Valitse kokeelliset ominaisuudet, joita haluat kokeilla

Tämä asiakirja on ote EUR-Lex-verkkosivustolta

Asiakirja 32024R1023

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1023 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh lachtíotól

    C/2024/2085

    IO L, 2024/1023, 9.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1023/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Asiakirjan oikeudellinen asema Voimassa

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1023/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1023

    9.4.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1023 ÓN gCOIMISIÚN

    an 8 Aibreán 2024

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh lachtíotól

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), go háirithe Airteagal 12 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

    (2)

    De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

    (3)

    Ar liosta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, áirítear lachtíotól mar bhia núíosach údaraithe.

    (4)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/450 ón gCoimisiún (3), údaraíodh, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lachtíotól a chur ar an margadh mar bhia núíosach lena úsáid i bhfoirm capsúil nó táibléid i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus atá beartaithe don phobal fásta.

    (5)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1293 ón gCoimisiún (6) údaraíodh leathnú ar úsáid an bhia núíosaigh lachtíotól i bhfoirm púdair ar an uasleibhéal údaraithe atá ann cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283.

    (6)

    An 31 Deireadh Fómhair 2023, chuir an chuideachta H.C. Clover Productos y Servicios, S.L., iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh lachtíotól a athrú i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. D’iarr an t-iarratasóir go n-áireofaí ampaill leachtanna, buidéil dáilte braoin agus cineálacha eile leachtanna comhchosúla, mar chineálacha ceadaithe lachtíotóil, lena n-úsáid i bhforbhianna.

    (7)

    Measann an Coimisiún nach dócha go mbeidh tionchar ag an nuashonrú a iarradh ar liosta an Aontais ar shláinte an duine agus nach gá don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) meastóireacht sábháilteachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283. An measúnú sábháilteachta atá mar bhonn le húdarú lachtíotóil ar uasleibhéal 20 g/lá i bhforbhianna, níl sé nasctha le foirm shonrach ina gcuirtear na forbhianna ar fáil don tomhaltóir agus, dá bhrí sin, ní dhéanann an fhoirm difear do phróifíl sábháilteachta an bhia núíosaigh. Tráth an údaraithe, bhí foirmeacha an bhia núíosaigh sin teoranta do chapsúil, do tháibléid nó do phúdair toisc gurb iad sin na foirmeacha a mhol an t-iarratasóir lena mbaineann. Ós rud é nach mbaineann na húsáidí atá beartaithe san iarratas seo ach le foirmeacha in ampaill leachtanna, i mbuidéil dáilte braoin agus i bhfoirmeacha comhchosúla eile leachtanna, agus na huasleibhéil údaraithe lachtíotóil i bhforbhianna á gcoinneáil an tráth céanna, measann an Coimisiún gur cheart coinníollacha úsáide lachtíotóil a theorannú don tagairt chineálach d’fhorbhianna agus dá bhfoirmeacha a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 2002/46/CE. Beidh sé sin comhsheasmhach leis na húdaruithe eile le haghaidh bianna núíosacha a úsáidtear i bhforbhianna nach bhfuil foirm an fhorbhia ábhartha dóibh maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh.

    (8)

    Is leor na forais atá san fhaisnéis a chuirtear ar fáil san iarratas chun a shuí go bhfuil na hathruithe a iarradh ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh, trí aon fhoirm lachtíotóil ceadaithe atá le húsáid i bhforbhianna a chur san áireamh, go bhfuil siad i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus gur cheart iad a fhormheas.

    (9)

    Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

    (10)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Aibreán 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 2017/351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/450 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena n-údaraítear lachtíotól a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 69, 15.3.2017, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2017/450/oj).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair bia núíosacha (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/258/oj).

    (5)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/46/oj).

    (6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1293 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh lachtíotól (IO L 243, 27.9.2018, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1293/oj).


    IARSCRÍBHINN

    I dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh ‘Lachtíotól’:

    Bia núíosach údaraithe

    Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

    Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

    Ceanglais eile

    ‘Lachtíotól;

    Catagóir shonraithe bhia

    Uasleibhéil

    ‘Lachtíotól’ a bheidh mar ainm an bhia núíosaigh ar lipéadú na bhforbhianna a bhfuil sé iontu’

     

    Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE atá beartaithe le haghaidh daoine fásta

    20  g/lá


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1023/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Alkuun