Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1388

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1388 ón gCoimisiún an 11 Márta 2024 lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2623 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhionsonraí na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iarthair a shonrú le haghaidh na tréimhse 2024-2027

C/2024/1411

IO L, 2024/1388, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1388/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1388/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1388

22.5.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1388 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Márta 2024

lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2623 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhionsonraí na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iarthair a shonrú le haghaidh na tréimhse 2024-2027

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic a dhéantar a iascach in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus d’iascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/1139 agus (AE) 2018/973 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2623 (2) ón gCoimisiún, sonraítear mionsonraí maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iarthair le haghaidh na tréimhse 2024-2027. Tá earráid sa Rialachán sin i dtaca le hainmniú roinn ICES i ndáil le cur i bhfeidhm na díolúine inmharthanachta maidir leis an leathóg.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 6(1), pointe f de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2623 a cheartú dá réir sin.

(3)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag an gceartúchán dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta ag soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe.

(4)

Ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2024,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

‘(f)

Ranna 7b go 7k ICES le saighní (SSC)’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 83, 25.3.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2623 ón gCoimisiún an 22 Lúnasa 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhionsonraí na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iarthair a shonrú le haghaidh na tréimhse 2024-2027, (IO L, 2023/2623, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2623/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1388/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top