Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1022

    Rialachán (AE) 2024/1022 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2023/915 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil dé-ocsainiviléanóil i mbia

    C/2024/2079

    IO L, 2024/1022, 9.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1022/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1022/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1022

    9.4.2024

    RIALACHÁN (AE) 2024/1022 ÓN gCOIMISIÚN

    an 8 Aibreán 2024

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2023/915 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil dé-ocsainiviléanóil i mbia

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 2023/915 ón gCoimisiún (2) leagtar síos uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe, lena n-áirítear dé-ocsainivileanól (DON) i mbia.

    (2)

    In 2017 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir le rioscaí do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a bhaineann le láithreacht dé-ocsainiviléanóil agus a fhoirmeacha aicéitilithe agus modhnaithe i mbia agus beatha (3). Chinn an tÚdarás sa tuairim sin go mba cheart an iontógáil laethúil infhulaingthe (TDI) de 1 μg/kg de mheáchan coirp (bw) sa lá le haghaidh DON a mheas mar iontógáil laethúil infhulaingthe ghrúpa do shuim DON, 3-aicéitil-dé-ocsainiviléanóil (3-Aic-DON), 15-aicéitil-dé-ocsainiviléanóil (15-Aic-DON) agus dé-ocsainiviléanól-3-glúcóisíde (DON-3-glúcóisíd). D'fhonn an géarbhaol do shláinte an duine a mheas, ríomhadh géardháileog thagartha ghrúpa (ARfD) ina bhfuil 8 μg/kg de mheáchan coirp (bw) in aghaidh gach babhta ite. Bhí na meastacháin ar ghéartheagmhálacha cothúcháin faoi bhun na dáileoige sin agus ní raibh ábhar imní ann maidir le sláinte daoine i gceist leo. Ina ainneoin sin, ar an meán, bhí na meastacháin ar na teagmhálacha ainsealacha cothúcháin os cionn na hiontógála laethúla infhulaingthe grúpa do naíonáin, leanaí óga agus leanaí eile, agus ag teagmhálacha arda do dhéagóirí agus daoine fásta, rud a léirigh go raibh ábhar imní féideartha ann don tsláinte.

    (3)

    I bhfianaise thuairim an Údaráis, bhreithnigh an Coimisiún an fhéidearthacht maidir le huasleibhéil a shocrú do shuim DON, 3-Aic-DON, 15-Aic-DON agus DON-3-glúcóisíde. Ós rud é go bhfuil sonraí tarluithe srianta ann do shuim DON, 3-Aic-DON, 15-Aic-DON agus DON-3-glúcóisíde, áfach, agus ós rud é nach ndéantar anailís ar 3-Aic-DON, 15-Aic-DON agus, go háirithe, DON-3-glúcóisíd ar bhonn tráthrialta go fóill, níl faisnéis leormhaith ann i láthair na huaire chun uasleibhéil den sórt sin a shocrú go dtí go bhforbrófar an modh anailíse chun anailís thráthrialta a dhéanamh ar fhoirmeacha aicéitilithe agus modhnaithe DON a thuilleadh, agus go dtí do ndéanfar monatóireacht ar láithreacht DON agus a fhoirmeacha aicéitilithe agus modhnaithe. Idir an dá linn, chun ardleibhéal cosanta sláinte poiblí a áirithiú, is iomchuí na huasleibhéil reatha áirithe do DON a laghdú, i gcomhréir leis an bprionsabal go bhfuil uasleibhéil le socrú ag leibhéal atá chomh híseal agus is indéanta le réasún trí dhea-chleachtais chun íoslaghdú a dhéanamh ar éilliú a chur i bheidhm, agus trí na sonraí tarluithe is déanaí a chur san áireamh ar an mbealach sin.

    (4)

    Chun a áirithiú go gcuirfear dea-chleachtais talmhaíochta i bhfeidhm chun láithreacht DON a laghdú i ngránaigh, tá sé tábhachtach uasleibhéal a leagan síos do ghránaigh neamhphróiseáilte. Ós rud é go gcuirtear gráinní coirce neamhphróiseáilte ar an margadh agus crotal orthu roimh an muilleáil nó sula n-úsáidtear iad i dtáirgí gránaigh don tomhaltóir deiridh, ba cheart an t-uasleibhéal do DON i ngráinní coirce neamhphróiseáilte a chur i bhfeidhm maidir le gráinní coirce neamhphróiseáilte a bhfuil an crotal orthu, fiú amháin mura bhfuil an crotal inite.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/915 a leasú dá réir.

    (6)

    Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do bhia a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus é á chur san áireamh go bhfuil seilfré fhada ag táirgí bia áirithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

    (7)

    Chun é a chur ar a gcumas d'oibreoirí eacnamaíocha ullmhú do na rialacha nua arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse réasúnach go dtí go mbeidh na huasleibhéil nua i bhfeidhm.

    (8)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/915 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Earraí bia a liostaítear san Iarscríbhinn a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh an 1 Iúil 2024, féadfaidh siad fanacht ar an margadh go dtí an dáta íosmharthanachta nó an dáta deiridh úsáide.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2024.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Aibreán 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 103).

    (3)  Tuairim eolaíoch maidir le rioscaí do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a bhaineann le láithreacht dé-ocsainivileanóil agus a fhoirmeacha aicéitilithe agus modhnaithe i mbia agus beatha. EFSA Journal [Iris EFSA], 2017;15(9):4718, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2017.4718.


    IARSCRÍBHINN

    I roinn 1 (míceatocsainí) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/915, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 1.4 (dé-ocsainivileanól):

    1.4

    Dé-ocsainivileanól

    Uasleibhéal (μg/kg)

    Tráchtanna

    1.4.1.

    Gráinní gránaigh neamhphróiseáilte seachas na táirgí a liostaítear in 1.4.2 agus 1.4.3

    1 000

    Seachas gráinní arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte atá le próiseáil trí fhliuchmhuilleáil agus seachas rís.

    Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráinní gránaigh neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh le haghaidh próiseáil chéadchéime (6).

    1.4.2

    Gráinní cruithneachta crua neamhphróiseáilte agus gráinní arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte

    1 500

    Seachas gráinní arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte a bhfuil sé soiléir ina leith e.g. trí lipéadú nó trí cheann scríbe, go bhfuil sé beartaithe iad a úsáid i bpróiseas fliúchmhuilleála amháin (táirgeadh stáirse).

    Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráinní cruithneachta crua neamhphróiseáilte agus gráinní arbhair Indiaigh neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh le haghaidh próiseáil chéadchéime (6).

    1.4.3

    Gráinní coirce neamhphróiseáilte a bhfuil crotal do-ite orthu

    1 750

    Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráinní coirce neamhphróiseáilte a bhfuil crotal orthu a chuirtear ar an margadh le haghaidh próiseáil chéadchéime (6).

    Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gráinní coirce a bhfuil crotal do-ite orthu.

    1.4.4

    Gránaigh a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh, arbhar Indiach lena bpléascadh agus grán rósta

    750

    Seachas rís.

    1.4.5

    Táirgí muilleála gránach seachas na táirgí a liostaítear in 1.4.6

    600

    Seachas táirgí muilleála ríse

    1.4.6

    Táirgí muilleála arbhair Indiaigh

     

     

    1.4.6.1

    Táirgí muilleála arbhair Indiaigh a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

    750

     

    1.4.6.2

    Táirgí muilleála arbhair Indiaigh nach gcuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh

    1 000

     

    1.4.6.3

    Poileanta réamhchócaráilte atá réidh le hithe

    250

     

    1.4.7

    Earraí bácála, sneaiceanna gránaigh agus gránaigh bhricfeasta

    400

    Seachas táirgí ríse.

    Lena n-áirítear earraí beaga bácála.

    1.4.8

    Pasta

    600

    Ciallaíonn pasta pasta (tirim) le cion uisce de thart ar 12 %.

    1.4.9

    Bia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte do naíonáin agus leanaí óga (3)

    150

    Seachas táirgí ríse.

    Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le hábhar tirim (5) an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.

    1.4.10

    Bia chun críoch speisialta míochaine a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga (3)

    150

    Seachas táirgí ríse.

    Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le hábhar tirim (5) an táirge mar a chuirtear ar an margadh é.’


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1022/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top