This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1734
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1734 of 21 June 2024 amending Implementing Regulation (EU) No 686/2012 as regards allocation to Member States, for the purposes of the renewal procedure, of the evaluation of the active substance deltamethrin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1734 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 a mhéid a bhaineann le leithdháileadh ar na Ballstáit, chun críocha an nós imeachta athnuachana, an mheastóireacht ar an tsubstaint ghníomhach deiltemheitrin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1734 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 a mhéid a bhaineann le leithdháileadh ar na Ballstáit, chun críocha an nós imeachta athnuachana, an mheastóireacht ar an tsubstaint ghníomhach deiltemheitrin
C/2024/4186
IO L, 2024/1734, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1734/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32012R0686 | Athchur | iarscríbhinn cuid A Téacs | 14/07/2024 |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1734 |
24.6.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1734 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Meitheamh 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 a mhéid a bhaineann le leithdháileadh ar na Ballstáit, chun críocha an nós imeachta athnuachana, an mheastóireacht ar an tsubstaint ghníomhach deiltemheitrin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 19 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 (2) ón gCoimisiún déantar an mheastóireacht ar na substaintí gníomhacha deiltemheitrin, défhluifeineacan, eapocsaconasól, fluocsastróibin, próitiaconasól agus teabúconasól a leithdháileadh ar na Ballstáit faoi seach chun críocha na nósanna imeachta athnuachana, agus ainmnítear rapóirtéir agus comhrapóirtéir do gach substaint ghníomhach. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/150 ón gCoimisiún (3), athraítear sannadh na meastóireachta ar na substaintí gníomhacha sin do Bhallstáit eile is rapóirtéirí faoi seach, tar éis don Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar ón Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
(3) |
Tá an sannadh bunaithe ar an mbreithniú go bhfuil an mheastóireacht ar na substaintí gníomhacha lena mbaineann faoi lán seoil cheana agus go bhfuil coinne leis nach mbeidh ach méid beag oibre le déanamh. Dá bhrí sin, ní shanntar aon Bhallstát is comhrapóirtéir don mheastóireacht sin. |
(4) |
An 28 Lúnasa 2023, áfach, d’iarr an tÚdarás, de bhun Airteagal 13(3a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (4), faisnéis bhreise maidir leis an tsubstaint ghníomhach deiltemheitrin, chun measúnú a dhéanamh ar na critéir formheasa a leagtar amach i bpointí 3.6.5 agus 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(5) |
Ós rud é gurb é an tSualainn an t-údarás inniúil meastóireachta le haghaidh athnuachan fhormheas na substainte gníomhaí deiltemheitrin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) meastar gurb iomchuí, d’fhonn comhleanúnachas agus éifeachtúlacht a éascú sa mheastóireacht faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, an tSualainn a shannadh mar Bhallstát is comhrapóirtéir chun críocha athnuachan nós imeachta deiltemheitrine. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 a leasú dá réir. |
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 686/2012, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le deiltemheitrin:
Substaint ghníomhach |
An Ballstát is Rapóirtéir |
Ballstát is comhrapóirtéir |
‘Deiltemheitrin |
AT |
SE’ |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Meitheamh 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2012 lena leithdháiltear ar Bhallstáit, chun críocha an nós imeachta athnuachana, an mheastóireacht ar shubstaintí gníomhacha (IO L 200, 27.7.2012, lch. 5., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/686/2023-10-08).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/150 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 a mhéid a bhaineann leis an mBallstát is rapóirtéir chun meastóireacht a dhéanamh ar na substaintí gníomhacha seo a leanas atá i dtáirgí cosanta plandaí: deiltemheitrin, défhluifeineacan, eapocsaconasól, fluocsastróibin, próitiaconasól agus teabúconasól (IO L 27, 31.1.2019, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/150/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/844/2020-02-13).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/2022-04-15).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1734/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)