Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1947

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1947 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2024 lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (Bursa Şeftalisi (ATFC))

    C/2024/4813

    IO L, 2024/1947, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1947/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1947/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1947

    15.7.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1947 ÓN gCOIMISIÚN

    an 8 Iúil 2024

    lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (‘Bursa Şeftalisi’ (ATFC))

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), lenar aisghaireadh Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 de bheith infheidhme maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach a fuair an Coimisiún agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhair freasúra roimh an 13 Bealtaine 2024.

    (2)

    De bhun Airteagal 50(2)(a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a chuir an Tuirc isteach ar chlárú an ainm ‘Bursa Şeftalisi’ mar ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3).

    (3)

    Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra réasúnaithe faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm ‘Bursa Şeftalisi’ a chlárú sa chlár,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, déantar an t-ainm ‘Bursa Şeftalisi’ (ATFC) a chlárú sa chlár.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Thar ceann an Uachtaráin,

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj.

    (2)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).

    (3)   IO C, C/2024/1346, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1346/oj.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1947/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top