EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1230

Rialachán (AE) 2024/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 80/2009, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe i réimsí an iompair de bhóthar agus na heitlíochta (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

PE/26/2024/REV/1

IO L, 2024/1230, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1230/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1230/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1230

29.4.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1230 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Aibreán 2024

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 80/2009, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe i réimsí an iompair de bhóthar agus na heitlíochta

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun faireachán cuí ar an reachtaíocht agus forfheidhmiú ceart na reachtaíochta a áirithiú. Mar sin féin, tá sé tábhachtach ceanglais den sórt sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfar leo an cuspóir dár beartaíodh iad agus chun an t-ualach riaracháin a theorannú.

(2)

I Rialacháin (CE) Uimh. 80/2009 (3), (AE) Uimh. 996/2010 (4) agus (AE) Uimh. 165/2014 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tá roinnt ceanglas tuairiscithe i réimsí an iompair de bhóthar agus na heitlíochta, rud ba cheart a shimpliú i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 dar teideal ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 80/2009, ceanglaítear ar gach díoltóir córais córas áirithinte ar ríomhairí (CARanna) tuarascáil iniúchta neamhspleách a thíolacadh ina mbeidh tuairisc ar an struchtúr úinéireachta agus ar an múnla rialachais gach 4 ceithre bliana agus, ina theannta sin, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún.

(4)

Tá sé beartaithe go gcuirfidh an oibleagáid iniúchóireachta agus tuairiscithe a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 ar a chumas don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha sonracha maidir le máthair-iompróirí a leagtar síos leis an Rialachán sin. Tá sé d’aidhm ag na rialacha sin, go háirithe, cosc a chur ar mháthair-iompróirí idirdhealú a dhéanamh in aghaidh CARanna iomaíocha agus cosc a chur ar CARanna atá faoi úinéireacht na mháthair-iompróirí idirdhealú a dhéanamh in aghaidh iompróirí eile. Tugadh le fios sa mheastóireacht ar Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 a rinneadh in 2020 ag an gCoimisiún go bhféadfadh na rialacha sin maidir le máthair-iompróirí a bheith iomarcach toisc nach bhfuil CARanna faoi úinéireacht aerlínte a thuilleadh, agus nach bhfuil aon fhianaise ann go bhféachfadh aerlínte lena bhfáil mura mbeadh na rialacha sin ann. Dá bhrí sin, níl údar a thuilleadh le tuarascálacha iniúchta a thíolacadh gach 4 bliana. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún an chumhacht a choinneáil chun na tuarascálacha iniúchta a iarraidh nuair is gá, ionas go mbeidh sé in ann na rialacha maidir le máthair-iompróirí a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

(5)

Le Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, ceanglaítear go bhfoilseofar athbhreithniú sábháilteachta ar an leibhéal náisiúnta ar bhonn bliantúil, chun an pobal a chur ar an eolas faoin leibhéal ginearálta sábháilteachta eitlíochta. Bhí sé beartaithe leis an oibleagáid sin trédhearcacht a áirithiú maidir le staid fhoriomlán na sábháilteachta eitlíochta sna Ballstáit, agus go háirithe an méid a chuireann gníomhaíochtaí imscrúdaithe tionóiscí leis sin i bhfianaise chomhthéacs an Rialacháin seo. Mar sin féin, tá sí iomarcach anois i bhfianaise an athbhreithnithe bhliantúil sábháilteachta a d’fhoilsigh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh de bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), lena gcumhdaítear córas eitlíochta iomlán an Aontais, lena n-áirítear imscrúduithe tionóiscí.

(6)

Le Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ceanglaítear ar údaráis inniúla na mBallstát liostaí na bhfeisteoirí agus na gceardlann ceadaithe a fhéadfaidh suiteálacha, seiceálacha, cigireachtaí agus deisiúcháin a dhéanamh ar thacagraif agus na gcártaí arna n-eisiúint chucu a chur chuig an gCoimisiún, ar bhonn bliantúil agus go leictreonach, más féidir. Leis an Rialachán sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún freisin na liostaí sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.

(7)

Ós rud é go bhfuil cártaí ceardlainne bailí ar feadh aon bhliain amháin agus nach dtugann an teachtaireacht ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún ach spléachadh ar na ceardlanna ceadaithe agus na cártaí bailí arna n-eisiúint chucu, ní bheidh sciar méadaitheach de na cártaí ceardlainne a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin bailí a thuilleadh le linn na bliana dár gcionn. Dá bhrí sin, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit an fhaisnéis sin a fhoilsiú agus í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach ar shuíomh gréasáin atá ar fáil go poiblí. Ba cheart don Choimisiún liosta na suíomhanna gréasáin uile na mBallstát ar a bhfuil an fhaisnéis sin le fáil a fhoilsiú. Tá suíomhanna gréasáin den sórt sin ag roinnt Ballstát cheana. Dá bhrí sin, bheadh ualach riaracháin laghdaithe ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon mar thoradh ar an oibleagáid sin, agus laghdófaí na costais forfheidhmiúcháin do pháirtithe leasmhara, trína áirithiú go ndéanfaí faisnéis a dháileadh ar bhealach níos cothroime le dáta agus níos éifeachtaí.

(8)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Rialacháin (CE) Uimh. 80/2009, (AE) Uimh. 996/2010 agus (AE) Uimh. 165/2014 faoi seach a shimpliú, a ghnóthú go leordhóthanach, agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (CE) Uimh. 80/2009, (AE) Uimh. 996/2010 agus (AE) Uimh. 165/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 80/2009

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 80/2009:

‘Airteagal 12

Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar aon díoltóir córais tuarascáil iniúchta neamhspleách a thíolacadh ina mbeidh tuairisc ar an struchtúr úinéireachta agus ar an múnla rialachais. Is é an díoltóir córais a íocfaidh na costais a bhaineann leis an tuarascáil iniúchta.’.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 996/2010

In Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, scriostar mír 5.

Airteagal 3

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014

In Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát liostaí na gceardlann ceadaithe agus na gcártaí arna n-eisiúint chucu a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin atá ar fáil go poiblí, agus áiritheoidh siad go gcoimeádfar na liostaí sin cothrom le dáta, de réir mar is iomchuí, go bliantúil ar a laghad.

Foilsíodh an Coimisiún liosta na suíomhanna gréasáin náisiúnta sin ar a shuíomh gréasáin.’.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 24 Aibreán 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MICHEL


(1)   IO C, C/2024/1589, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1589/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2024.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le Cód Iompraíochta i dtaca le córais áirithinte ar ríomhairí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 ón gComhairle (IO L 35, 4.2.2009, lch. 47).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE (IO L 295, 12.11.2010, lch. 35).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1230/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top