EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1307

Rialachán (AE) 2024/1307 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1232 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/52/2024/REV/1

IO L, 2024/1307, 14.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1307/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1307/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1307

14.5.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1307 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1232 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2), i gcomhar le hAirteagal 114(1), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) déantar foráil maidir le córas sealadach a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe áirithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac, go dtí go ndéanfar creat dlíthiúil fadtéarmach lena dtugtar aghaidh ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosc agus a chomhrac (‘an creat dlíthiúil fadtéarmach’) a ullmhú agus a ghlacadh. Tá feidhm ag an Rialachán sin go dtí an 3 Lúnasa 2024.

(2)

An togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac, a ghlac an Coimisiún an 11 Bealtaine 2022, is é is aidhm don togra an creat dlíthiúil fadtéarmach sin a sholáthar. Mar sin féin, níor cuireadh tús leis an gcaibidlíocht idirinstitiúideach maidir leis an togra sin go fóill agus tá sé cinnte nach dtabharfar i gcrích í in am chun an creat dlíthiúil fadtéarmach, lena n-áirítear aon leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1232 a d’fhéadfadh a bheith ann, a ghlacadh, a theacht i bhfeidhm agus a chur i bhfeidhm faoin 4 Lúnasa 2024.

(3)

Tá sé tábhachtach go bhféadfar mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac go héifeachtach, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais, lena n-áirítear na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1232, agus gan bhriseadh go dtí go dtabharfar an chaibidlíocht idirinstitiúideach maidir leis an togra le haghaidh creat dlíthiúil fadtéarmach i gcrích agus go dtí go nglacfar é, go dtí go dtiocfaidh sé in bhfeidhm, agus go dtí go gcuirfear i bhfeidhm é. Cuireann na comhreachtóirí in iúl go bhfuil siad tiomanta do theacht ar chomhaontú maidir leis an gcreat dlíthiúil fadtéarmach a luaithe is féidir, agus d’fhonn aon síntí breise ar Rialachán (AE) 2021/1232 a sheachaint amach anseo.

(4)

I bhfianaise na n-imthosca ar leith, ba cheart Rialachán (AE) 2021/1232 a leasú chun síneadh a chur lena thréimhse feidhme ar feadh tréimhse ama atá teoranta go dtí an méid a bhfuil géarghá léi chun an creat dlíthiúil fadtéarmach a ghlacadh agus chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Tá sé ríthábhachtach a thabhairt faoi deara gur síneadh eisceachtúil é an síneadh sin agus nár cheart fasach a bhunú leis le haghaidh síntí breise. Ceapadh Rialachán (AE) 2021/1232 ar dtús mar ionstraim idirthréimhseach shealadach a fheidhmíonn mar nasc idir cur chun feidhme Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lenar tugadh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir laistigh de raon feidhme Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ón 21 Nollaig 2020, agus bunú an chreata dhlíthiúil fhadtéarmaigh. Murab ionann agus a bhfuil na comhreachtóirí ag súil leis, is gá síneadh a chur le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/1232, toisc nach ann do chreat dlíthiúil fadtéarmach comhaontaithe.

(5)

De bhun Rialachán (AE) 2021/1232, chun go mbeidh feidhm ag an maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE, ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir tuarascáil a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid an údaráis mhaoirseachta inniúil agus an Choimisiúin maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán sin.

(6)

I bhfianaise na tuarascála ón gCoimisiún ar chur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/1232, is gá tuairisciú don Choimisiún ó na Ballstáit agus ó sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir araon a fheabhsú. Tá sé tábhachtach a chur i bhfáth freisin gur cheart don Choimisiún tuairisciú ar chur chun feidhme Rialachán (AE) 2021/1232 ar bhealach tráthúil.

(7)

Chun tuairisciú ó sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a éascú, go háirithe chun a áirithiú go bhfuil a dtuarascálacha meaisín-inléite agus so-inrochtana, ba cheart formáid choiteann tuairiscithe a bhunú le haghaidh na dtuarascálacha sin.

(8)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le hAirteagal 3(1), pointe (g)(vii), de Rialachán (AE) 2021/1232 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(9)

I bhfianaise an ghá atá ann deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ar bhealach tráthúil agus i bhfianaise chineál teoranta na leasuithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, eadhon síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm an chórais shealadaigh agus cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun formáid choiteann tuairiscithe a bhunú, is iomchuí a fhoráil gur cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(10)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus thug an Maoirseoir tuairim an 24 Eanáir 2024.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/1232 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1232 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   Cuirfear na sonraí a áirítear sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, pointe (g)(vii), ar fáil i scríbhinn trí bhíthin foirm chaighdeánach. Faoin 3 Nollaig 2024 ar a dhéanaí, cinnfidh an Coimisiún ábhar agus cur i láthair na foirme sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Agus é sin á dhéanamh aige, féadfaidh an Coimisiún na catagóirí sonraí a liostaítear i mír 1, pointe (g)(vii), a roinnt ina bhfochatagóirí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 9a(2).

’;

(2)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Ar bhonn na dtuarascálacha arna dtíolacadh de bhun Airteagal 3(1), pointe (g)(vii), agus ar bhonn an staidrimh arna sholáthar de bhun Airteagal 8, déanfaidh an Coimisiún, faoin 4 Meán Fómhair 2025, tuarascáil a ullmhú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í.

’;

(3)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 9a

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

’;

(4)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘Beidh feidhm aige go dtí an 3 Aibreán 2026.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Aibreán 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MICHEL


(1)  Tuairim an 17 Eanáir 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Aibreán 2024.

(3)  Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac (IO L 274, 30.7.2021, lch. 41).

(4)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(5)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáid leictreonach (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1307/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top