EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1290

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1290 ón gCoimisiún an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun sorbáit photaisiam a áireamh mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis

C/2024/1235

IO L, 2024/1290, 6.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1290/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1290/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1290

6.5.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1290 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Feabhra 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun sorbáit photaisiam a áireamh mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha (1) a úsáid agus a chur ar fáil ar an margadh, agus go háirithe Airteagal 28(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 4 Aibreán 2022, fuair an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) iarratas ar nítrigin a ghintear ón aer comhthimpeallach a áireamh mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, a cuireadh faoina bráid i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 88/2014 (2) ón gCoimisiún. Is é údarás inniúil na Gearmáine a rinne meastóireacht ar an iarratas.

(2)

Chuir an t-údarás inniúil meastóireachta an tuarascáil mheasúnachta, mar aon lena chonclúidí, faoi bhráid na Gníomhaireachta an 14 Deireadh Fómhair 2022. Agus an tuarascáil mheasúnachta curtha isteach, tionóladh pléití ag cruinnithe teicniúla a d’eagraigh an Ghníomhaireacht.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 75(1), an dara fomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ullmhaíonn an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht maidir leis na hiarratais ar shubstaintí gníomhacha a áireamh in Iarscríbhinn I. I gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán (AE) Uimh. 88/2014 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 75(1) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht an 1 Márta 2023 (3), ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta.

(4)

Sa tuairim uaithi, tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid nach ábhar imní í nítrigin a ghintear ón aer comhthimpeallach de réir bhrí Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, agus gur féidir í a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin dá bhrí sin, ar choinníoll go gcuimseofaí sna hiarratais ar údaruithe táirge fianaise go seachnaítear nochtadh an úsáideora agus an phobail i gcoitinne d’atmaisféar hiopocsach agus, i gcás inarb iomchuí, go nglactar na bearta is gá.

(5)

Agus an tuairim ón nGníomhaireacht á cur san áireamh, is iomchuí nítrigin a ghintear ón aer comhthimpeallach a áireamh in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, faoi réir chomhlíonadh an choinníll arna leagan amach ag an nGníomhaireacht. Ós rud é go n-áirítear nítrigin in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ba cheart di a bheith san áireamh i gcatagóir 2 ‘Substaintí a áirítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 1907/2006’ de Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/2022-04-15

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 88/2014 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2014 lena sonraítear nós imeachta maidir le leasú Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh agus a úsáid (IO L 32, 1.2.2014, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/88/oj).

(3)  Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha ar iarratas na substainte gníomhaí nítrigin a ghintear ón aer comhthimpeallach ar a bheith san áireamh in Iarscríbhinn I, catagóir 2; ECHA/BPC/372/2023; arna glacadh an 1 Márta 2023.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), agus lena gcruthaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE, Treoir 93/67/CEE, Treoir 93/105/CE agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/2014-04-10).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, i gCatagóir 2 de Liosta de na substaintí gníomhacha dá dtagraítear in Airteagal 25(a), cuirtear an iontráil seo a leanas léi:

Uimhir EC

Ainm/grúpa

Srian

Nóta tráchta

‘—

Nítrigin a ghintear ón aer comhthimpeallach

Ba cheart fianaise a bheith san áireamh le hiarratais ar údaruithe táirge go seachnaítear nochtadh an úsáideora agus an phobail i gcoitinne d’atmaisféar hiopocsa agus, i gcás inarb iomchuí, go ndéantar na bearta is gá.

—’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1290/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top