile, chun seirbhísí éiceachórais a sholáthar. I gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta, rachaidh siad i ngleic leis an lománaíocht neamhdhleathach agus leis an trádáil a ghabhann léi, leis an díghrádú talún agus foraoise, leis an bhfairsingiú fásaigh, leis an triomach agus le cailliúint na bithéagsúlachta a ghabhann leis an lománaíocht sin. Cuirfidh siad chun cinn na comhthairbhí atá le baint as an mbainistiú inbhuanaithe, lena n-áirítear teacht aniar i gcoinne an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú sin a fheabhsú. Cuirfidh siad feabhas ar an inbhuanaitheacht a bheith á comhtháthú i ngach earnáil comhair agus ardóidh siad an phróifíl a bheidh ag saincheisteanna comhshaoil san idirphlé lena gcomhpháirtithe. Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit úsáid chuntasaíocht an chaipitil nádúrtha chun cinn. Tacóidh siad le rialachas níos fearr agus le fothú acmhainní chun acmhainní nádúrtha a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, lena n-áirítear dúshaothrú neamhdhleathach foraoisí a chosc. Ina theannta sin, déanfaidh siad rannpháirtíocht geallsealbhóirí áitiúla agus an urraim do chearta an uile dhuine, lena n-áirítear pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla, a chur chun cinn. Tabharfaidh siad aghaidh ar phóitseáil an fhiadhúlra, ar an trádáil neamhdhleathach san fhiadhúlra agus san adhmad, agus ar shaothrú neamhdhleathach acmhainní nádúrtha eile. D’fhonn go mbeidh againn aigéin fholláine tháirgiúla, cuirfidh siad chun cinn cosaint agus athbhunú éiceachóras muirí, bainistiú inbhuanaithe acmhainní na n-aigéan agus na n-iascach inbhuanaithe, lena n-áirítear sin a dhéanamh trí rialachas na n-aigéan a fheabhsú agus an geilleagar gorm a fhorbairt.

    45.

    Déanfaidh an tAontas Eorpach agus na Ballstáit an comhshaol agus an t-athrú aeráide a chuimsiú ina gcuid straitéisí uile maidir le comhar don fhorbairt, lena n-airítear cothromaíocht fhónta idir an maolú agus an t-oiriúnú a chur chun cinn. Déanfaidh siad Clár Oibre 2030 agus Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide a chur chun cinn trí ghníomhaíocht chomhordaithe, chomhtháite agus déanfaidh siad sineirgí a uasmhéadú. Tacóidh siad le straitéisí náisiúnta, lena n-áirítear an phleanáil trasrialtais agus an clársceidealú trasrialtais, lena gcuirtear an teacht aniar chun cinn, lena laghdaítear an riosca maidir leis an aeráid agus lena rannchuidítear le laghdú astaíochtaí, agus sin ar aon dul le cur chun feidhme na rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta, agus aird á tabhairt ar na dúshláin atá roimh na tíortha atá i mbéal forbartha, go háirithe na tíortha sin is lú forbairt agus na stáit oileánacha bheaga atá i mbéal forbartha. Rannchuideoidh siad le lucht cosanta aeráide áitiúil teacht ar an bhfód agus scaipfidh siad tionscadail dea-chleachtais go gníomhach, agus cuirfidh siad leis na tionscadail sin, lena n-áirítear tacú le hardáin ilgheallsealbhóirí. Toisc gur de chineál ceangailteach é Comhaontú Pháras, ó thaobh dlí de, agus toisc go bhfuil ceangal ann rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta a ullmhú, féadfar spreagadh a thabhairt don phleanáil náisiúnta forbartha i gcomhthéacs Chlár Oibre 2030.

    An fuinneamh inbhuanaithe agus an t-athrú aeráide

    Is cumasóir ar son na forbartha é an fuinneamh, nach bhfuil déanamh dá uireasa; bíonn ról lárnach aige sna réitigh sin lena mbainfear amach pláinéad inbhuanaithe. Bíonn fuinneamh de dhíth ar thíortha atá i mbéal forbartha chun fás cuimsitheach a chur chun cinn agus chun caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú a thuilleadh. Ach infheistiú san fhuinneamh inbhuanaithe, is féidir an rochtain a áirithiú agus a mhéadú ar uisce glan, ar an gcócaireacht ghlan, ar an oideachas agus ar an gcúram sláinte, agus is féidir poist a chruthú agus tacú le gnólachtaí áitiúla ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

    Trí phríomhchuspóir idirnasctha a shaothróidh an tAontas agus na Ballstáit: aghaidh a thabhairt ar an easpa rochtana ar fhuinneamh; an éifeachtúlacht fuinnimh agus giniúint an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú chun cothromaíocht inbhuanaithe a bhaint amach idir táirgeadh agus tomhaltas fuinnimh; agus rannchuidiú leis an gcomhrac domhanda i gcoinne an athraithe aeráide i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis na rannchuidithe gaolmhara arna gcinneadh go náisiúnta agus arna dtíolacadh ag na Páirtithe. Tabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit aghaidh ar an mbochtaineacht fuinnimh trí rannchuidiú le rochtain uilíoch ar sheirbhísí fuinnimh atá inacmhainne, nua-aimseartha, iontaofa agus inbhuanaithe, agus iad dírithe go mór ar an bhfuinneamh in-athnuaite agus ar an éifeachtúlacht fuinnimh. Is féidir fuinneamh glan, inathnuaite a sholáthar trí réitigh atá faoi stiúir an phobail, trí réitigh easeangacha nó trí réitigh mhioneangacha trína bhféadfar rochtain a fháil ar fhuinneamh amuigh faoin tuath.

    Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit an méid seo a leanas a chur chun cinn: deireadh a chur de réir a chéile leis na fóirdheontais a thugtar don bhreosla iontaise sin atá díobhálach don chomhshaol, margaí fuinnimh cobhsaí trédhearcacha, eangacha cliste a bheith á n-úsáid, agus teicneolaíochtaí digiteacha a bheith á n-úsáid le haghaidh bainistiú inbhuanaithe fuinnimh. Beidh an straitéis fheabhsaithe sin á saothrú i gcomhthráth le gníomhaíocht leantach an Aontais a bheidh comhsheasmhach leis an gceannaireacht dhomhanda atá á léiriú aige chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus chun tacú le tríú tíortha dul i ngleic leis an athrú aeráide agus aistriú a dhéanamh chuig geilleagair astaíochtaí ísle a bhfuil teacht aniar iontu ó thaobh na haeráide de.

    46.

    I bhfianaise a dteastaíonn den infheistíocht airgeadais chun go bhféadfar rochtain uilíoch a thabhairt ar sheirbhísí glana sábhailte fuinnimh, ní mór go mbeadh líon mór gníomhaithe rannpháirteach. Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit leis an gcomhar atá acu leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear a gcomhar leis an earnáil phríobháideach, maidir le bainistiú an éilimh ar fhuinneamh, maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, maidir le fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint agus maidir le teicneolaíocht ghlan a fhorbairt agus a aistriú. Tacóidh siad le feabhas a chur ar chreataí rialála a bheidh fabhrach d’earnáil fuinnimh iomaíoch inbhuanaithe agus do mhaoiniú príobháideach a ghiaráil. Déanfaidh siad cistí breise a charnadh isteach, lena n-áirítear cistí de chuid na hearnála príobháidí agus trí thionscnaimh agus ionstraimí nuálacha maoiniúcháin. Mar chuid den chreat cumasúcháin d’Aontas Fuinnimh an Aontais, tacófar leis an Afraic agus le comharsanacht an Aontais san aistriú fuinnimh seo.

    2.3.   Rathúnas — Fás cuimsitheach inbhuanaithe agus poist chuimsitheacha inbhuanaithe

    47.

    Is bunriachtanas don fhás cuimsitheach inbhuanaithe poist chuibhiúla a chruthú, go háirithe do mhná agus don aos óg. Ach an rathúnas agus an fás a chomhroinnt, rannchuidítear go mór le leas agus le dínit an duine. Leis an bhfás inbhuanaithe cuimsitheach, cothaítear an teacht aniar san fhadtéarma i dtíortha comhpháirtíochta trí dheiseanna lenar féidir páirt a ghlacadh i gcruthú rachmais agus post cuibhiúil a chruthú do ghrúpaí leochaileacha sa daonra, agus dóibh siúd is mó atá i mbaol. Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit claochlú eacnamaíoch chun cinn lena gcruthófar poist chuibhiúla, lena méadófar ar an gcumas táirgthe, lena nginfear dóthain ioncaim do sheirbhísí poiblí agus don chosaint shóisialta, lena gcothófar slabhraí luacha inbhuanaithe agus an t-éagsúlú, lena n-áirítear tionsclaíocht inbhuanaithe. Áirítear air sin patrúin tomhaltais agus táirgthe inbhuanaithe i ngeilleagar ciorclach a chur chun cinn, lena n-áirítear timthriallta ábhair neamhthocsaineach, éifeachtúlacht acmhainní agus an t-aistriú chuig conairí astaíochtaí ísle a bhfuil teacht aniar iontu ó thaobh an athraithe aeráide de a chur chun cinn.

    48.

    Aithníonn an tAontas agus na Ballstáit go mbíonn ról ag micrifhiontair agus ag fiontair bheaga agus mheánmhéide i gcumasú na forbartha inbhuanaithe agus gur gníomhaithe bunriachtanacha iad sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta. Spreagann micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide fás, fostaíocht, nuálaíocht agus forbairt shóisialta. Tacóidh an tAontas agus na Ballstáit le bearta nuálacha atá dírithe ar ghníomhaíocht a dhéanamh, tríd an mbeartas forbartha chun cur le rannpháirtíocht micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide maidir le gníomhartha nithiúla a chur chun feidhme ar an láthair agus chun leas a bhaint as a n-acmhainn chlaochlaitheach. Cuideoidh siad chun gur fusa do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide rochtain a fháil ar fhaisnéis ábhartha, san Aontas agus i dtíortha comhpháirtíochta, agus déanfaidh siad iad a chomhtháthú sna slabhraí soláthair agus luacha, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar bhearna maoiniúcháin na micrifhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide. Spreagfaidh siad malartuithe agus idirphlé gnó-le-gnó idir micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide san Aontas agus sna tíortha comhpháirtíochta nó sna réigiúin chomhpháirtíochta.

    Infheistíocht agus trádáil

    Is den ríthábhacht an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach chun an fhorbairt inbhuanaithe a spreagadh. Bíonn sí ina cuidiú chun geilleagair a éagsúlú, fás agus poist chuibhiúla a chothú, táirgí agus seirbhísí nuálacha a sholáthar, geilleagair tíortha atá i mbéal forbartha a nascadh le slabhraí luacha réigiúnacha agus domhanda, an lánpháirtiú trádála agus réigiúnach a chur chun cinn, agus riachtanais shóisialta a chomhlíonadh. Tá Clár Oibre 2030 agus Clár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa ina gcreat lenar féidir leis an infheistíocht fhreagrach rannchuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe i ngach ceann dá gnéithe.

    Gníomhóidh an tAontas agus na Ballstáit chun borradh a chur faoin infheistíocht trí na nithe seo a leanas a chomhcheangal: cistiú na forbartha inbhuanaithe, cúnamh teicniúil ar mhaithe le tionscadail inbhuanaithe a fhorbairt agus infheisteoirí a mhealladh, agus bearta a bheidh ina gcuidiú agus feabhas á chur ar an rialachas eacnamaíoch agus ar an timpeallacht ghnó, an chaimiléireacht á comhrac, agus teagmháil ar siúl leis an earnáil phríobháideach. Rannchuideoidh an tAontas agus na Ballstáit freisin le hinfheistíochtaí príobháideacha agus poiblí a mhéadú i ngeilleagar glas astaíochtaí ísle a bhfuil teacht aniar iontu ó thaobh an athraithe aeráide de.

    Bealach tábhachtach amháin le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin is ea an Plean Eorpach Infheistíochta Seachtraí, ina mbeidh ráthaíochtaí maidir le próifíl riosca na hinfheistíochta i dtíortha atá i mbéal forbartha a ísliú agus fán ionas sin maoiniú breise a ghiaráil, go háirithe ón earnáil phríobháideach. Leis an bplean sin, rannchuideofar leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach agus cuideofar le dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce neamhrialta ar an dóigh sin.

    Áiritheoidh an tAontas i gcónaí, trína chuid beartas trádála, go mbainfidh tíortha atá i mbéal forbartha, go háirithe na tíortha is leochailí, tairbhe as an bhfás cuimsitheach agus as an bhforbairt inbhuanaithe trí rannpháirtíocht fheabhsaithe a bheith acu sa lánpháirtiú réigiúnach agus sa chóras iltaobhach trádála.

    49.

    Cuideoidh an tAontas agus na Ballstáit le timpeallacht níos fearr a chruthú do chúrsaí gnó i dtíortha atá i mbéal forbartha, lena n-urramófar caighdeáin agus prionsabail idirnáisiúnta maidir le cearta an duine. Rannchuideoidh siad le feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh gníomhaíocht eacnamaíoch cuimsitheach trí bheartais agus creataí rialála atá níos inbhuanaithe a chur chun cinn mar aon le cearta an duine, lena n-áirítear croíchaighdeáin saothair agus ceanglais an díchill chuí, timpeallachtaí gnó níos fabhraí, samhlacha nua gnó agus cumas níos fearr rialtais. Déanfaidh siad rochtain leathan ar sheirbhísí airgeadais agus micrea-airgeadais a chur chun cinn, lena n-áirítear seirbhísí do mhná, do dhaoine bochta agus do mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Ina theannta sin, cuirfidh siad chun cinn tionscnaimh de chuid na hearnála príobháidí, agus fiontair shóisialta, comharchumainn, agus fiontraithe ban agus fiontraithe i measc na hóige chun borradh a chur faoi sholáthar seirbhísí áitiúla chomh maith le samhlacha gnó a bheidh glas agus cuimsitheach. Cuirfidh siad an soláthar poiblí inbhuanaithe agus trédhearcach chun cinn chun tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe agus éascóidh siad an rochtain a bheidh ag micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide ar sholáthar poiblí. Le hinfheistíocht na hearnála poiblí sa taighde agus sa nuálaíocht agus le comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, is féidir leas a bhaint as infheistíocht na hearnála príobháidí agus borradh a chur faoin bhfás cuimsitheach inbhuanaithe i dtíortha atá i mbéal forbartha.

    50.

    Tá an sciúradh airgid, an t-éilliú, sreabha aindleathacha airgeadais, mar aon le seachaint agus imghabháil cánach, fós ina mbac ar an bhforbairt inbhuanaithe, rud a fhágann éifeacht dhíréireach ar thíortha atá i mbéal forbartha. Oibreoidh an tAontas agus na Ballstáit le tíortha comhpháirtíochta chun an cánachas forchéimnitheach, bearta frithéillithe agus beartais athdháilte caiteachais phoiblí a chur chun cinn agus chun dul i ngleic le sreabha aindleathacha airgeadais chun go mbeidh rochtain ag cách ar sheirbhísí bunúsacha ardchaighdeáin.

    51.

    Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit scileanna agus acmhainní na hearnála príobháidí a chomhcheangal le cúnamh tacaíochta don trádáil, beartais trádála, ionstraimí, agus taidhleoireacht eacnamaíoch. Cuirfidh siad cúnamh don trádáil chun cinn mar thaca le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 ionas gur fearr is féidir díriú ar na riachtanais trádála agus cumais táirgthe atá ag tíortha i mbéal forbartha. Ba cheart aird a thabhairt ar riachtanais na dtíortha is lú forbairt agus ar riachtanais na dtíortha talamhiata atá i mbéal forbartha, a bhfuil éascú na trádála agus an bonneagar trádála thar a bheith tábhachtach chun an fhorbairt a spreagadh iontu, agus ar riachtanais na stát oileánach beag sin atá i mbéal forbartha.

    52.

    Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit an trádáil agus an infheistíocht a chur chun cinn agus a éascú i dtíortha atá i mbéal forbartha chun tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe. Leanfaidh an tAontas den trádáil agus den chomhtháthú réigiúnach a chur chun cinn agus sin ina phríomhspreagadh don fhás agus do laghdú na bochtaineachta sna tíortha atá i mbéal forbartha. Tríd an straitéis “Trádáil do Chách” a chur chun feidhme, tacóidh an tAontas agus na Ballstáit lena gcomhpháirtithe trádála, lena n-áirítear na comhaontuithe um chomhpháirtíocht eacnamaíoch, chun an fhorbairt inbhuanaithe a chomhtháthú ar gach leibhéal den bheartas trádála. I gcomhréir leis na gealltanais maidir le comhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt, bainfear leas as an tacaíocht don fhorbairt, i gcás inarb iomchuí, chun a áirithiú go ndéanfar na forálacha i gcomhaontuithe trádála a bhaineann le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a chur chun feidhme agus a úsáid go héifeachtach. Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit an fás eacnamaíoch cuimsitheach inbhuanaithe a chur chun cinn agus cuideoidh siad le tíortha atá i mbéal forbartha samhlacha fáis a ghlacadh ina gcuirfear san áireamh an ganntanas acmhainní agus gníomhaíocht i gcoinne an athraithe aeráide. Áirítear air sin slabhraí luacha inbhuanaithe agus caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta a chur chun cinn.

    53.

    Is féidir leis an earnáil phríobháideach rannchuidiú le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030. Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit, i ndlúthchomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, cur ar fáil acmhainní príobháideacha le haghaidh forbartha a chur chun cinn, agus cuntasacht na hearnála príobháidí a chur chun cinn freisin, sna hearnálacha sin dar tualaing athrú suntasach a imirt i réimse na forbartha inbhuanaithe. Áirítear leis sin an talmhaíocht inbhuanaithe, an fuinneamh sábháilte glan, bainistiú comhtháite acmhainní uisce, bonneagar ar mó teacht aniar atá ann, an tsláinte, an turasóireacht inbhuanaithe, an geilleagar glas agus ciorclach, an teileachumarsáid agus an teicneolaíocht dhigiteach.

    54.

    Oibreoidh an tAontas agus na Ballstáit leis an earnáil phríobháideach, lena n-áirítear eagraíochtaí fostóirí agus eagraíochtaí oibrithe, chun cuir chuige fhreagracha, inbhuanaithe, éifeachtacha a chur chun cinn, lena n-áirítear an t-idirphlé sóisialta. Is mór an rannchuidiú ag cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 glacadh níos mó a bheith ar shamhlacha gnó cuimsitheacha freagracha i measc réimse is leithne de chuideachtaí san Aontas a bhfuil slabhraí soláthair acu i dtíortha atá i mbéal forbartha, i ndlúthchomhar lena gcuid geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, chomh maith le trádáil chothrom, thrédhearcach, eiticiúil a chur chun cinn, lena n-áirítear an trádáil le táirgeoirí beaga i dtíortha atá i mbéal forbartha. Ní mór a chur san áireamh sna samhlacha gnó sin na caighdeáin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta maidir le cearta daonna, na gealltanais maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe, an trédhearcacht agus an fhreagracht shóisialta chorparáideach, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha, agus an cumasc — ar réimse mór bealaí — amhail na cleachtais is fearr a roinnt. Áirítear leis sin bainistiú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha amhail mianraí agus adhmad. Leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit de bheith ag tacú le cleachtais fhreagracha gnó agus le bainistiú freagrach ar shlabhraí soláthair, le hurramú cearta tionachta, le comhtháthú chearta an duine agus cearta oibre, leis an ionracas airgeadais, le caighdeáin chomhshaoil, agus leis an inrochtaineacht. Gníomhóidh siad le cosc a chur le sáruithe ar chearta an duine, agus cuirfidh siad chun cinn prionsabail threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le gnó agus cearta an duine. Cuirfidh siad chun cinn caighdeáin saothair lena n-áirítear dálaí cuibhiúla fostaíochta agus pá cuibhiúil d’oibrithe, go háirithe na caighdeáin sin atá sainithe ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, san earnáil fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, lena n-áirítear tacú leis an aistriú ón ngeilleagar neamhfhoirmiúil go dtí an geilleagar foirmiúil agus an comhrac in aghaidh an tsaothair leanaí.

    55.

    Tá an talmhaíocht inbhuanaithe, mar aon le hiascaigh agus le dobharshaothrú inbhuanaithe, fós ar chuid de na nithe is mó a chuireann siúl faoi dhíothú na bochtaineachta agus faoin bhforbairt inbhuanaithe, agus iad fíor-riachtanach chun deireadh a chur leis an ocras agus chun an tslándáil bia a áirithiú. Braitheann dhá thrian de bhoicht an domhain ar an talmhaíocht chun greim a chur faoin bhfiacail dóibh; tá riar de na tíortha atá i mbéal forbartha atá fós go mór i dtuilleamaí líon beag tráchtearraí. Tá tábhacht nach beag fós ag baint le tacaíocht a thabhairt do mhionsealbhóirí, lena n-áirítear feirmeoirí teaghlaigh agus feirmeoirí tréadacha, agus ní beag an rannchuidiú a thugann siad i dtaca le slándáil an tsoláthair bia agus leis an gcomhrac i gcoinne creimeadh ithreach agus chailliúint na bithéagsúlachta, agus poist a chruthú san am céanna. Tacóidh an tAontas agus na Ballstáit le gach feabhas a chuirfear ar an rialachas a bhaineann le bainistiú inbhuanaithe foraoise, bainistiú rannpháirtíochta ar thalamh féaraigh, agus le rochtain chothrom ar thionachta talún, go háirithe i gcás na mban, agus tabharfar urraim do chearta na bpobal áitiúil agus dúchasach, lena n-áirítear gnáthúsáid talún agus rochtain ar uisce. Déanfaidh siad cruthú eagraíochtaí feirmeoirí agus comharchumann a chur chun cinn, ionas go dtabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas inter alia: feabhas a chur ar tháirgiúlacht feirmeacha teaghlaigh, cearta maidir le húsáid talún agus síolchórais atá bunaithe ar an bhfeirmeoireacht thraidisiúnta. Rannchuideoidh siad le feabhas a chur ar cháilíocht na gcoinníollacha sláintíochta agus fíteashláintíochta. Féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit le forbairt a dhéanamh ar mhargaí talmhaíochta agus ar shlabhraí luacha a théann chun tairbhe na mbocht sna tíortha comhpháirtíochta agus a spreagann an t-agraithionscal chun poist agus breisluach a ghiniúint. Áireofar leis sin tacaíocht a thabhairt do lánpháirtiú na n-óg agus do chumhachtú na mban, agus cur chun cinn an taighde agus na nuálaíochta. Ní mór infheistiú in earnáil na talmhaíochta inbhuanaithe agus in earnáil an agraibhia ionas gur féidir na córais táirgthe áitiúla agus réigiúnacha a éagsúlú, an míchothú a sheachaint, méid na táirgiúlachta a mhéadú agus poist chuibhiúla a chruthú, gan dochar a dhéanamh don chomhshaol. Is gá mórinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach a dhéanamh in earnáil na talmhaíochta inbhuanaithe agus san infreastruchtúr i roinnt tíortha atá i mbéal forbartha, go háirithe san Afraic. Ní foláir na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe beartais sin a bheith freagrach, cuimsitheach agus leas na ndaoine a dhéanamh.

    56.

    Beidh ar na córais talmhaíochta agus bia inbhuanaithe, lena n-áirítear iascaigh inbhuanaithe, aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá ag daonra méadaitheach an domhain agus, ag an am céanna, cosaint a thabhairt don chomhshaol. Tacóidh an tAontas agus na Ballstáit le cleachtais agrai-éiceolaíocha, gníomhaíochtaí a laghdóidh caillteanais iarbhuainte agus cur amú bia, a chosnóidh ithreacha, a chaomhnóidh acmhainní uisce, a stopfaidh, a choiscfidh, agus a chuirfidh ar gcúl an dífhoraoisiú, agus a choinneoidh ar bun an bhithéagsúlacht agus éiceachórais fholláine. Ní mór cuing a chur ar an acmhainn atá ag an talmhaíocht inbhuanaithe agus ag ithreacha inbhuanaithe díobháil na ngás ceaptha teasa a mhaolú, agus feabhas a chur ar an teacht aniar ó thionchar an athraithe aeráide a chothú. I dtaca le hiascaigh agus leis an dobharshaothrú, cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit chun cinn cleachtais inbhuanaithe agus tacóidh siad le gníomhaíocht a rachaidh i ngleic leis an iascaireacht mhídhleathach, le truailliú na mara, agus le hiarmhairt an athraithe aeráide.

    57.

    Leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit de bheith ag tacú le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide i dtíortha atá i mbéal forbartha ó tharla iad sin ina gcumasóirí cumhachtacha ar son an fháis chuimsithigh agus na forbartha inbhuanaithe. Sa chuid sin den domhan atá fós i mbéal forbartha, tá na teicneolaíochtaí digiteacha á nglacadh le tréine nach bhfacthas riamh roimhe seo. Mar sin féin, ní beag an chonstaic roimh an bhforbairt í an easpa nascachta atá i roinnt mhaith tíortha atá i mbéal forbartha, go háirithe i gceantair thuaithe agus iargúlta, go mór mór san Afraic. Rud eile de is ea go bhfágann an iomaíocht theoranta gur minic gan fáil ag sciar mór den phobal ar na teicneolaíochtaí digiteacha agus gan iad in acmhainn íoc astu. Díreoidh an tAontas agus na Ballstáit ar phríomhshruthú a dhéantar ar réitigh dhigiteacha in earnáil na forbartha a fheabhsú, agus cuirfidh siad chun cinn úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha i raon de réimsí tosaíochta (amhail an r-rialachas, an talmhaíocht, an t-oideachas, bainistiú an uisce, an tsláinte, agus an fuinneamh). Tacóidh siad le timpeallachtaí cumasúcháin don gheilleagar digiteach trí fheabhas a chur ar an nascacht shaor, oscailte agus shlán, agus trí dheireadh a chur le pé constaicí a d’fhágfadh nach féidir leas a bhaint as iomlán a acmhainne don fhorbairt inbhuanaithe. Tacóidh siad leis an bhfiontraíocht dhigiteach, lena n-áirítear micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, a fhorbróidh inneachar ag a mbeidh ábharthacht áitiúil, a chuirfidh chun cinn an nuálaíocht, agus a chruthóidh poist chuibhiúla. Tacóidh siad freisin leis an litearthacht dhigiteach agus le scileanna digiteacha ar mhaithe le daoine a chumasú, ar mhaithe le mná go háirithe agus leo siúd ar leochaileach dá gcás, agus ar mhaithe leis an gcuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na ndaoine sin sa rialachas daonlathach agus sa gheilleagar digiteach a éascú.

    58.

    Tacóidh an tAontas agus na Ballstáit le bonneagair agus le foirgnimh ardchaighdeáin, agus iad níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní agus fuinnimh, a dhearadh, a thógáil agus a oibriú. Cuirfidh siad tacaíocht ar fáil agus forbairt á déanamh ar líonraí iompair agus ar líonraí don tsoghluaiseacht shlán, inbhuanaithe, íseal-astaíochta, idirnasctha, agus ar bhonneagair eile a mbeidh teacht aniar iontu agus a bheidh neamhdhíobhálach don aeráid, amhail líonraí fuinnimh, córais uisce agus córais bainistithe dramhaíola ar mhaithe le cur chun cinn na rochtana cothromasaí inacmhainne do chách, an fháis, na trádála agus na hinfheistíochta. Déanfaidh siad an cuspóir a bhaineann le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtionscadail bhonneagair a chomhtháthú go córasach.

    59.

    Athdhearbhaíonn an tAontas agus na Ballstáit an gá atá le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht chomhshaoil agus núicléach i dtíortha comhpháirtíochta a chomhlíonadh go hiomlán.

    60.

    Féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit le borradh a chur faoin acmhainneacht a bhíonn ag cathracha mar mhoil don fhás agus don nuálaíocht chuimsitheach, inbhuanaithe, agus cuirfidh siad san áireamh sa mhéid sin an fhorbairt réigiúnach chothrom mar aon leis na pobail tuaithe a mhaireann san abhantrach máguaird. Cuirfidh siad chun cinn an fhorbairt uirbeach inbhuanaithe, chuimsitheach d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an éagothroime uirbeach agus aird ar leith acu orthu siúd is géire gátar, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil cónaí orthu i lonnaíochtaí neamhfhoirmiúla nó i slumaí. Tacóidh siad leis na comhpháirtithe chun feabhas a chur ar sheachadadh seirbhísí bunúsacha, ar rochtain chothromasach ar an tslándáil bia agus ar thithíocht chuibhiúil, inrochtana, inacmhainne agus ar chaighdeán maireachtála na bpobal uirbeach sin a bhfuil a líon ag fás go tréan. I gcomhréir le Clár Oibre Uirbeach Nua na Náisiún Aontaithe, cuirfidh siad chun cinn pleanáil inbhuanaithe don úsáid talún, bainistiú cothromasach do na margaí talún, an tsoghluaisteacht inbhuanaithe uirbeach, agus cathracha cliste sábháilte a bhainfidh leas as gach deis idir dhigitiú agus teicneolaíochtaí. Cuirfidh siad chun cinn beartais chríochacha agus uirbeacha a bheidh cuimsitheach, cothrom, comhtháite, mar aon leis an gcomhordú il-leibhéil beartais ionas go gcruthófar naisc níos láidre idir na limistéir tuaithe agus uirbeacha. Neartóidh siad cumas na gcathracha teacht aniar ó thurraingí, agus cuirfidh siad cuing ar na deiseanna atá ann i dtaca le geilleagar íseal-astaíochta a bhfuil teacht aniar iontu agus atá athléimneach ó thaobh an athraithe aeráide de.

    2.4.   An tSíocháin — Sochaithe síochánta cuimsitheacha, an daonlathas, institiúidí éifeachtacha cuntasacha, an smacht reachta agus cearta an duine do chách

    61.

    Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit chun cinn na luachanna uilíocha seo: an daonlathas, an dea-rialachas, an smacht reachta agus cearta an duine do chách, toisc nach ann don fhorbairt inbhuanaithe ná don chobhsaíocht ina n-éagmais, ar fud raon iomlán na gcomhpháirtíochtaí agus na n-ionstraimí, i ngach cás agus i ngach tír, trí ghníomhaíocht forbartha agus ar bhealaí eile. Tacóidh siad le hiarrachtaí intíre, faoi réir ag riachtanais agus comhthéacs gach sochaí dá bhféachfaidh le stát inbhuanaithe daonlathach a chur ar bun a mbeidh teacht aniar ann ó shuaití seachtracha agus inmheánacha agus a thabharfaidh aghaidh ar bhunchúiseanna na leochaileachta, lena n-áirítear an neamhionannas.

    An dea-rialachas, an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine

    Is den riachtanas an dea-rialachas, an daonlathas agus an smacht reachta chun an fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach. Ní féidir gach ceart bunúsacha a chosaint in éagmais an smachta reachta. Ach institiúidí agus córais éifeachtacha dea-rialachais a fhreagraíonn do riachtanais an phobail a bheith ann, is féidir seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil agus an fás cuimsitheach a chur chun cinn, agus le próisis chuimsitheacha pholaitiúla is féidir le saoránaigh cuntasacht a éileamh ar oifigigh phoiblí idir uasal is íseal.

    Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit institiúidí cuntasacha, trédhearcacha a chur chun cinn, lena n-áirítear na parlaimintí náisiúnta, agus déanfaidh siad an chinnteoireacht rannpháirteach agus an rochtain phoiblí ar fhaisnéis a chothú. Déanfaidh siad cúirteanna a bheidh neamhspleách, neamhchlaonta a chur chun cinn, agus tacóidh siad le cur ar fáil an cheartas chóir, lena n-áirítear rochtain ar chúnamh dlí. Tacóidh siad le fothú acmhainní chun institiúidí láidre agus rialachas il-leibhéal a fhorbairt, ina mbeidh daoine ar leochaileach dá gcás agus mionlaigh páirteach, trí bhíthin comhpháirtíochtaí idir rialtais náisiúnta, fho-náisiúnta agus áitiúla agus trí leas a bhaint as an acmhainn a bhaineann le réitigh dhigiteacha. Tacóidh siad le tionscnaimh a ghabhann i ngleic leis an éilliú agus darb aidhm breis trédhearcachta agus cuntasachta a thabhairt isteach sa mhaoiniú poiblí agus i seachadadh seirbhísí poiblí.

    62.

    Tacóidh an tAontas agus na Ballstáit le spás oscailte, cumasacháin don tsochaí shibhialta, le modhanna cuimsitheacha agus le trédhearcacht sa chinnteoireacht ar gach leibhéal. Leanfaidh siad de bheith ag tacú le toghcháin chuimsitheacha, thrédhearcacha agus inchreidte trí thacaíocht thráthúil a chur ar fáil le linn thimthriall iomlán na toghchánaíochta, agus trí pháirtithe polaitiúla daonlathacha cuntasacha a chur chun cinn, maille le rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach a chur chun cinn le linn timthriall iomlán na toghchánaíochta. Is uirlis thábhachtach misin neamhspleácha breathnóireachta toghchán an Aontais chun na críche sin. Tacóidh an tAontas agus na Ballstáit leis an rialachas daonlathach, agus cuirfidh siad chun cinn é, ionas go n-áireofar go mbeidh ag daoine na saoirsí bunúsacha, amhail saoirse smaointeoireachta, reiligiúin nó creidimh, saoirse comhthionóil agus comhlachais, lena n-áirítear go mbeidh sin ag daoine imeallaithe; beidh an rialachas sin ina rialachas a fheidhmíonn ar mhaithe le cearta uilíocha an duine, idir chearta sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta nó cultúrtha. Seasfaidh siad ar son saoirse cainte agus tuairimíochta agus tacóidh siad le meáin neamhspleácha, iolraíocha a dhéanann nuacht ardchaighdeáin a chur ar fáil bunaithe ar fhíricí agus sonraí.

    63.

    Cothóidh an tAontas agus na Ballstáit córais ceartais a bheidh éifeachtúil, trédhearcach, neamhspleách, oscailte agus cuntasach agus déanfaidh siad an rochtain ar an gceartas a chur chun cinn ar mhaithe le cách — go háirithe ar mhaithe leis na boicht agus leo siúd ar leochaileach dá gcás. Cumhdaítear leis sin iarrachtaí a dhéanamh dul i ngleic leis an gcoireacht, lena n-áirítear coireacht uirbeach agus foréigean agus iarrachtaí a dhéanamh an choireacht eagraithe thrasnáisiúnta, a bhaineann le gáinneáil ar airm, ar dhrugaí nó ar dhaoine, a chomhrac.

    64.

    Bíonn dlúthbhaint ag an mbochtaineacht, an choinbhleacht, an leochaileacht agus an t-easáitiú éigeantach le chéile agus caithfear aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach comhleanúnach, uileghabhálach mar chuid den nasc idir an daonnúlacht agus an fhorbairt. Tabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit aghaidh ar na bunchúiseanna ar gach leibhéal i.e. an t-eisiamh, an neamhionannas, neamhshlándáil an tsoláthair bia, sáruithe agus mí-úsáid i ndáil le cearta an duine, daoine a bheith ag éalú as pionós, gan aon smacht reachta a bheith ann, díghrádú an chomhshaoil, agus an t-athrú aeráide.

    65.

    Úsáidfidh an tAontas agus na Ballstáit an comhar um fhorbairt mar chuid den réimse iomlán beartas agus ionstraimí chun coinbhleachtaí agus géarchéimeanna a chosc, a bhainistiú agus chun cabhrú lena réiteach, chun freastal ar riachtanais dhaonnúla agus chun síocháin agus dea-rialachas marthanach a bhaint amach. Leanfaidh an comhar um fhorbairt de bheith dírithe go príomha ar dhíothú gach gné den bhochtaineacht agus ní thiocfaidh aon mhaolú ar na hiarrachtaí a fhéachfaidh leis an sprioc sin a bhaint amach. Déanfaidh siad an cur chuige cuimsitheach a chur chun cinn i ndáil le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna trí úsáid níos fearr a bhaint as straitéisí aistrithe agus as córas réamhrabhaidh coinbhleachta an Aontais, agus béim ar leith ar leochaileacht, ar shlándáil an duine agus an nasc atá idir an fhorbairt inbhuanaithe, an ghníomhaíocht dhaonnúil, an tsíocháin agus an tslándáil a aithint.

    66.

    Is den riachtanas don fhorbairt inbhuanaithe comhdhlúthú na síochána agus an cothú stáit agus ba cheart go gcuirfí i gcrích iad ar gach leibhéal, idir dhomhanda is áitiúil, agus i ngach céim de thrimthriall na coinbhleachta, ón luathrabhadh go dtí an cosc, ón bhfreagairt i gcás géarchéime go dtí an cobhsú. I gcomhthéacs an chomhair um fhorbairt, féadfaidh an tAontas agus na Ballstáit dul i dteagmháil freisin le gníomhaithe san earnáil slándála chun a n-acmhainní a neartú ionas go mbainfear amach cuspóirí na forbartha inbhuanaithe, go háirithe ó thaobh sochaithe cuimsitheacha síochánta a bhaint amach. Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit réitigh chomhroinnte a chur chun cinn ar dhúshláin na slándála agus na forbartha, lena n-áirítear tacú le rialachas daonlathach na hearnála slándála, le éifeachtacht na hearnála an tslándáil dhaonna agus an fothú acmhainní a chur ar fáil. Aithníonn an tAontas agus na Ballstáit gur gá radacú, as a n-eascraíonn an fhoréigin, a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear an chaoinfhulaingt reiligiúnach agus an t-idirphlé idir-reiligiúnach a chothú. Leanfaidh siad de bheith ag tacú le prionsabal na freagrachta i ndáil le cosaint agus cosc ar choireanna ainghníomhacha. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit dlús lena gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe, agus leis na comhpháirtithe réigiúnacha agus náisiúnta.

    67.

    Cuideoidh an tAontas agus na Ballstáit le hAthchóiriú na hEarnála Slándála, rud a chabhróidh le smacht éifeachtach daonlathach, cuntasacht, an fhorbairt inbhuanaithe, agus díothú na bochtaineachta a bhaint amach, agus an tslándáil dhaonna a fheabhsú. Ní mór athchóiriú na hearnála slándála a chur in oiriúint do riachtanais slándála na dtíortha comhpháirtíochta agus a bheith bunaithe ar úinéireacht soiléir leanúnach náisiúnta.

    68.

    Ní mór aird faoi leith a thabhairt ar thíortha ina bhfuil staid leochaileachta i réim nó a bhfuil éifeacht ag coinbhleacht orthu; tá gá le rannpháirtíocht marthanach idirnáisiúnta sna tíortha sin chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach iontu. Is den bhunriachtanas spriocanna stáit agus cothú na síochána chun an acmhainn intíre a fhorbairt chun go ndéanfar na ceisteanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a chomhtháthú go hiomlán le ceisteanna slándála agus forbartha. Agus cúnamh um fhorbairt á thabhairt acu, beidh aird ar leith ag an Aontas agus na Ballstáit ar stáit leochaileacha atá buailte ag coinbhleachtaí agus tabharfaidh siad tacaíocht dóibh siúd is leochailí. Trí chearta an duine, an daonlathas, an smacht reachta agus an dea-rialachas a chur chun cinn agus a chosaint, cuirfidh siad, ar bhealach réamhghníomhach, leis an gcobhsaíocht, leis an tslándáil agus leis an teacht aniar freisin. Déanfaidh siad an íogaireacht don choinbhleacht a chomhtháthú i ngach gné dá gcuid oibre, chun an tionchar is dearfaí is féidir a imirt ar mhaithe leis an tsíocháin. Cuirfidh siad an trédhearcacht, an chuntasacht agus an rochtain ar an gceartas chun cinn trí dhul i dteagmháil leis na geallsealbhóirí uile a bhíonn páirteach i gcosc na coinbhleachta, sa tsíochánaíocht, agus i gcothú na síochána. Tacóidh siad leis an gceartas idirthréimhseach le bearta comhthéacs-shonracha lena gcuirtear chun cinn an fhírinne, an ceartas, an cúiteamh agus ráthaíochtaí maidir le hathsháruithe. Chun an chobhsaíocht a bhaint amach, is gá an bhearna idir réiteach na coinbhleachta agus na próisis fhadtéarmacha athchóirithe a líonadh, agus muinín á cothú idir an rialtas agus an pobal, lena n-áirítear trí phreabsheoladh soláthar seirbhísí. Sa chomhthéacs seo, déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit comhpháirtíochtaí a athbhíogú le comhpháirtithe réigiúnacha cáilithe. Na gníomhaíochtaí a dhéantar i ndáil le síocháin agus slándáil a bhaint amach, braitheann a rath ar an gcomhar le gníomhaithe áitiúla agus ar úinéireacht a bheith ag na gníomhaithe seo ar an bpróiseas. Féadann an phiarfhoghlaim idir stáit leochaileacha agus stáit ina bhfuil coinbhleachtaí a bheith úsáideach. Tabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit aghaidh ar gach gné a bhaineann le cosc a chur ar fhoréigean gnéis agus ar fhoréigean inscne-bhunaithe san áit a mbíonn nó a raibh coinbhleacht ar siúl, agus le gach gné a bhaineann le freagairt dá leithéid; tacóidh siad le mná ós gníomhairí dearfacha iad i dtaca le cosc a chur ar choinbhleachtaí, lena réiteach, faoiseamh, téarnamh agus síocháin inbhuanaithe a bhaint amach.

    69.

    Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit gníomhaíocht dhaonnúil agus an comhar um fhorbairt a chur chun feidhme ar bhealach níos comhleanúnaí agus níos comhlántaí, rud a bheidh ina chabhair ghníomhach chun an teacht aniar a chothú ar leibhéal an duine aonair, an phobail, na sochaí nó an stáit, chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht, chun dul i ngleic le géarchéimeanna agus chun iad a chosc, chun an leochaileacht fhadtéarmach a laghdú agus chun an féintuilleamaí a fhorbairt. Chun teacht ar réitigh inbhuanaithe, caithfear cur chuige na n-ilgheallsealbhóirí a úsáid, caithfear gníomhú ar leibhéil éagsúla agus caithfear fís fhadtéarmach a fhorbairt. Ciallaíonn sé seo go gcaithfear an nasc idir fóirithint, athshlánú agus forbairt a neartú, lena n-áirítear trí mhalartú cuimsitheach faisnéise, comhordú idir deontóirí agus anailís chomhpháirteach a dhéanamh ar bhearnaí, rioscaí agus leochaileachtaí, agus go gcaithfear fís chomhroinnte a bhunú de na tosaíochtaí straitéiseacha a luaithe agus is féidir. Áiritheoidh an tAontas agus na Ballstáit rannpháirtíocht agus dlúthchomhar idir na gníomhaithe forbartha agus polaitiúla ón tús chun cur le hobair na ngníomhaithe daonnúla i réimsí na ngéarchéimeanna agus an luath-théarnaimh agus chun an obair sin a chomhlánú. Déanfar é sin ar shlí a chloífidh le prionsabail dhaonnúla i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

    70.

    Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit lena gcuid iarrachtaí chun an teacht aniar agus an cumas oiriúnú d’athruithe a neartú, i gcomhréir inter alia le Creat Sendai 2015-2030 um Laghdú Rioscaí Tubaistí agus le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide. Is den tábhacht é go gcabhrófaí le daoine agus le pobail a bheith ullmhaithe níos fearr, go ndéanfaí a neamhchosaint agus a leochaileacht a laghdú agus a dteacht aniar a neartú, le go mbeidh siad in ann dul i ngleic le suaití agus tubaistí agus teacht slán astu, má táimid chun an tionchar díobhálach a laghdú agus an bás agus slad ar shlite beatha a sheachaint. Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit measúnuithe riosca agus anailísí ar bhearnaí a fhí isteach ina gcuid clár don chomhar um fhorbairt. Leanfaidh siad den ullmhacht a fhorbairt i ndáil le bagairtí trasteorann don tsláinte, i gcomhréir leis na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta, go háirithe trí fhothú acmhainní na gcóras náisiúnta agus réigiúnach sláinte agus trí fheabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise. Agus leas á bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéimeanna domhanda sláinte, leanfaidh an tAontas agus a gcuid Ballstát de thionscnaimh thrasearnála a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus beidh neartú na gcóras sláinte cothrománach i gcroílár na pleanála a bhainfidh le forbairt sláinte.

    71.

    Tá dlúthnasc idir an imirce, an fhorbairt inbhuanaithe agus an chobhsaíocht. Tá an tAontas agus na Ballstáit tiomanta don ghníomhaíocht chomhordaithe chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta agus an easáitithe éigeantaigh, mar shampla, coinbhleachtaí, leochaileacht stáit, eisinille agus an t-imeallú, an bhochtaineacht, neamhshlándáil an tsoláthair bia, an neamhionannas agus an t-idirdhealú, agus díghrádú comhshaoil lena n-áirítear an t-athrú aeráide. Cuirfidh siad chun cinn cearta agus dínit an duine, forbairt an daonlathais, an dea-rialachas agus an smacht reachta, an cuimsiú agus an comhtháthú sóisialta, deiseanna eacnamaíocha lena ngabhann fostaíocht chuibhiúil arna cruthú ag gnólachtaí daondírithe, agus spás sa bheartas don tsochaí shibhialta. Troidfidh siad freisin i gcoinne imircigh a bheith á smuigleáil agus i gcoinne na gáinneála ar dhaoine, ar cúiseanna éagobhsaíochta iad. Is den riachtanas é go ndéanfaí comhpháirtíochtaí láidre a fhorbairt leis na tíortha tionscnaimh, idirthurais agus ceann scríbe, agus go mbeadh beartais fhadtéarmacha ann lena rachfaí i ngleic leis na gnéithe éagsúla a bhaineann leis an dúshlán.

    3.   COMHPHÁIRTÍOCHT — AN tAONTAS MAR FHÓRSA CHUN CLÁR OIBRE 2030 A CHUR CHUN FEIDHME

    72.

    Cé go n-aithnítear gur ar gach tír ar leith atá an phríomhfhreagracht as a forbairt eacnamaíoch agus sóisialta féin, ní mór go gcuirfeadh na tíortha go léir Clár Oibre 2030 chun feidhme i gcomhpháirtíocht leis na geallsealbhóirí go léir. Tá “tírdhreach” na forbartha á leathnú, agus páirt á glacadh inti ag gníomhaithe breise agus gníomhaithe nua. Is comhpháirtithe an-thábhachtacha parlaimintí, páirtithe polaitiúla, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, institiúidí taighde, eagraíochtaí daonchairdiúla, comharchumainn, an earnáil phríobháideach agus an tsochaí shibhialta i dtaca le dul chomh fada leo siúd is leochailí cás agus is imeallaí sa tsochaí. Is den riachtanas é go ndéanfaí spás a chur ar fáil agus a chosaint ina mbeadh na gníomhaithe forbartha sin in ann oibriú ar bhonn sábháilte, má táthar chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach.

    3.1.   Ag obair níos fearr le chéile

    73.

    Mar fhreagairt ar na dúshláin dhomhanda, cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit tuilleadh feabhais ar an mbealach a ndéanann siad comhar le chéile, lena n-áirítear oibriú níos fearr, le chéile agus buntáistí comparáideacha a chéile faoi seach a chur san áireamh. Áirítear leis sin feabhas a chur ar an éifeachtacht agus an tionchar trí chomhordú agus trí chomhleanúnachas níos fearr, trí phrionsabail éifeachtacht na forbartha a chur i bhfeidhm agus tríd an gcomhar um fhorbairt a chur i gcrích mar chuid amháin den ghníomhaíocht fhoriomlán, inmheánach agus seachtrach, chun cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 a chur chun cinn. Chun a bheith níos éifeachtaí ó thaobh a chuid cuspóirí a bhaint amach agus i gcomhsheasmhacht leis an bpríomhaidhm deireadh a chur leis an mbochtaineacht, ba cheart do bheartas forbartha an Aontais a bheith solúbtha agus in ann freagairt do riachtanais, géarchéimeanna agus tosaíochtaí atá ag síorathrú.

    74.

    Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit comhordú agus forbairt ar chomhsheasaimh sna fóraim idirnáisiúnta maidir le hábhair a bhaineann leis an mbeartas forbartha. Leis sin, cuirfear feabhas ar thionchar comhchoiteann an Aontais agus na mBallstát, agus cabhrófar leis an bplé iltaobhach a dhéanamh níos éifeachtaí.

    75.

    Ar leibhéal na dtíortha, cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit feabhas ar an gclársceidealú comhpháirteach i ndáil leis an gcomhar um fhorbairt chun a dtionchar comhchoiteann a mhéadú trína gcuid acmhainní agus cumas a chur le chéile. Ba chóir an clársceidealú comhpháirteach a chur chun cinn agus a neartú, ach é a choinneáil ar bhonn deonach, agus é solúbtha cuimsitheach, agus in oiriúint do chomhthéacs na tíre, agus ba chóir go bhféadfaí doiciméid chlársceidealaithe chomhpháirtigh an Aontais a chur in ionad doiciméid chlársceidealaithe an Aontais agus na mBallstát. Is den riachtanas iad rannpháirtíocht na dtíortha comhpháirtíochta, an dílsiú agus an úinéireacht sa phróiseas seo. Ba chóir don chlársceidealú comhpháirteach a bheith á stiúradh ag straitéis forbartha na tíre comhpháirtíochta agus a bheith ailínithe le tosaíochtaí forbartha na tíre comhpháirtíochta. Oibreoidh an tAontas agus na Ballstáit as lámh a chéile chun freagairtí straitéiseacha a fhorbairt a bheidh bunaithe ar eolas comhroinnte, ar bhreisluach, ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus ar anailís chomhpháirteach ar chomhthéacs na tíre, lena n-áirítear bochtaineacht agus inbhuanaitheacht, agus caidreamh iomlán na tíre sin leis an Aontas. Á dhéanamh sin dóibh, cuirfear san áireamh na hacmhainní atá ar fáil don mhaoiniú um fhorbairt, i gcomhréir le Clár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa. Saothróidh an tAontas agus na Ballstáit comhordú agus sineirgí feabhsaithe freisin, i dtíortha leochaileacha agus i dtíortha a bhfuil coinbhleachtaí iontu, lena n-áirítear trí phróisis chlársceidealaithe chomhpháirtigh agus trí anailís chomhpháirteach ar choinbhleachtaí. Cabhrófar freisin, ar an mbealach sin, leis an gComhaontú Nua le haghaidh Rannpháirtíochta i Stáit Leochaileacha.

    76.

    Agus breis úsáide á baint as freagairtí comhpháirteacha an Aontais, ag eascairt as Clársceidealú Comhpháirteach an Aontais, is féidir tionchar agus infheictheacht níos fearr a áirithiú don Aontas agus dá chuid Ballstát ar an bhfód. Leis an gcur chuige sin, cabhrófar le hacmhainní a chomhthiomsú, leis an ilroinnt a laghdú agus le borradh a chur faoin éifeachtacht. Beidh creataí comhpháirteacha faireacháin agus torthaí mar chroíghnéithe den fhreagairt chomhpháirteach ar mhaithe le móiminteam a choinneáil, chun cur leis an idirphlé agus chun feabhas a chur ar an gcuntasacht fhrithpháirteach. Ba cheart don chlársceidealú comhpháirteach a bheith oscailte do dheontóirí agus gníomhaithe idirnáisiúnta ábhartha eile i gcás ina measfaidh ionadaithe an Aontais agus na mBallstát sin a bheith ábhartha ar leibhéal na tíre.

    77.

    Féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit le tacaíocht a chur ar fáil do na tíortha comhpháirtíochta freisin trí chur chun feidhme comhpháirteach i gcás ar bith inarb iomchuí sin. Is bealach é cur chun feidhme comhpháirteach chun tacaíocht an Aontais a chur chun cinn ar bhealach níos comhleanúnaí, níos éifeachtaí agus níos comhordaithe agus í bunaithe ar chuspóirí comhroinnte in earnálacha roghnaithe nó i ndáil le téamaí sonracha trasearnála agus in oiriúint do chomhthéacs na tíre. Beidh an cur chun feidhme comhpháirteach bunaithe ar anailísí comhpháirteacha, cuirfear na hacmhainní atá ar fáil dó san áireamh agus déanfar faireachán agus meastóireacht air ar bhonn comhpháirteach. Féadfar cur chun feidhme comhpháirteach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó domhanda agus is féidir é a nascadh le réimsí eile den ghníomhaíocht sheachtrach de réir mar is iomchuí.

    78.

    Beidh cur chun feidhme comhpháirteach cuimsitheach agus beidh sé oscailte do chomhpháirtithe uile an Aontais a aontaíonn leis agus atá in ann cur leis an bhfís chomhchoiteann, lena n-áirítear gníomhaireachtaí na mBallstát agus a gcuid institiúidí airgeadais forbartha, an earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus lucht léinn. D’fhéadfaí rialtais eile, ach iad a bheith den mheon céanna, a áireamh leis sin i gcás ina measfaí gurbh ábhartha iad, chomh maith leis na Náisiúin Aontaithe, eagraíochtaí eile, idir idirnáisiúnta agus réigiúnacha, agus institiúidí airgeadais. Féadfar módúlachtaí éagsúla airgeadais a chur san áireamh sa chur chun feidhme comhpháirteach — mar atá cómhaoiniú agus comhar tarmligthe, chomh maith le modhanna neamhairgeadais cur chun feidhme agus ba cheart tógáil ar bhuntáistí comparáideacha na ngníomhaithe éagsúla agus an dea-chleachtas a roinnt. Sa chomhthéacs sin, leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit de bheith ag tarraingt ar thaithí na mBallstát ar fad agus de bheith á roinnt, lena n-áirítear taithí maidir le haistriú.

    79.

    Beidh an clársceidealú forbartha ar bhonn geografach nó téamach bunaithe ar chur chuige ilbhliantúil. Ina gcomhar um fhorbairt, bainfidh an tAontas agus na Ballstáit úsáid as modhanna éagsúla comhlántacha (amhail cabhair do thionscadail, tacaíocht do chláir earnála, tacaíocht bhuiséadach ghinearálta agus earnála) agus modhanna seachadta cabhrach (lena n-áirítear nascadh, cúnamh teicniúil agus fothú acmhainní) de réir mar is fearr a oibreoidh i ngach tír, bunaithe ar chumais, riachtanais agus feidhmíocht na tíre sin agus cásanna sonracha á gcur san áireamh.

    80.

    Féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, le deiseanna a aimsiú chun acmhainní a chomhthiomsú agus cinnteoireacht agus cur chun feidhme a bheidh idir ghasta agus sholúbtha a fheidhmiú chun an tairbhe is fearr is féidir a bhaint as tionchar, éifeachtacht agus infheictheacht chomhar an Aontais um fhorbairt i ndáil leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach, trí bhíthin tionscnaimh, go háirithe cistí iontaobhais an Aontais, a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí éigeandála, iar-éigeandála nó téamacha, trína bhféadfaí deiseanna a chur ar fáil do ghníomhaíocht éifeachtach, chomhcheangailte a bheadh á déanamh ag an Aontas, a chuid Ballstát agus comhpháirtithe forbartha eile. Ba cheart dóibh éifeachtúlacht riaracháin agus breisluach a chur ar fáil, agus ba cheart dóibh a bheith cuimsitheach trí pháirt a bheith ag na deontóirí uile iontu, lena n-áirítear deontóirí beaga. Áiritheoidh an Coimisiún trédhearcacht trí fhaisnéis rialta, i measc nithe eile, a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, agus trína rannpháirtíocht chuí i struchtúir ábhartha rialachais, i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais is infheidhme. Cuirfear i bhfeidhm le cistí iontaobhais an raon iomlán prionsabal maidir le héifeachtacht na forbartha agus beidh siad comhleanúnach le tosaíochtaí fadtéarmacha forbartha, le straitéisí tíre náisiúnta agus de chuid an Aontais agus le hionstraimí agus cláir ábhartha eile.

    81.

    Le hobair chomhordaithe idir an tAontas agus na Ballstáit i ndáil leis an tacaíocht bhuiséadach, cabhrófar le hiarrachtaí cur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe a chur chun cinn sna tíortha comhpháirtíochta, feabhas a chur ar an mbainistiú maicreacnamaíoch agus ar an mbainistiú airgeadais phoiblí, agus ar an timpeallacht ghnó. Úsáidfear an tacaíocht bhuiséadach, nuair is infheidhme agus i gcomhar le páirtithe atá toilteanach a bheith rannpháirteach inti, chun an chomhpháirtíocht, an t-idirphlé polaitiúil, úinéireacht na dtíortha agus an chuntasacht fhrithpháirteach leis na tíortha atá i mbéal forbartha a neartú, bunaithe ar phrionsabail chomhroinnte, cuspóirí agus leasanna, agus mar fhreagairt do chomhthéacs pholaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta na dtíortha comhpháirtíochta. Cuirfear an tacaíocht bhuiséadach i bhfeidhm i gcomhréir le prionsabail éifeachtacht na forbartha agus i gcás ina mbeidh na dálaí ceart chuige sin agus ina mbeidh córais rialuithe rialachais ann, agus déanfar fothú acmhainní, aistriú eolais agus saineolais in éineacht leis sin. Ar an dóigh sin, comhlánófar iarrachtaí na dtíortha atá i mbéal forbartha chun tuilleadh a bhailiú agus é a chaitheamh ar bhealach níos fearr ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe, agus chun fás cuimsitheach agus cruthú post a chur chun cinn, agus chun an bhochtaineacht a dhíothú, an neamhionannas a laghdú agus chun sochaithe síochánta a bhaint amach. Le tacaíocht bhuiséadach is féidir cuidiú freisin le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na leochaileachta agus chun an chobhsaíocht agus an cothú stáit a chur chun cinn i dtíortha atá leochaileach nó i mbun aistrithe.

    82.

    Modh tábhachtach eile chun Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme is ea deontais agus iasachtaí a chumasc sa chaoi gur féidir airgeadas breise príobháideach a ghiaráil. Baineann modh sin an chumaisc le gach réigiún atá clúdaithe le comhar seachtrach an Aontais, in earnálacha cosúil le hearnáil an bhonneagair fuinnimh, iompair agus uisce, tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, na hearnálacha sóisialta agus an comhshaol. Beidh gá le rannpháirtíocht níos láidre ón earnáil phríobháideach, lena n-úsáidfí ionstraimí nuálacha airgeadais chun airgeadas príobháideach breise a mhealladh don fhorbairt inbhuanaithe, an ghníomhaíocht ar son na haeráide san áireamh. Agus breisíocht á háirithiú leis, agus ag díriú ar ábharthacht na forbartha, úsáidfear modh an chumaisc chun feabhas a chur ar an éifeachtacht agus chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh, agus chun saobhadh an mhargaidh a theorannú ag an am céanna. Trí ghníomhaíochtaí a mheascadh, cuirfear an fhreagracht shóisialta chorparáideach chun cinn, lena n-áirítear trí threoirlínte, trí phrionsabail agus trí ionstraimí ábhartha a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta a chur chun feidhme. Is dlúthchuid é an meascadh den phlean infheistíochta seachtraí. Beidh dlúthchomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus le hinstitiúidí airgeadais na mBallstát eile ina ghné lárnach de ghníomhaíochtaí cumaisc an Aontais. Beidh institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile páirteach freisin.

    3.2.   Comhpháirtíochtaí ilgheallsealbhóirí, níos láidre, níos cuimsithí a chothú

    83.

    Tá comhpháirtíochtaí níos láidre i gcroílár chur chuige an Aontais i ndáil le cur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe. Oibreoidh an tAontas agus na Ballstáit ar bhealach níos dlúithe leis na gníomhaithe ábhartha eile ar fad, chun Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme agus chun a n-acmhainní a neartú maidir le húinéireacht dhaonlathach. Caithfidh parlaimintí agus páirtithe polaitiúla, chomh maith le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, a róil faoi seach a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear i ndáil le grinnscrúdú, in éineacht leis na rialtais náisiúnta, agus caithfidh siad páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta. Áirítear leis seo freisin an ról tábhachtach atá ag na parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha sa reachtaíocht, i ndáil le buiséid a chomhaontú agus cuntasacht a éileamh ar rialtais.

    84.

    Is ar na rialtais náisiúnta atá an phríomhfhreagracht ó thaobh Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme. I ndáil le tíortha comhpháirtíochta, leagfaidh an tAontas agus na Ballstáit béim athnuaite ar úinéireacht na tíre, ar chomhpháirtíocht agus ar idirphlé, chun cabhrú le níos mó éifeachtachta a bhaint amach. Cuirfidh siad tacaíocht ar fáil chun pleanáil chuimsitheach, uileghabhálach a dhéanamh i dtíortha atá i mbéal forbartha, pleanáil a bheidh bunaithe ar straitéisí, cláir agus buiséid forbartha, idir náisiúnta agus fo-náisiúnta. Cuirfidh siad idirphlé oscailte chun cinn idir na rialtais agus na geallsealbhóirí uile, le linn chéimeanna na cinnteoireachta, na pleanála, an chur chun feidhme agus an athbhreithnithe. Cabhróidh na próisis sin le rialtais náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar na meáin cur chun feidhme atá ar fáil, chun bearnaí a aithint agus chun réimsí iomchuí a roghnú don fhorbairt agus do chomhar idirnáisiúnta eile.

    85.

    Ar na haidhmeanna bunúsacha, beidh acmhainní tíortha atá i mbéal forbartha a fhothú ar mhaithe le Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, timpeallacht bheartais chumasúcháin a chothú, go háirithe do na pobail is mó atá imeallaithe, agus tacú le ceachtanna a fhoghlaim agus le heolas a chomhroinnt. Áireofar leis sin tacaíocht a thabhairt do chur ar fáil agus d’úsáid éifeachtach an airgeadais phoiblí intíre, arb é gan amhras an fhoinse maoiniúcháin is mó agus is cobhsaí atá ann don fhorbairt inbhuanaithe. Áireofar freisin córais éifeachtúla r-rialtais a chur chun cinn don bhailiú éifeachtúil cánach agus ar mhaithe leis an trédhearcacht in úsáid na gcistí poiblí. Tacóidh an tAontas agus na Ballstáit le fothú acmhainní do chreataí faireacháin atá faoi úinéireacht náisiúnta, do bhailiú, do dhí-chomhbhailiú agus d’anailís ar ardcháilíocht ar shonraí, agus freisin trí bhíthin uirlisí digiteacha faireacháin agus ar mhaithe le comhleanúnachas an bheartais don fhorbairt forbartha inbhuanaithe.

    86.

    Chun formhór na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach, beifear ag brath ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith páirteach ar bhealach gníomhach. Tacóidh an tAontas agus na Ballstáit le trédhearcacht, cuntasacht agus athchóirithe ar mhaithe le dílárú, i gcás inarb iomchuí, chun cumhacht a thabhairt d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla ar mhaithe le rialachas níos fearr agus tionchar forbartha níos láidre agus chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannas sna tíortha ar bhealach níos fearr. Tacóidh siad leis na próisis chun cabhrú le daoine idirghníomhú ar bhealach éifeachtach leis an rialtas áitiúil ag gach céim den phróiseas pleanála agus cur chun feidhme beartais, agus neartóidh siad an comhar le húdaráis áitiúla agus údaráis fho-náisiúnta eile, lena n-áirítear trí chomhar díláraithe.

    87.

    Le go ndéanfar Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme go rathúil, beidh gá freisin le comhpháirtíochtaí níos láidre a chruthú le dreamanna eile seachas rialtais. Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit a gcomhpháirtíochtaí a leathnú leis an earnáil phríobháideach, leis an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí, le heagraíochtaí iltaobhacha agus réigiúnacha, leis an lucht léinn, diaspóraí agus le geallsealbhóirí ábhartha eile. Leanfaidh siad de bheith ag tacú le fothú acmhainní na ngníomhaithe ionas go mbeidh siad in ann páirt iomlán a ghlacadh i ndearadh, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar straitéisí forbartha inbhuanaithe.

    88.

    Cuirfidh an tAontas Eorpach agus na Ballstáit lena gcuid comhpháirtíochta le heagraíochtaí na sochaí sibhialta chun tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe. Déanfaidh siad spás oibriúcháin agus timpeallachtaí cumasúcháin a chur chun cinn le haghaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, le rannpháirtíocht phoiblí iomlán, ionas gur féidir leo a gcion féin a dhéanamh chun an ról atá acu mar abhcóidí neamhspleácha, mar lucht curtha chun feidhme agus mar ghníomhairí don athrú a chomhlíonadh go hiomlán, san oideachas forbartha agus san fheasacht forbartha, san fhaireachán agus ó thaobh cuntasacht a éileamh ar na húdaráis. Tacóidh siad le gealltanais eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó thaobh comhar um fhorbairt a bheidh éifeachtach, trédhearcach, cuntasach agus dírithe ar thorthaí.

    89.

    Aithníonn an tAontas agus na Ballstáit ról tábhachtach na hearnála príobháidí mar inneall don fhorbairt inbhuanaithe fhadtéarmach agus an gá atá le teagmháil a dhéanamh leis an earnáil sin trí idirphlé struchtúraithe agus cuspóirí forbartha comhroinnte. Forbróidh an tAontas agus na Ballstáit socruithe praiticiúla comhpháirtíochta a bheidh comhoibríoch, trédhearcach agus oscailte do ghnólachtaí, do shaoránaigh agus do rannpháirtíocht páirtithe leasmhara eile. Tacóidh siad le cleachtais inbhuanaithe, eiticiúla ghnó agus cruthóidh siad dreasachtaí d’infheistíocht na hearnála príobháidí san fhorbairt inbhuanaithe ar fud an domhain.

    90.

    Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit a gcomhpháirtíochtaí a neartú leis na heagraíochtaí iltaobhacha, lena n-áirítear córas na Náisiún Aontaithe, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, Grúpa an Bhainc Dhomhanda, bainc forbartha réigiúnaí, G7, G20, OECD agus institiúidí iltaobhacha agus réigiúnacha eile. Spreagfaidh siad iad a gcuid gníomhaíochtaí pleanála straitéisí agus a ngníomhaíochtaí oibríochtúla a ailíniú le Clár Oibre 2030 agus cothóidh siad tacaíocht fhrithpháirteach, chomhordaithe agus an clár á chur chun feidhme, i gcomhréir iomlán leis na straitéisí náisiúnta forbartha inbhuanaithe. D’fhonn feabhas a chur ar éifeachtúlacht na Náisiún Aontaithe agus a chóras forbartha, cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit an t-athchóiriú agus sineirgí chun cinn laistigh de na Náisiúin Aontaithe, ar leibhéal na ceanncheathrúna agus ar leibhéal na tíre, agus é d’aidhm acu go mbeidh córas na Náisiún Aontaithe in ann torthaí a bhaint amach “mar aon aonad amháin”. Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit rannpháirtíocht na dtíortha atá i mbéal forbartha chun cinn i rialachas na n-eagraíochtaí iltaobhacha.

    3.3.   Oiriúnú na gcomhpháirtíochtaí chun léiriú a thabhairt ar chumais agus riachtanais

    91.

    Leanfaidh an comhar um fhorbairt de bheith tírshonrach nó réigiúnshonrach, bunaithe ar riachtanais, straitéisí, tosaíochtaí agus acmhainní na gcomhpháirtithe. Comhoibreoidh an tAontas agus na Ballstáit le tíortha atá i mbéal forbartha ar bhealach a bheidh níos éagsúlaithe agus níos saincheaptha. Ba cheart go gcuimseodh na comhpháirtíochtaí an comhar um fhorbairt agus cúnamh airgeadais, agus ba cheart freisin go mbeadh réimse straitéisí, beartas agus ionstraimí i gceist leo, le bheith ar aon dul le héagsúlacht mhéadaitheach dhálaí na dtíortha atá i mbéal forbartha.

    92.

    Agus tosaíochtaí na mBallstát aonair á n-urramú ina n-iomláine, díreofar comhar an Aontais agus a chuid Ballstát um fhorbairt ar na réimsí ag a bhfuil an gá is mó agus ar a bhféadfaí an éifeacht is láidre a imirt, go háirithe ar na tíortha is lú forbairt agus ar staideanna leochaileachta agus coinbhleachta. Tá sciar suntasach, méadaitheach de bhochtáin an domhain ina gcónaí sna tíortha sin, san Afraic den chuid is mó, agus is iadsan is lú atá in ann teacht ar mhaoiniú agus is lú a bhfuil caoi acu chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach. Leanfaidh siad de bheith ag brath go mór ar airgeadas poiblí idirnáisiúnta amach anseo. Ba cheart na sreabha is fabhraí den airgeadas poiblí idirnáisiúnta, go háirithe deontais, a athchothromú i dtreo na dtíortha sin is mó atá i ngátar, lena n-áirítear tíortha leochaileacha. Tabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit aird ar leith ar dhúshláin shonracha na dtíortha sin a n-athraíonn a stádas ó stádas ísealioncaim go stádas meánioncaim.

    93.

    Glacfaidh an tAontas agus na Ballstáit páirt i gcomhar um fhorbairt, idirphlé beartais agus comhpháirtíochtaí le dtíortha meánioncaim maidir le forbairt inbhuanaithe, díothú na bochtaineachta, géarchéimeanna fadtréimhseacha na ndídeanaithe agus leasanna comhroinnte eile. Comhcheanglóidh siad an comhar polaitiúil, slándála, eacnamaíoch, eolaíoch, teicniúil, teicneolaíoch agus an comhar airgeadais, de réir mar is iomchuí. San idirphlé maidir le beartas poiblí agus an t-athchóiriú, cuirfear éagsúlacht na dtíortha meánioncaim san áireamh agus déanfar na leasanna frithpháirteacha a chur chun cinn agus na tosaíochtaí coiteanna, na comhpháirtíochtaí agus na prionsabail don chomhar a aithint. Tacóidh siad le cur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe, lena gcuirtear creat comhtháite comhchoiteann ar fáil don chomhar, agus tabharfaidh siad aghaidh freisin ar earraí poiblí domhanda agus ar na dúshláin a bhaineann leo.

    94.

    Tá líon mór daoine fós ag maireachtáil faoi chuing na bochtaineachta laistigh de theorainneacha an-chuid tíortha meánioncaim agus is minic leibhéil an ard neamhionannais agus eisiaimh shóisialta iontu. I gcás na dtíortha meánioncaim, féachfar lena chinntiú nach bhfágfar éinne ar lár, trí dhul i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis na baic fhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla atá ann ar cheist an chuimsithe shóisialta trí rachmas a chruthú agus a athdháileadh ar bhealach cóir. Díreoidh an tAontas agus na Ballstáit freisin ar an ngá atá le dlús agus bonn tacaíochta a chur faoi chur chun cinn patrún inbhuanaithe tomhaltais agus táirgthe, faoi laghdú an chur amú, faoi bhainistiú ceimiceán ar bhealach freagrach agus faoin éifeachtúlacht acmhainní. Oibreoidh an tAontas agus na Ballstáit chun a saineolas a chomhroinnt, an t-aistriú teicneolaíochta agus malartú dea-chleachtas a éascú, lena n-áirítear trí ardáin ghnó a chur ar bun do mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide, chun infheistíocht fhreagrach agus athchóiriú fioscach a spreagadh ar mhaithe le fuinneamh in-athnuaite, bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus an dea-rialachas, an smacht reachta agus cearta an duine a chur chun cinn.

    95.

    Forbróidh an tAontas agus na Ballstáit freisin teagmháil nuálach le tíortha atá i mbéal forbartha agus atá céim chun tosaigh i dtreo na forbartha, trí chomhar airgeadais agus cineálacha eile comhair, agus ar bhealaí eile freisin, ós rud é gur beag cúnamh lamháltais a theastaíonn ó na tíortha sin, má theastaíonn sé ar chor ar bith. Tá an-tábhacht ag roinnt leis na tíortha sin ó thaobh Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme agus ós geilleagair mhóra iad, is ag dul i méid agus i suntas atá a dtionchar ar earraí poiblí domhanda agus na dúshláin a ghabhann leo, lena n-áirítear an t-athrú aeráide.

    Rannpháirtíocht nuálach le tíortha atá i mbéal forbartha agus atá céim chun tosaigh i dtreo na forbartha

    Bíonn tionchair thábhachtacha ina réigiúin féin ag tíortha atá i mbéal forbartha agus atá céim chun tosaigh i dtreo na forbartha, agus is foinsí cobhsaíochta réigiúnaí iad. Tá a gcomhar le tíortha eile i mbéal na forbartha ag méadú go tréan agus is páirt thábhachtach den chomhar idirnáisiúnta uile é.

    Forbróidh an tAontas agus na Ballstáit comhpháirtíochtaí nua leis na tíortha atá i mbéal forbartha agus atá céim chun tosaigh i dtreo na forbartha chun an bóthar a réiteach do chur chun feidhme Chlár Oibre 2030, le réimse níos leithne comhair. Croí-chuid de na comhpháirtíochtaí seo is ea an comhrá ar bheartas poiblí agus ar athchóiriú. Cuirfidh an t-idirphlé beartais leasanna comhpháirteacha chun cinn agus sainaithneoidh sé na comhthosaíochtaí, na comhpháirtíochtaí agus na comhphrionsabail don chomhar i dtaobh chur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe, a sholáthraíonn creat coiteann comhtháite don chomhar. Cuirfidh na comhpháirtíochtaí nua seo malartú dea-chleachtas, cúnamh teicniúil agus comhroinnt eolais chun cinn. Lena chois sin, oibreoidh an tAontas agus na Ballstáit leis na tíortha sin le comhar Theas-Theas agus comhar triantánach a chur chun cinn, i gcomhréir le prionsabail éifeachtacht na forbartha.

    96.

    Beidh an Comhdhearcadh ina threoir ag comhaontuithe, creataí, straitéisí, comhpháirtíochtaí agus beartais réigiúnacha i dtaca leis na tíortha uile atá i mbéal forbartha agus beidh sé bunaithe ar spriocanna, prionsabail agus luachanna coiteanna. Sna nithe sin, cuirfear cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 chun cinn ar an leibhéal réigiúnach le tíortha comhpháirtíochta – tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin san áireamh, agus i Meiriceá Laidineach agus san Áise.

    97.

    Lena chois sin, beidh an Comhdhearcadh seo ina threoir ag gníomhartha an Aontais sna tíortha atá i mbéal forbartha sna réigiúin máguaird, i gcomhtháthú agus i gcomhsheasmhacht le Beartas Comharsanachta na hEorpa. Bainfidh an tAontas agus na Ballstáit úsáid as meascán d’ionstraimí ina gcomharsanacht, i gcomhsheasmhacht le gníomhartha eile an Aontais faoi Chlár Oibre 2030.

    4.   AG NEARTÚ STRAITÉISÍ CHUN TIONCHAR AN AONTAIS A FHEABHSÚ

    4.1.   Gach modh cur chun feidhme a chur ar fáil agus úsáid éifeachtach a bhaint astu

    98.

    Ionas go leanfar creat a leagadh amach i gClár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa agus i gClár Oibre 2030, caithfidh an tAontas agus a mBallstáit a gcur chuige a chur in oiriúint chun gach modh cur chun feidhme a chur ar fáil agus a úsáid, agus sásraí nuálacha maoiniúcháin a úsáid freisin. Chuige sin caithfear béim athnuaite a chur ar thimpeallacht fhabhrach chumasúcháin bheartais a bhunú ag gach leibhéal. Áireofar leis seo go gcaithfear maoiniú poiblí intíre agus idirnáisiúnta a chur ar fáil agus úsáid éifeachtach a bhaint as, go gcaithfear feidhm a bhaint as an earnáil phríobháideach intíre agus idirnáisiúnta, go gcaithfear cur leis an gcumas atá ag tíortha comhpháirtíochta athruithe a chur i bhfeidhm a spreagfaidh trádáil agus infheistíocht, go gcaithfear eolaíocht, teicneolaíocht agus nuálaíocht a chothú, agus go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an imirce chomh maith le leas a bhaint as na tionchair dhearfacha a thagann léi.

    99.

    Oibreoidh an tAontas agus na Ballstáit le tíortha comhpháirtíochta chun timpeallachtaí fónta beartais a chur chun cinn ar mhaithe le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030. Tabharfaidh siad tacaíocht do chumas an stáit beartais cuimsitheach náisiúnta i ndáil le forbairt inbhuanaithe agus creataí torthaí a chumadh agus a chur chun feidhme, chomh maith le cuntasacht agus freagrúlacht do shaoránaigh a mhéadú. Cuirfidh siad beartais chun cinn a cheanglaíonn an ghníomhaíocht phríobháideach agus an ghníomhaíocht phoiblí ar mhaithe leis an bhforbairt agus cuirfidh siad timpeallacht chumasúcháin chun cinn le haghaidh fás cuimsitheach inbhuanaithe agus a dháilte chothroim trí bhuiséid náisiúnta. Déanfaidh siad a gcomhar um fhorbairt a phleanáil thart ar neartú chumas a dtíortha féin Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme agus freastal ar riachtanais agus ar ardmhianta a muintire féin.

    100.

    Díreoidh an tAontas agus na Ballstáit níos mó ar chruthú acmhainní breise intíre i ndáil leis an bhforbairt inbhuanaithe i dtíortha comhpháirtíochta. Áireofar ann cur ar fáil acmhainní intíre a mholadh, timpeallachtaí a chur chun cinn leis na sreabha príobháideacha intíre a mhéadú, an trádáil idirnáisiúnta a spreagadh mar uirlis forbartha, agus dul i ngleic le sreabha aindleathacha airgeadais.

    Acmhainní intíre a chur ar fáil agus a úsáid

    Tá sé ríthábhachtach, i gcás gach rialtais, cur ar fáil acmhainní intíre a mhéadú chun fás cuimsitheach, díothú bochtaineachta agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach. Méadaíonn sé intuarthacht agus cobhsaíocht mhaoiniú na forbartha inbhuanaithe agus laghdaíonn sé an méid a bhítear ag brath ar chabhair. I dteannta bainistiú fónta caiteachais poiblí, soláthraíonn sé tuilleadh seirbhísí agus earraí poiblí nuair is gá, agus neartaíonn sé an conradh sóisialta idir rialtais agus saoránaigh.

    Spreagfaidh an tAontas agus na Ballstáit cur ar fáil agus úsáid acmhainní ar bhealaí éifeachtacha, éifeachtúla, trí thionscnaimh amhail “Cruinnigh Níos Mó agus Caith ar Bhealach Níos Fearr” agus a leithéid. Tabharfaidh siad aghaidh ar chalaois chánach, ar sheachaint chánach agus ar shreabha aindleathacha airgeadais chomh maith le héifeachtúlacht, le héifeachtacht agus le cothromaíocht chórais chánacha agus mhaoiniú córais chosanta. Tacaíonn an tAontas agus na Ballstáit freisin le Tionscnamh Cánach Addis, oibríonn OECD/G20 chun aghaidh a thabhairt ar chreimeadh an bhoinn agus ar aistriú brabúis, tuairisciú de réir gach tír faoi leith agus malartú eolais cánach san áireamh, chun cinntiú go n-íocann comhlachtaí an cháin is cuí maidir lena ngníomhaíochtaí tráchtála agus lena mbrabúis. Tugann siad tacaíocht do chomhpháirtíocht na dtíortha atá i mbéal forbartha maidir leis an rialachas domhanda i réimse an chánachais agus na comhráití ábhartha idirnáisiúnta agus na próisis maidir le caighdeáin a leagan síos, lena n-áirítear an Fóram Domhanda maidir le Trédhearcacht agus Malartú Faisnéise chun críocha Cánach agus comhráití an G20/OECD. Geallann siad go ndéanfaidh siad a ndícheall comhtháthú a chruthú idir a mbeartais chánacha agus a dtionchair ar thíortha atá i mbéal forbartha.

    101.

    Tá maoiniú poiblí intíre ríthábhachtach chun Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme i ngach tír. Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit leis an tacaíocht a thugann siad do thíortha atá i mbéal forbartha ina n-iarrachtaí ioncam breise a chur ar fáil, an bainistiú fiacha agus an caiteachas poiblí a neartú, na córais chánacha a fhorbairt, éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chaiteachais phoiblí a mhéadú agus deireadh a chur, diaidh ar ndiaidh, leis na fóirdheontais do bhreoslaí iontaise atá díobhálach ó thaobh an chomhshaoil de. Leanann an cúnamh oifigiúil um fhorbairt ina ról lárnach ag cur leis na hiarrachtaí a dhéanann tíortha — go háirithe na tíortha is boichte agus is leochailí amuigh — chun acmhainní a chur ar fáil ar bhonn intíre. Is féidir leis an Aontas agus leis na Ballstáit cur le feabhas éifeachtúlacht na hinfheistíochta poiblí i dtíortha comhpháirtíochta trí thacú le creataí cobhsaíochta maicreacnamaíocha agus fioscacha, le beartais agus athchóirithe céillí earnála, creataí cuimsitheacha buiséadacha meántéarmacha agus bliantúla, agus bainistíocht fhónta ar chórais phoiblí airgeadais, soláthar trédhearcach inbhuanaithe san áireamh.

    102.

    Is flaithiúil na soláthraithe comhair um fhorbairt iad an tAontas agus na Ballstáit, agus is iad a chuir níos mó ná leath den chúnamh oifigiúil um fhorbairt ar fáil le blianta beaga anuas. Cé gur beag é an cúnamh oifigiúil um fhorbairt, ó thaobh cainníochta de, do na tíortha atá i mbéal forbartha ina n-iomláine, is mór an fhoinse airgeadais é le haghaidh na dtíortha is boichte agus is lú forbairt, nach bhfuil acmhainn intíre iontu teacht ar mhaoiniú ó fhoinsí eile. Lena chois sin, is féidir leis an gcúnamh oifigiúil um fhorbairt a bheith ina chabhair chun modhanna eile cur chun feidhme a ghiaráil, go háirithe maoiniú intíre poiblí agus infheistíocht na hearnála príobháidí, ach an eolaíocht, an teicneolaíocht agus an nuálaíocht freisin.

    103.

    Tá sé geallta ag an Aontas ina iomláine go ndéanfaidh sé 0,7 % d’ollioncam naisiúnta (OIN) a chur ar fáil mar chúnamh oifigiúil um fhorbairt (ODA) laistigh de thráthchlár Chlár Oibre 2030. Ionas go ndíreofar acmhainní ar na háiteanna is mó a bhfuil gá leo, go háirithe na tíortha is lú forbairt, tíortha leochaileacha agus tíortha a bhfuil coinbhleacht iontu, geallann an tAontas ina iomláine go mbainfidh sé amach an sprioc go gcuirfear 0,15 % – 0,20 % de ODA/OIN ar fáil do thíortha atá i mbéal forbartha, go gearrthéarmach, agus go mbainfidh sé amach an sprioc go gcuirfear 0,20 % de ODA/OIN ar fáil laistigh de thráthchlár Chlár Oibre 2030. Aithníonn an tAontas agus na Ballstáit na dúshláin ar leith a bhíonn le sárú ag na tíortha atá i mbéal forbartha san Afraic. I ndáil leis sin, agus tosaíochtaí na mBallstát aonair maidir le cúnamh forbartha á n-urramú go hiomlán, leagann an tAontas béim ar a thábhachtaí atá sé cúnamh oifigiúil um fhorbairt a dhíriú ar an mór-roinn sin. Athdhearbhaíonn an tAontas agus na Ballstáit na gealltanais a thug siad go leithleach agus i gcomhpháirt maidir le cúnamh oifigiúil forbartha agus déanfaidh siad gníomhaíochtaí réalaíocha infhíoraithe leis na gealltanais sin a chomhlíonadh. Leanfaidh siad d’fhaireachán a dhéanamh ar an dul chun agus cuirfidh siad tuarascáil ar fáil go bliantúil lena gceadófar trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí.

    104.

    Leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit de mhaoiniú breise aeráide a chur ar fáil mar chuid d’iarracht dhomhanda, go háirithe trí thacaíocht láidir a sholáthar do mhaolú agus d’oiriúnú an athraithe aeráide i dtíortha atá i mbéal forbartha, i gcomhréir leis na gealltanais a tugadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus faoi Chomhaontú Pháras. Aithníonn siad go bhfuil tuilleadh le déanamh, ó thaobh na hoibre agus an mhaoinithe de, maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maidir leis an téamh domhanda a theorannú, lena n-áirítear trína gcuid beartas seachtrach agus trína gcuid beartas maidir leis an gcomhar um fhorbairt. Saothróidh siad chun comhthairbhí aeráide a neartú agus a mhéadú i gcláir maidir leis an gcomhar um fhorbairt. Tá gealltanas tugtha ag an Aontas agus ag na Ballstáit a gcuid a dhéanamh i ndáil le sprioc na dtíortha forbartha USD 100 billiún a chur ar fáil, ar bhonn comhpháirteach, in aghaidh na bliana idir 2020 agus 2025, don mhaolú agus don oiriúnú, ar maoiniú é a thiocfaidh ó raon leathan foinsí, trí ionstraimí éagsúla agus trí bhealaí éagsúla. Leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit den idirphlé polaitiúil le gealltanais níos fearr a fháil ó na soláthraithe eile.

    105.

    Cinnteoidh an tAontas agus na Ballstáit amach anseo go mbeidh spriocanna iomchuí ann don chúnamh oifigiúil um fhorbairt agus go mbaintear úsáid as go comhtháiteach agus ar bhealach straitéiseach maidir le modhanna eile cur chun feidhme ó gach foinse. I ndáil leis seo, tabharfaidh an tAontas faoi thionscnaimh a mheasfaidh réimse iomlán maoinithe um fhorbairt ar bhealach níos fearr, amhail tomhas OECD ar thacaíocht oifigiúil iomlán le haghaidh na forbartha inbhuanaithe.

    106.

    Tríd an gcomhar um fhorbairt, tabharfar tacaíocht do thíortha comhpháirtíochta chun fás cuimsitheach a ghiniúint trína rannpháirtíocht sa trádáil dhomhanda. Ina theannta sin, neartófar an méid a chuireann beartas trádála an Aontais leis an bhforbairt inbhuanaithe. Le cúnamh an chomhair um fhorbairt, neartófar cuimsiú agus cur chun feidhme caibidlí maidir leis an trádáil agus leis an bhforbairt inbhuanaithe i gcomhaontuithe trádála, méadófar an rochtain fhabhrach do thíortha leochaileacha ar mhargadh an Aontais agus tacaíocht don trádáil chóir agus eiticiúil, agus déanfar a thuilleadh forbartha ar bheartais a chinnteoidh an bhainistíocht fhreagrach ar shlabhraí soláthair. Áireofar leis seo, tacaíocht do chur chun feidhme comhaontuithe um chomhpháirtíocht eacnamaíoch agus comhaontuithe saorthrádála le tíortha atá i mbéal forbartha, chomh maith le tosaíochtaí aontaobhacha, amhail an rochtain saor ó dhleacht, saor ó chuóta ar mhargadh an Aontais a thugtar do thíortha atá i mbéal forbartha faoin socrú “Aon Rud seachas Airm”. Trí chomhordú feabhsaithe maidir le cabhair agus cláir chomhair sna réimsí sin, is féidir leis an Aontas na deiseanna a thapú agus caidreamh níos dlúithe trádála a ghiaráil chun an clár luachbhunaithe seo i leith ár gcomhpháirtithe trádála a chur chun cinn.

    107.

    Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit cur i bhfeidhm modhanna eile cur chun feidhme a chur chun cinn, an eolaíocht, an teicneolaíocht agus an nuálaíocht san áireamh. Déanfaidh siad iarracht a oiread deiseanna agus is féidir a thapú ón eolaíocht, ón teicneolaíocht agus ón nuálaíocht chun réitigh nua ar dhúshláin dhomhanda a chuardach, agus obair an tsásra chun teicneolaíocht a éascú, obair an bhainc teicneolaíochta do thíortha is lú forbairt agus obair eagraíochtaí ábhartha eile á gcur san áireamh acu. Leanfaidh siad den infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt i dtíortha atá i mbéal forbartha agus ar son tíortha atá i mbéal forbartha, lena n-áirítear ar mhaithe le feabhas a chur ar chórais náisiúnta nuálaíochta. Beidh sé mar sprioc acu tionchair intomhaiste ar dhul chun cinn a neartú i dtreo na spriocanna forbartha inbhuanaithe trí chur chuige freagrach maidir leis an taighde agus an nuálaíocht, lena n-áirítear an rochtain oscailte ar thorthaí taighde agus ar shonraí ar mhaithe le tionscadail a mhaoinítear go poiblí agus le hoideachas na heolaíochta.

    4.2.   Comhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach

    108.

    Tá an fhorbairt inbhuanaithe ina croí-chuid de thionscadal an Aontais agus tá sí fódaithe go daingean sna Conarthaí, go mór mór a mhéid a bhaineann leis an ngníomhaíocht sheachtrach. Tá gealltanas tugtha ag an Aontas agus ag na Ballstáit go gcinnteoidh siad go ndéanfar forbairt a chomhlíonfaidh riachtanais an lae inniu gan baint ó chumas na nglún atá le teacht a riachtanais féin a chomhlíonadh. Chun a chinntiú go mbeidh comhtháthú beartas ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe ann mar atá i ndaingean i gClár Oibre 2030, caithfear tionchair na mbeartas uile ar an bhforbairt inbhuanaithe ag gach leibhéal a chur san áireamh — ar an leibhéal naisiúnta, laistigh den Aontas, i dtíortha eile agus ar an leibhéal domhanda.

    109.

    Athdhearbhaíonn an tAontas agus na Ballstáit na gealltanais a thug siad faoin gcomhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt, lena gceanglaítear cuspóirí beartais maidir le comhar um fhorbairt a chur san áireamh, ar dóigh dóibh tionchar a bheith acu ar thíortha atá i mbéal forbartha. Is gné ríthábhachtach den straitéis é sin chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach agus cuireann sí ar bhealach tábhachtach leis an gcuspóir ginearálta atá sa chomhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe. Is spreagadh nua don Aontas agus do na Ballstáit é, Clár Oibre 2030 chun beartais atá atreisitheach ar bhonn frithpháirteach a fhoirmliú agus a chur chun feidhme.

    110.

    Beidh an Comhdhearcadh ina threoir ag iarrachtaí chun comhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt a chur i bhfeidhm i ngach ceann de na beartais agus de na réimsí a chumhdaítear le Clár Oibre 2030, agus féachfar le sineirgí a chruthú, go háirithe sna réimsí seo a leanas: an trádáil, an t-airgeadas, an comhshaol agus an t-athrú aeráide, an tslándáil bia, an imirce agus an tslándáil. Tabharfar aird ar leith ar an mbealach chun sreabha aindleathacha airgeadais agus seachaint chánach a chomhrac agus ar chur chun cinn na trádála agus na hinfheistíochta freagraí.

    111.

    Tá freagracht chomhroinnte ar na geallsealbhóirí go léir an creat nua um fhorbairt inbhuanaithe a chur ar bun i réimse an chomhair um fhorbairt. Tá cur chuige iomlánaíoch agus beartas trasearnálach de dhíth ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar deireadh is ceist rialachais é, a gcaithfear leanúint de i gcomhpháirtíocht le gach geallsealbhóir agus ar gach leibhéal. Dá bhrí sin, cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit modhanna cur chuige an rialtais ina iomláine chun cinn agus cinnteoidh siad go ndéanfar maoirseacht pholaitiúil ar iarrachtaí agus go gcomhordófar ar gach leibhéal iad maidir leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe. D’fhonn tacaíocht níos fearr a thabhairt don fhoirmliú comhbheartais agus don chinnteoireacht, cinnteoidh siad go mbeidh bonn fianaise faoin tionchar beartais a mheastar a bheith ar thíortha atá i mbéal forbartha, trí chomhairliúcháin, trí dhul i dteagmháil le geallsealbhóirí agus, trí mheasúnuithe ar thionchair ex ante agus ex post ar na mórthionscnamh beartais. Le gníomhaíocht an Aontais atá á déanamh go leanúnach ar son slabhraí soláthair dhomhanda inbhuanaithe, amhail in earnálacha an adhmaid agus an éadaigh, léirítear an breisluach a bhaineann le cur chuige comhtháite a shaothrú. Ba cheart do na tionscnaimh bheartais, nuair is ábhartha, léargas a thabhairt ar an gcaoi a gcuireann siad leis an bhforbairt inbhuanaithe i dtíortha atá i mbéal forbartha. Tá sé seo bunriachtanach chun faireachán agus tuairisciú an Aontais agus na mBallstát ar an gcomhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt a fheabhsú.

    112.

    Tharla Clár Oibre 2030 a bheith chomh huilíoch agus atá, spreagfaidh an tAontas agus na Ballstáit tíortha eile chun measúnú a dhéanamh ar thionchar a mbeartas féin ar chur i gcrích na spriocanna forbartha inbhuanaithe, i dtíortha atá i mbéal forbartha i measc tíortha eile. Ina theannta sin, neartóidh an tAontas agus na Ballstáit a bplé le tíortha comhpháirtíochta ar an gcomhtháthú beartais agus tabharfaidh siad tacaíocht dóibh ina n-iarrachtaí féin creataí cumais a bhunú don chomhtháthú beartas ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe. Beidh siad ceannródaíoch i gcur chun cinn an chomhtháthaithe beartas ag fóraim idirnáisiúnta ar nós na Náisiún Aontaithe agus G20, mar chuid dá dtacaíocht do Chlár Oibre 2030 ina ngníomhaíocht sheachtrach.

    4.3.   Éifeachtacht na forbartha

    113.

    Athdhearbhaíonn an tAontas agus na Ballstáit go bhfuil rún daingean acu príomhphrionsabail éifeachtacht na forbartha a chur i bhfeidhm, a glacadh in Busan in 2011 agus a ndearnadh athnuachan orthu ag Fóram Ardleibhéal Nairobi in 2016. Geallann siad an bhéim ar thorthaí a neartú, feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar cuntasacht fhrithpháirteach, agus feabhas a chur ar an úinéireacht tíre, comhpháirtíochtaí cuimsitheacha don fhorbairt a chur chun cinn. Aithníonn siad go bhfuil sé riachtanach go n-oibreodh gach comhpháirtí agus gach acmhainn forbartha le chéile go héifeachtach chun torthaí inbhuanaithe a chinntiú agus chun cinntiú nach bhfágfaí aon duine ar gcúl. Leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit leis an obair seo i ngach réimse, comhthéacs na Comhpháirtíochta Domhanda maidir le Comhar um Fhorbairt Éifeachtach san áireamh. Cuirfear a gcomhar um fhorbairt i bhfeidhm i ndlúthchomhar le comhpháirtithe eile agus le trédhearcacht iomlán maidir le saoránaigh Eorpacha agus le tíortha atá i mbéal forbartha.

    114.

    Bíonn feidhm ag prionsabail éifeachtacht na forbartha le gach cineál comhair um fhorbairt. Áirítear ar an méid sin an t-airgeadas poiblí idirnáisiúnta, amhail cúnamh oifigiúil um fhorbairt agus comhar Theas-Theas agus comhar triantánach, iasachtaí lamháltais agus neamhlamháltais agus gníomhaíochtaí ó ghníomhaithe na sochaí sibhialta, ón earnáil phríobháideach agus ó fhondúireachtaí daonchairdis. Tá an tAontas agus na Ballstáit ag súil go ndéanfaidh gach comhpháirtí na prionsabail sin a chomhtháthú ina gcuid gníomhaíochtaí féin, agus iad oiriúnaithe acu dá gcomhthéacsanna sonracha.

    115.

    Leanfaidh an tAontas agus na Ballstáit de bheith ina gcrann cosanta ag an trédhearcacht, noch a chumhdóidh, diaidh ar ndiaidh, réimse iomlán na n-achmhainní forbartha. Forbróidh siad uirlisí chun an comhar um fhorbairt a chur i láthair agus a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí. Tabharfaidh siad tacaíocht do thíortha comhpháirtíochta chun acmhainní forbartha a nascadh le torthaí, trí na próisis phleanála agus bhuiséadaithe a nascadh ar bhealach níos fearr, chun feabhas a chur ar phróisis chuntasachta agus ar chaighdeáin.

    116.

    Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit, i ngach modh cabhrach, leis an dul chun cinn in úsáid chórais na dtíortha agus le faireachán a dhéanamh ar an úsáid sin, ag féachaint don cháilíocht agus don staid ar an leibhéal áitiúil chun feabhas a chur ar an úinéireacht dhaonlathach agus éifeachtacht na n-institiúidí ar an leibhéal náisiúnta agus fo-náisiúnta. Déanfaidh siad measúnú i gcomhpháirt lena chéile ar éifeachtacht chórais na dtíortha comhpháirtíochta, chun cur chuige eolasach, comhordaithe a chinntiú. Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit dlús lena n-iarrachtaí chun cabhair a neamhcheangal agus chun gach soláthraí comhair um fhorbairt, geilleagair éiritheacha san áireamh, a spreagadh chun déanamh amhlaidh. Is é an cuspóir atá acu an sainmhíniú ar an dóigh le cabhair a neamhcheangal a bheachtú chun cinntiú go neamhcheanglaíonn gach soláthraí idirnáisiúnta airgeadais a gcabhair féin ar bhonn cómhalartach, comhpháirtithe forbartha atá ag teacht chun cinn san áireamh.

    5.   OBAIR LEANTACH AR ÁR nGEALLTANAIS

    117.

    Maidir leis an gcomhar um fhorbairt, tá rún fíordhaingean ag an Aontas agus na Ballstáit go mbeidh córas cuimsitheach, trédhearcach, cuntasach faireacháin agus athbhreithnithe ann ar mhaithe le Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme. Beidh cuntasacht ar fáil do shaoránaigh an Aontais sa chóras seo, ó na parlaimintí náisiúnta agus Eorpacha i measc dreamanna eile.

    118.

    Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit a gcórais tuairiscithe a oiriúint diaidh ar ndiaidh i réimse an chomhair um fhorbairt ionas go mbeidh siad comhsheasmhach le próisis leantacha agus le táscairí Chlár Oibre 2030. Cuirfidh siad feabhas ar cháilíocht agus ar infhaighteacht na sonraí i ndáil lena gcuid gníomhaíochtaí maidir leis an gcomhar um fhorbairt, i ngach gné de Chlár Oibre 2030. Oibreoidh siad chun cinntiú go mbeidh an tuairisciú inchomparáide agus comhsheasmhach leis an tuairisciú maidir le gealltanais idirnáisiúnta eile.

    119.

    Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit Clár Oibre 2030 a chomhtháthú agus tabharfaidh siad tacaíocht d’úsáid táscairí maidir leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe chun torthaí forbartha a mheas ar leibhéal na tíre. Go sonrach, is féidir le táscairí maidir leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe cur chuige comhchoiteann atá dírithe ar thorthaí comhchuibhithe a chothú agus a éascú san Aontas, a thuairisciú ar leibhéal na tíre comhpháirtíochta, lena n-áiritear creataí torthaí ar an leibhéal céanna, más ann dóibh.

    120.

    Tabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit tuarascáil chomhpháirteach sintéise ar aird ar an gComhdhearcadh maidir le Forbairt, lena n-áirítear tionchar na ngníomhaíochtaí a rinne siad chun tacú le Clár Oibre 2030 i dtíortha atá i mbéal forbartha, mar rannchuid den tuairisc a chuireann an tAontas faoi bhráid fóram polaitiúil ardleibhéil na Náisiún Aontaithe, nuair a bhuaileann siad le chéile ar leibhéal na gCeann Stáit gach ceithre bliana. Sa tuarascáil seo, bainfear leas as tuarascálacha ábhartha eile de chuid an Aontais, agus tógfar orthu, lena n-áirítear tuairisciú ar thorthaí, ar chúnamh oifigiúil um fhorbairt, cuntasacht maidir le maoiniú um fhorbairt, comhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt, agus faireachán maidir leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe i gcomhthéacs an Aontais.

    121.

    Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit borradh a chur faoi acmhainneacht staidrimh na dtíortha atá i mbéal forbartha, lena n-áirítear trí chumas neartaithe maidir le táirgeadh agus anailísiú na sonraí, a chur ar an eolas faoi bheartais agus faoi chinnteoireacht. Is ceart na sonraí sin a imdhealú más féidir de réir ioncaim, inscne, aoise, agus fachtóirí eile, agus faisnéis a chur ar fáil i ndáil le grúpaí atá imeallaithe, leochaileach agus nach furasta teacht orthu, le rialachas cuimsitheach agus le saincheisteanna eile, i gcomhréir le cur chuige cearta-bhunaithe an Aontais. San áireamh leis seo, beidh infheistíochtaí in institiúidí staidrimh a bheidh níos láidre ar an leibhéal fo-náisiúnta, náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, agus úsáid teicneolaíochtaí nua agus foinsí sonraí. Spreagfaidh an tAontas agus na Ballstáit a dtíortha comhpháirtíochta chun guthanna na bpobal imeallaithe a chur san áireamh agus iad ag déanamh faireachán ar na spriocanna forbartha inbhuanaithe agus chun sásraí nithiúla a chur chun cinn chuige sin.

    122.

    Ina theannta sin, is féidir leis an oideachas forbartha agus le múscailt feasachta ról tábhachtach a bheith acu maidir le leibhéil an rannpháirteachais i measc an phobail agus maidir le dul i ngleic leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe ar an leibhéal náisiúnta agus domhanda ionas go mbíonn sin ina chuidiú ag an tsaoránacht dhomhanda.

    123.

    Déanfar measúnú meántéarma ar chur chun feidhme an Chomhdhearcaidh seo faoi 2024. Déanfaidh an measúnú sin achoimre ar an dóigh ar cuireadh an Comhdhearcadh i bhfeidhm agus an méid atá bainte amach aige chun tacú le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030. Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit an dul chun cinn a mheas go córasach agus athróidh siad a ngníomhaíochtaí chun cinntiú go leanfaidh a gcomhar um fhorbairt, trí na naisc atá aige le réimsí gaolmhara beartais, go leanfaidh sé le tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 i dtíortha atá i mbéal forbartha.


    (1)  A/RES/70/1

    (2)  A/RES/69/313

    (3)  A/RES/69/283

    (4)  FCCC/CP/2015/L.9/REV.1

    (5)  A/RES/71/256


    Top