Válassza ki azokat a kísérleti funkciókat, amelyeket ki szeretne próbálni

Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.

Dokumentum 32024R1666

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun allmhairí téad agus cáblaí cruach arna gcur chun bealaigh ó Mharacó agus ó Phoblacht na Cóiré a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    C/2024/3506

    IO L, 2024/1666, 7.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1666/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    A dokumentum hatályossági állapota Hatályos

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1666/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1666

    7.6.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1666 ÓN gCOIMISIÚN

    an 6 Meitheamh 2024

    lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun allmhairí téad agus cáblaí cruach arna gcur chun bealaigh ó Mharacó agus ó Phoblacht na Cóiré a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    1.   NÓS IMEACHTA

    1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus na bearta atá i bhfeidhm

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1796/1999 (2), d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála ar allmhairí téad agus cáblaí cruach (‘SRC’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’), na hUngáire, na hIndia, Mheicsiceo, na Polainne, na hAfraice Theas agus na hÚcráine. Gairtear ‘na bearta bunaidh’ ar na bearta sin anseo feasta agus gairtear ‘an t-imscrúdú bunaidh’ anseo feasta ar an imscrúdú ar forchuireadh na bearta arna bhforchur le Rialachán (CE) Uimh. 1796/1999 mar thoradh air.

    (2)

    Ina dhiaidh sin, fuarthas amach go ndearnadh na bearta bunaidh maidir le hallmhairí ón Úcráin agus ón tSín a imchéimniú tríd an Moldóiv agus trí Mharacó faoi seach tar éis imscrúduithe de bhun Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 384/96 ón gComhairle (3). Dá bhrí sin, le Rialachán (CE) Uimh. 760/2004 (4), leathnaigh an Chomhairle an dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur ar allmhairí SCR de thionscnamh na hÚcráine chun allmhairí arna gcur chun bealaigh ón Moldóiv a chumhdach. Ar an gcaoi chéanna, leathnaíodh an dleacht frithdhumpála a forchuireadh ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh na Síne le Rialachán (CE) Uimh. 1886/2004 ón gComhairle (5) chun allmhairí na dtáirgí céanna arna gcur chun bealaigh ó Mharacó a chumhdach.

    (3)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1858/2005 (6), tar éis athbhreithniú éaga i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 384/96, leathnaigh an Chomhairle na bearta bunaidh arna bhforchur ar allmhairí SRC de thionscnamh na Síne, na hIndia, na hAfraice Theas agus na hÚcráine ar feadh cúig bliana. Na bearta ab infheidhme maidir le hallmhairí de thionscnamh Mheicsiceo, chuaigh siad in éag an 18 Lúnasa 2004 (7). Ós rud é go ndearnadh Ballstáit den Aontas Eorpach den Ungáir agus den Pholainn an 1 Bealtaine 2004, rinneadh na bearta a fhoirceannadh ar an dáta sin.

    (4)

    I mí na Bealtaine 2010, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 400/2010 (8), an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 1858/2005 ar allmhairí SRC de thionscnamh na Síne, leathnaigh an Chomhairle an dleacht sin chun allmhairí SRC arna gcur chun bealaigh ó Phoblacht na Cóiré a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Phoblacht na Cóiré iad nó ná bíodh, mar thoradh ar imscrúdú frith-imchéimnithe i gcomhréir le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán. Tugadh díolúine ón mbeart leathnaithe do tháirgeoirí onnmhairiúcháin áirithe de chuid na Cóiré ós rud é gur suíodh nach ndeachaigh siad timpeall ar na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha.

    (5)

    Na bearta ab infheidhme maidir le hallmhairí de thionscnamh na hIndia, chuaigh siad in éag an 17 Samhain 2010 (9).

    (6)

    I mí Eanáir 2012, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 102/2012 (10), an dleacht frithdhumpála i leith allmhairí SRC de thionscnamh, inter alia, na Síne agus na hÚcráine, arna leathnú chun allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Phoblacht na Cóiré, ó Mharacó agus ón Úcráin a chumhdach, d’fhorchuir an Chomhairle í tar éis athbhreithniú éaga i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán. San am céanna, an táirgeoir onnmhairiúcháin i Maracó a bhí díolmhaithe ó na bearta arna leathnú le Rialachán (CE) Uimh. 1886/2004, díolmhaíodh é ó na bearta. Na 15 tháirgeoir onnmhairiúcháin ó Phoblacht na Cóiré a bhí díolmhaithe ó na bearta arna leathnú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 400/2010, díolmhaíodh iad ó na bearta freisin.

    (7)

    Leis an Rialachán céanna, rinne an Chomhairle na himeachtaí maidir le hallmhairí SRC ón Afraic Theas a fhoirceannadh. Na bearta ab infheidhme maidir le hallmhairí de thionscnamh na hAfraice Theas, chuaigh siad in éag an 9 Feabhra 2012.

    (8)

    I mí Aibreáin 2018, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/607 (11), an dleacht frithdhumpála i leith allmhairí SRC de thionscnamh na Síne, arna leathnú chun Maracó agus Poblacht na Cóiré a chumhdach (‘an athbhreithniú éaga roimhe seo’), d’fhorchuir an Coimisiún í tar éis athbhreithniú éaga i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

    (9)

    Na bearta ab infheidhme maidir le hallmhairí de thionscnamh Mheicsiceo, chuaigh siad in éag an 10 Feabhra 2017 (12).

    (10)

    Na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha atá i bhfeidhm faoi láthair, 60,4 % atá i gceist leo.

    1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

    (11)

    Tar éis foilsiú fógra maidir le dul in éag atá le tarlú (13), fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) ‘an bun-Rialachán’.

    (12)

    Is í an Chónaidhm Eorpach um an Tionscal Téad Sreinge Cruach, (‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh isteach an 17 Eanáir 2023 thar ceann thionscal téad agus cáblaí cruach an Aontais, de bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar an bhforas gur dócha go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís agus go dtarlóidh díobháil arís do thionscal an Aontais.

    1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

    (13)

    Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, go raibh fianaise leordhóthanach ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga an 14 Aibreán 2023 maidir le hallmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne isteach san Aontas ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (14) (‘an fógra tionscnaimh’).

    1.4.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

    (14)

    An t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den dumpáil nó an ndéanfar an athuair í, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha chun a mheas an dócha go leanfar den díobháil nó go ndéanfar an athuair í, is imscrúdú é a chumhdaigh an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

    1.5.   Páirtithe leasmhara

    (15)

    San fhógra tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú.

    (16)

    Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga mar aon le táirgeoirí aitheanta eile ón Aontas, na táirgeoirí aitheanta sa tSín agus údaráis na Síne, allmhaireoirí agus úsáideoirí aitheanta agus thug sé cuireadh dóibh a bheith rannpháirteach ann.

    (17)

    Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh.

    (18)

    Níor iarr aon pháirtí go dtabharfaí éisteacht dó.

    1.6.   Barúlacha maidir le tionscnamh

    (19)

    Fuarthas barúlacha maidir le tionscnamh ó tháirgeoir Síneach amháin, is é sin Fasten Group Imp.& Exp. Co., Ltd. agus a chuideachtaí comhlachaithe (‘Grúpa Fasten’).

    (20)

    D’áitigh Grúpa Fasten nár léirigh an t-iarratasóir go raibh tionscal an Aontas i staid neamhfhabhrach ós rud é gur léirigh na sonraí a soláthraíodh gur fheidhmigh tionscal an Aontais go maith le linn na tréimhse measúnaithe díobhála. Thairis maíodh nár léirigh an t-iarratasóir gur dócha go leanfar den díobháil ná go ndéanfar an athuair í. Go háirithe, maíodh nach raibh baint ag an bhfaisnéis maidir le honnmhairí ón tSín go dtí dtríú tíortha ná allmhairí ó thríú tíortha chuig an Aontais le measúnú an tionchair ar thionscal an Aontais agus go raibh sí ar neamhréir le ceanglais an rialacháin frithdhumpála agus Comhaontú Frithdhumpála EDT. Sholáthair an t-onnmhaireoir Síneach sonraí freisin maidir lena phraghsanna onnmhairiúcháin SRC chuig an Aontas agus d’áitigh sé go raibh na praghsanna sin níos gaire do phraghsanna an Aontais, rud a léirigh nach dócha go ndéanfar an díobháil an athuair. D’áitigh Grúpa Fasten nach raibh praghsanna onnmhairiúcháin na Síne san iarraidh ceart ós rud é go raibh siad i bhfad níos ísle ná a phraghsanna onnmhairiúcháin. Thairis sin, d’iarr Grúpa Fasten ar an gCoimisiún an t-athbhreithniú éaga a fhoirceannadh.

    (21)

    Luaigh an Coimisiún gurbh é cuspóir na mbeart frithdhumpála deireadh a chur le héifeachtaí saofa trádála atá ag an dumpáil dhíobhálach agus iomaíocht éifeachtach a athbhunú trí thionchar dearfach a imirt ar staid thionscal an Aontais. Fiú mura ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú san iarraidh, ba ghá measúnú a dhéanamh lena fháil amach an dócha go ndéanfaí díobháil ó allmhairí na Síne an athuair dá ligfí do na bearta dul in éag. Thairis sin, sonraíodh san fhógra tionscnaimh i bpointe 4.2. gur líomhain an t-iarratasóir an dóchúlacht go ndéanfar an díobháil ón tSín an athuair. I ndáil leis sin, is leor an fhianaise a chuir an t-iarratasóir ar fáil freisin gur dócha go dtiocfaidh méadú ar leibhéal allmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú ón tír lena mbaineann chuig an Aontas má ligtear do na bearta dul in éag. Mar a chuirtear in iúl san iarraidh, mar gheall ar acmhainneacht táirgeachta neamhúsáidte sa tSín, ar iompraíocht praghsála onnmhaireoirí na Síne ar mhargaí tríú tíortha mar aon le tarraingteacht mhargadh an Aontais, déanfar na hallmhairí méadaithe sin ar phraghsanna dumpáilte a ghearrfaidh faoi phraghsanna an Aontais agus a dhéanfaidh díobháil do thionscal an Aontais dá mbarr. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

    1.7.   Sampláil

    (22)

    San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

    Táirgeoirí an Aontais a shampláil

    (23)

    San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn an ionadaíochais ó thaobh an mhéid táirgeachta agus an mhéid díolachán ar an margadh saor san Aontas de le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus sa suíomh geografach. Is é a bhí sa sampla sin trí tháirgeoir ón Aontas: Gustav Wolf GmbH, WIRECO Poland sp. z o.o., agus Redaelli Tecna SPA.. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt faoin sampla sealadach.

    (24)

    Chuir an t-iarratasóir in iúl don Choimisiún maidir leis na méideanna díolachán agus táirgeachta a bhí ag ceann de na cuideachtaí roghnaithe, Gustaf Wolf GmbH, arna gcur isteach mar chuid den iarraidh, gur méideanna comhdhlúite a bhí iontu seachas méideanna a soláthraíodh ar leithligh le haghaidh na n-eintiteas dlíthiúla laistigh den ghrúpa. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar mhéideanna díolachán agus táirgeachta an táirge faoi athbhreithniú le haghaidh na gcuideachtaí ar leith laistigh den ghrúpa, chinn an Coimisiún an sampla molta a leasú agus DIEPA Drahtseilwerk Dietz GmbH & Co. KG a chur in ionad Gustav Wolf GmbH. Rinneadh amhlaidh chun an mhodheolaíocht ina roghnaítear na heintitis is mó a choinneáil.

    (25)

    Ina dhiaidh sin, chuir DIEPA Drahtseilwerk Dietz GmbH & Co. KG an Coimisiún ar an eolas nach mbeadh sé in ann an fhaisnéis a iarradh a sholáthar san amlíne is gá chun comhoibriú mar chuideachta shampláilte mar gheall ar chúiseanna teicniúla sealadacha. Dá bhrí sin, leasaigh an Coimisiún an sampla molta agus chuir siad táirgeoir Gearmánach eile, Pfeifer Drako Drahtseilwerk GmbH, in ionad DIEPA Drahtseilwerk Dietz GmbH & Co. KG. Rinneadh an cinneadh sin ar bhonn mhéid díolachán agus táirgeachta an táirge chomhchosúil san Aontas le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022 agus an raoin gheografaigh. Is éard a bhí i gceist le táirgeoirí an Aontais sa sampla leasaithe, 21 % de mhéid díolachán measta an Aontais agus 21 % de mhéid iomlán táirgeachta an Aontais i gcás na dtáirgí comhchosúla. Measadh go raibh an sampla leasaithe ionadaíoch ar thionscal an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis sampla leasaithe. Ní bhfuarthas aon bharúil. Dá bhrí sin, deimhníodh an sampla leasaithe.

    Allmhaireoirí a shampláil

    (26)

    Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a sonraíodh san fhógra tionscnaimh a sholáthar.

    (27)

    Níor tháinig aon cheann de na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe chun cinn chun an fhaisnéis a iarradh a sholáthar. Dá bhrí sin, ní raibh gá le sampláil.

    Táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín a shampláil

    (28)

    Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín an fhaisnéis a sonraíodh san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu i bpáirt a ghlacadh san imscrúdú.

    (29)

    Thug táirgeoir onnmhairiúcháin amháin sa tSín freagra ar an gceistneoir samplála. Ach níor sholáthair an táirgeoir sin ná aon táirgeoir onnmhairiúcháin/táirgeoir eile an fhaisnéis a iarradh.

    (30)

    San athbhreithniú éaga roimhe seo, sainaithníodh 21 tháirgeoir onnmhairiúcháin agus san iarraidh reatha ar athbhreithniú liostaíodh 46 tháirgeoir téad agus cáblaí cruach sa tSín. Níor thug ach ceann amháin de na cuideachtaí sin freagra samplála áfach gan an fhaisnéis a iarradh maidir leis na tosca táirgeachta a sholáthar. Bhí níos lú ná aon trian de mhéid iomlán allmhairí téad agus cáblaí cruach ón tSín isteach san Aontas i gceist leis an gcuideachta sin, agus bhí níos lú ná 2 % de mhéid iomlán táirgeachta na dtéad agus na gcáblaí cruach sa tSín aici. Ós rud é gur thart ar 1 % a bhí i sciar na n-allmhairí ón tSín ar mhargadh an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mheas an Coimisiún nach mbeadh a dhóthain faisnéise i gceist le níos lú na haon trian de na hallmhairí sin chun measúnú a dhéanamh ar an bpraghas onnmhairiúcháin agus ar leanúint na dumpála le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus nach féidir a mheas go bhfuil na hallmhairí sin ionadaíoch ar mhéid iomlán na n-allmhairí ón tSín.

    (31)

    I bhfianaise leibhéal neamhleor an chomhoibrithe, chinn an Coimisiún gan sampláil a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán. Ní bhfuarthas aon bharúil.

    1.8.   Freagraí ar an gceistneoir

    (32)

    Sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le saobhadh suntasach a bheith sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Ní bhfuarthas aon fhreagra.

    (33)

    Cé nach raibh an táirgeoir Síneach a chuir freagra samplála isteach ró-ionadaíoch, d’iarr an Coimisiún ar an táirgeoir onnmhairiúcháin faisnéis bhreise a sholáthar i bhfoirm shimplithe maidir lena dhíolacháin intíre agus lena tháirgeacht agus onnmhairí chuig tríú tíortha agus lena onnmhairí chuig an Aontas, faisnéis a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh an imscrúdaithe. Ní bhfuarthas aon fhreagra.

    (34)

    Chuir gach ceann de na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais freagra ceistneora isteach.

    1.9.   Fíorúchán

    (35)

    Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil agus nó go ndéanfar an athuair iad agus maidir le leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

     

    Táirgeoirí an Aontais

    Pfeifer Drako Drahtseilwerk GmbH, Mühleim an der Ruhr, an Ghearmáin agus dhá thrádálaí chomhlachaithe san Aontas – Pfeifer Seil und Hebetechnik GmbH agus Pfeifer Cables y Equipos de Elevación;

    Redaelli Tecna Spa, Milano, an Iodáil agus trádálaí comhlachaithe san Aontas – Teufelberger Seil GmbH;

    WIRECO Poland sp. z o.o., Włocławek, an Pholainn agus trádálaí comhlachaithe san Aontas – Olivera SÁ S.A., WIRECO Portugal.

    (36)

    Thairis sin, rinneadh fíorúchán sa Bhruiséil in áitreabh ionadaí dhlíthiúil an chomhlachais táirgeoirí seo a leanas:

    Cónaidhm Eorpach um an Tionscal Téad Sreinge Cruach (EWRIS), Düsseldorf, an Ghearmáin.

    2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

    2.1.   An táirge faoi athbhreithniú

    (37)

    Is ionann an táirge faoi athbhreithniú agus an táirge a bhí faoi réir an athbhreithnithe éaga roimhe seo, is é sin téada agus cáblaí cruach, lena n-áirítear téada cornaí glasáilte, cé is moite de théada agus cáblaí cruach dosmálta, ar mó a n-uastoise trasghearrthach ná 3 mm (‘an táirge faoi athbhreithniú’), atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7312 10 81, ex 7312 10 83, ex 7312 10 85, ex 7312 10 89 agus ex 7312 10 98 (cóid TARIC 7312108112, 7312108113, 7312108119, 7312108312, 7312108313, 7312108319, 7312108512, 7312108513, 7312108519, 7312108912, 7312108913, 7312108919, 7312109812, 7312109813 agus 7312109819).

    2.2.   An táirge lena mbaineann

    (38)

    Is é an táirge lena mbaineann san imscrúdú seo an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne (‘an táirge lena mbaineann’).

    2.3.   An táirge comhchosúil

    (39)

    Faoi mar a suíodh san athbhreithniú éaga roimhe seo, is amhlaidh a deimhníodh leis an imscrúdú ar an athbhreithniú éaga seo go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha agus ceimiceacha céanna, mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

    an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

    an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol ar mhargadh intíre na Síne; agus

    an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol san Aontas ag tionscal an Aontais.

    (40)

    Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

    3.   DUMPÁIL

    3.1.   Réamhbharúlacha

    (41)

    Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (i.e. ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022), bhí allmhairí téad agus cáblaí cruach ón tSín fós ag leibhéal an-íseal, mar an gcéanna leis an leibhéal a bhí ann san athbhreithniú éaga roimhe seo. De réir bhunachar sonraí Comext, bhí 1,2 % de mhargadh an Aontais i gceist le hallmhairí téad agus cáblaí cruach ón tSín i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

    (42)

    Mar a luaitear in aithris (29), níor thug ach táirgeoir onnmhairiúcháin amháin freagra ar an gceistneoir samplála agus níor chuir sé isteach an fhaisnéis a iarradh ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Síne go raibh sé beartaithe aige, mar gheall ar an easpa comhoibriú, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí i dtaca leis an tSín. Níor cuireadh aon bharúil faoi bhráid an Choimisiúin.

    (43)

    Dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, is ar na fíorais a bhí ar fáil a bunaíodh na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfadh den dumpáil nó go ndéanfaí an athuair í, go háirithe an fhaisnéis a fuarthas san iarraidh ar athbhreithniú, an fhaisnéis a fuarthas ó thairgeoir sampláilte amháin san Aontas agus ó na staitisticí a bhí ar fáil, mar atá na sonraí ó Comext agus an Global Trade Atlas (‘GTA’).

    3.2.   An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le haghaidh allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh na Síne

    (44)

    Ós rud é go raibh fianaise leordhóthanach ar fáil nuair a tionscnaíodh an t-imscrúdú agus go bhféadfaí a thaispeáint, maidir leis an tSín, gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

    (45)

    D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé a bheith riachtanach dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá tar éis dháta fhoilsithe an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín.

    (46)

    Shonraigh an Coimisiún freisin i bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, i bhfianaise na fianaise a bhí ar fáil, gur féachadh ar an Tuirc mar thríú tír ionadaíoch féideartha le haghaidh na Síne de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Shonraigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

    (47)

    An 13 Samhain 2023, i nóta a ghabhann leis an gcomhad (‘an nóta’), chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas faoi na foinsí ábhartha a raibh sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh agus an Tuirc á húsáid mar thír ionadaíoch iomchuí. Chuir sé na páirtithe leasmhara ar an eolas freisin go suíodh sé costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘costais SGA’) agus na brabúis bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don chuideachta Celik Halat, táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú sa tír ionadaíoch. Ní bhfuarthas aon bharúil.

    (48)

    Chuir an Coimisiún na príomhthosca táirgeachta i láthair sa Nóta. Sa bhreis ar na tosca táirgeachta sin, chuir an Coimisiún forchostais isteach freisin mar a mhínítear in aithris (106). Ina theannta sin, ó tharla gur athbhreithniú éaga é an t-imscrúdú seo de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán a fhágann nach bhfuil gá an corrlach dumpála a ríomh go beacht ach go bhfuil gá an dóchúlacht go leanfar leis an dumpáil nó go ndéanfar an athuair í a shuí, mheas an Coimisiún, sa chás seo, go bhféadfadh sé díriú go heisceachtúil ar na príomhthosca táirgeachta chun an gnáthluach a ríomh.

    (49)

    Mar gheall ar an gcomhar neamhleor ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne agus ó Rialtas na Síne a luaitear in aithris (32), chinn an Coimisiún an gnáthluach ar bhonn na faisnéise a cuireadh ar fáil san iarraidh ar athbhreithniú éaga agus ar fhaisnéis eile a bhí ar fáil go héasca mar a mhínítear sa roinn seo a leanas.

    3.3.   An Gnáthluach

    (50)

    I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘[b]eidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’.

    (51)

    Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘más rud é go gcinntear […]nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’ agus ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. (‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘Costais riaracháin, díola agus ghinearálta’.)

    (52)

    Mar a mhínítear thíos freisin, ba é conclúid an Choimisiúin san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ón táirgeoir onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

    3.3.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

    (53)

    In imscrúduithe le déanaí maidir leis an earnáil cruach sa tSín (15), chinn an Coimisiún go raibh saobhadh suntasach i gceist de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

    (54)

    Sna himscrúduithe sin, shuigh an Coimisiún gur ann d’idirghabháil shuntasach ón rialtas sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (16). Go háirithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur san earnáil cruach, arb í an príomh-amhábhar í chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh, ní hamháin go bhfuil cuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne uirthi de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán (17), ach ina theannta sin, go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht Stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán (18). Fuair an Coimisiún amach thairis sin go bhfuil éifeacht saofa breise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais, agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála sa tSín, fágann sé go mbíonn acmhainní á ndíriú ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (19). Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád sócmhainneach agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (20). Ar an gcaoi chéanna, shuigh an Coimisiún gur ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (21), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le rochtain ar chaipiteal do ghníomhaithe corparáideacha sa tSín (22).

    (55)

    Mar a rinneadh in imscrúduithe roimhe seo maidir leis an earnáil iarainn agus cruach sa tSín, d’fhéach an Coimisiún san imscrúdú reatha lena fháil amach cé acu a bhí nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tSín, i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún é sin ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise atá san iarraidh, agus sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin freisin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála (23) (‘Tuarascáil’), rud a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substainteacha rialtais i ngeilleagar na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin an staid shonrach margaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge faoi athbhreithniú. Chuir an Coimisiún leis na heilimintí fianaiseacha sin lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gur ann do shaobhadh suntasach sa tSín, mar a cinneadh freisin in imscrúduithe a rinne sé roimhe seo i ndáil leis sin.

    (56)

    Rinneadh an líomhain san iarraidh go mbíonn tionchar forleathan ag idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas ar gheilleagar na Síne ina iomláine agus go ndéanann na hidirghabhálacha sin difear dó ar bhonn forleathan, agus nach féidir leas a bhaint as praghsanna agus costais intíre thionscal cruach na Síne san imscrúdú seo i bhfianaise an mhéid sin.

    (57)

    Soláthraíodh samplaí san iarraidh de ghnéithe lena léirítear gur ann do shaobhadh, mar a liostaítear sa chéad dais go dtí an séú dais d’Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Go háirithe, agus tagairt á déanamh do roinnt foinsí faisnéise atá ar fáil go poiblí, amhail an Tuarascáil, imscrúduithe an Choimisiúin roimhe seo san earnáil cruach, reachtaíocht na Síne, mar aon le foinsí breise, d’áitigh an t-iarratasóir an méid seo a leanas:

    Ar an iomlán, tá rialú agus idirghabháil shuntasach rialtais in earnáil cruach na Síne, rud a fhágann go bhfuil saobhadh ar leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh. Is amhlaidh atá freisin i gcás thionscal SRC na Síne. Tá ardleibhéal úinéireachta stáit ina shaintréith den tionscal SRC agus tá dlúthnaisc ag roinnt táirgeoirí SRC le Rialtas na Síne, le rialtais réigiúnacha nó áitiúla, go díreach nó trí chomhlachais.

    Tá struchtúir agRialtas na Síne agus agPáirtí Cumannacha na Síne (‘CCP’) freisin, mar a mhínítear sa Tuarascáil, a áirithíonn go bhfuil tionchar leanúnach acu ar fhiontair, agus go háirithe, cuideachtaí faoi úinéireacht stáit. Ní hamháin go bhfuil ról gníomhach Stát na Síne i gceapadh agus i maoirsiú chur chun feidhme na mbeartas eacnamaíoch ginearálta ag cuideachtaí ar leith atá faoi úinéireacht stáit, ach ina theannta sin, éilíonn sé a chearta chun bheith rannpháirteach i gcinnteoireacht oibríochtúil na gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit. Thairis sin, mar a léirítear sa Tuarascáil freisin, coinníonn Rialtas na Síne dlúthnaisc ar bun le táirgeoirí SRC na Síne trí chomhlachais ionadaíocha amhail Comhlachas Iarainn agus Cruach na Síne (‘CISA’) ar an leibhéal náisiúnta agus e.g. Comhlachas Slat Sreinge Cruach Nantong, ag leibhéal cúige in Jiangsu. Ina theannta sin, imríonn Rialtas na Síne tionchar trí naisc phearsanta. Sa chomhthéacs sin, sholáthair an t-iarratasóir fianaise go bhfuil dlúthnaisc ag comhaltaí den bhord stiúrthóirí, den bhord maoirseoirí agus den lucht bainistíochta i roinnt cuideachtaí sa tionscal SRC le Páirtí Cumannach na Síne. Mar fhocal scoir, shonraigh an t-iarratasóir, mar gheall ar mhórchuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus ardleibhéal idirghabhála rialtais a bheith ann i dtionscal SRC na Síne, ní fhéadfaidh táirgeoirí faoi úinéireacht phríobháideach fiú a bheith ag oibriú faoi choinníollacha margaidh, agus go bhfuil cuideachtaí faoi úinéireacht phoiblí agus phríobháideach araon sa tionscal SRC faoi réir maoirseacht agus treoraíocht beartais freisin.

    De réir na Tuarascála, le beartais agus bearta na Síne is infheidhme maidir leis an earnáil SCR, déantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó imrítear tionchar ar fhórsaí an tsaormhargaidh ar bhealach eile. Is é a threoraíonn geilleagar na Síne, lena n-áirítear an earnáil SRC, córas pleanála ilchasta lena socraítear tosaíochtaí agus lena bhforordaítear na cuspóirí nach mór do na rialtais lárnacha agus áitiúla díriú orthu. Tá pleananna ábhartha ann ar gach leibhéal den rialtas agus cumhdaítear leo gach earnáil eacnamaíoch, nach mór, lena n-áirítear na hearnálacha cruach agus SRC. Tá na cuspóirí a leagtar síos leis na hionstraimí pleanála de chineál ceangailteach agus déanann na húdaráis ar gach leibhéal riaracháin faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna a bhíonn ag an leibhéal comhfhreagrach is ísle den rialtas. Ar an iomlán, is é an toradh a bhíonn ar an gcóras pleanála sa tSín go ndírítear acmhainní ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha straitéiseacha nó mar earnálacha atá tábhachtach ar shlí eile ó thaobh na polaitíochta de, in ionad na hacmhainní sin a leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh.

    Tá an tionscal cruach ar an iomlán, lena n-áirítear an tionscal SRC, ina thionscal spreagtha faoin tionscnamh Made in China 2025, agus dá bhrí sin tá sé incháilithe chun tairbhiú de mhaoiniú stáit nach beag. Sa Chatalóg chun Athstruchtúrú an Tionscail a Threorú (Leagan 2019), liostaítear cruach mar thionscal atá á spreagadh. Sa 13ú agus 14úPlean Cúig Bliana, spreagtar an tionscal cruach, mar thionscal tábhachtach monaraíochta sa tSín, forbairt a dhéanamh i roinnt margaí lena n-áirítear trealamh muirí, innealra innealtóireachta, tithíocht agus iompar. Úsáidtear SRC sna tionscail sin uile agus dá bhrí sin bainfidh siad tairbhe as na bearta tacaíochta a chuirtear chun feidhme faoi chuimsiú na bPleananna Cúig Bliana. Le pleananna rialtais eile amhail ‘Catalóg na dTionscal Tosaíochta le haghaidh Infheistíocht Choigríche sa tSín Láir agus Thiar’; ‘Plean um an Tionscal Cruach a Choigeartú agus a Uasghrádú, 2016-2020’ nó pleananna beartais cúige i gCúigí Jiangsu agus Shandong, déantar idirghabháil freisin i bhforbairt an tionscail SRC agus spreagtar an fhorbairt sin trí bheartais fhabhracha i leith infheistíochtaí coigríche san earnáil sin.

    Faoin gcreat agus na doiciméid bheartais éagsúla ar gach leibhéal a shonraítear thuas, tá fóirdheontais éagsúla á dtabhairt ag Rialtas na Síne do tháirgeoirí onnmhairiúcháin SRC de chuid na Síne, rud a léiríonn go soiléir an spéis láidir atá ag an Stát i gcur chun cinn na hearnála sin.

    Tá saobhadh á dhéanamh ar chostas fhormhór thosca táirgeachta SCR na Síne, nó ar chostas na dtosca sin uile, lena n-áirítear amhábhair agus costais leictreachais, talún agus saothair. Is í cruach an príomh-ionchur amhábhair le haghaidh SCR agus shuigh an Coimisiún i roinnt imscrúduithe (24) a rinneadh le déanaí maidir le táirgí cruach ón tSín gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Léiríonn na torthaí leanúnacha comhsheasmhacha go bhfuil fadhb chórasach ann maidir le praghsanna gach cineáil táirge cruach.

    Maidir le praghsanna fuinnimh, de réir na Tuarascála, déanann Rialtas na Síne idirghabháil shuntasach chórasach i margadh cumhachta na Síne. Rialaíonn an Coimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus Athchóiriú praghsanna intíre leictreachais na Síne. Faoi roinnt beartais Stáit, ceadaítear do phríomhúsáideoirí móra leictreachais méid airithe leictreachais a cheannach go díreach ó na gineadóirí cumhachta (comhaontuithe ceannaigh dhírigh, le conradh nó gan chonradh) ag praghsanna atá níos ísle ná na praghsanna a thairgeann soláthraithe eangaí.

    Mar a shonraítear sa Tuarascáil, tá an talamh go léir sa tSín faoi úinéireacht an stáit (talamh tuaithe atá faoi chomhúinéireacht agus talamh uirbeach atá faoi úinéireacht stáit) agus tá a leithdháileadh fós ag brath go hiomlán ar an Stát. Tá forálacha dlíthiúla ann chun cearta úsáide talún a leithdháileadh ar bhealach trédhearcach agus ag praghsanna an mhargaidh, mar shampla trí nósanna imeachta tairisceana a thabhairt isteach. Mar sin féin, ní urramaítear na forálacha sin go tráthrialta, agus faigheann ceannaitheoirí áirithe a gcuid talún saor in aisce nó faoi rátaí an mhargaidh. Thairis sin, saothraíonn na húdaráis spriocanna polaitiúla sonracha lena n-áirítear na pleananna eacnamaíocha a chur chun feidhme nuair a bhíonn talamh á leithdháileadh. Tá sé d’éifeacht aige sin go mbíonn na táirgeoirí SRC freisin faoi réir an tsaofa ón mbarr anuas ag eascairt as cur i bhfeidhm idirdhealaitheach na ndlíthe maoine.

    Tá costais pá san earnáil cruach, lena n-áirítear an earnáil SRC freisin, faoi réir saofa chomh maith céanna, mar a dheimhnigh an Coimisiún roimhe seo sa Tuarascáil. Cuirtear srian ar shoghluaisteacht lucht saothair na Síne de bharr an chórais clárúcháin teaghlaigh, rud a chuireann teorainn leis an rochtain ar an raon iomlán slándála sóisialta agus ar shochair eile d’áitritheoirí áitiúla i limistéar riaracháin ar leith. De ghnáth, i gcás na n-oibrithe sin nach bhfuil an clárú cónaitheachta áitiúil ina seilbh acu, fágann sé sin go bhfuil siad féin i staid leochaileach fostaíochta agus faigheann siad ioncam níos ísle ná na daoine a bhfuil an clárú cónaitheachta acu. Déantar costais pá a shaobhadh sa tSín de bharr na n-eilimintí sin. Déanann an saobhadh ar chostais pá difear go díreach don earnáil SRC (nuair a bhíonn an táirge faoi athbhreithniú nó an príomh-amhábhar lena tháirgeadh á dhéanamh) agus go hindíreach (le linn rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna sa tSín).

    Rochtain ar mhaoiniú agus caipiteal, dá dtagraítear sa Tuarascáil, is rud é sin a dheonaíonn institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó nach bhfeidhmíonn go neamhspleách ar an stáit. Dá bhrí sin, tá an rochtain faoi réir cineálacha éagsúla saofa de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán. Tá seasamh láidir ag na bainc atá faoi úinéireacht an Stáit i gcóras airgeadais na Síne, agus cuireann siad critéir seachas inmharthanacht eacnamaíoch tionscadail san áireamh le linn dóibh rochtain ar mhaoiniú a dheonú. Ar an gcaoi chéanna le fiontair neamhairgeadais atá faoi úinéireacht an Stáit, tá nasc fós ag na bainc leis an Stát ní hamháin trí úinéireacht ach freisin trí chaidreamh pearsanta (is é Páirtí Cumannach na Síne go bunúsach a cheapann na feidhmeannaigh is airde sna hinstitiúidí móra airgeadais atá faoi úinéireacht an Stáit). Thairis sin, is minic a dhéantar rátálacha bannaí agus creidmheasa a shaobhadh ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear go mbíonn tionchar ag tábhacht straitéiseach an ghnólachta do Rialtas na Síne ar an measúnú riosca agus ar neart aon ráthaíochta intuigthe ón rialtas. Coinníodh costais iasachtaithe íseal go saorga chun fás infheistíochta a spreagadh. Léirítear é sin leis an bhfás le déanaí ar ghiaráil chorparáideach in earnáil an Stáit d’ainneoin titim ghéar ar bhrabúsacht, rud a thugann le fios nach leanann na sásraí atá i bhfeidhm sa chóras baincéireachta na gnáthfhreagairtí tráchtála. Mar gheall ar a stádas, is cosúil go bhfuil rochtain éasca ag tionscal SRC ar iasachtaí airgeadais ó bhainc Shíneacha atá faoi úinéireacht stáit.

    (58)

    Mar chonclúid, ba é an seasamh a leagadh amach san iarraidhgo bhfuil neart fianaise láidir ann go bhfuil tionscal SRC na Síne faoi réir idirghabhálacha ag Rialtas an Síne ar tháinig saobhadh suntasach astu. Mhaígh sé dá bhrí sin go bhfuil bonn cirt leis an ngnáthluach agus an corrlach dumpála a shuí trí thagairt a dhéanamh d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ós rud é gur ann do shaobhadh suntasach.

    (59)

    Níor thug Rialtas na Síne barúil ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad faoi láthair, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an t-iarratasóir, maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás atá i gceist.

    (60)

    Go sonrach, is ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán in earnáil an táirge faoi athbhreithniú, i.e. an earnáil iarainn agus cruach. Tá idir fhiontair phríobháideacha agus fhiontair phoiblí san earnáil faoi réir maoirseacht agus treorú beartais. Baineann na samplaí le grúpa Ansteel (25) agus le grúpa Baowu Steel (26) – cuideachta faoi úinéireacht stáit faoin SASAC lárnach – agus le fochuideachtaí Baowu, Chongqing Iron & Steel Company Ltd. (27) agus Maanshan Iron & Steel Company Limited (28); agus le grúpa Baotou Steel – cuideachta faoi úinéireacht stáit ar le Rialtas na hIon-Mhongóile í (29), grúpa Angang Steel – cuideachta faoi úinéireacht stáit faoin SASAC lárnach (30), mar aon le grúpa Shougang – cuideachta faoi úinéireacht stáit ar le Beijing State-Owned Asset Management Ltd. 100 % di (31). Ó tharla nach bhfuarthas aon chomhoibriú ó onnmhaireoirí an táirge faoi athbhreithniú sa tSín, níorbh fhéidir cóimheas cruinn na dtáirgeoirí príobháideacha agus na dtáirgeoirí faoi úinéireacht stáit a dhearbhú. Cé nach bhfuil faisnéis shonrach ar fáil maidir leis an táirge faoi athbhreithniú, is é atá san earnáil fo-earnáil den tionscal iarainn agus cruach, agus dá bhrí sin meastar na torthaí maidir leis an earnáil iarainn agus cruach a bheith táscach freisin i dtaca leis an táirge faoi athbhreithniú.

    (61)

    Deimhnítear sna doiciméid bheartais is déanaí de chuid na Síne maidir leis an earnáil iarainn agus cruach an tábhacht leanúnach a leagann Rialtas na Síne ar an earnáil, lena n-áirítear an rún chun idirghabháil a dhéanamh san earnáil d’fhonn í a mhúnlú i gcomhréir le beartais an rialtais. Léirítear an méid sin le dréacht-Tuairim Threorach na hAireachta Tionsclaíochta agus Faisnéise Teicneolaíochta maidir le Forbairt Ardcháilíochta an Tionscail Cruach a Chothú ina n-éilítear comhdhlúthú breise an bhoinn thionsclaíoch agus feabhsú suntasach ar leibhéal nuachóiriúcháin an tslabhra thionsclaíoch (32), leis an 14ú Plean Cúig Bliana maidir leis an Tionscal Amhábhar a Fhorbairt, ar dá réir a chloífidh an earnáil ‘le ceannaireacht mhargaidh agus le cur chun cinn an rialtais araon’ agus a dhéanfaidh sí ‘grúpa cuideachtaí forásacha a shaothrú ag a bhfuil ceannaireacht éiceolaíochta agus croí-iomaíochas’ (33), nó le Plean Oibre 2023 maidir le Fás Cobhsaí an Tionscail Cruach (34) lena leagtar síos na cuspóirí seo a leanas: ‘In 2023, […]coinneofar fás cobhsaí ar bun ó thaobh na hinfheistíochta i sócmhainní seasta sa tionscal ar fad, agus beidh feabhas suntasach curtha ar na tairbhí eacnamaíocha; sroichfidh an infheistíocht ón tionscal sa Taighde agus Forbairt 1,5 % ar deireadh; sroichfidh fás breisluacha an tionscail thart faoi 3,5 %; in 2024, déanfar timpeallacht forbartha an tionscail agus struchtúr an tionscail a bharrfheabhsú a thuilleadh, leanfar den aistriú chuig táirgí glasa, cliste agus ardleibhéil agus sáróidh fás breisluacha an tionscadail 4 %’, agus ar plean oibre é lena ndéantar foráil maidir le comhdhlúthú corparáideach na hearnála cruach, arna shainordú ag an rialtas: ‘fiontair atá ar thús cadhnaíochta sa tionscal a spreagadh chun cumaisc agus éadálacha a chur chun feidhme, grúpaí fiontar iarainn agus cruach a thógáil a bheidh den chéad scoth agus ollmhór, agus leagan amach optamach na hacmhainneachta táirgthe náisiúnta iarainn agus cruach a chothú. Tacú le fiontair speisialaithe ag a bhfuil cumhacht cheannaireachta go háirithe deighleoga an mhargaidh cruach chun acmhainní a chomhtháthú a thuilleadh agus éiceachóras tionscail cruach a chruthú. Fiontair iarainn agus cruach a spreagadh chun […] cumaisc agus atheagrú […] trasréigiúnach a dhéanamh. Cuimhneamh ar níos mó tacaíochta a thabhairt ó thaobh beartais de ar mhaithe le hathsholáthar na hacmhainneachta d’fhiontair iarainn agus cruach a bhfuil cumaisc agus atheagrúcháin shubstainteacha curtha i gcrích acu.’

    (62)

    Is féidir samplaí den chineál céanna de rún údaráis na Síne maoirsiú agus treoir a thabhairt d’fhorbairtí na hearnála a fheiceáil ag an leibhéal cúige, mar shampla in Hebei ina bhfuil sé beartaithe ‘forbairt grúpa eagraíochtaí a chur i bhfeidhm go seasta, dlús a chur le hathchóiriú úinéireachta measctha cuideachtaí faoi úinéireacht an stáit, díriú ar chumasc tras-réigiúnach agus atheagrú fiontar príobháideach iarainn agus cruach a chur chun cinn, agus iarracht a dhéanamh 1-2 ghrúpa mhóra dhomhanda den chéad scoth a bhunú, 3-5 ghrúpa mhóra le tionchar intíre mar thacaíocht’ agus chun ‘bealaí athchúrsála agus cúrsaíochta na drámhchruach a leathnú a thuilleadh, scagadh agus aicmiú drámhchruach a neartú’ (35). Thairis sin, luaitear i bplean Hebei san earnáil cruach: ‘Cloígh le coigeartú struchtúrach agus cuir éagsúlú táirge i dtábhacht. Coigeartú struchtúrach agus barrfheabhsú leagan amach an tionscail iarainn agus cruach a chur chun cinn go docht, comhdhlúthú, atheagrú, claochlú agus uasghrádú fiontar a chur chun cinn, agus forbairt an tionscail iarainn agus cruach a chur chun cinn go cuimsitheach i dtreo fiontair ar mórscála, nuachóiriú trealamh teicniúil, éagsúlú próiseas táirgthe, agus éagsúlú táirgí iartheachtacha’ .

    (63)

    Ar an gcaoi chéanna, tuartar i bPlean Forfheidhmithe Henan maidir leis an Tionscal Cruach a Athrú agus Uasghrádú le linn an 14ú Plean Cúig Bliana ‘bunáiteanna táirgeachta cruach tréithiúla a thógáil[…], tógáil 6 bhunáit táirgeachta cruach saintréithe in Anyang, Jiyuan, Pingdingshan, Xinyang, Shangqiu, Zhouou, etc., agus feabhas a chur ar scála, diansaothrú, speisialtóireacht agus speisialtóireacht an tionscail. Ina measc, faoi 2025, déanfar acmhainneacht táirgeachta muciarainn in Anyang a rialú laistigh de 14 mhilliún tonna, agus déanfar acmhainneacht táirgeachta amhchruach a rialú laistigh de 15 mhilliún tonna.’ (36)

    (64)

    Tá tuilleadh cuspóirí beartais thionsclaíoch le feiceáil freisin i ndoiciméid phleanála na gcúigí eile, amhail Jiangsu (37), Shandong (38), Shanxi (39), Liaoning Dalian (40) nó Zhejiang (41).

    (65)

    Sampla eile de stiúradh éifeachtach na bpleananna is ea gur eisigh grúpa Ansteel fógra ó Choiste Pháirtí Ansteel Group Co., Ltd. maidir le staidéar, poiblíocht agus cur chun feidhme díograiseach a dhéanamh de réir spiorad an 20ú Comhdháil Náisiúnta de chuid an Pháirtí (42). Maítear san fhógra go ndéanfaidh Grúpa Ansteel pleananna treorach a chur chun feidhme go díograiseach agus go gcuirfidh sé in iúl iad do chomhaltaí den pháirtí, do bhaill foirne agus d’fhostaithe an ghrúpa ar fad ar bhealach níos fearr.

    (66)

    Maidir le Rialtas na Síne a bheith in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht an Stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán, de bharr na heaspa comhair ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, níorbh fhéidir a shuí gur ann do cheangail phearsanta idir táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú agus Páirtí Cumannach na Síne. Mar sin féin, tá roinnt samplaí sonracha ar fáil a bhaineann leis an táirge faoi athbhreithniú. Thairis sin, ós rud é go bhfuil an táirge faoi athbhreithniú ina fho-earnáil den earnáil cruach, baineann an fhaisnéis atá ar fáil maidir le táirgeoirí cruach ábhartha leis an táirge faoi athbhreithniú freisin.

    (67)

    Mar shampla, cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Baotou Steel Union, ar le grúpa Baotou Steel é, fónann sé mar rúnaí Páirtí na cuideachta freisin, agus is é cathaoirleach cheardchumann na cuideachta é an leasrúnaí Páirtí (43). Ar an gcaoi chéanna, laistigh de Shougang Group, fónann cathaoirleach an Bhoird Stiúrthóirí mar rúnaí Choiste an Pháirtí agus tá an Leas-Bhainisteoir Feidhmiúcháin ina chomhalta de Choiste an Pháirtí (44). Ar an gcaoi chéanna, dúirt duine a bhfuil ról ceannais aige in Hongguang Handan Company go poiblí gurbh amhlaidh nach mbeadh an rath céanna ar an ngnóthas agus a bhí, gan an aire agus an tacaíocht, go háirithe trí ráthaíochtaí, a sholáthair Rialtas na Síne agus Páirtí Cumannach na Síne, a bhfuil baint acu le breis agus 20 comhalta in Hongguang Casting Co. Ltd (45). Tá sampla eile den dílseacht do Pháirtí Cumannach na Síne le fáil in Airteagal 3 d’Airteagail Chomhlachas Teilgcheárta na Síne, ar dá bhun a nglactar le treoraíocht, maoirseacht agus bainistíocht ghnó ó eintitis an pháirtí faoi seach, e.g. SASAC agus an Aireacht Gnóthaí Sibhialta, agus lena soláthraítear na dálaí riachtanacha le haghaidh a rannpháirtíochta (46).

    (68)

    Tá samplaí eile de naisc den sórt sin le fáil in Jiangsu Fasten Holding (47) agus grúpa Ansteel (48). In Jiangsu Fasten Holding, is ionann Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí an ghrúpa sealbhaíochta, arb é stiúrthóir iarbhír an Ghrúpa, agus Rúnaí an Choiste Páirtí (49). Agus is comhalta den Bhuanchoiste Páirtí iad Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin grúpa Ansteel, agus is ionann Cathaoirleach an Bhoird Stiúrthóirí agus Rúnaí an Choiste Páirtí.

    (69)

    Thairis sin, tá beartais i bhfeidhm in earnáil an táirge faoi athbhreithniú lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar táirgeoirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar an margadh ar shlí eile de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán. Sainaithníodh san imscrúdú doiciméid bhreise inar léiríodh go dtairbhíonn an tionscal de threoraíocht agus d’idirghabháil ón rialtas san earnáil iarainn agus cruach, i bhfianaise gur ceann dá fo-earnálacha é an táirge faoi athbhreithniú.

    (70)

    Measann Rialtas na Síne gur tionscal ríthábhachtach é an tionscal iarainn agus cruach i gcónaí (50). Deimhnítear é sin san iliomad pleananna, treoracha agus doiciméid eile atá dírithe ar an earnáil, pleananna, treoracha agus doiciméid a eisítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cathrach. De réir an 14ú Plean Cúig Bliana, chuir Rialtas na Síne an tionscal iarainn agus cruach in áirithe lena chlaochlú agus lena uasghrádú, chomh maith lena bharrfheabhsú agus lena choigeartú ar bhonn struchtúrach (51). Ar an gcaoi chéanna, liostaítear an earnáil sa 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt, plean is infheidhme freisin maidir leis an tionscal iarainn agus cruach, mar ‘bhunchloch an fhíorgheilleagair’ agus mar ‘phríomhréimse lena múnlaítear buntáiste iomaíoch idirnáisiúnta na Síne’ agus leagtar amach leis roinnt cuspóirí agus modhanna oibre a spreagfadh forbairt na hearnála cruach sa tréimhse ama 2021-2025, amhail uasghrádú teicneolaíochta, feabhas a chur ar struchtúr na hearnála (trí thuilleadh comhchruinnithe corparáideacha ar a laghad) nó an t-aistriú digiteach (52). Thairis sin, an Plean Oibre thuasluaite maidir le Fás Cobhsaí an Tionscail Chruach (féach aithris (61)), léiríonn sé an bealach a chuirtear fócas údaráis na Síne ar an earnáil sa chomhthéacs níos leithne a bhaineann le stiúradh Rialtas na Síne ar gheilleagar na Síne: ‘tacú le cuideachtaí cruach chun na riachtanais atá le bonneagar nua, uirbiú nua, athbheochan tuaithe, agus tionscail atá ag teacht chun cinn a leanúint go dlúth, nascadh le mórthionscadail innealtóireachta a bhaineann leis an ‘14ú Plean Cúig Bliana’ i réigiúin éagsúla, agus gach dícheall a dhéanamh chun an soláthar cruach a áirithiú. Sásraí comhair réamhtheachtacha agus iartheachtacha a bhunú agus a dhoimhniú idir earnálacha cruach agus príomhearnálacha a úsáideann cruach amhail an longthógáil, iompar, tógáil, fuinneamh, mótarfheithiclí, fearais, innealra talmhaíochta, agus trealamh trom, gníomhaíochtaí nasctha táirgthe-éilimh a dhéanamh, agus réimsí ina gcuirtear an cruach i bhfeidhm a leathnú go gníomhach’ (53).

    (71)

    Ina theannta sin, i leith an amhiarainn – ar amhábhar é a úsáidtear chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh, de réir an 14ú Plean Cúig Bliana (‘FYP’) maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt, tá sé beartaithe ag an Stát ‘acmhainní mianraí intíre a fhorbairt go réasúnach. Taiscéalaíocht amhiarainn a neartú […], beartais chánach fhabhracha a chur i bhfeidhm, glacadh ardteicneolaíochta agus trealaimh ardleibhéil a spreagadh chun giniúint dramhaíola soladaí mianadóireachta a laghdú’ (54), rud a fhágfaidh go mbunófar córas le haghaidh chúlchistí an aschuir amhiarainn agus na dtailte mianraí, córas a bheidh ‘ina bheart tábhachtach chun praghas margaidh an amhiarainn a chobhsú agus sábháilteacht an tslabhra tionsclaíoch a áirithiú’  (55). I gcúigí, amhail Hebei, déanann na húdaráis foráil maidir leis an méid seo a leanas don earnáil: ‘fóirdheontas lascaine le haghaidh infheistíochta i dtionscadail nua; institiúidí airgeadais a iniúchadh agus a threorú chun iasachtaí ar ús íseal a sholáthar d’fhiontair iarainn agus cruach chun aistriú chuig tionscail nua, agus an tráth céanna, cuirfidh an rialtas fóirdheontais lascaine ar fáil’ (56). Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun cuspóirí beartais phoiblí maidir le tacú le tionscail spreagtha a chomhlíonadh, lena n-áirítear táirgeadh na bpríomh-amhábhar a úsáidtear i monaraíocht an táirge faoi athbhreithniú. Cuireann bearta den sórt sin cosc ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac.

    (72)

    Maidir leis an táirge faoi athbhreithniú, déanann an saobhadh ar chostais phá de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán, difear dó freisin, rud dá dtagraítear thuas in aithrisí (54) agus (57) freisin. Déanann an saobhadh sin difear don earnáil go díreach (nuair a bhíonn an táirge faoi athbhreithniú nó na príomh-ionchuir á dtáirgeadh) agus go hindíreach araon (le linn rochtain ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna sa tSín). (57)

    (73)

    Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise isteach san imscrúdú reatha lenar léiríodh nach ndéanann an idirghabháil ón rialtas sa chóras airgeadais aon difear d’earnáil an táirge faoi athbhreithniú de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (54) freisin. An Plean Oibre thuasluaite maidir le Fás Cobhsaí an Tionscail Chruach (féach aithris (61)), léiríonn sé an cineál idirghabhála sin ón rialtas go han-mhaith freisin: ‘Institiúidí airgeadais a spreagadh chun seirbhísí airgeadais a sholáthar do chuideachtaí cruach go gníomhach, ar cuideachtaí iad a chuireann cumaisc agus atheagrú, coigeartuithe ar an leagan amach, claochlú agus uasghrádú chun feidhme, i gcomhréir le prionsabail i dtaca le rialú riosca agus inbhuanaitheacht ghnó.’ Dá bhrí sin, de thoradh na hidirghabhála substaintiúla rialtais sa chóras airgeadais, cuirtear isteach go mór ar dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal.

    (74)

    Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún gur gá roinnt ionchur chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, tá siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus earnálacha.

    (75)

    Dá bharr sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre an táirge faoi athbhreithniú a úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach tá na costais ionchuir uile faoi thionchar freisin (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil. Go deimhin, tá idirghabhálacha an rialtais a thuairiscítear i ndáil le leithdháileadh an chaipitil, na talún, an lucht saothair, an fhuinnimh agus na n-amhábhar le fáil ar fud na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go mbíonn ionchur, a táirgeadh sa tSín trí réimse tosca táirgeachta a chur le chéile, neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh atá sé maidir leis an ionchur chuig an ionchur agus mar sin de.

    (76)

    Mar achoimre, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an tsaormhargaidh iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léiríonn an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha a liostaítear iontu. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a tuairiscíodh sa roinn seo a leanas.

    3.3.2.   Tír ionadaíoch

    3.3.2.1.   Barúlacha ginearálta

    (77)

    Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

    Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an leibhéal atá sa tSín. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil leis ollioncam náisiúnta per capita atá ag an tSín ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (58);

    Táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sa tír sin (59);

    Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch;

    I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha fhéideartha amháin i ndáil le tír ionadaíoch, ba cheart tús áite a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

    (78)

    Mar a mhínítear in aithris (47), d’eisigh an Coimisiún nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh (an ‘nóta’). Tugtar tuairisc leis an nóta sin ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha. Leis an nóta, cuireadh páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé ar intinn aige an Tuirc a bhreithniú mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá mba rud é go ndeimhneofaí gur ann do shaobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

    Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an leibhéal atá sa tSín

    (79)

    I gcomhréir leis na critéir a liostaítear faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, shainaithin an Coimisiún an Tuirc mar thír ar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche atá inti agus an leibhéal atá i gceist sa tSín mar a mhol an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú. Aicmíonn an Banc Domhanda an Tuirc mar thír ‘ard-mheánioncaim’ ar bhonn ollioncaim náisiúnta. Meastar mar sin go bhfuil sí ar leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil leis an leibhéal atá sa tSín.

    Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch

    (80)

    Shuigh an Coimisiún gur chomhlíon an Tuirc na critéir uile a leagtar amach in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus go raibh na sonraí poiblí ábhartha uile ar fáil go héasca agus inrochtana, lena n-áirítear staitisticí allmhairiúcháin, chomh maith le sonraí ar chostais amhábhar agus saothair.

    (81)

    Go háirithe, fuair an Coimisiún faisnéis airgeadais a bhí ar fáil go poiblí le haghaidh táirgeoir amháin sa Tuirc, Celik Halat, a chumhdaigh na míonna ó mhí Eanáir go mí Mheán Fómhair na bliana airgeadais 2022, a bhain le cuid de thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léirigh Celik Halat leibhéal réasúnta costais SGA agus brabúis.

    (82)

    Shuigh an Coimisiún gur tháinig méadú ar phraghsanna an leictreachais sa Tuirc sa chéad leath de 2022 ar ráta a sháraigh go mór an ráta boilscithe sa tír. Ina theannta sin, níor fhoilsigh Institiúid Staidrimh na Tuirce an fhaisnéis maidir le praghsanna leictreachais sa dara leath de 2022. Dá bhrí sin, i bhfianaise an easpa sonraí le haghaidh an dara leath de 2022, bhunaigh an Coimisiún costas neamhshaofa an leictreachais ar shonraí a bhí ar fáil go poiblí arna bhfoilsiú ag cuideachta leictreachais na Malaeisia, Tenaga Nasional Berhad (60), Aireacht Mianadóireachta agus Fuinnimh na Brasaíle (61), agus Údaráis Leictreachais Cathrach na Téalainne (62) chun an tagarmharc fuinnimh a ríomh.

    (83)

    Rinne an Coimisiún anailís freisin ar allmhairí na bpríomhthosca táirgeachta isteach sa Tuirc. Léiríodh leis an anailís ar shonraí allmhairiúcháin, maidir leis na hallmhairí ón tSín nó ó aon cheann de na tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (63), nach ndearna siad difear d’allmhairí na mórthosca táirgeachta isteach sa Tuirc.

    (84)

    Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na Tuirce mar thír ionadaíoch agus ar Celik Halat mar tháirgeoir sa tír ionadaíoch.

    (85)

    Tar éis an nóta, níor thug páirtí leasmhar ar bith aon bharúil maidir le roghnú na Tuirce mar thír ionadaíoch.

    Leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil

    (86)

    Ar deireadh, de bharr na heaspa comhoibrithe agus tar éis a shuí go raibh an Tuirc ina tír ionadaíoch iomchuí, bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá le measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a) an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

    3.3.2.2.   Conclúid

    (87)

    Ó tharla gur neamhleor an comhar, de réir mar a moladh san iarraidh ar athbhreithniú éaga agus ós rud é gur chomhlíon an Tuirc na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún an Tuirc mar an tír ionadaíoch iomchuí.

    3.3.3.   Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí

    (88)

    Sa nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta arna gcinneadh de réir freagra ceistneora ó tháirgeoir amháin de chuid an Aontais, amhail ábhair, leictreachas agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge faoi athbhreithniú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin. Shuigh an Coimisiún liosta na dtosca táirgeachta agus a gcóimheas tomhaltais ar bhonn na faisnéise arna soláthair san iarraidh agus na faisnéise arna cur isteach ag an iarratasóir ina dhiaidh sin agus arna bailiú le linn na gcuairteanna fíorúcháin ag ceann amháin de na táirgeoirí sampláilte san Aontas. Luaigh an Coimisiún freisin, d’fhonn an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé GTA chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch, go sonrach na bpríomh-amhábhar. Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé na sonraí atá ar fáil go poiblí ó Institiúid Staidrimh na Tuirce arna bhfoilsiú ag rialtas na Tuirce chun costais neamhshaofa saothair a bhunú (64).

    (89)

    Mar a shonraítear in aithris (82), d’úsáid an Coimisiún ciseán de thíortha ar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche atá iontu agus atá sa tSín, ar tíortha iad a dtáirgtear téada agus cáblaí cruach iontu agus a úsáidtear go hiondúil mar thíortha ionadaíocha in imscrúduithe eile le haghaidh ríomh an tagarmhairc leictreachais, ós rud é gur mhó an méadú ar phraghsanna leictreachais sa chéad leath de 2022 ná an méadú ar bhoilsciú.

    (90)

    Sa nóta, chuir an Coimisiún in iúl do na páirtithe leasmhara freisin go ndearnadh na hítimí sin a ghrúpáil faoi ‘tomhaltáin’ mar gheall ar mheáchan diomaibhseach roinnt amhábhar i gcostas iomlán an táirgthe. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún in iúl go ríomhfadh sé céatadán na dtomhaltán ar chostas iomlán na n-amhábhar agus go gcuirfeadh sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar agus na tagarmharcanna neamhshaofa arna suí sa tír ionadaíoch iomchuí a n-úsáid aige.

    3.3.3.1.   Costais agus tagarmharcanna neamhshaofa

    3.3.3.1.1.   Tosca táirgeachta

    (91)

    I bhfianaise na faisnéise uile atá bunaithe ar an iarraidh agus ar an bhfaisnéis a chuir an t-iarratasóir isteach ina dhiaidh sin agus a bailíodh le linn na gcuairteanna fíorúcháin ag ceann amháin de na táirgeoirí sampláilte san Aontas a raibh an méid táirgeachta is mó aige, sainaithníodh na tosca táirgeachta agus na cóimheasa tomhaltais seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

    Tábla 1 —

    Tosca táirgeachta téad agus cáblaí cruach

    Toisc tháirgeachta

    Cód an Tráchtearra sa Tuirc

    Luach neamhshaofa (CNY)

    Aonad tomhais

    Foinse na faisnéise

    Amhábhair

    Sreang chruach

    72171090

    12,67

    KG

    Atlas Trádála Domhanda (65) (GTA)

    Ábhair shintéiseacha

    5402630010 agus 5402630020

    19,49

    KG

    GTA

    Plaistigh

    39021000 0011

    12,48

    KG

    GTA

    Snáitheanna

    73121065

    22,97

    KG

    GTA

    Gach amhábhar agus tomhaltán eile (i.e. bealaí, sinc), pacáistiú, fóntais.

    Neamhbhainteach

    7,3  % ar na hamhábhair

    Méid seasta

     

    Saothar

    Costas saothair in aghaidh na daonuaire

    Neamhbhainteach

    41,15

    Daonuair

    Institiúid staidrimh na Tuirce

    Fuinneamh

    Leictreachas

    Neamhbhainteach

    0,74

    kWh

    Meán an tagarmhairc arna ríomh ar bhonn na sonraí ó na comhlachtaí seo a leanas:

    Aireacht Mianach agus Fuinnimh sa Bhrasaíl – an Bhrasaíl

    Tenaga Nasional Berhad – an Mhalaeisia

    Údarás Leictreachais Cathrach – an Téalainn

    3.3.3.1.2.   Amhábhair

    (92)

    Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar, mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora tíre ionadaíche, a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe CAL chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais lasta intíre leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (66). Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh, toisc gur shocraigh sé i roinn 3.3.1 nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a imríonn an saobhadh céanna ar tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis allmhairí ón tSín chuig an tír ionadaíoch a eisiamh, bhí méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós.

    (93)

    I gcás roinnt de na tosca táirgeachta, bhí sciar diomaibhseach de na costais amhábhar iomlána sa tréimhse imscrúdúcháin i gceist leis na costais iarbhír arna dtabhú ag an táirgeoir comhoibríoch san Aontas. Ós rud é nach raibh aon tionchar suntasach ag an luach a úsáideadh dóibh siúd ar na ríomhanna maidir leis an gcorrlach dumpála, gan beann ar an bhfoinse a úsáideadh, chinn an Coimisiún na costais sin a áireamh le tomhaltáin mar a mhínítear in aithris (90).

    (94)

    Ba cheart na costais iompair intíre a chur leis na praghsanna allmhairiúcháin sin de ghnáth. Dá bhrí sin, agus aird á tabhairt ar an gcineál imscrúdaithe seo, imscrúdú an athbhreithnithe éaga, ina ndírítear ar a chinneadh ar leanadh den dumpáil i rith thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe nó an bhféadfadh sí tarlú an athuair, seachas méid beacht na dumpála a fháil amach, chinn an Coimisiún nach raibh gá le coigeartuithe de bhar an iompair intíre. Ní bheadh de thoradh ar choigeartuithe den sórt sin ach an gnáthluach a mhéadú agus an corrlach dumpála dá réir sin.

    3.3.3.1.3.   Saothar

    (95)

    Chun an tagarmharc maidir le costais saothair a leagan síos, d’úsáid an Coimisiún na staitisticí is déanaí a d’fhoilsigh Institiúid Staidrimh na Tuirce (67). Foilsíonn an institiúid sin faisnéis mhionsonraithe faoi chostais saothair in earnálacha eacnamaíocha éagsúla sa Tuirc. Shuigh an Coimisiún an tagarmharc ar bhonn na gcostas saothair in aghaidh na huaire don bhliain 2020 don ghníomhaíocht eacnamaíoch, i.e. ‘Monarú táirmhiotal’ cód NACE C.24 de réir aicmiú NACE Rev.2. Rinneadh na luachanna a choigeartú tuilleadh le haghaidh boilscithe trí úsáid a bhaint as an treoir-innéacs praghsanna (68) do thomhaltóirí baile chun na costais don tréimhse imscrúdúcháin a chur san áireamh.

    3.3.3.1.4.   Leictreachas

    (96)

    Mar a luaitear in aithris (82), bhí praghsanna leictreachas sa Tuirc faoi réir méadú a sháraigh go mór an ráta boilscithe sa tír in 2022 agus ní raibh faisnéis ar fáil go poiblí ach go páirteach maidir leis na praghsanna do thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, bhunaigh an Coimisiún costas neamhshaofa an leictreachais ar thagarmharcanna ó chiseán tíortha inar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche agus atá sa tSín, is é sin an Mhalaeisia agus an Téalainn, agus ar shonraí tomhaltais le haghaidh táirgeoir amháin de chuid an Aontais (69).

    An Bhrasaíl

    (97)

    Bhí na praghsanna leictreachais ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na hAireachta Mianadóireachta agus Fuinnimh sa Bhrasaíl (Ministério de Minas e Energia) (70). D’úsáid an Coimisiún na sonraí maidir le praghsanna leictreachais tionsclaíocha sa bhanda tomhaltais comhfhreagrach in kWh ar bhonn na dtuarascálacha míosúla a chumhaigh tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. D’úsáid an Coimisiún an taraif thionsclaíoch mheánach a chomhfhreagraíonn do 1,01 CNY/kWh..

    An Mhalaeisia

    (98)

    Bhí na praghsanna leictreachais ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na cuideachta leictreachais Tenaga Nasional Berhad (TNB) (71) agus ina preaseisiúintí rialta. D’úsáid an Coimisiún na sonraí maidir le praghsanna leictreachais tionsclaíocha sa bhanda tomhaltais comhfhreagrach in kWh a chumhdaigh tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

    (99)

    Bhain an Coimisiún úsáid as na taraifí is infheidhme le haghaidh custaiméirí sa chatagóir ‘meánvoltais’. Is éard a bhí i bpraghas an leictreachais deiridh muirear le haghaidh cumhacht leictreachais (kW) agus muirear le haghaidh tomhaltais (kWh). Léiríonn an fhaisnéis atá ar fáil taraif mheánach le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a chomhfhreagraíonn do 0,58 CNY/kWh.

    An Téalainn

    (100)

    Bhí na praghsanna leictreachais ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin ‘Údarás Leictreachais Cathrach’ na Téalainne a chumhdaigh an Téalainn ar fad (72). D’úsáid an Coimisiún an taraif thionsclaíoch mheánach a chomhfhreagraíonn do 0,86 CNY/kWh (73).

    (101)

    Ina dhiaidh sin, ríomh an Coimisiún meánchostas leictreachais neamhshaofa simplí is infheidhme maidir leis an gciseán de thíortha roghnaithe, a raibh 0,824 CNY/kWh i gceist leis.

    3.3.3.1.5.   Forchostais mhonaraíochta, costais díola, riaracháin agus ghinearálta, brabúis agus dímheas

    (102)

    De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. Ina theannta sin, ní mór luach le haghaidh na bhforchostas monaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas.

    (103)

    Chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a shuí agus ós rud é go bhfuil comhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin in easnamh, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, ar bhonn na sonraí ó tháirgeoir sampláilte amháin de chuid an Aontais, shuigh an Coimisiún cóimheas na bhforchostas monaraíochta leis na costais iomlána mhonaraíochta agus saothair. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ansin ar luach neamhshaofa na gcostas monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil, ag brath ar an tsamhail a táirgeadh.

    3.3.3.2.   Ríomh an ghnáthluacha

    (104)

    Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais dhírigh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

    (105)

    Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais chomhoibriú na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú agus ar shonraí an chóimheasa tomhaltais ó tháirgeoir sampláilte amháin de chuid an Aontais le haghaidh gach tosca (ábhair, fuinneamh agus lucht saothair) a úsáidtear chun téada agus cáblaí cruach a tháirgeadh.

    (106)

    Nuair a suíodh costas neamhshaofa na monaraíochta, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, na costais SGA agus brabús i bhfeidhm mar a luaitear in aithrisí (102) go (103). Cinneadh na forchostais mhonaraíochta bunaithe ar shonraí a chuir táirgeoir amháin de chuid an Aontais ar fáil. Cinneadh na costais SGA agus brabús ar bhonn ráitis airgeadais an táirgeora Thurcaigh Celik Halat le haghaidh ráithí 1-3, 2022 mar a tuairiscíodh i gcuntais na cuideachta (74) (féach roinn 3.3.2.1). Shuigh an Coimisiún go raibh an ráta brabúis a cinneadh do Celik Hayat le haghaidh ráithí 1-3 2022 míréasúnta de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Thángthas ar an toradh sin toisc gur cosúil go bhfuil an ráta brabúis a fuarthas ró-íseal i gcomparáid leis an meánbhrabús in earnáil an táirge lena mbaineann bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú, agus i gcomparáid freisin leis an spriocbhrabús le haghaidh an táirge lena mbaineann mar a luaitear in aithris (186). Mar sin féin, ó tharla gur athbhreithniú éaga é seo, luaigh an Coimisiún nach mbeadh mar thoradh ar chorrlach brabúis a chur leis ach méadú ar an méid dumpála atá ann, méid a mheastar a bheith substaintiúil cheana féin fiú gan corrlach brabúis a bheith curtha leis. Chuir an Coimisiún na míreanna seo a leanas leis an gcostas neamhshaofa monaraíochta:

    Is éard a bhí i bhforchostais na monaraíochta ar an iomlán [13-18] % de chostais dhíreacha na monaraíochta,

    Costais SGA agus costais eile, arbh é a bhí iontu 11,07 % de Chostais na nEarraí a Díoladh (‘COGS’) de chuid Celik Halat, agus

    (107)

    Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún an gnáthluach ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

    3.4.   An praghas onnmhairiúcháin

    (108)

    Mar a luaitear thuas in aithris (32), mar gheall ar an easpa comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, bunaíodh an praghas onnmhairiúcháin ar na fíorais a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán bunaidh, i.e. ar an bhfaisnéis ó Eurostat.

    (109)

    In éagmais comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn na staitisticí a bhí ar fáil, is é sin bunachar sonraí Comext (Eurostat). Rinneadh onnmhairí ón tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe faoin nós imeachta próiseála isteach agus faoin ngnáthnós imeachta araon, mar a léirítear in aithris (137). Rinneadh na ríomhanna ar an bpraghas onnmhairiúcháin faoin dá nós imeachta, mar fhaisnéis a bhí measartha infhaighte faoin bpraghas onnmhairiúcháin chuig an Aontas. Ós rud é go dtaifeadtar na praghsanna in Comext ar leibhéal costais, árachais agus last-táille (CAL), suíodh leibhéal an phraghais díreach ón monarcha ar bhonn na fianaise a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú éaga i gcomhair costais iompair, láimhseála, lasta aigéin agus lasta intíre.

    3.5.   Comparáid

    (110)

    Chuir an Coimisiún an gnáthluach ríofa a suíodh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, i gcomparáid leis an bpraghas onnmhairiúcháin ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha mar a shuitear thuas.

    3.6.   Dumpáil

    (111)

    Ar an mbonn sin, fuarthas go raibh an praghas onnmhairiúcháin i bhfad níos ísle (faoi 50 %) ná an gnáthluach ríofa sin. Measadh dá bhrí sin sa deireadh gur leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

    4.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR LEIS AN DUMPÁIL NÓ GO nDÉANFAR AN ATHUAIR Í

    (112)

    Sa bhreis ar an toradh lena bhfuarthas gurbh ann don dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go ndéanfar an athuair í, má ligtear do na bearta dul in éag. Rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas: (1) an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín, agus (2) tarraingteacht mhargadh an Aontais agus praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha, mar aon leis an acmhainneacht ionsúcháin a d’fhéadfadh a bheith i margaí tríú tíortha agus bearta cosanta trádála i margaí onnmhairiúcháin eile.

    (113)

    Mar thoradh ar an easpa comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha agus ó Rialtas na Síne, bhunaigh an Coimisiún a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, is é sin ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú éaga, ar fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí agus ar fhaisnéis ó bhunachar sonraí GTA.

    4.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín

    (114)

    San iarraidh, sholáthair an t-iarratasóir meastacháin maidir le táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise i leith téada agus cáblaí cruach sa tSín (75). Bunaíodh na meastacháin sin ar Global Steel Wire Rope Market Research Report, Segment by Major Players, Types, Applications and Regions, 2017-2027 [Tuarascáil ar Thaighde Margaidh maidir le hEarnáil Dhomhanda Téad agus Cáblaí Cruach] (‘an Tuarascáil’) (76). Measadh gur 3,6 milliún tona a bhí i dtáirgeacht SRC na Síne in 2022 agus beagnach 10 % atá sa ráta fáis ó bhí 2019 ann. Measadh gur thart ar 6,0 milliún tona a bhí in acmhainneacht táirgeachta SRC sa tSín in 2022, méid a raibh 75 % d’acmhainneacht táirgeachta dhomhanda SRC in 2022 i gceist leis. Measadh gur thart ar 3,1 milliún tona a bhí i dtomhaltas intíre SRC sa tSín in 2022. Tar éis na honnmhairí measta ón tSín chuig na tíortha go léir a asbhaint (meastar gur thart ar 0,5 milliún tona atá i gceist leo), measadh gur thart ar 2,4 milliún tona a bhí in acmhainneacht bhreise na Síne. Ó tharla go raibh 0,18 milliún tona i gceist le tomhaltas ar shaormhargadh Aontais (féach roinn 5.2 thíos) le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí acmhainneacht bhreise na Síne os cionn deich n-oiread níos mó ná tomhaltas an Aontais sa saormhargadh.

    (115)

    Rinne an Coimisiún comparáid freisin idir an acmhainneacht bhreise sa tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an acmhainneacht bhreise le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe éaga roimhe seo agus thug sé faoi deara go raibh méadú mór ann. Cé gur measadh san athbhreithniú éaga roimhe seo gur thart ar 1,8 milliún tona a bhí in acmhainneacht bhreise na Síne (77), meastar gur 2,4 milliún tona atá inti le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe san imscrúdú reatha. Ciallaíonn sé sin gur mó an méadú ar an acmhainneacht bhreise ann féin ó rinneadh an t-athbhreithniú éaga deireanach ná éileamh iomlán an Aontais. Thairis sin, chuir an t-iarratasóir faisnéis ar fáil, d’ainneoin na n-acmhainneachtaí móra breise atá ann cheana, go bhfuil táirgeoirí SRC na Síne ag leanúint d’acmhainneacht táirgeachta bhreise a chur leis (78). Níl aon léiriú ann go bhféadfadh margadh intíre na Síne, nó aon mhargadh tríú tír, an acmhainneacht bhreise mhéadaithe sin a ionsú.

    (116)

    Is dreasacht iad na cumais táirgeachta bhreise chun leanúint den onnmhairiú ar phraghsanna dumpáilte. Tá sé réasúnta glacadh leis nach mór do thionscal SRC na Síne leas a bhaint as na féidearthachtaí go léir atá ann cheana féin chun an táirgeacht a mhéadú ionas gur féidir leis leas iomlán a bhaint as na hinfheistíochtaí suntasacha a rinneadh sna hacmhainneachtaí suiteáilte. Is é an bealach is soiléire chun é sin dhéanamh, dul isteach i margadh an Aontais arb é, ó thaobh praghsanna agus méid de, an ceann is tarraingtí, mar a mhínítear thíos i roinn 4.2, agus is léiriú air sin é cleachtais dumpála leanúnacha tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, mar a shuitear in aithris (111).

    (117)

    Ar bhonn na bhfíoras agus na mbreithnithe thuasluaite, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh acmhainneachtaí móra breise ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, agus gur dócha go n-úsáidfear iad le haghaidh onnmhairiú téad agus cáblaí cruach chuig an Aontas ar phraghsanna dumpáilte má ligtear do na bearta dul in éag.

    4.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais agus praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí tríú tíortha

    (118)

    Scrúdaigh an Coimisiún an dócha go méadóidh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne a ndíolacháin onnmhairiúcháin chuig an Aontas ag praghsanna dumpáilte má ligtear do na bearta dul in éag. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún anailís ar leibhéal praghsanna onnmhairí na Síne chuig margaí tríú tíortha agus chuir sé i gcomparáid iad le leibhéal praghsanna onnmhairí na Síne chuig margadh an Aontais, chun a chinneadh an raibh margadh an Aontais tarraingteach ó thaobh leibhéil praghsanna de. Suíodh praghsanna onnmhairiúcháin na Síne agus tarraingteacht mhargadh an Aontais ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, mar atá sonraí GTA agus an fhaisnéis san iarraidh ar athbhreithniú, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

    (119)

    In éagmais comhar ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, bhain an Coimisiún úsáid as sonraí ó bhunachar sonraí GTA bunaithe ar an gcatagóir táirge (Cód CC 7312 10) don táirge lena mbaineann, mar fhaisnéis a bhí measartha infhaighte, agus dhírigh sé ar chúig mhargadh onnmhairiúcháin le haghaidh na Síne, is iad sin an India, an Chóiré Theas, an Téalainn, Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus Vítneam. Bhí níos mó ná 50 % d’allmhairí iomlána na Síne sa chatagóir táirge thuasluaite i gceist leis na hallmhairí chuig na cúig thír sin. Suíodh go raibh meánphraghas na n-onnmhairí Síneacha isteach san Aontas sa chatagóir táirge sin níos airde ná meánphraghas onnmhairiúcháin na Síne chuig aon cheann de na margaí onnmhairiúcháin eile sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Na torthaí thuas bunaithe ar staidreamh GTA le haghaidh na catagóire táirge, tá siad ag teacht leis an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú éaga a léirigh go raibh praghsanna allmhairiúcháin SRC na Síne chuig custaiméirí i margadh an Aontais níos airde ná mar a bhí i margadh aon phríomhpháirtí trádála eile (79).

    (120)

    Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, mar a mhínítear in aithris (119) thuas, fuarthas amach gur féidir le táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín praghsanna níos airde a bhaint amach i margadh an Aontais ná i dtríú tíortha eile. Tugann sé sin le fios go bhfuil margadh an Aontais an-tarraingteach toisc gur féidir le táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne brabúis níos airde a bhaint amach óna ndíolacháin leis an Aontais ná óna ndíolacháin le margaí onnmhairiúcháin eile. Ina theannta sin, i bhfianaise acmhainneachtaí móra breise na dtáirgeoirí SRC sa tSín, mar a shuitear in aithris (114) thuas, ní mór d’onnmhaireoirí na Síne rochtain a fháil ar mhargaí móra agus beaga araon chun leibhéal áirithe úsáide acmhainneachta na ngléasraí SRC a áirithiú. De réir na faisnéise sa chomhad, díolann táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha SRC le breis agus 80 tír (80). Tá sé réasúnta glacadh leis go bhfuil sé níos tarraingtí onnmhairí a mhéadú chuig margadh aonair a d’fhéadfadh cuid shuntasach d’acmhainneacht iomarcach na Síne a ionsú ná chuig roinnt margaí níos lú, ós rud é gur féidir costais loingseoireachta, lóistíochta agus eagraíochtúla a laghdú freisin trí dhíol le custaiméirí móra sa réigiún céanna.

    (121)

    Ina theannta sin, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, is i margadh an Aontais atá gach príomhthionscal úsáideoirí SRC, amhail iascaireacht, an tionscal muirí, longthógáil, ola agus gás, mianadóireacht, foraoiseacht, aeriompar, mótarfheithiclí, innealtóireacht shibhialta, foirgníocht, agus ardaitheoirí, rud a léiríonn acmhainneacht mhór margaidh do tháirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha; agus níl an fios gnó is gá le haghaidh úsáidí áirithe SRC ag roinnt mhaith de na tíortha ar cinn scríbe iad d’onnmhairí Síneacha (81).

    (122)

    Ina theannta sin, mar a luaitear thuas i roinn 1.1, fuarthas amach go ndeachaigh táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha timpeall ar na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm. Leis na hiarrachtaí imchéimniúcháin agus ós rud é go bhfuil táirgeoirí SRC de chuid na Síne fós i láthair ar mhargadh an Aontais d’ainneoin bearta frithdhumpála a bheith ann, is fianaise é sin ar tharraingteacht mhargadh mór an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne.

    (123)

    Thairis sin, de réir bhunachar sonraí EDT (82), bhí feidhm ag dleachtanna frithdhumpála in 2023 maidir le hallmhairí SRC na Síne isteach i Meicsiceo, sa Tuirc, san Úcráin agus sa Ríocht Aontaithe.

    (124)

    I bhfianaise na ndeacrachtaí atá ag onnmhaireoirí na Síne díol ar na margaí sin, dá gceadófaí do na bearta atá ann faoi láthair dul in éag, d’éireodh margadh an Aontais ní ba tharraingtí fós d’onnmhaireoirí na Síne a bheadh ag iarraidh a dtáirgeadh iomarcach a onnmhairiú agus a n-acmhainneacht bhreise a úsáid.

    (125)

    Bunaithe ar an méid thuas agus i bhfianaise leibhéal phraghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas i gcomparáid le margaí onnmhairiúcháin eile agus bonn leathan na dtionscal úsáideoirí SRC san Aontas go háirithe, fágann sé sin go mbeadh dreasacht láidir ag onnmhaireoirí na Síne leanúint de bheith ag onnmhairiú ag praghsanna dumpáilte chuig an Aontas i gcainníochtaí i bhfad níos airde má ligtear do na bearta dul in éag, ós rud é freisin nach mbeadh margaí onnmhairiúcháin eile in ann na méideanna ollmhóra SRC ón tSín a d’fhéadfaí a tháirgeadh a ionsú.

    4.3.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go ndéanfar an athuair í

    (126)

    Léirigh an t-imscrúdú gur lean allmhairí ón tSín de bheith ag teacht isteach ar mhargadh an Aontas ar phraghsanna dumpáilte le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, d’ainneoin na méideanna measartha beag d’allmhairí i gcomparáid le tomhaltas an Aontais.

    (127)

    Thairis sin, deimhníodh na praghsanna dumpáilte a fuarthas le hanailís a rinneadh ar phraghsanna allmhairí na Síne chuig tríú tíortha eile. Rinne an Coimisiún amach freisin, i dtaca leis na díolacháin a dhéanann táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne leis na margaí onnmhairiúcháin is tábhachtaí acu, go bhfuil na díolacháin sin ar phraghsanna i bhfad níos ísle ná mar atá na díolacháin leis an Aontas, agus rinne sé amach freisin go bhfuil bearta cosanta trádála forchurtha ag roinnt tíortha eile i gcoinne onnmhairí SRC ón tSín.

    (128)

    Sa bhreis ar an méid sin thuas, rinne an Coimisiún amach gurb é atá i gceist le hacmhainneacht bhreise sa tSín amháin breis agus os cionn deich n-oiread an mhéid tomhaltais san Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus gur margadh an-tarraingteach é margadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne, i bhfianaise a mhéid agus i bhfianaise a phraghsanna. Agus an acmhainneacht mhór bhreise sa tSín á cur san áireamh, chomh maith le tarraingteacht mhargadh an Aontais, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i gcás ina rachaidh na bearta as feidhm, gur dócha go ngníomhóidh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne an acmhainneacht bhreise agus fiú go n-athdhíreoidh siad onnmhairí ó thríú tíortha i dtreo mhargadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte agus i méideanna suntasacha.

    (129)

    Dá réir sin, i bhfianaise gur leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus i bhfianaise na nithe seo a leanas: iompraíocht phraghsála onnmhaireoirí na Síne i dtríú margaí, an acmhainneacht bhreise atá ann faoi láthair sa tSín, méid mhargadh an Aontais, na praghsanna atá i réim sa mhargadh sin, bearta cosanta trádála agus srianta allmhairí eile atá i bhfeidhm i margaí tábhachtacha eile i gcoinne onnmhairí SRC de thionscnamh na Síne, i bhfianaise an mhéid sin uile, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil dóchúlacht láidir ann go leanfaidh an tSín leis an dumpáil agus, in aon chás, go ndéanfar díobháil an athuair agus í méadaithe go mór, má ligtear do na bearta dul in éag.

    5.   DÍOBHÁIL

    5.1.   Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

    (130)

    Rinne thart ar 25 tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is iad atá i gceist le ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

    (131)

    Suíodh gur 137 910 tona a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Shuigh an Coimisiún an figiúr sin ar bhonn an fhreagra ar an gceistneoir maicreacnamaíoch a sholáthair EWRIS. Mar a léirítear in aithris (25), roghnaíodh trí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla, táirgeoirí a dhéanann 21 % de tháirgeacht iomlán an táirge chomhchosúil san Aontas.

    5.2.   Tomhaltas an Aontais

    (132)

    Shuigh an Coimisiún tomhaltas iomlán an Aontais (margadh faoi chuing agus saormhargadh) ar bhonn na macrashonraí fíoraithe i bhfreagra an cheistneora a chuir EWRIS ar fáil (maidir le méid iomlán na ndíolachán i margadh an Aontais) agus ar bhonn shonraí Eurostat (maidir le hallmhairí isteach san Aontas).

    (133)

    Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar thomhaltas an Aontais:

    Tábla 2 —

    Tomhaltas an Aontais (tonaí)

     

    2019

    2020

    2021

    Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

    Tomhaltas iomlán an Aontais

    167 316

    152 636

    158 423

    176 498

    Innéacs

    100

    91

    95

    105

    Tomhaltas saormhargaidh an Aontais

    165 917

    148 919

    156 756

    175 298

    Innéacs

    100

    90

    94

    106

    Tomhaltas mhargadh faoi chuing an Aontais

    1 398

    3 717

    1 668

    1 200

    Innéacs

    100

    266

    119

    86

    Foinse: Sonraí Eurostat agus macrashonraí arna soláthar ag EWRIS

    (134)

    Tháinig laghdú 10 % ar thomhaltas ar shaormhargadh an Aontais in 2020 agus ansin mhéadaigh sé go dtí leibhéal níos airde ná mar a bhí ann in 2019. Faoi thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mhéadaigh sé go dtí 6 % i gcomparáid le 2019. Lean tomhaltas iomlán treocht an-chosúil.

    (135)

    Ba é ba chúis leis an meath in 2020 agus an méadú ina dhiaidh sin ar thomhaltas an sleabhcadh eacnamaíoch ginearálta arbh iad ba chúis leis na srianta a forchuireadh in 2020 i ndáil le paindéim COVID-19 chomh maith leis an téarnamh eacnamaíoch ina dhiaidh sin tar éis deireadh a chur leis na bearta sin le linn 2021. Bhí an chuid is mó de phríomhearnálacha úsáideoirí an táirge faoi athbhreithniú ag dul i gcion ar thomhaltas de réir na staide eacnamaíche ginearálta ar mhargadh an Aontais.

    (136)

    Ní raibh i gceist leis an tomhaltas faoi chuing ach thart ar 1 % i dtrí bliana as ceithre bliana den tréimhse faoi bhreathnú. Mheas an Coimisiún nach raibh an sciar sin ábhartha agus dá bhrí sin ní dhearna sé difear do na conclúidí foriomlána maidir le tomhaltas ná ní raibh tionchar suntasach aige ar staid thionscal an Aontais.

    5.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

    (137)

    Shuigh an Coimisiún an méid allmhairí ar bhonn sonraí ó Comext. Ina theannta sin, bunaíodh sciar margaidh na n-allmhairí ar bhonn sonraí allmhairiúcháin ó Eurostat agus tomhaltais ar shaormhargadh an Aontais. Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann:

    Tábla 3

    An méid allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh

     

    2019

    2020

    2021

    Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

    Méid iomlán na n-allmhairí ón tSín (tonnaí)

    2 301

    2 875

    2 177

    2 052

    Innéacs

    100

    125

    95

    89

    Sciar den mhargadh

    1,4  %

    1,9  %

    1,4  %

    1,2  %

    Innéacs

    100

    139

    100

    84

    Gnáthchóras allmhairiúcháin

    Méid iomlán na n-allmhairí ón tSín (tonnaí)

    759

    987

    824

    1 230

    Innéacs

    100

    130

    108

    162

    Sciar den mhargadh

    0,5  %

    0,7  %

    0,5  %

    0,7  %

    Innéacs

    100

    145

    115

    153

    Nós imeachta próiseála isteach

    An méid allmhairí ón tSín (tonnaí)

    1 542

    1 887

    1 353

    821

    Innéacs

    100

    122

    88

    53

    Méid i gcoibhneas le margadh an Aontais

    0,9  %

    1,3  %

    0,9  %

    0,5  %

    Innéacs

    100

    136

    93

    50

    Foinse: Comext

    (138)

    Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, luainigh na méideanna allmhairí iomlána ón tSín ó bhliain go bliain agus tháinig laghdú 11 % ar chainníochtaí foriomlána na n-allmhairí le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (139)

    Tháinig laghdú 0,2 pointe céatadáin ar sciar margaidh na n-allmhairí ón tSín a i rith na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, lean sciar margaidh na n-allmhairí ón tSín de bheith ag laghdú beagán ach ar leibhéal a bhí cobhsaí ar an iomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (140)

    Allmhairíodh an táirge lena mbaineann ón tSín faoin ngnáthnós imeachta allmhairiúcháin, faoi réir dleachtanna frithdhumpála, agus faoin nós imeachta próiseála isteach, gan bheith faoi réir dleachtanna frithdhumpála.

    (141)

    Tháinig méadú 22 % ar allmhairí faoin nós imeachta próiseála isteach idir 2019 agus 2020 agus ansin tháinig laghdú 56 % orthu ó 2020 go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an iomlán, tháinig laghdú 47 % ar allmhairí faoin nós imeachta próiseála isteach ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú, a raibh sciar 0,5 % den mhargadh i gceist leis le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dhéanfaí allmhairí faoin gcóras sin a chomhtháthú i ndéantúis iartheachtacha sula ndéanfaí iad a ath-onnmhairiú. Sampla de sin is ea conarthaí innealtóireachta móra. Mar sin, meastar gur gnáthrud é luaineachtaí móra i gcainníochtaí.

    (142)

    Tháinig méadú 62 % ar allmhairí faoin ngnáthchóras le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ó thaobh sciar den mhargadh de, áfach, níor mhéadaigh na hallmhairí sin ach ó 0,5 % in 2019 go 0,7 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

    5.3.1.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais

    (143)

    Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ón tSín ar bhonn shonraí Comext toisc nár chomhoibrigh táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne leis an imscrúdú.

    (144)

    Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann:

    Tábla 4

    Praghsanna allmhairí (EUR/tona)

     

    2019

    2020

    2021

    Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

    Iomlán na n-allmhairí

    Daon-Phoblacht na Síne

    1 883

    1 663

    1 897

    2 576

    Innéacs

    100

    88

    101

    137

    An gnáthchóras

    Daon-Phoblacht na Síne

    2 161

    2 014

    2 343

    2 883

    Innéacs

    100

    93

    108

    133

    Nós imeachta próiseála isteach

    Daon-Phoblacht na Síne

    1 746

    1 479

    1 625

    2 117

    Innéacs

    100

    85

    93

    121

    Foinse: Comext

    (145)

    Tháinig méadú 37 % ar mheánphraghas na n-allmhairí iomlána ón tSín i gcás an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí treocht na bpraghsanna comhchosúil i gcás an ghnáthchórais agus i gcás allmhairí faoin nós imeachta próiseála isteach.

    (146)

    An méadú ar phraghsanna foriomlána mar a léirítear i dtábla 9 agus ar phraghsanna allmhairiúcháin ó thíortha eile mar a léirítear i dtábla 5, lean an méadú sin treocht phraghsanna margaidh an Aontais mar a léirítear i bpraghsanna thionscal an Aontais.

    (147)

    Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe trí chomparáid a dhéanamh idir na nithe seo a leanas:

    meánphraghsanna díola ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas arna ngearradh ar chustaiméirí neamhchomhlachaithe ar mhargadh an Aontais agus arna gcoigeartú de réir leibhéal an phraghais díreach ón monarcha;

    meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha na n-allmhairí de réir Comext, le coigeartuithe iomchuí de réir costais iar-allmhairiúcháin.

    (148)

    Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léirigh sé meánchorrlach sladghearrtha ualaithe 20,4 % ag na hallmhairí ón tír lena mbaineann ar mhargadh an Aontais nuair a cuireadh dleachtanna frithdhumpála san áireamh, agus 41,3 % gan dleachtanna frithdhumpála.

    (149)

    Tar éis anailís a dhéanamh ar staitisticí Trádála Comext, dearbhaíodh an chuid is mó d’allmhairí Síneacha faoi chód TARIC de chineálacha a bhfuil trastomhais faoi bhun 12 mhilliméadar acu. Chuir an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí sin i gcomparáid le cineálacha táirgí comhchosúla de chuid thionscal an Aontais. Léirigh toradh na comparáide corrlach sladghearrtha níos airde fós (41,2 % le dleachtanna frithdhumpála agus 55,4 % gan dleachtanna frithdhumpála).

    5.4.   Allmhairí ó thríú tíortha

    (150)

    Is ó Phoblacht na Cóiré, ón India, ón Tuirc agus ón Téalainn den chuid is mó a allmhairíodh an táirge faoi athbhreithniú ó thríú tíortha. Fuarthas na cainníochtaí agus na praghsanna ó Comext.

    (151)

    Is mar a leanas a forbraíodh méid iomlán na n-allmhairí isteach san Aontas chomh maith le sciar den mhargadh agus treochtaí praghais na n-allmhairí i gcás an táirge faoi athbhreithniú ó thríú tíortha eile:

    Tábla 5

    Allmhairí ó thríú tíortha

    Tír

     

    2019

    2020

    2021

    Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

    Poblacht na Cóiré

    Méid (tonaí)

    25 702

    20 787

    20 707

    22 944

    Innéacs

    100

    81

    81

    89

    Sciar den mhargadh

    15,5  %

    14,0  %

    13,2  %

    13,1  %

    Meánphraghas (EUR/tona)

    2 126

    1 995

    2 154

    2 780

    Innéacs

    100

    94

    101

    131

    An India

    Méid (tonaí)

    13 993

    12 157

    16 941

    22 202

    Innéacs

    100

    87

    121

    159

    Sciar den mhargadh

    8,4  %

    8,2  %

    10,8  %

    12,7  %

    Meánphraghas (EUR/tona)

    1 367

    1 235

    1 352

    1 814

    Innéacs

    100

    90

    99

    133

    An Tuirc

    Méid (tonaí)

    16 517

    13 439

    13 452

    18 696

    Innéacs

    100

    81

    81

    113

    Sciar den mhargadh

    10,0  %

    9,0  %

    8,6  %

    10,7  %

    Meánphraghas (EUR/tona)

    1 421

    1 395

    1 549

    1 944

    Innéacs

    100

    98

    109

    137

    An Téalainn

    Méid (tonaí)

    7 803

    10 866

    8 115

    12 215

    Innéacs

    100

    139

    104

    157

    Sciar den mhargadh

    4,7  %

    7,3  %

    5,2  %

    7,0  %

    Meánphraghas (EUR/tona)

    1 716

    1 387

    1 618

    2 224

    Innéacs

    100

    81

    94

    130

    Tríú tíortha eile

    Méid (tonaí)

    14 887

    13 459

    18 293

    19 913

    Innéacs

    100

    90

    123

    134

    Sciar den mhargadh

    9,0  %

    9,0  %

    11,7  %

    11,4  %

    Meánphraghas (EUR/tona)

    1 996

    1 953

    2 289

    3 092

    Innéacs

    100

    98

    115

    155

    Iomlán na dtríú tíortha uile seachas an tSín

    Méid (tonaí)

    78 901

    70 708

    77 508

    95 970

    Innéacs

    100

    90

    98

    122

    Sciar den mhargadh

    47,6  %

    47,5  %

    49,4  %

    54,7  %

    Meánphraghas (EUR/tona)

    1 779

    1 649

    1 850

    2 388

    Innéacs

    100

    93

    104

    134

    Foinse: Comext

    (152)

    Ar an iomlán, tháinig laghdú 22 % ar allmhairí ó thríú tíortha seachas ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (153)

    Tháinig laghdú 47,6 % ar sciar na n-allmhairí seo in 2019 go 54,7 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus tháinig laghdú 34 % ar phraghsanna na n-allmhairí le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (154)

    Cé gur tháinig laghdú ar sciar na n-allmhairí ó Phoblacht na Cóiré de mhéid iomlán na n-allmhairí agus gur fhan an sciar d’allmhairí ón Tuirc cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú ar sciar na n-allmhairí ón India ó 8 % go 13 % agus ón Téalainn ó 4,7 % go 7 %.

    (155)

    Mar a leagtar amach in aithris (6), leathnaíodh na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm ar allmhairí an táirge lena mbaineann ón tSín chun allmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna gcur chun bealaigh ó Mharacó agus ó Phoblacht na Cóiré a chumhdach tar éis imscrúduithe frith-imchéimniúcháin. Ba cheart a thabhairt faoi deara go raibh na hallmhairí ó Mharacó diomaibhseach le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ina theannta sin, bhí na hallmhairí ó Phoblacht na Cóiré sa tréimhse faoi bhreathnú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin atá díolmhaithe ó na bearta le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 400/2010.

    (156)

    Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí meánphraghsanna na n-allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín níos ísle ná meánphraghas thionscal an Aontais agus bhí siad beagán ní b’ísle ná praghsanna allmhairiúcháin ón tSín faoin ngnáthchóras (mar a léirítear i dtáblaí 4 agus 5).

    5.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

    5.5.1.   Barúlacha ginearálta

    (157)

    Cuimsíonn an measúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (158)

    Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ceistneora a chuir EWRIS ar fáil agus a bhain le táirgeoirí uile an Aontais. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí fíoraithe a thug na táirgeoirí sampláilte san Aontas ar an gceistneoir. Fuarthas go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

    (159)

    Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, sciar den mhargadh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo.

    (160)

    Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus an cumas caipiteal a chruinniú.

    5.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

    5.5.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

    (161)

    Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 6 —

    Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

     

    2019

    2020

    2021

    Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

    Méid táirgeachta (tonaí)

    144 183

    130 921

    133 927

    137 910

    Innéacs

    100

    91

    93

    96

    Acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

    225 263

    225 411

    225 263

    228 194

    Innéacs

    100

    100

    100

    101

    Úsáid acmhainneachta

    64  %

    58  %

    59  %

    60  %

    Innéacs

    100

    91

    93

    94

    Foinse: Macrashonraí ó EWRIS

    (162)

    Tháinig laghdú 9 % ar an méid táirgeachta idir 2019 agus 2020 agus ansin tháinig méadú 5,3 % air idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an iomlán, tháinig laghdú 4 % ar an méid táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (163)

    Bhí acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (164)

    Tháinig laghdú 6 % ar an úsáid acmhainneachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a léiríonn treocht laghdaithe na táirgeachta mar a leagtar amach i dtábla 6.

    (165)

    Thug an Coimisiún dá aire go mbeadh an acmhainneacht táirgeachta éagsúil ag brath ar an meascán de chineálacha táirgí a bhí á dtáirgeadh. Ríomhadh an acmhainneacht bunaithe ar an meascán táirgí a bhí á dtáirgeadh le déanaí.

    5.5.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

    (166)

    Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 7 —

    An méid díolachán agus an sciar den mhargadh (tonaí)

     

    2019

    2020

    2021

    Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

    An méid díolachán ag tionscal an Aontais ar shaormhargadh an Aontais

    84 715

    75 336

    77 070

    77 276

    Innéacs

    100

    89

    91

    91

    Sciar den mhargadh

    51,1  %

    50,6  %

    49,2  %

    44,1  %

    Innéacs

    100

    99

    96

    86

    Foinse: Macrashonraí ó EWRIS

    (167)

    Ar an iomlán, tháinig laghdú 9 % ar mhéid díolachán thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (168)

    Tháinig laghdú 14 % nó 7 bpointe céatadáin ar sciar margaidh thionscal an Aontais i margadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus laghdaigh sé go 44,1 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le 51,1 % in 2019.

    (169)

    Tá méid an laghdaithe ar an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú cosúil leis an méadú ar an sciar den mhargadh atá ag tríú tíortha, seachas an tSín, mar a leagtar amach i dtábla 5.

    5.5.2.3.   Fás

    (170)

    Laghdaigh an suíomh margaidh a bhí ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí an tuairim sin bunaithe ar an titim ar an méid díolachán agus ar an sciar den mhargadh mar a léirítear i dtábla 7.

    5.5.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

    (171)

    Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 8 –

    Fostaíocht agus táirgiúlacht

     

    2019

    2020

    2021

    Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

    An líon fostaithe

    3 291

    3 063

    3 097

    3 186

    Innéacs

    100

    93

    94

    97

    Táirgiúlacht (aonad/fostaí)

    44

    43

    43

    43

    Innéacs

    100

    98

    99

    99

    Foinse: Macrashonraí ó EWRIS

    (172)

    Tháinig laghdú 3 % ar an líon fostaithe i dtionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tharla an príomhlaghdú idir 2019 agus 2020 agus tháinig méadú 7 % air ina dhiaidh sin faoi thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Lean an treocht sin an treocht maidir leis an táirgeacht agus an méid díolachán mar a shonraítear i dtáblaí 6 agus 7. Is féidir an laghdú ar an bhfostaíocht idir 2019 agus 2020 a mhíniú leis an titim táirgeachta tar éis na srianta a forchuireadh i ndáil le paindéim COVID-19. Tar éis deireadh a chur leis na bearta sin, tháinig méadú arís ar an bhfostaíocht ach níor shroich sí an líon fostaithe a bhí ann in 2019.

    (173)

    D’fhan an táirgiúlacht cobhsaí le linn na tréimhse agus tháinig laghdú beag 1 % uirthi idir 2019 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

    5.5.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo

    (174)

    Bhí an corrlach dumpála a suíodh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i bhfad os cionn an leibhéil de minimis. An tráth céanna, bhí 1,2 % den tomhaltas ar shaormhargadh an Aontais i gceist le leibhéal na n-allmhairí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, bhí an tionchar ar mhéid na gcorrlach dumpála iarbhír ar thionscal an Aontais measartha teoranta.

    (175)

    I ngeall ar thionchar cainníochtaí móra allmhairí ó thríú tíortha agus forbairtí i staid eacnamaíoch fhoriomlán an Aontais, níor théarnaigh tionscal an Aontais ó éifeachtaí na dumpála roimhe sin le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    5.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha

    5.5.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

    (176)

    Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 9 —

    Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/tona)

     

    2019

    2020

    2021

    Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

    An meánphraghas díolachán aonaid san Aontas ar an margadh iomlán

    3 172

    3 453

    3 734

    4 439

    Innéacs

    100

    109

    118

    140

    Costas táirgthe in aghaidh an aonaid

    3 102

    3 205

    3 346

    3 911

    Innéacs

    100

    103

    108

    126

    Foinse: Táirgeoirí sampláilte an Aontais

    (177)

    Tháinig méadú 40 % ar mheánphraghsanna díola aonaid na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú i gcomparáid le 2019.

    (178)

    Tháinig laghdú 26 % ar chostas aonaid an táirgthe le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tharla níos mó ná leath den mhéadú sin idir 2021 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

    (179)

    Is é is cúis leis an méadú ar chostais aonaid an táirgthe go príomha an méadú ar chostas an phríomh-amhábhair do tháirgeoirí, is é sin sreang, nó do tháirgeoirí SRC a tháirgeann a sreang féin, is é sin slat sreinge. Thosaigh na costais ag dul in airde tar éis an téarnaimh eacnamaíoch nuair a cuireadh deireadh leis na bearta COVID agus lean siad de bheith ag dul in airde tar éis bhriseadh amach an chogaidh san Úcráin. Thairis sin, tháinig méadú freisin ar chostais fuinnimh tar éis chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.

    5.5.3.2.   Costais saothair

    (180)

    Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 10 —

    Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

     

    2019

    2020

    2021

    Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

    Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

    40 841

    40 880

    43 611

    45 430

    Innéacs

    100

    100

    107

    111

    Foinse: Táirgeoirí sampláilte an Aontais

    (181)

    Tháinig méadú 11 % ar chostais saothair le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a léiríonn freisin coigeartuithe tuarastail de réir an bhoilscithe mhéadaithe.

    5.5.3.3.   Fardail

    (182)

    Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 11 —

    Fardail

     

    2019

    2020

    2021

    Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

    Stoic dheiridh (tonaí)

    7 012

    6 799

    6 051

    5 764

    Innéacs

    100

    97

    86

    82

    Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

    5  %

    5  %

    5  %

    4  %

    Innéacs

    100

    100

    100

    80

    Foinse: Táirgeoirí sampláilte an Aontais

    (183)

    Tháinig laghdú 18 % ar leibhéal na bhfardal le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Maidir leis an táirgeacht, tháinig laghdú 1 phointe céatadáin ar na stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht.

    5.5.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú

    (184)

    Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

    Tábla 12 —

    Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

     

    2019

    2020

    2021

    Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

    Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe (% de láimhdeachas na ndíolachán)

    -3  %

    -3  %

    2  %

    4  %

    Innéacs

    100

    100

    266

    333

    Sreabhadh airgid (EUR)

    432 391

    1 357 148

    3 545 014

    2 560 077

    Innéacs

    100

    314

    820

    592

    Infheistíochtaí (EUR)

    4 126 772

    2 578 009

    1 703 064

    4 362 268

    Innéacs

    100

    62

    41

    106

    Toradh ar infheistíochtaí

    –3,1  %

    –2,2  %

    1,9  %

    5,0  %

    Innéacs

    100

    129

    261

    361

    Foinse: Táirgeoirí sampláilte an Aontais

    (185)

    Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Mar gheall ar staid dheacair sa mhargadh in earnálacha úsáideoirí áirithe ag tús na tréimhse (e.g. mianadóireacht gáis agus ola) agus ina dhiaidh sin an sleabhcadh eacnamaíoch i ndáil le paindéim COVID-19, bhain caillteanais do thionscal an Aontais in 2019 agus 2020. Rinne tionscal an Aontais brabúis bheaga ansin in 2021 agus i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Bhí sin amhlaidh mar gheall ar éileamh méadaithe in earnálacha úsáideoirí áirithe (e.g. feidhmeanna tionsclaíocha, an earnáil mhuirí) agus mar gheall ar théarnamh ginearálta an gheilleagair freisin. D’fhág an t-éileamh feabhsaithe sin gur mó na méaduithe ar phraghsanna in 2021 agus i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ná na méaduithe ar chostais amhábhar, mar a chuirtear in iúl i dtábla 9.

    (186)

    Mar sin féin, d’fhan an ráta brabúsachta i ngach ceann de na ceithre bliana den tréimhse faoi bhreathnú faoi bhun an spriocbhrabús 5 % le haghaidh an tionscail sin mar a leagtar amach in imscrúduithe roimhe seo (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/607 ón gCoimisiún aithris (162)) chomh maith leis an spriocbhrabús íosta 6 % a leagtar amach in Airteagal 7(2c) den bhun-Rialachán.

    (187)

    Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Tháinig feabhas ar an nglansreabhadh airgid tar éis laghdú na bhfardal agus threocht na brabúsachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (188)

    Bhí méid measartha beag d’infheistíochtaí bliantúla ann ar an iomlán agus bhí siad réasúnta cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí infheistíochtaí teoranta den chuid is mó do threalamh a bhí ann cheana a chothabháil agus a athsholáthar.

    (189)

    Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Lean sé treocht na brabúsachta sa mhéid is go raibh sé diúltach in 2019 agus in 2020 agus gur tháinig feabhas air sa tslí go raibh figiúirí beaga dearfacha i gceist leis in 2021 agus i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

    5.6.   Conclúid maidir le díobháil

    (190)

    Bhí ceannas ag tríú tíortha ar allmhairí ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, go háirithe na hallmhairí ó Phoblacht na Cóiré, ón India agus ón Tuirc. Ina theannta sin, tháinig méadú ar allmhairí ó thríú tíortha eile ó thart ar 78 míle tona go thart ar 96 mhíle tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar a léirítear i dtábla 5. Tháinig méadú ó thart ar 47,6 % in 2019 go 54,7 % ar sciar margaidh na n-allmhairí sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. I gcodarsnacht leis sin, níor sháraigh allmhairí ón tSín 1,9 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bhí siad ag 1,2 % den tomhaltas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar a léirítear i dtábla 3.

    (191)

    Sna chéad bhlianta den tréimhse faoi bhreathnú, bhí tionchar mór ag an sleabhcadh eacnamaíoch ar mhacratháscairí thionscal an Aontais, arbh é ba chúis leis na bearta a glacadh i ndáil le paindéim COVID-19, chomh maith leis an staid eacnamaíoch dheacair in earnálacha úsáideoirí áirithe. Tar éis an téarnaimh eacnamaíoch, tar éis dheireadh a chur de réir a chéile leis na bearta dianghlasála, tháinig feabhas áirithe ar na macratháscairí ach, ar an iomlán, léiríonn na macratháscairí staid dhíobhálach leanúnach, i dtéarmaí dearbhfhigiúirí le haghaidh táirgeachta agus díolachán agus i dtéarmaí sciar den mhargadh a thit ó 51.1 % go 44.1 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí thart ar 1 % den tomhaltas iomlán i gceist leis an margadh faoi chuing i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus ní raibh aon fhíorthionchar ag forbairtí sa mhargadh sin ar thionscal an Aontais.

    (192)

    I dtéarmaí na micreatháscairí, cuireadh feabhas beag ar staid thionscal an Aontais in 2021 agus ar imscrúdú an athbhreithnithe i gcomparáid le 2019 agus 2020. D’ainneoin an mhéadaithe ar chostais, bhain an tionscal tairbhe as tréimhse ina raibh dálaí margaidh feabhsaithe ann nuair a tháinig deireadh de réir a chéile le paindéim COVID-19 in 2021; ar tréimhse í ar féidir leis a phraghsanna a ardú a dhóthain lena linn ionas go dtiocfadh feabhas ar a bhrabúsacht, ar a thoradh ar infheistíocht agus ar an sreabhadh airgid. Mar sin féin, bhí brabúsacht an tionscail fós faoi bhun an spriocbhrabúis a leagadh síos san imscrúdú bunaidh (5 %).

    (193)

    Agus na macratháscairí agus na micreatháscairí araon á gcur san áireamh agus go háirithe an sciar den mhargadh atá ag laghdú, an easpa fáis, úsáid íseal acmhainneachta agus brabúsacht neamhleor, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur lean díobháil áirithe de bheith ag baint do thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

    (194)

    Is é cuspóir an mheasúnaithe díobhála a chinneadh cé acu a lean nó nár lean an díobháil ábhartha ar aghaidh, agus má lean, cé acu a bhí nó nach raibh an díobháil sin de thoradh allmhairí ón tSín. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh allmhairí ón tSín íseal le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ach gur bhain allmhairí ó thríú tíortha sciar suntasach den mhargadh amach i gcomhthéacs dálaí neamhfhabhracha margaidh mar a mhínítear in aithrisí (191) agus (192).

    6   DÓCHÚLACHT GO nDÉANFAR AN DÍOBHÁIL AN ATHUAIR

    6.1   Analís

    (195)

    I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an ndéanfaí an díobháil ábhartha a tharla i dtús báire ó allmhairí na Síne an athuair dá ligfí do na bearta in aghaidh na Síne dul in éag. Léirigh an t-imscrúdú go ndearnadh na hallmhairí ón tSín ar leibhéil praghsanna dumpáilte le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (roinn 3.6, aithris 111) agus gur dócha go leanfar den dumpáil má ligtear do na bearta dul in éag (roinn 4.3).

    (196)

    Chun a shuí an dócha go ndéanfar an díobháil an athuair, rinneadh anailís ar na heilimintí seo a leanas: (i) an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise atá ar fáil sa tSín, (ii) leibhéil na bpraghsanna a d’fhéadfadh a bheith ar allmhairí na Síne má ligtear do na bearta dul in éag, (iii) iompraíocht tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne i dtríú tíortha eile, (iv) tarraingteacht mhargadh an Aontais agus (v) tionchar allmhairí na Síne ar staid thionscal an Aontais má ligtear do na bearta dul in éag.

    6.1.1.   An acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise atá ar fáil sa tSín

    (197)

    Mar a mhínítear in aithrisí (114) agus (115), tá acmhainneacht táirgeachta shuntasach ag táirgeoirí sa tSín, rud a fhágann go bhfuil acmhainneacht bhreise acu atá os cionn deich n-oiread níos mó ar an iomlán ná ní hamháin an chainníocht onnmhairiúcháin chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ach tomhaltas iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Thug an Coimisiún dá aire freisin gurb iad na hacmhainneachtaí a cuireadh leis ó rinneadh an t-athbhreithniú éaga deireanach a sháraigh iontu féin tomhaltas iomlán an Aontais den chuid is mó i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

    (198)

    Ina theannta sin, mar a luaitear in aithrisí (115) agus (116), ní bhfuarthas aon eilimint a d’fhéadfadh a léiriú go mbeadh aon mhéadú suntasach ar éileamh intíre SRC ann sa tSín nó in aon mhargadh tríú tír eile go luath amach anseo. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhféadfadh an t-éileamh intíre sa tSín ná i margaí eile tríú tíortha an acmhainneacht bhreise atá ar fáil a ionsú.

    6.1.2.   Leibhéil féideartha phraghsanna na n-allmhairí Síneacha

    (199)

    Mar a mhínítear in aithris (119), suíodh méideanna allmhairí na Síne agus tarraingteacht mhargadh an Aontais ar bhonn na fíoras a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán agus ar bhonn sonraí GTA agus na faisnéise a bhí san iarraidh.

    (200)

    Mar a mhínítear in aithris (120), praghsanna onnmhairiúcháin ón tSín chuig na cúig phríomh-mhargadh onnmhairiúcháin don tSín, is iad sin an India, an Chóiré Theas, an Téalainn, SAM agus Vítneam, bhí siad faoi bhun phraghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas, bunaithe ar an anailís ar na staitisticí trádála domhanda atá ar fáil, mar a leagtar amach in aithris (119) agus (120). Bhí na praghsanna onnmhairiúcháin sin go mór faoi bhun phraghsanna thionscal an Aontais (thart ar 60 %). Ar an mbonn sin, thángthas ar an gconclúid go bhféadfadh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas a laghdú a thuilleadh fós.

    (201)

    Maidir le praghsanna freisin, bhí corrlach sladghearrtha allmhairí na Síne chuig margadh an Aontais os cionn 40 %, gan dleachtanna frithdhumpála a chur san áireamh, mar a leagtar amach in aithris (148). Thabharfadh sé sin le fios go gcuirfeadh allmhairí na Síne, ar mhéideanna méadaithe, brú suntasach ar phraghsanna thionscal an Aontais in éagmais na mbeart.

    6.1.3.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

    (202)

    Agus an anailís sin ar phraghsanna san aithris roimhe agus in aithris (120) seo á cur san áireamh, má ligtear do na bearta dul in éag, bheadh dreasacht ard ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne a n-onnmhairí a atreorú chuig an Aontas áit a mbainfeadh siad praghsanna níos airde amach, agus iad fós in ann praghas díola thionscal an Aontais a shladghearradh go suntasach. Ina theannta sin, bheadh siad in ann a n-acmhainneachtaí breise a úsáid chun cainníochtaí onnmhairiúcháin chuig margadh an Aontais a mhéadú.

    (203)

    Thairis sin, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, tá margadh an Aontais ar cheann de na cinn is mó ar domhan agus tá réimse leathan tionscal úsáideoirí ann, lena n-áirítear iascaireacht, an tionscal muirí, longthógáil, ola agus gás, mianadóireacht, foraoiseacht, aeriompar, mótarfheithiclí, innealtóireacht shibhialta, foirgníocht agus ardaitheoirí. Léiríonn sé sin tarraingteacht mhargadh an Aontais.

    (204)

    Thairis sin, mar a chuirtear in iúl in aithris (122), is féidir a bhaint de thátal as go réasúnta go bhfuil sé níos tarraingtí onnmhairí a mhéadú chuig margadh aonair ná chuig roinnt margaí níos lú, ós rud é gur féidir costais loingseoireachta, lóistíochta agus eagraíochtúla a laghdú trí dhíol le custaiméirí móra sa réigiún céanna, agus gur féidir leibhéal áirithe úsáide acmhainneachta do ghléasraí SRC a áirithiú freisin.

    (205)

    Tá tarraingteacht mhargadh an Aontais soiléir freisin ó thaobh praghsanna de ós rud é gur féidir le táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne brabúis níos airde a ghiniúint ar dhíolacháin leis an Aontas ná ar a ndíolacháin le margaí onnmhairiúcháin eile.

    (206)

    Léiriú eile ar tharraingteacht mhargadh an Aontais is ea go ndearna onnmhaireoirí na Síne teacht timpeall ar na bearta mar a mhínítear i roinn 1.1 ó thús fhorchur na mbeart.

    (207)

    Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid go bhfuil an acmhainneacht agus an dreasacht ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín méid a n-onnmhairí SRC chuig an Aontas a ardú go suntasach ar phraghsanna dumpáilte lena ndéanfar sladghearradh suntasach ar phraghsanna thionscal an Aontais, má ligtear do na bearta dul in éag.

    6.1.4.   Tionchar ar thionscal an Aontais

    (208)

    Ní bheidh tionscal an Aontais, sa chás go gcoinníonn sé an leibhéal praghsanna atá ann faoi láthair, in ann a mhéid díolachán ná a sciar den mhargadh a choinneáil dá mbeadh na hallmhairí ar phraghas íseal ón tSín ann. Is rídhócha go dtiocfadh méadú tapa ar sciar margaidh na Síne má ligtear do na bearta dul in éag. Is é is dóichí gur chun dochair do thionscal an Aontais a bheadh sé sin ós rud é gurb é a leibhéal praghsanna an leibhéal is airde, go háirithe i gcomparáid freisin le praghas na n-allmhairí ón tSín gan dleachtanna frithdhumpála mar a leagtar amach in aithris (149). Dá mbainfí caillteanas don mhéid díolachán, bheadh ráta úsáide níos ísle fós ann agus thiocfadh méadú ar an meánchostas táirgthe. Mar thoradh air sin, thiocfadh meath breise ar staid airgeadais thionscal an Aontais agus mhéadófaí an riosca go mbeadh staid caillteanais ann, rud a tháinig chun cinn cheana féin le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

    (209)

    I gcás ina gcinnfeadh tionscal an Aontais a leibhéil praghsanna a ísliú agus iarracht á déanamh aige a mhéid díolachán agus a sciar den mhargadh a choinneáil, thiocfadh meath ar a staid airgeadais beagnach láithreach agus is dócha go mbeidh an staid caillteanais a chonacthas cheana féin ag tús na tréimhse faoi bhreathnú le feiceáil arís agus go mbeidh sí níos measa fós.

    (210)

    Sa dá chás, is dócha go mbeidh tionchar diúltach ag dul in éag na mbeart ar thionscal an Aontais, lena n-áirítear ar an bhfostaíocht. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú bhí ar thionscal an Aontais cheana féin an fhostaíocht a bhaineann le táirgí a laghdú 3 % (féach tábla 8). Má thagann meath breise ar staid thionscal an Aontais, méadófar an baol go ndéanfar aonaid táirgthe iomlána a mhúchadh.

    (211)

    Dá bhrí sin, is féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil dóchúlacht láidir ann go ndéanfar díobháil an athuair de dheasca allmhairí SRC ón tSín mar thoradh ar dhul in éag na mbeart atá ann cheana agus gur dócha go dtiocfaidh meath breise ar staid thionscal an Aontais atá díobhálach cheana féin.

    (212)

    Allmhairí SRC ó Phoblacht na Cóiré agus ó thríú tíortha eile, i bhfianaise mhéid ard agus méadaitheach na n-allmhairí sin, aithnítear gur tosca iad a chuireann leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, bhí an t-imscrúdú sin teoranta do mheasúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil ó allmhairí SRC de chuid na Síne ar phraghas díobhálach nó go ndéanfar an athuair í i gcás ina rachaidh na bearta frithdhumpála reatha in éag. I bhfianaise staid leochaileach thionscal an Aontais, d’fhágfadh aon mhéadú suntasach ar allmhairí ón tSín go rachadh an staid sin in olcas, mar gheall ar na hacmhainneachtaí móra breise sa tSín, ar tharraingteacht mhargadh an Aontais agus ar na leibhéil ísle na bpraghsanna a d’fhéadfadh a bheith ar onnmhairí SCR na Síne chuig an Aontas.

    (213)

    Tá méideanna i bhfad níos lú d’allmhairí SCR ón tSín ag teacht isteach ar mhargadh an Aontais ná mar a bhí ann roimh fhorchur na mbeart. D’éirigh leis na praghsanna allmhairiúcháin, lena n-áirítear na dleachtanna frithdhumpála, dálaí iomaíochais neamhshaofa a athbhunú idir onnmhaireoirí Síneacha an táirge faoi athbhreithniú agus tionscal an Aontais. Cé go ndéanann allmhairí ó thríú tíortha allmhairí Síneacha atá faoi réir dleachtanna frithdhumpála a shladghearradh, ní rud é sin a dhéanann dochar d’oibleagáidí an Choimisiúin fanacht faoi chuimsiú an imscrúdaithe seo. Mar a leagtar amach in (211), tá sé léirithe ag an gCoimisiún go bhfuil dóchúlacht láidir ann go ndéanfar an díobháil an athuair mar thoradh ar dhul in éag na mbeart.

    6.2.   Conclúid

    (214)

    Ar bhonn an hanailíse thuas, is é conclúid an Choimisiún gurb é is dóichí a tharlóidh go dtiocfaidh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ón tSín ar phraghsanna lena ngearrfaí faoi phraghsanna thionscal an Aontais má théann na bearta in éag, agus gur measa an díobháil a bhainfidh do thionscal an Aontais dá bharr. Dá thoradh sin, bheadh inmharthanacht an tionscail de chuid an Aontais i mbaol mór.

    7.   LEAS AN AONTAIS

    (215)

    I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, allmhaireoirí, úsáideoirí agus soláthróirí.

    (216)

    Tugadh deis do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl de bhun hAirteagal 21(2) den bhun-Rialachán.

    (217)

    Ba cheart a thabhairt chun cuimhne gur measadh san athbhreithniú éaga roimhe seo nach mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais dá gcoinneofaí na bearta i bhfeidhm. Thairis sin, ós rud é gur athbhreithniú éaga é an t-imscrúdú reatha seo, ina ndéantar anailís ar staid ina bhfuil bearta frithdhumpála i bhfeidhm cheana féin, is féidir measúnú a dhéanamh ar aon drochthionchar míchuí ar na páirtithe lena mbaineann mar gheall ar na bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair.

    (218)

    Ar an mbonn sin, scrúdaigh an Coimisiún an raibh cúiseanna láidre ann, d’ainneoin na gconclúidí gur dócha go leanfar leis an dumpáil agus go ndéanfar an díobháil an athuair, a d’fhágfadh go dtiocfar ar an gcinneadh nach bhfuil sé chun leas an Aontais na bearta atá ann cheana a choinneáil ar bun san imscrúdú áirithe seo.

    7.1.   Leas thionscal an Aontais

    (219)

    Léiríodh san imscrúdú, má théann na bearta in éag, gur dócha go mbeidh drochthionchar suntasach aige sin ar thionscal an Aontais agus go ndéanfar tuilleadh díobhála dá staid atá díobhálach cheana féin. Bheadh dul in éag na mbeart ina bhagairt thromchúiseach ar inmharthanacht thionscal an Aontais a mhéid a bheadh ar tháirgeoirí áirithe de chuid an Aontas a n-oibríochtaí a dhúnadh (nó a dhúnadh go páirteach), rud a d’fhágfadh go mbeadh margadh an Aontais níos spleáiche ar allmhairí CTS.

    (220)

    Dá bhrí sin, is chun leas thionscal an Aontais é na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun.

    7.2.   Leas allmhaireoirí

    (221)

    Mar a léirítear in aithris (29), níor chomhoibrigh aon allmhaireoir leis an imscrúdú seo. Meabhraítear go bhfuarthas amach sna himscrúduithe roimhe seo nach mbeadh tionchar suntasach ag forchur na mbeart ar allmhaireoirí. In éagmais fianaise a thugann a mhalairt le fios, is féidir a dheimhniú dá réir sin nach raibh aon éifeacht dhiúltach shubstaintiúil ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ar a staid airgeadais agus nach ndéanfadh leanúint na mbeart difear míchuí d’allmhaireoirí.

    7.3.   Leas úsáideoirí

    (222)

    Úsáidtear an táirge atá faoi imscrúdú i réimse leathan feidhmeanna amhail iascaireacht, tionscal muirí/loingseoireachta, tionscail ola agus gáis, mianadóireacht, foraoiseacht, aeriompar, innealtóireacht shibhialta, foirgníocht, agus ardaitheoirí.

    (223)

    Mar a léirítear in aithris (223), níor chomhoibrigh aon úsáideoir leis an imscrúdú seo. Chuir roinnt úsáideoirí thionscal SRC in iúl go dtacaíonn siad le leanúint leis na mbeart agus chuir siad in iúl an tábhacht a bhaineann le slabhra soláthair iontaofa do tháirgí SRC san Aontas.

    (224)

    Dá bhrí sin, agus ó tharla nach ann d’aon argóinteacht láidir dá mhalairt, thángthas ar an gconclúid nach bhfuil aon tionchar diúltach substaintiúil ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ar staid eacnamaíoch na n-úsáideoirí, agus dá bhrí sin nach mbeadh tionchar míchuí ag leanúint na mbeart ar staid thionscail na n-úsáideoirí.

    7.4.   Leas na soláthróirí

    (225)

    Cuid de sholáthraithe thionscal SRC, mar shampla táirgeoirí sreinge agus táirgeoirí ábhair pacáistíochta, amhail drumaí cábla adhmaid, tháinig siad chun cinn freisin chun tacú le leanúint na mbeart, rud a léiríonn freisin tábhacht straitéiseach thionscal SRC atá lonnaithe san Aontas d’earnálacha eile, amhail an tionscal cruach.

    7.5.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

    (226)

    Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nach raibh aon chúis láidir ann a chinneadh nach raibh sé chun leas an Aontais na bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí SRC de thionscnamh na Síne a choinneáil ar bun.

    8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

    (227)

    Ar bhonn na gconclúidí ón gCoimisiún maidir le leanúint den dumpáil, atarlú na díobhála agus leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála ar allmhairí SRC ón tSín a choinneáil ar bun.

    (228)

    Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na fíorais agus breithnithe riachtanacha ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe a mholadh go gcoinneofaí ar bun na bearta atá ann cheana ar allmhairí SRC de thionscnamh na Síne. Tugadh tréimhse dóibh freisin lena bhféadfaidís uiríll a dhéanamh tar éis an nochta sin. Ní bhfuarthas aon bharúil ó aon cheann de na páirtithe leasmhara.

    (229)

    Mar a leagtar amach in aithris (6), leathnaíodh na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm ar allmhairí SRC ón tSín chun allmhairí SRC arna gcur chun bealaigh ó Mharacó agus ó Phoblacht na Cóiré a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó nó Phoblacht na Cóiré iad nó ná bíodh. An dleacht frithdhumpála atá le coinneáil ar allmhairí SRC de thionscnamh na Síne, ba cheart leanúint dá leathnú chun allmhairí SRC arna gcur chun bealaigh ó Mharacó agus ó Phoblacht na Cóiré a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó nó Phoblacht na Cóiré iad nó ná bíodh. An táirgeoir onnmhairiúcháin i Maracó a bhí díolmhaithe ó na bearta, arna leathnú le Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) 1886/2004, ba cheart é a bheith díolmhaithe freisin ó na bearta a fhorchuirtear leis an Rialachán seo. Na 15 tháirgeoir onnmhairiúcháin ó Phoblacht na Cóiré a bhí díolmhaithe ó na bearta, arna leathnú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 400/2010, ba cheart iad a bheith díolmhaithe freisin ó na bearta a fhorchuirtear leis an Rialachán seo.

    (230)

    I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (83), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuirfeadh an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a bheidh foilsithe i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

    (231)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Leis seo, cuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí téad agus cáblaí cruach, lena n-áirítear téada cornaí glasáilte, cé is moite de théada agus cáblaí cruach dosmálta, ar mó a n-uastoise trasghearrthach ná 3 mm (‘an táirge faoi athbhreithniú’), atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7312 10 81, ex 7312 10 83, ex 7312 10 85, ex 7312 10 89 agus ex 7312 10 98 (cóid TARIC 7312108112, 7312108113, 7312108119, 7312108312, 7312108313, 7312108319, 7312108512, 7312108513, 7312108519, 7312108912, 7312108913, 7312108919, 7312109812, 7312109813 agus 7312109819).

    2.   60,4 % a bheidh i ráta na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas CAL, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, ar an táirge a shonraítear i mír 1 agus ar de thionscnamh na Síne é.

    3.   Leathnaítear leis seo an dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir le hallmhairí de thionscnamh na Síne, mar a leagtar amach i mír 2, chun go gcumhdófar allmhairí na dtéad agus na gcáblaí cruach céanna arna gcur chun bealaigh ó Mharacó, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh (Cóid TARIC 7312108112, 7312108312, 7312108512, 7312108912 agus 7312109812), cé is moite díobh siúd arna dtáirgeadh ag Remer Maroc SARL, Zone Industrielle, Tranche 2, Lot 10, Settat, Maracó (cód breise TARIC A567), agus chun go gcumhdófar allmhairí na dtéad agus na gcáblaí cruach céanna arna gcur chun bealaigh ó Phoblacht na Cóiré, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Phoblacht na Cóiré iad nó ná bíodh (cóid TARIC 7312108113, 7312108313, 7312108513, 7312108913 agus 7312109813) cé is moite díobh siúd arna dtáirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

    Tír

    Cuideachta

    Cód breise TARIC

    Poblacht na Cóiré

    Bosung Wire Rope Co., Ltd, 568,Yongdeok-ri, Hallim-myeon, Gimae-si, Gyeongsangnam-do, 621-872

    A969

    Chung Woo Rope Co., Ltd, 1682-4, Songjung-Dong, Gangseo- Gu, Busan

    A969

    CS Co., Ltd, 31-102, Junam maeul 2-gil, Yangsan, Gyeongsangnam-do

    A969

    Cosmo Wire Ltd, 4-10, Koyeon-Ri, Woong Chon-Myon Ulju- Kun, Ulsan

    A969

    Dae Heung Industrial Co., Ltd, 185 Pyunglim — Ri, Daesan- Myun, Haman — Gun, Gyungnam

    A969

    Daechang Steel Co., Ltd, 1213, Aam-daero, Namdong-gu, Incheon

    C057

    DSR Wire Corp., 291, Seonpyong-Ri, Seo-Myon, Suncheon-City, Jeonnam

    A969

    Goodwire MFG. Co. Ltd, 984-23, Maegok-Dong, Yangsan-City, Kyungnam

    B955

     

    Kiswire Ltd, 37, Gurak-Ro, 141 Beon-Gil, Suyeong-Gu, Busan, an Chóiré 48212

    A969

     

    Manho Rope & Wire Ltd, Dongho Bldg, 85-2 4 Street Joongang- Dong, Jong-gu, Busan

    A926

     

    Line Metal Co. Ltd, 1259 Boncho-ri, Daeji-Myeon, Changnyeong-gun, Gyeongnam

    B926

     

    Seil Wire and Cable, 47-4, Soju-Dong, Yangsan-Si, Kyungsangnamdo

    A994

     

    Shin Han Rope Co., Ltd, 715-8, Gojan-Dong, Namdong-gu, Incheon

    A969

     

    Ssang Yong Cable Mfg. Co., Ltd, 1559-4 Song-Jeong Dong, Gang-Seo Gu, Busan

    A969

     

    ‘YOUNGWIRE, 71-1 Sin-Chon Dong, Changwon City, Gyungnam (84)

    A969

    Airteagal 2

    Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meitheamh 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1796/1999 ón gComhairle an 12 Lúnasa 1999 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach, agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na hUngáire, na hIndia, Mheicsiceo, na Polainne, na hAfraice Theas agus na hÚcráine agus lena bhfoirceanntar na himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí de thionscnamh Phoblacht na Cóiré (IO L 217, 17.8.1999, lch. 1).

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 384/96 ón gComhairle an 22 Nollaig 1995 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 56, 6.3.1996, lch. 1) arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 461/2004 (IO L 77, 13.3.2004, lch. 12).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 760/2004 ón gComhairle an 22 Aibreán 2004 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán (CE) Uimh. 1796/1999 ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh, inter alia, na hÚcráine chun allmhairí téad agus cáblaí cruach arna gcur chun bealaigh ón Moldóiv a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh (IO L 120, 24.4.2004, lch. 1).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 1886/2004 ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán (CE) Uimh. 1796/1999 ón gComhairle ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh, inter alia, Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí téad agus cáblaí cruach arna gcur chun bealaigh ó Mharacó a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú i ndáil le hallmhairí ó allmhaireoir amháin de chuid Mharacó (IO L 328, 30.10.2004, lch. 1).

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 1858/2005 ón gComhairle an 8 Samhain 2005 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na hIndia, na hAfraice Theas agus na hÚcráine tar éis athbhreithniú éaga i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (CE) 384/96 (IO L 299, 16.11.2005, lch. 1).

    (7)  Fógra maidir le dul in éag beart frithdhumpála áirithe (IO C 203, 11.8.2004, lch. 4).

    (8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 400/2010 ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán (CE) Uimh. 1858/2005 ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh, inter alia, Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí téad agus cáblaí cruach arna gcur chun bealaigh ó Phoblacht na Cóiré a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Phoblacht na Cóiré iad nó ná bíodh, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú i ndáil le hallmhairí arna gcur chun bealaigh ón Malaeisia (IO L 117, 11.5.2010, lch. 1).

    (9)  Fógra maidir le dul in éag beart frithdhumpála áirithe (IO C 311, 16.11.2010, lch. 16).

    (10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 102/2012 ón gComhairle an 27 Eanáir 2012 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÚcráine arna leathnú chun allmhairí téad agus cáblaí cruach arna gcur chun bealaigh ó Mharacó, ón Moldóiv agus ó Phoblacht na Cóiré a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus lena bhfoirceanntar an t-imeacht um athbhreithniú éaga i ndáil le hallmhairí téad agus cáblaí cruach de bhunadh na hAfraice Theas a fhoirceannadh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 (IO L 36, 9.2.2012, lch. 1).

    (11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/607 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun allmhairí téad agus cáblaí cruach arna gcur chun bealaigh ó Mharacó agus ó Phoblacht na Cóiré a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 101, 20.4.2018, lch. 40).

    (12)  Fógra maidir le dul in éag beart frithdhumpála áirithe (IO C 41, 8.2.2017, lch. 4).

    (13)   IO C 280, 21.7.2022, lch. 23.

    (14)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C 130, 14.4.2023, lch. 8).

    (15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce (IO L 177, 12.7.2023, lch. 63); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 10, 12.1.2023, lch. 36); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cruach cothroma fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 277, 27.10.2022, lch. 149); Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí iarainn nó cruach áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 36, 17.2.2022, lch. 1); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas áirithe feadáin agus píopaí, as iarann nó as cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí feisteas áirithe feadáin agus píopaí, as iarann nó as cruach a chuirtear chun bealaigh ón Téaváin, ón Indinéis, ó Shrí Lanca agus ó na hOileáin Fhilipíneacha a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) den Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 16, 25.1.2022, lch. 36).

    (16)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 66; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 58; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 80; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithris 208, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95, aithris 59.

    (17)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 45; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 38; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 64; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithris 192, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95, aithris 46.

    (18)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 58; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 40; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 66; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithrisí 193-4, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95, aithris 47. Cé gur féidir a mheas gur léiriú ar na cearta úinéireachta comhfhreagracha é an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomhphearsanra bainistíochta i bhfiontair faoi úinéireacht stáit a cheapadh agus a chur as a bpost mar a fhoráiltear i reachtaíocht na Síne, tá tábhacht le cealla Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair, idir fhiontair faoi úinéireacht stáit agus fhiontair faoi úinéireacht phríobháideach, mar is féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó trí na cealla sin. De réir dhlí cuideachta na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus soláthróidh an chuideachta na coinníollacha is gá le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíocht an Pháirtí. San am atá thart, is cosúil nár comhlíonadh an ceanglas sin i gcónaí nó nár cuireadh i bhfeidhm go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne na cearta atá aige smacht a bheith aige ar chinntí gnó i gcuideachtaí atá faoi úinéireacht an stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar na cuideachtaí sin ligean d’eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh de na cuideachtaí lena mbaineann siad. Tá feidhm ghinearálta ag na rialacha sin ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú agus soláthróirí a gcuid ionchur.

    (19)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 59; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 43; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 68; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95, aithrisí 48-52.

    (20)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 62; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 52; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 74; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithris 202, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95, aithris 53.

    (21)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 45; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 33; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 75; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithris 203, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95, aithris 54.

    (22)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444, aithris 64; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100, aithris 54; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068, aithris 76; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithris 204, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95, aithris 55.

    (23)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD (2017) 483 final/2, 20. 12. 2017, le fáil ag: https://ec.europa.eu/transparency/documents-register/detail?ref=SWD(2017)483&lang=en

    (24)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithrisí 187 ff, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de phíopaí táite agus d’fheadáin tháite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 132, 19.4.2021, lch. 145), aithrisí 100 ff, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de thúir gaoithe cruach áirithe ar scála fóntais de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne , aithris 52 ff, Rialachán Cur Chun Feidhme 2020/508 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí leathán agus cornaí teorollta de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine, (IO L 110, 8.4.2020, lch. 3), aithrisí 103 ff.

    (25)  Féach: http://wap.sasac.gov.cn/n2588045/n27271785/n27271792/c14159097/content.html (arna rochtain an 6 Nollaig 2023).

    (26)  Féach: http://wap.sasac.gov.cn/n2588045/n27271785/n27271792/c14159097/content.html (arna rochtain an 6 Nollaig 2023).

    (27)  Féach: www.cqgt.cn (arna rochtain an 6 Nollaig 2023).

    (28)  Féach: https://www.magang.com.cn/ (arna rochtain an 6 Nollaig 2023).

    (29)  Féach: https://www.qixin.com/company/ab02483a-5ed7-49fe-b6e6-8ea39dc4dc80 (arna rochtain an 7 Nollaig 2023).

    (30)  Féach: http://www.ansteel.cn/about/company_profile/ (arna rochtain an 10 Nollaig 2023).

    (31)  Féach: https://www.qcc.com/firm/d620835aaae14e62fdc965fd41a51d8d.html (arna rochtain an 7 Nollaig 2023).

    (32)  Féach: https://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/2022-02/08/content_5672513.htm (arna rochtain an 7 Nollaig 2023).

    (33)  Féach Roinn IV, Foroinn 3 den 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt.

    (34)  Féach: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/tz/art/2023/art_2a4233d696984ab59610e7498e333920.html (arna rochtain an 7 Nollaig 2023).

    (35)  Féach Plean Gníomhaíochta Trí Bliana Cúige Hebei maidir le Forbairt Braisle sa Slabhra Tionscal Cruach, Caibidil I, Roinn 3; atá le fáil ag: https://huanbao.bjx.com.cn/news/20200717/1089773.shtml (arna rochtain an 7 Nollaig 2023).

    (36)  Féach Plean Forfheidhmithe Henan maidir le hAthchóiriú agus Uasghrádú a dhéanamh ar an Tionscail Cruach le linn an 14ú Plean Cúig Bliana, Caibidil II, Roinn 3; atá le fáil ag: https://huanbao.bjx.com.cn/news/20211210/1192881.shtml (arna rochtain an 8 Nollaig 2023).

    (37)  Plean Oibre Chúige Jiangsu maidir leis an Earnáil Cruach a Athchóiriú agus a Uasghrádú agus Optamú a dhéanamh ar an Leagan Amach 2019-2025; atá le fáil ag: http://www.jiangsu.gov.cn/art/2019/5/5/art_46144_8322422.html (arna rochtain an 8 Nollaig 2023).

    (38)  An 14ú Plean Cúig Bliana do Chúige Shandong maidir leis an Tionscal Cruach a Fhorbairt; atá le fáil ag: http://gxt.shandong.gov.cn/art/2021/11/18/art_15681_10296246.html (arna rochtain an 8 Nollaig 2023).

    (39)  Plean Gníomhaíochta 2020 Chúige Shanxi maidir leis an Tionscal Cruach a Athrú agus a Uasghrádú; atá le fáil ag: http://gxt.shanxi.gov.cn/zfxxgk/zfxxgkml/cl/202110/t20211018_2708031.shtml (arna rochtain an 8 Nollaig 2023).

    (40)  An 14ú Plean Cúig Bliana de chuid Bhardas Liaoning Dalian chun Tionscal Monaraíochta a Fhorbairt: ‘ Faoi 2025, sroichfidh luach aschuir thionsclaíoch na n-amhábhar nua 15 mhilliún yuan, agus is léir go bhfuil feabhas tagtha ar chumas ráthaíochta trealaimh agus príomhábhair.’; atá le fáil ag: https://www.dl.gov.cn/art/2021/12/20/art_854_1995411.html (arna rochtain an 5 Nollaig 2023).

    (41)  Plean Gníomhaíochta Chúige Zhejiang chun Forbairt Ardchaighdeáin ar an Tionscal Cruach a Chothú: ‘ Cumaisc agus atheagrú fiontair a chothú, an próiseas comhchruinnithe a luathú, líon na bhfiontar bruithnithe cruach a laghdú go dtí thart ar 10 bhfiontar ’; atá le fáil ag: https://www.dl.gov.cn/art/2021/12/20/art_854_1995411.html (arna rochtain an 5 Nollaig 2023).

    (42)  Féach: http://www.ansteel.cn/dangdejianshe/dangjiandongtai/2023-03-17/12429.html (arna rochtain an 6 Nollaig 2023).

    (43)  Féach: https://www.baoganggf.com/ggry (arna rochtain an 13 Nollaig 2023).

    (44)  Féach: https://www.shougang.com.cn/sgweb/html/gsld.html (arna rochtain an 13 Nollaig 2023).

    (45)  Féach: https://www.handannews.com.cn/news/content/2023-05/20/content_20113749.html (arna rochtain an 9 Nollaig 2023).

    (46)  Féach: https://foundry.org.cn/%e5%8d%8f%e4%bc%9a%e7%ab%a0%e7%a8%8b (arna rochtain an 9 Nollaig 2023).

    (47)  Féach: https://www.chinafasten.com/ (arna rochtain an 6 Nollaig 2023).

    (48)  Féach: http://www.ansteel.cn/ (arna rochtain an 6 Nollaig 2023).

    (49)  Féach: http://file.finance.sina.com.cn/211.154.219.97:9494/MRGG/CNSESZ_STOCK/2023/2023-4/2023-04-29/9184004.PDF lch. 56 (arna rochtain an 6 Nollaig 2023).

    (50)  Tuarascáil, Cuid III, Caibidil 14, lgh. 346 ff.

    (51)  Féach 14ú Plean Cúig Bliana Dhaon-Phoblacht na Sine maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta agus Cuspóirí Fadraoin do 2035, Cuid III, Airteagal VIII, le fáil ag: https://cset.georgetown.edu/publication/china-14th-five-year-plan/ (arna rochtain an 13 Nollaig 2023).

    (52)  Féach go háirithe Ranna I agus II den 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt.

    (53)  Féach: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/tz/art/2023/art_2a4233d696984ab59610e7498e333920.html (arna rochtain an 13 Nollaig 2023).

    (54)  Féach an 14ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscal na nAmhábhar a Fhorbairt, lch. 22.

    (55)  Féach: https://en.ndrc.gov.cn/news/mediarusources/202203/t20220325_1320408.html (arna rochtain 5 Nollaig 2023).

    (56)  Féach Plean Gníomhaíochta Bhardas Hebei Tangshan maidir le Cruach agus Iarainn 1 + 3 2022, Caibidil 4, Roinn 2; atá le fáil ag: http://www.chinaisa.org.cn/gxportal/xfgl/portal/content.html?articleId=e2bb5519aa49b566863081d57aea9dfdd59e1a4f482bb7acd243e3ae7657c70b&columnId=3683d857cc4577e4cb75f76522b7b82cda039ef70be46ee37f9385ed3198f68a (arna rochtain an 13 Nollaig 2023).

    (57)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris 63; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris 33.

    (58)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncam, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income

    (59)  Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ina bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar féachaint ar tháirge a tháirgtear san aicme agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna agus an táirge faoi athbhreithniú.

    (60)   https://www.tnb.com.my/commercial-industrial/pricing-tariffs1

    (61)   https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/sntep/publicacoes/boletins-mensais-de-energia/2022-2/ingles

    (62)   http://www.mea.or.th/en/profile/109/114

    (63)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33) arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/749 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2017 (IO L 113, 29.4.2017, lch. 11).

    (64)   https://data.tuik.gov.tr/Bulten/DownloadIstatistikselTablo?p=tg4QGRdNcBVDQo/mmOOyD/8g3GlHdKhwM0SMnhh4V/APyz9UrZvk0kK90vktK5jo

    (65)   http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm

    (66)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33). Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.

    (67)  Tá na costais saothair le fáil ag https://data.tuik.gov.tr/Bulten/DownloadIstatistikselTablo?p=tg4QGRdNcBVDQo/mmOOyD/8g3GlHdKhwM0SMnhh4V/APyz9UrZvk0kK90vktK5jo

    (68)   https://data.tuik.gov.tr/Bulten/Index?p=Consumer-Price-Index-December-2022-49651&dil=2

    (69)  Ar chúiseanna rúndachta, ní nochtar na sonraí tomhaltais sna hiarscríbhinní ábhartha maidir leis an leictreachas.

    (70)   https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/sntep/publicacoes/boletins-mensais-de-energia/2022-2/ingles

    (71)   https://www.tnb.com.my/commercial-industrial/pricing-tariffs1

    (72)   http://www.mea.or.th/en/

    (73)   http://www.mea.or.th/en/profile/109/114

    (74)   https://www.celikhalat.com.tr/images/uploaded/Celik%20Halat%20SPK_30.09.22%20.pdf

    (75)  Féach roinn 5.2 den leagan neamhrúnda den iarraidh ar athbhreithniú éaga, mar aon le roinn 1 den leagan neamhrúnda d’aighneacht EWRIS an 15 Feabhra 2024.

    (76)  Leathanaigh 15, 21-23 den Tuarascáil a bhfuil sliocht di le fáil in Iarscríbhinn 10 a ghabhann leis an leagan neamhrúnda den iarraidh ar athbhreithniú éaga. Tá an tuarascáil iomlán ar fáil go poiblí ón bhfoilsitheoir ar íocaíocht.

    (77)  Féach aithris (60) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/607 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018.

    (78)  Féach mír 26 den leagan neamhrúnda den iarraidh ar athbhreithniú éaga.

    (79)  Féach mír 5.2.b den leagan neamhrúnda den iarraidh ar athbhreithniú éaga.

    (80)  Féach míreanna 30 agus 95 den leagan neamhrúnda den iarraidh ar athbhreithniú éaga.

    (81)  Féach míreanna 5 agus 98 den leagan neamhrúnda den iarraidh ar athbhreithniú éaga, mar aon le roinn 1 den leagan neamhrúnda d’aighneacht EWRIS an 15 Feabhra 2024.

    (82)   https://ad-notification.wto.org/explore-data/measures

    (83)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (84)  Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/1624 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/607 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun allmhairí téad agus cáblaí cruach arna gcur chun bealaigh ó Mharacó agus ó Phoblacht na Cóiré a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 244, 21.9.2022, lch. 8).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1666/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Az oldal tetejére