Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1617

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1617 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 lena gcuirtear allmhairí dé-ocsaíd tíotáiniam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe

    C/2024/3666

    IO L, 2024/1617, 7.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1617/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1617/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1617

    7.6.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1617 ÓN gCOIMISIÚN

    an 6 Meitheamh 2024

    lena gcuirtear allmhairí dé-ocsaíd tíotáiniam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

    Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 13 Samhain 2023, le fógra arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (‘an fógra tionscnaimh’), d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) go gcuirfí tús le himeachtaí frithdhumpála (‘na himeachtaí frithdhumpála’) i ndáil le hallmhairí dé-ocsaíd tíotáiniam (‘TiO2’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (an tSín) isteach san Aontas tar éis gearán a chuir an Chomhghuaillíocht Eorpach Ad Hoc um Dé-Ocsaíd Tíotáiniam (‘ETDC’ nó ‘an gearánach’) isteach an 29 Meán Fómhair 2023 thar ceann táirgeoirí arb iad is cúis le breis agus 25 % den táirgeadh iomlán san Aontas de TiO2.

    1.   TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR CLÁRÚCHÁIN

    (2)

    Is é an táirge atá faoi réir clárúcháin (‘an táirge lena mbaineann’) dé-ocsaíd tíotáiniam, ag a bhfuil an fhoirmle cheimiceach TiO2, i ngach foirm, mar ocsaídí tíotáiniam nó i líocha agus ullmhóidí atá bunaithe ar dhé-ocsaíd tíotáiniam, ina bhfuil cion nach lú ná 80 % de dhé-ocsaíd tíotáiniam de réir meáchain arna ríomh de réir an ábhair thirim, agus ag a bhfuil méideanna cáithníní de gach saghas, a aicmítear faoi Uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán (CAS RN) 12065-65-5 agus 13463-67-7, ar de thionscnamh na Síne iad.

    (3)

    Aicmítear an táirge lena mbaineann faoi chóid AC ex 2823 00 00 agus 3206 11 00 (cóid TARIC 2823000010 agus 2823000030).

    2.   IARRAIDH

    (4)

    Sa ghearán, chuir an gearánach iarraidh ar chlárúchán isteach de bhun Airteagal 14(5) den ‘bhun-Rialachán’, agus d’athdhearbhaigh sé an iarraidh le tuilleadh argóinteachta in aighneachtaí a rinneadh an 8 Márta 2024, an 3 Aibreán 2024, agus an 23 Aibreán 2024. D’iarr an gearánach go gcuirfí allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir clárúchán ionas go bhféadfaí bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin i leith na n-allmhairí sin ó dháta an chlárúcháin sin. Rinne roinnt páirtithe leasmhara aighneachtaí inar cuireadh i gcoinne chlárú na n-allmhairí, aighneachtaí a ndéantar tuairisc orthu agus a dtugtar aghaidh orthu sna ranna ábhartha thíos.

    3.   NA FORAIS LE CLÁRÚCHÁN A DHÉANAMH

    (5)

    De réir Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt do na húdaráis chustaim na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí a chlárú, ionas go bhféadfar bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin i gcoinne na n-allmhairí sin ó dháta an chláraithe sin. Féadfar allmhairí a chur faoi réir clárúcháin tar éis iarraidh a fháil ó thionscal an Aontais ina bhfuil fianaise leordhóthanach chun údar a thabhairt chuige sin.

    (6)

    De réir an ghearánaigh, tá údar maith leis an gclárúchán toisc go bhfuil coinníollacha Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán comhlíonta. Go háirithe, d’áitigh an gearánach go raibh an táirge lena mbaineann á dhumpáil isteach san Aontas, ar mhéideanna a bhí ag méadú i rith an ama, tar éis na himeachtaí a thionscnamh, rud a rinne díobháil shuntasach do thionscal an Aontais agus a bhain an bonn d’éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna cinntitheacha poitéinsiúla.

    (7)

    Rinne an Coimisiún scrúdú ar an bhfianaise a bhí ar fáil dó i bhfianaise Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán. D’fhíoraigh an Coimisiún an raibh na hallmhaireoirí ar an eolas faoin dumpáil i dtaobh mhéid na dumpála agus na díobhála líomhnaithe nó cruthaithe dá bharr, nó ar cheart iad a bheith ar an eolas faoi. Rinne sé anailís freisin féachaint an raibh ardú substaintiúil breise ann ó thaobh allmhairí, ardú is dócha a bhainfeadh an bonn go tromchúiseach d’éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála a bheadh le cur i bhfeidhm, i bhfianaise uainiú, méide agus cúinsí eile a bhain leis an ardú suntasach sin.

    3.1.   Feasacht na n-allmhaireoirí ar an dumpáil, ar mhéid na dumpála agus ar an díobháil líomhnaithe

    (8)

    Mhaígh roinnt páirtithe leasmhara nach raibh aon fhianaise ann ar dhumpáil toisc go raibh praghsanna allmhairí an táirge lena mbaineann ón tSín ag ardú le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

    (9)

    Cé gur gné amháin den anailís iad praghsanna na n-allmhairí, ag an bpointe seo, tá fianaise leordhóthanach ag an gCoimisiún go bhfuil allmhairí an táirge lena mbaineann ón tSín á ndumpáil. Go háirithe, sholáthair an gearánach fianaise maidir leis an ngnáthluach bunaithe ar an gcostas iomlán táirgthe móide méid réasúnach le haghaidh costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus le haghaidh na brabús, bunaithe ar rogha na Brasaíle mar thír ionadaíoch.

    (10)

    Tá an fhianaise bunaithe ar chomparáid a dhéanamh idir an gnáthluach a suíodh agus praghas onnmhairiúcháin (ar leibhéal díreach ón monarcha) an táirge lena mbaineann nuair a dhíoltar é lena onnmhairiú chuig an Aontas. Ar an iomlán agus i bhfianaise mhéid na gcorrlach dumpála idir 42 % agus 66 % a líomhnaítear, cuirtear leis an bhfianaise sin tacaíocht leordhóthanach ar fáil ar an gcéim seo go ndéanann na táirgeoirí onnmhairiúcháin dumpáil. Ina theannta sin, chuir an gearánach fianaise leordhóthanach ar fáil maidir le díobháil líomhnaithe. Bhí an fhaisnéis sin san fhógra tionscnaimh faoi na himeachtaí seo a foilsíodh an 13 Samhain 2023.

    (11)

    Le foilsiú an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, cuireadh allmhaireoirí ar an eolas faoin dumpáil, nó ba cheart ar a laghad an foilsiú sin a fhágáil go raibh siad ar an eolas faoin dumpáil. Is doiciméad poiblí é an fógra tionscnaimh a bhfuil rochtain ag gach páirtí leasmhar air, go háirithe allmhaireoirí. Thairis sin, mar pháirtithe leasmhara san imscrúdú, tá rochtain ag allmhaireoirí ar an leagan neamhrúnda den ghearán. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh na hallmhaireoirí ar an eolas faoi na cleachtais dumpála líomhnaithe, faoi mhéid na dumpála agus faoin díobháil líomhnaithe ag an am sin, nó gur cheart dóibh a bheith ar an eolas faoi na nithe sin.

    3.2.   Ardú suntasach breise sna hallmhairí

    (12)

    San iarraidh uaidh ar chlárúchán ón 8 Márta 2024, mhaígh an gearánach go raibh ardú suntasach ar allmhairí tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh ar bhonn sonraí onnmhairiúcháin chuig an Aontas a thuairiscigh Riarachán Ginearálta Custaim na Síne (‘GCAC’). Ní raibh na sonraí sin ar fáil ach go dtí mí na Nollag 2023. In aighneacht ina dhiaidh sin a rinneadh an 3 Aibreán 2024, chomhlánaigh an gearánach na figiúirí sin le sonraí onnmhairiúcháin le haghaidh mhí Eanáir 2024, ar sonraí iad a d’fhoilsigh GCAC freisin, agus le sonraí onnmhairiúcháin le haghaidh mhí Feabhra 2024 ó IHS agus S&P global. Léirigh na sonraí sin méadú ar allmhairí sa tréimhse 3 mhí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe seo (mí na Nollag 2023 – mí Feabhra 2024) i gcomparáid leis an tréimhse chéanna bliain roimhe sin, chomh maith le méadú de réir a chéile mí ar mhí, le titim bheag i mí Feabhra 2024 i gcomparáid le mí Eanáir 2024.

    (13)

    Chuir páirtithe eile aighneachtaí isteach ina ndearnadh comparáid idir sonraí allmhairiúcháin ó thréimhsí éagsúla chun a thaispeáint nach bhfuil aon mhéadú iarbhír ar allmhairí ann. Ar an gcaoi chéanna, mhaígh roinnt de na páirtithe sin freisin gurbh é gnáthshéasúracht an éilimh ar TiO2 ba chúis leis an méadú mí ar mhí ar allmhairí a chonacthas sna 3 mhí tar éis an tionscnaimh, i gcomparáid le míonna roimhe sin, agus nach bhféadfaí é a léirmhíniú mar mhéadú substaintiúil ar allmhairí chun údar a thabhairt le clárú.

    (14)

    Rinne an Coimisiún a mheasúnú féin ar bhonn sonraí iomlána agus nuashonraithe atá ar fáil i mbunachar sonraí Comext (Eurostat).

    (15)

    Bunaithe ar na sonraí a bhí ar fáil, rinne an Coimisiún comparáid idir leibhéal na n-allmhairí ó na chéad trí mhí iomlána tar éis thionscnamh an imscrúdaithe (mí na Nollag 2023 go mí Feabhra 2024) agus méideanna comhfhreagracha na n-allmhairí sa tréimhse chéanna sa tréimhse imscrúdúcháin.

    (16)

    Le sonraí Eurostat, soláthraítear anailís iomlán ar éabhlóid allmhairí an táirge lena mbaineann isteach san Aontas. Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ón tSín:

    Allmhairí ón tSínmí na Nollag go mí Feabhra ó bhliain go bliain

     

    Mí na Nollag 2022 – mí Feabhra 2023

    Mí na Nollag 2023 – mí Feabhra 2024

    An meán míosúil: mí na Nollag 2022 – mí Feabhra 2023

    An meán míosúil: mí na Nollag 2023 – mí Feabhra 2024

    Athrú

    Allmhairí ón tSín chuig an Aontas (tonaí)

    40 326

    49 195

    13 442

    16 398

    +22 %

    Foinse: Comext (Eurostat).

    (17)

    Ag an gcéim seo den imscrúdú, agus bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil, thug an Coimisiún dá aire go bhféadfadh sé go mbaineann séasúracht áirithe le héileamh an Aontais ar TiO2 i rith na bliana. Dá bhrí sin, cé go léirítear le meánmhéid míosúil na n-allmhairí sna chéad 3 mhí iomlána tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh laghdú 6 % i gcomparáid le meánmhéid míosúil na n-allmhairí sa tréimhse imscrúdúcháin iomlán, mheas an Coimisiún, agus comparáid á déanamh idir an tréimhse 3 mhí tar éis an cás a thionscnamh agus an tréimhse chéanna sa tréimhse imscrúdúcháin, go bhfuil an modh sa Tábla thuas níos iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar mhéadú ar allmhairí.

    (18)

    Ar deireadh, mheas an Coimisiún gur argóintí gan bhunús iad na hargóintí chun bheith ag brath ar staidreamh onnmhairiúcháin na Síne chun méadú ar allmhairí a chinneadh, ós rud é go raibh an Coimisiún in ann sonraí allmhairiúcháin Eurostat a úsáid chun anailís a dhéanamh ar éabhlóid allmhairí an táirge lena mbaineann isteach san Aontas.

    (19)

    Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún go léiríodh méadú substaintiúil ar allmhairí leis na figiúirí sa Tábla thuas.

    3.3.   An bonn a bhaint d’éifeacht cheartaitheach na dleachta

    (20)

    Tá fianaise leordhóthanach ag an gCoimisiún go mbeadh díobháil bhreise ann mar thoradh ar mhéadú leanúnach ar allmhairí ón tSín ar phraghsanna a bheadh ag laghdú a thuilleadh.

    (21)

    Mar a shuítear in aithrisí (16) go (19), tá fianaise leordhóthanach ann go bhfuil ardú substaintiúil tagtha ar allmhairí an táirge lena mbaineann. Thairis sin, bhí fianaise leordhóthanach sa ghearán ar an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú sa ghearán, bhí na mór-tháscairí díobhála uile ag laghdú. Tháinig laghdú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais ó bhrabúsacht shláintiúil + 10,2 % go caillteanais – 3,1 %, de réir mar a tháinig laghdú ar a mhéideanna díolacháin, ar a úsáid acmhainneachta, ar a sciar den mhargadh agus ar a shreabhadh airgid. Dá bhrí sin, de réir na fianaise atá ar fáil don Choimisiún, d’fhéadfadh aon mhéadú den sórt sin ar allmhairí an bonn a bhaint go mór d’éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna a d’fhéadfadh a bheith ann trí dhíobháil bhreise a dhéanamh do thionscal an Aontais.

    (22)

    Ina theannta sin, tá fianaise ann go bhfuil treocht atá ag laghdú ann i bpraghsanna allmhairí an táirge lena mbaineann tar éis thionscnamh an imscrúdaithe. Trí chomparáid a dhéanamh idir an meánphraghas allmhairiúcháin sna 3 mhí tar éis thionscnamh an cháis (2,14 EUR/kg) agus an meánphraghas allmhairiúcháin sa tréimhse chéanna sa tréimhse imscrúdúcháin (2,37 EUR/kg), léiríodh gur tháinig laghdú 10 % ar mheánphraghas na n-allmhairí ón tSín isteach san Aontas.

    (23)

    Mhaígh ceann de na páirtithe nach bhféadfadh allmhairí ón tSín an bonn a bhaint d’éifeacht cheartaitheach na dleachta toisc go raibh praghsanna Síneacha ag méadú gach mí tar éis an cás a thionscnamh. Le sonraí Eurostat, léiríodh gur tháinig méadú ar phraghsanna allmhairiúcháin TiO2 ó EUR 2,11/kg i mí na Nollag 2023 go EUR 2,17/kg i mí Feabhra 2024, is é sin méadú díreach faoi bhun 3 %. Mar a léirítear san aithris thuas, áfach, tháinig laghdú 10 % ar an meánphraghas allmhairiúcháin a breathnaíodh sna 3 mhí tar éis thionscnamh an cháis i gcomparáid leis an tréimhse chéanna sa tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

    (24)

    Thairis sin, bhí an gearán ag brath ar anailís sonraí margaidh tríú páirtí inar measadh go mbeadh acmhainneacht táirgeachta TiO2 na Síne in 2023 ag [4,9 – 5,1] milliún tona, agus is mó sin ná tomhaltas intíre dúbailte na Síne agus [70 – 80] % den tomhaltas domhanda iomlán. Dá bhrí sin, tá fianaise leordhóthanach ag an gCoimisiún ag an gcéim seo gur ann do ró-acmhainneacht sa tSín.

    (25)

    Dá bhrí sin, i bhfianaise uainiú agus mhéid an mhéadaithe breise sin ar allmhairí tar éis an cás a thionscnamh, phraghas íseal na n-allmhairí sin agus imthosca eile (mar shampla, ró-acmhainneacht sa tSín), is dócha go mbainfidh an t-ardú breise an bonn go mór d’éifeacht cheartaitheach aon dleachta cinntithí.

    3.4.   Conclúid

    (26)

    Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur iomchuí allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir clárúchán i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán frithdhumpála.

    4.   NÓS IMEACHTA

    (27)

    Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil. Féadfaidh an Coimisiún éisteacht le páirtithe leasmhara, ar choinníoll go ndéanann siad iarraidh i scríbhinn agus go dtaispeánann siad go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht a thabhairt dóibh.

    5.   CLÁRÚ

    (28)

    Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, ba cheart allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir clárúcháin chun a áirithiú go bhféadfar na dleachtanna sin a ghearradh go cúlghabhálach, má chomhlíontar na coinníollacha is gá, ar na hallmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, i gcás ina mbeadh torthaí ar na himscrúduithe as a dtiocfadh forchur dleachtanna frithdhumpála.

    (29)

    Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála a thiocfadh sé.

    (30)

    Maidir leis na líomhaintí sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlach dumpála ó 42 % go 66 % agus meánleibhéal díothaithe díobhála 31 % a bheith ann le haghaidh an táirge lena mbaineann. De ghnáth, d’fhéadfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a mheas ag an leibhéal díothaithe díobhála a mheastar sa ghearán, is é sin 31 % ad valorem de luach allmhairiúcháin CAL an táirge lena mbaineann. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, áfach, go bhfuil coinníollacha Airteagal 7(2a) agus 7(2b) den bhun-Rialachán á gcomhlíonadh, is é sin go bhféadfaí an corrlach dumpála a mheas mar léiriú ar an díobháil a bhain do thionscal an Aontais, d’fhéadfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ag 66 %, leibhéal an chorrlaigh dumpála, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán.

    6.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

    (31)

    Déanfar aon sonraí pearsanta a bailíodh i gcomhthéacs an chlárúcháin seo a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí dé-ocsaíd tíotáiniam, ag a bhfuil an fhoirmle cheimiceach TiO2, isteach san Aontas a chlárú, i ngach foirm, mar ocsaídí tíotáiniam nó i líocha agus ullmhóidí atá bunaithe ar dhé-ocsaíd tíotáiniam, ina bhfuil cion nach lú ná 80 % de dhé-ocsaíd tíotáiniam de réir meáchain arna ríomh de réir an ábhair thirim, agus ag a bhfuil méideanna cáithníní de gach saghas, a aicmítear faoi Uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán (CAS RN) 12065-65-5 agus 13463-67-7, a thagann faoi chóid AC ex 2823 00 00 agus 3206 11 00 (cóid TARIC 2823000010 agus 2823000030) faoi láthair agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

    2.   Rachaidh an clárú in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    3.   Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn, fianaise thacaíochta a sholáthar nó éisteacht a iarraidh laistigh de 21 lá ó dháta foilsithe an Rialacháin seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meitheamh 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

    (2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1617/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top