Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0982

    Rialachán (AE) 2024/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe sonraí le haghaidh comhar póilíneachta, agus lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán Prüm II)

    PE/75/2023/REV/1

    IO L, 2024/982, 5.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/982/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/982/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/982

    5.4.2024

    RIALACHÁN (AE) 2024/982 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Márta 2024

    maidir le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe sonraí le haghaidh comhar póilíneachta, agus lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán Prüm II)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2), Airteagal 87(2), pointe (a), agus Airteagal 88(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá sé leagtha síos mar chuspóir ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur ar fáil dá shaoránaigh, gan teorainneacha inmheánacha, ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine. Tá an cuspóir sin le baint amach trí bhíthin, inter alia, bearta iomchuí chun an choireacht agus bagairtí eile ar an tslándáil phoiblí a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht, i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Iúil 2020 dar teideal ‘the EU Security Union Strategy’ [Straitéis an Aontais um an Aontas Slándála]. Ceanglaítear leis an gcuspóir sin go ndéanfadh údaráis forfheidhmithe dlí sonraí a mhalartú ar bhealach éifeachtúil tráthúil chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú go héifeachtach.

    (2)

    Is é cuspóir an Rialacháin seo malartú faisnéise coiriúla agus sonraí clárúcháin feithicle, chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, idir údaráis inniúla na mBallstát, agus idir na Ballstáit agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a fheabhsú, a chuíchóiriú agus a éascú i gcomhréir iomlán leis na cearta bunúsacha agus leis na rialacha cosanta sonraí.

    (3)

    Maidir le Cinntí 2008/615/CGB31 (4) agus 2008/616/CGB (5) ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le malartú faisnéise idir na húdaráis atá freagrach as cionta coiriúla a chosc agus a imscrúdú trí fhoráil a dhéanamh maidir le haistriú uathoibrithe próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha agus sonraí áirithe clárúcháin feithicle, tá sé cruthaithe gur cinntí tábhachtacha iad sin ó thaobh dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht agus leis an gcoireacht trasteorann, ar an gcaoi sin ag cosaint shlándáil inmheánach an Aontais agus sábháilteacht a shaoránach.

    (4)

    Agus na nósanna imeachta atá ann cheana maidir le cuardach uathoibrithe sonraí á bhforbairt leis, leagtar síos leis an Rialachán seo na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha, sonraí áirithe clárúcháin feithicle, sonraí ceadúnais tiomána, íomhánna aghaidhe agus taifead póilíneachta. Ba cheart é sin a bheith gan dochar do phróiseáil aon sonraí den sórt sin i gCóras Faisnéise Schengen (SIS), do mhalartú faisnéise breise a bhaineann le sonraí den sórt sin tríd an mbiúró SIRENE de bhun Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) nó do chearta na ndaoine a ndéantar a sonraí a phróiseáil iontu.

    (5)

    Leis an Rialachán seo bunaítear creat chun faisnéis a mhalartú idir údaráis atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú (creat Prüm II). I gcomhréir le hAirteagal 87(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cumhdaítear leis údaráis inniúla uile na mBallstát, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do sheirbhísí póilíneachta, seirbhísí custam agus sainseirbhísí eile forfheidhmithe dlí i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs an Rialacháin seo, aon údarás atá freagrach as bunachar sonraí náisiúnta a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bhainistiú nó a dheonaíonn údarú breithiúnach chun aon sonraí a scaoileadh, ba cheart a mheas gur faoi raon feidhme an Rialacháin seo a bheidh sé fad is a mhalartaítear an fhaisnéis chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

    (6)

    Maidir le haon phróiseáil nó malartú sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo, níor cheart idirdhealú ar dhéanamh i gcoinne daoine ar aon fhoras i ngeall ar an bpróiseáil nó ar an malartú sin. Ba cheart dínit agus iomláine an duine agus cearta bunúsacha eile a urramú go hiomlán leis an bpróiseáil nó leis an malartú sin, lena n-áirítear an ceart go n-urramófaí saol príobháideach an duine agus go gcosnófaí sonraí pearsanta, i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    (7)

    Ba cheart aon phróiseáil nó malartú sonraí pearsanta a bheith faoi réir na bhforálacha maidir le cosaint sonraí i gCaibidil 6 den Rialachán seo agus, de réir mar is infheidhme, faoi réir Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), nó Rialachán (AE) 2018/1725 (8), (AE) 2016/794 nó (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Tá feidhm ag Treoir (AE) 2016/680 maidir le húsáid chreat Prüm II i ndáil le daoine atá ar iarraidh a chuardach agus taisí daonna gan sainaithint a shainaithint chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, ach tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le húsáid chreat Prüm II i ndáil le daoine atá ar iarraidh a chuardach agus taisí daonna gan sainaithint a shainaithint chun críoch eile.

    (8)

    Trí fhoráil a dhéanamh maidir le cuardach uathoibrithe ar phróifílí DNA, sonraí dachtalascópacha, sonraí áirithe clárúcháin feithicle, íomhánna aghaidhe agus taifid phóilíneachta, is é is cuspóir don Rialachán seo go mbeifear in ann daoine atá ar iarraidh a chuardach agus taisí daonna gan sainaithint a shainaithint. Ba cheart na cuardaigh uathoibrithe sin a bheith de réir na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo. Tá na cuardaigh uathoibrithe sin gan dochar d’iontráil foláireamh maidir le daoine atá ar iarraidh in SIS agus do mhalartú faisnéise breise maidir le foláirimh den sórt sin faoi Rialachán (AE) 2018/1862.

    (9)

    I gcás inar mian le Ballstáit leas a bhaint as creat Prüm II chun daoine atá ar iarraidh a chuardach agus chun taisí daonna a shainaithint, ba cheart dóibh bearta reachtacha náisiúnta a ghlacadh chun na húdaráis inniúla náisiúnta chun na críche sin a ainmniú agus chun na nósanna imeachta sonracha, na coinníollacha sonracha agus na critéir shonracha chun na críche sin a leagan síos. Maidir le daoine atá ar iarraidh a chuardach lasmuigh de réimse na n-imscrúduithe coiriúla, ba cheart a leagan amach go soiléir sna bearta reachtacha náisiúnta na forais dhaonnúla ar ar féidir daoine atá ar iarraidh a chuardach. Ba cheart do chuardaigh den sórt sin prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh. Ba cheart tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine agus forais eile a bhfuil bonn cirt leo freisin, amhail drochamhras faoi fhéinmharú, a áireamh leis na forais dhaonnúla sin.

    (10)

    Leis an Rialachán seo, leagtar síos na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha, sonraí áirithe clárúcháin feithicle, íomhánna aghaidhe agus taifid phóilíneachta a chuardach go huathoibrithe, agus na rialacha maidir le malartú bunsonraí tar éis meaits deimhnithe i sonraí bithmhéadracha. Níl sé infheidhme maidir le faisnéis fhorlíontach a mhalartú seachas an méid dá bhforáiltear sa Rialachán seo, a rialaítear le Treoir (AE) 2023/977 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

    (11)

    Le Treoir (AE) 2023/977, soláthraítear creat dlíthiúil comhleanúnach de chuid an Aontais chun a áirithiú go mbeidh rochtain choibhéiseach ag údaráis inniúla Ballstáit ar fhaisnéis atá i seilbh Ballstát eile nuair a bhíonn faisnéis den sórt sin de dhíth orthu chun an choireacht agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Chun malartú faisnéise a fheabhsú, leis an Treoir sin, déantar na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla na mBallstát a chur ar bhonn foirmiúil agus a shoiléiriú, go háirithe chun críoch imscrúdúcháin, lena n-áirítear an ról atá ag pointe teagmhála aonair gach Ballstáit i malartuithe den sórt sin.

    (12)

    Tá cuspóirí na malartuithe próifílí DNA faoin Rialachán seo gan dochar d’inniúlacht eisiach na mBallstát an cuspóir atá ag a mbunachair sonraí DNA náisiúnta a chinneadh, lena n-áirítear cionta coiriúla a chosc nó a bhrath.

    (13)

    Ba cheart do na Ballstáit, tráth an naisc tosaigh leis an ródaire arna bhunú leis an Rialachán seo, cuardaigh uathoibrithe ar phróifílí DNA a dhéanamh trí chomparáid a dhéanamh idir na próifílí DNA uile atá stóráilte ina mbunachair sonraí agus na próifílí DNA uile atá stóráilte i mbunachair sonraí uile na mBallstát eile agus i sonraí Europol. Is é cuspóir an chuardaigh uathoibrithe tosaigh sin aon bhearnaí sna meaitseanna idir próifílí DNA atá stóráilte i mbunachar sonraí Ballstáit agus próifílí DNA atá stóráilte i mbunachair sonraí uile na mBallstát eile agus i sonraí Europol a shainaithint a sheachaint. Ba cheart an cuardach uathoibrithe tosaigh a dhéanamh go déthaobhach agus ní gá gur cheart i gcónaí é a dhéanamh le bunachair sonraí na mBallstát eile uile agus le sonraí Europol an tráth céanna. Ba cheart na socruithe chun cuardaigh den sórt sin a dhéanamh, lena n-áirítear an t-uainiú agus an chainníocht de réir baisce, a chomhaontú go déthaobhach i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo.

    (14)

    Tar éis an chuardaigh uathoibrithe tosaigh ar phróifílí DNA, ba cheart do na Ballstáit cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh trí chomparáid a dhéanamh idir na próifílí DNA nua uile atá curtha lena mbunachar sonraí agus na próifílí DNA uile atá stóráilte i mbunachair sonraí uile na mBallstát eile agus i sonraí Europol. Ba cheart an cuardach uathoibrithe sin ar phróifílí DNA nua a bheith á dhéanamh go tráthrialta. I gcás nach bhféadfaí cuardaigh den sórt sin a dhéanamh, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann a bheith in ann iad a dhéanamh ag céim níos déanaí chun a áirithiú nár cailleadh meaitseanna. Ba cheart na socruithe do chuardaigh níos déanaí den sórt sin, lena n-áirítear an t-uainiú agus an chainníocht de réir baisce, a chomhaontú go déthaobhach i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo.

    (15)

    Chun cuardach uathoibrithe a dhéanamh ar shonraí clárúcháin feithicle, ba cheart do na Ballstáit agus do Europol úsáid a bhaint as an gCóras Eorpach Faisnéise maidir le feithiclí agus ceadúnais tiomána (Eucaris), arna chur ar bun leis an gConradh a bhaineann le Córas Eorpach Faisnéise maidir le feithiclí agus ceadúnais tiomána (EUCARIS), agus córas a dearadh chun na críche sin lena nasctar na Ballstáit rannpháirteacha uile le chéile i líonra. Níl gá le haon chomhchuid lárnach chun an chumarsáid a bhunú toisc go ndéanann gach Ballstát cumarsáid go díreach leis na Ballstáit nasctha eile, agus go ndéanann Europol cumarsáid dhíreach leis na bunachair sonraí nasctha.

    (16)

    Tá sé bunriachtanach coirpeach a shainaithint chun imscrúdú coiriúil agus ionchúiseamh rathúil a bhaint amach. D’fhéadfaí faisnéis bhreise a sholáthar chun go n-éireofaí le sainaithint coirpeach agus leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta trí chuardach uathoibrithe a dhéanamh ar íomhánna aghaidhe daoine a ciontaíodh i gcion coiriúil nó atá faoi dhrochamhras go ndearna siad cion coiriúil, nó, i gcás ina gceadaítear é faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit iarrtha, cuardach uathoibrithe ar íomhánna aghaidhe íospartach, arna mbailiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I bhfianaise íogaireacht na sonraí lena mbaineann, níor cheart é a bheith indéanta cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh ach amháin chun cion coiriúil is inphionóis le huastéarma príosúnachta aon bhliain amháin ar a laghad faoi dhlí an Bhallstáit iarrthaigh a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

    (17)

    Níor cheart baint a bheith ag an gcuardach uathoibrithe ar shonraí bithmhéadracha ag údaráis inniúla na mBallstát atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú faoin Rialachán seo, ach amháin leis na sonraí a stóráiltear i mbunachair sonraí a bunaíodh le haghaidh cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

    (18)

    Ba cheart an rannpháirtíocht i gcuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe taifead póilíneachta a bheith deonach i gcónaí. I gcás ina gcinnfidh Ballstáit a bheith rannpháirteach ann, níor cheart é a bheith indéanta dóibh, de mheon na cómhalartachta, bunachair sonraí de chuid na mBallstát eile a chuardach ach amháin i gcás ina gcuireann siad a gcuid bunachair sonraí féin ar fáil le haghaidh cuardaigh ag na Ballstáit eile. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha innéacsanna de thaifid phóilíneachta náisiúnta a bhunú. Ba cheart é a bheith faoi na Ballstáit a chinneadh cé acu bunachair sonraí náisiúnta a bunaíodh chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, a úsáidfear chun a n-innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta a chruthú. Áirítear sna hinnéacsanna sin sonraí ó bhunachair sonraí náisiúnta a sheiceálann na póilíní de ghnáth nuair a fhaigheann siad iarratais ar fhaisnéis ó údaráis eile forfheidhmithe dlí. Bunaítear leis an Rialachán seo an Córas Innéacs Eorpach de Thaifid Phóilíneachta (EPRIS) i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le príobháideachas trí dhearadh. Áirítear ainm bréige a chur i bhfeidhm leis na coimircí cosanta sonraí, toisc nach mbíonn sonraí pearsanta soiléire in innéacsanna ná i gcuardaigh, ach teaghráin alfa-uimhriúla. Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh EPRIS cosc ar na Ballstáit nó ar Europol cur i bhfeidhm an ainm bréige a aisiompú agus na sonraí sainaitheanta as ar tháinig an meaits a nochtadh. I bhfianaise íogaireacht na sonraí lena mbaineann, níor cheart malartuithe innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta faoin Rialachán seo a bheith bainteach ach amháin le sonraí daoine a ciontaíodh i gcion coiriúil nó atá faoi dhrochamhras go ndearna siad cion coiriúil. Sa bhreis air sin, níor cheart é a bheith indéanta cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh ar innéacsanna de thaifid phóilíneachta náisiúnta ach amháin chun cion coiriúil is inphionóis le huastéarma príosúnachta aon bhliain amháin ar a laghad faoi dhlí an Bhallstáit iarrthaigh a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

    (19)

    Tá malartú taifead póilíneachta faoin Rialachán seo gan dochar do mhalartú taifead póilíneachta trí chreat reatha an Chórais Faisnéise Eorpaigh um Thaifid Choiriúla (ECRIS), arna bhunú le Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle (11).

    (20)

    Le blianta beaga anuas, tá méid mór sonraí bithmhéadracha faighte ag Europol, sonraí a bhaineann le daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine ar ciontaíodh iad i leith na sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla ó údaráis tríú tíortha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794, lena n-áirítear faisnéis ó láthair chatha i gcás criosanna cogaidh. I roinnt mhaith cásanna, níorbh fhéidir leas iomlán a bhaint as na sonraí sin toisc nach mbíonn siad ar fáil i gcónaí d’údaráis inniúla na mBallstát. Is gá sonraí arna soláthar ag tríú tíortha agus a stórálann Europol a chur ar áireamh i gcreat Prüm II agus, ar an gcaoi sin, na sonraí sin a chur ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir le ról Europol mar mhol lárnach faisnéise coiriúla an Aontais chun cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath agus a imscrúdú ar bhealach níos fearr. Cuireann sé freisin le sineirgí a thógáil idir uirlisí éagsúla forfheidhmithe dlí agus áirithíonn sé go n-úsáidtear sonraí ar an mbealach is éifeachtúla.

    (21)

    Ba cheart do Europol a bheith in ann bunachair sonraí de chuid na mBallstát a chuardach faoi chreat Prüm II le sonraí a fuarthas ó údaráis tríú tíortha, agus na rialacha agus na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/794 á n-urramú go hiomlán, chun naisc trasteorann a bhunú idir cásanna coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina leith. Más féidir sonraí Prüm a úsáid chomh maith le bunachair sonraí eile atá ar fáil do Europol, bheifí in ann anailís ní b’iomláine agus ní b’eolaí a dhéanamh agus, ar an gcaoi sin, bheadh Europol in ann tacaíocht ní b’fhearr a sholáthar d’údaráis inniúla na mBallstát chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

    (22)

    Ba cheart do Europol a áirithiú nach sáróidh a iarrataí cuardaigh na hacmhainneachtaí cuardaigh i gcomhair sonraí dachtalascópacha agus i gcomhair íomhánna aghaidhe arna mbunú ag na Ballstáit. I gcás ina ndéanfar meaits idir na sonraí a úsáideadh le haghaidh an chuardaigh agus na sonraí a stóráiltear i mbunachair sonraí na mBallstát, ba cheart é a bheith faoi na Ballstáit a chinneadh go dtabharfaí do Europol an fhaisnéis a bhfuil gá léi chun a chúraimí a chomhlíonadh.

    (23)

    Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/794 ina iomláine maidir le rannpháirtíocht Europol i gcreat Prüm II. Is le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2016/794 a rialaítear aon úsáid a bhaineann Europol as sonraí a fhaightear ó thríú tíortha. Ba cheart aon úsáid a bhaineann Europol as sonraí arna bhfáil ó chuardaigh uathoibrithe faoi chreat Prüm II a bheith faoi réir thoiliú an Bhallstáit a sholáthair na sonraí agus rialaítear í le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/794 i gcás ina n-aistrítear na sonraí chuig tríú tíortha.

    (24)

    Le Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB, déantar foráil do líonra de naisc dhéthaobhacha idir bunachair sonraí náisiúnta na mBallstát. De thoradh na hailtireachta teicniúla sin, bhí ar gach Ballstát nasc a bhunú le gach Ballstát a bhí rannpháirteach sna malartuithe, rud a chiallaigh 26 nasc ar a laghad in aghaidh an Bhallstáit, de réir catagóir sonraí. Déanfaidh an ródaire agus EPRIS ailtireacht theicniúil chreat Prüm a shimpliú agus beidh siad ina bpointí nasctha idir na Ballstáit uile. Ba cheart nasc aonair de réir an Bhallstáit i ndáil le sonraí bithmhéadracha a bheith ag teastáil ón ródaire. Ba cheart nasc aonair de réir an Bhallstáit rannpháirtigh i ndáil le taifid phóilíneachta a bheith ag teastáil ó EPRIS.

    (25)

    Ba cheart an ródaire a nascadh leis an Tairseach Chuardaigh Eorpach, arna bunú le Rialacháin (AE) 2019/817 (12) agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), chun gur féidir le húdaráis inniúla na mBallstát agus le Europol cuardaigh a sheoladh chuig bunachair sonraí náisiúnta faoin Rialachán seo an tráth céanna le cuardaigh chuig an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta, arna bhunú leis na Rialacháin sin, chun críocha fhorfheidhmiú an dlí i gcomhréir leis na Rialacháin sin. Dá bhrí sin, ba cheart na Rialacháin sin a leasú dá réir sin. Thairis sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/818 a leasú d’fhonn stóráil thuarascálacha agus staidreamh an ródaire a chumasú sa Stór Lárnach um Thuairisciú agus Staidreamh.

    (26)

    Ba cheart uimhir thagartha le haghaidh sonraí bithmhéadracha a bheith in ann a bheith ina huimhir thagartha shealadach nó ina huimhir rialaithe idirbhirt.

    (27)

    Le córais uathoibrithe um shainaithint méarlorg agus le córais aitheantais íomhá aghaidhe, úsáidtear teimpléid bhithmhéadracha ina bhfuil sonraí arna ndíorthú ó shonraí céannachta a asbhaint ó shamplaí bithmhéadracha iarbhír. Ba cheart na teimpléid bhithmhéadracha a fháil ó shonraí bithmhéadracha, ach níor cheart é a bheith indéanta na sonraí bithmhéadracha céanna sin a fháil ó na teimpléid bhithmhéadracha.

    (28)

    Ba cheart don ródaire, i gcás ina gcinnfidh an Ballstát iarrthach amhlaidh agus i gcás inarb infheidhme de réir chineál na sonraí bithmhéadracha, na freagraí ón mBallstát iarrtha nó ó na Ballstáit iarrtha nó ó Europol a rangú, trí na sonraí bithmhéadracha a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh agus na sonraí bithmhéadracha a soláthraíodh sna freagraí ón mBallstát iarrtha nó ó na Ballstáit iarrtha nó Europol a chur i gcomparáid.

    (29)

    I gcás meaits idir na sonraí a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh agus na sonraí atá i mbunachar sonraí náisiúnta an Bhallstáit iarrtha nó na mBallstát iarrtha, ar dheimhniú an mheaits de láimh ag ball foirne cáilithe de chuid an Bhallstáit iarrthaigh agus ar tharchur cur síos ar na fíorais agus léiriú ar an gcion bunaidh trí úsáid a bhaint as tábla coiteann na gcatagóirí ciona a leagtar amach i ngníomh cur chun feidhme atá le glacadh de bhun Chinneadh Réime 2009/315/CGB, ba cheart don Bhallstát iarrtha tacar bunsonraí teoranta, a mhéid a bhfuil bunsonraí den sórt sin ar fáil. Ba cheart an tacar bunsonraí teoranta a thabhairt ar ais tríd an ródaire agus, ach amháin i gcás inar gá údarú breithiúnach faoin dlí náisiúnta, laistigh de 48 uair an chloig tar éis na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh. Áiritheofar malartú cumarsáide tapa idir údaráis inniúla na mBallstát i ngeall ar an sprioc-am sin. Ba cheart an smacht ar scaoileadh an tacair bunsonraí theoranta a bheith faoi chúram na mBallstát i gcónaí. Ba cheart idirghabháil dhaonna a choimeád ag céimeanna tábhachtacha sa phróiseas, lena n-áirítear maidir leis an gcinneadh cuardach a sheoladh, leis an gcinneadh meaits a dheimhniú, leis an gcinneadh iarraidh a sheoladh chun tacar bunsonraí a fháil tar éis meaits deimhnithe a bheith ann agus leis an gcinneadh sonraí pearsanta a scaoileadh chuig an mBallstát iarrthach, chun a áirithiú nach ndéanfar aon bhunsonraí a mhalartú ar bhealach uathoibrithe.

    (30)

    I gcás sonrach DNA, ba cheart don Bhallstát iarrtha a bheith in ann meaits idir dhá phróifíl DNA a dheimhniú freisin i gcás ina bhfuil sé sin ábhartha chun cionta coiriúla a imscrúdú. Tar éis dheimhniú an mheaits sin ag an mBallstát iarrtha agus tar éis tharchur cur síos ar na fíorais agus léiriú ar an gcion bunaidh trí úsáid a bhaint as tábla coiteann na gcatagóirí ciona a leagtar amach i ngníomh cur chun feidhme atá le glacadh de bhun Chinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle, ba cheart don Bhallstát iarrtha tacar teoranta bunsonraí a thabhairt ar ais tríd an ródaire laistigh de 48 uair an chloig tar éis na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh, ach amháin i gcás inar gá údarú breithiúnach faoin dlí náisiúnta.

    (31)

    Tá sonraí a sholáthraítear agus a fhaightear faoin Rialachán seo faoi réir na dteorainneacha ama stórála agus athbhreithnithe arna mbunú de bhun Threoir (AE) 2016/680.

    (32)

    Ba cheart caighdeán na formáide uilíche teachtaireachta (UMF) a úsáid i bhforbairt an ródaire agus EPRIS a mhéid is infheidhme. Ba cheart caighdeán UMF a úsáid in aon mhalartú uathoibrithe a dhéantar ar shonraí faoin Rialachán seo a mhéid is infheidhme. Spreagtar údaráis inniúla na mBallstát agus Europol caighdeán UMF a úsáid freisin i ndáil le haon mhalartú sonraí eatarthu ina dhiaidh sin i gcomhthéacs chreat Prüm II. Ba cheart caighdeán UMF a bheith ag feidhmiú mar chaighdeán le haghaidh malartú faisnéise struchtúrtha trasteorann idir córais faisnéise, údaráis nó eagraíochtaí i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile.

    (33)

    Níor cheart ach faisnéis neamhrúnda a mhalartú trí chreat Prüm II.

    (34)

    Ba cheart do gach Ballstát fógra a thabhairt do na Ballstáit eile, don Choimisiún, do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), agus do Europol faoi inneachar a bhunachar sonraí náisiúnta a chuirtear ar fáil trí chreat Prüm II agus faoi na coinníollacha le haghaidh cuardaigh uathoibrithe.

    (35)

    Ní féidir gnéithe áirithe de chreat Prüm II a chumhdach ar bhealach uileghabhálach leis an Rialachán seo i ngeall ar a nádúr teicniúil, ar an leibhéal mionsonraí atá iontu agus ar an ngá atá le nuashonrú tráthrialta. I measc na ngnéithe sin áirítear, mar shampla, socruithe agus sonraíochtaí teicniúla maidir le nósanna imeachta um chuardach uathoibrithe, na caighdeáin le haghaidh malartú faisnéise, lena n-áirítear íoschaighdeáin cháilíochta, agus na heilimintí sonraí atá le malartú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme maidir le gnéithe den sórt sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

    (36)

    Tá cáilíocht sonraí ríthábhachtach mar choimirce agus mar réamhriachtanas bunriachtanach chun éifeachtúlacht an Rialacháin seo a áirithiú. I gcomhthéacs an chuardaigh uathoibrithe ar shonraí bithmhéadracha, agus chun a áirithiú go bhfuil na sonraí a tharchuirfear de cháilíocht leordhóthanach agus chun an baol go mbeidh meaitseanna bréagacha ann a laghdú, ba cheart íoschaighdeán cáilíochta a bhunú agus ba cheart athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh air.

    (37)

    I bhfianaise scála agus íogaireacht na sonraí pearsanta a mhalartaítear chun críocha an Rialacháin seo, agus i bhfianaise rialacha náisiúnta éagsúla a bheith ann maidir le faisnéis faoi dhaoine aonair a stóráil i mbunachair sonraí náisiúnta, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbunófar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le Treoir (AE) 2016/680 na bunachair sonraí a úsáidfear don chuardach uathoibrithe faoin Rialachán seo. Dá bhrí sin, sula ndéanfar a mbunachair sonraí náisiúnta a nascadh leis an ródaire nó le EPRIS, ba cheart do na Ballstáit measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2016/680 a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta dá bhforáiltear sa Treoir sin.

    (38)

    Ba cheart do na Ballstáit agus do Europol cruinneas agus ábharthacht na sonraí pearsanta a phróiseáiltear de bhun an Rialacháin seo a áirithiú. I gcás ina dtiocfaidh Ballstát nó Europol ar an eolas gur soláthraíodh sonraí atá mícheart nó nach bhfuil cothrom le dáta a thuilleadh nó gur soláthraíodh sonraí nár cheart a sholáthar, ba cheart dó an Ballstát a fuair na sonraí nó Europol, de réir mar is iomchuí, a chur ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí. Ba cheart do gach Ballstát lena mbaineann nó do Europol, de réir mar a bheidh, na sonraí a cheartú nó a scriosadh dá réir sin gan moill mhíchuí. I gcás ina bhfuil cúis ag an mBallstát a fuair na sonraí nó ag Europol lena chreidiúint go bhfuil na sonraí a soláthraíodh mícheart nó gur cheart iad a scriosadh, ba cheart dó an Ballstát a sholáthair na sonraí a chur ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.

    (39)

    Tá sé ríthábhachtach faireachán láidir a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Go háirithe, ba cheart comhlíonadh na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta a bheith faoi réir coimircí éifeachtacha, agus ba cheart faireachán agus iniúchtaí tráthrialta arna ndéanamh ag rialaitheoirí sonraí, ag údaráis mhaoirseachta agus ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a áirithiú, de réir mar is ábhartha. Ba cheart forálacha lena lamháiltear seiceáil tráthrialta a dhéanamh ar inghlacthacht na gcuardach agus ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí a bheith i bhfeidhm freisin.

    (40)

    Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta agus don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maoirseacht chomhordaithe ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a áirithiú faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí, go háirithe i gcás ina sainaithníonn siad neamhréireanna móra idir cleachtais na mBallstát nó aistrithe a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach.

    (41)

    Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, tá sé ríthábhachtach go dtabharfadh na Ballstáit agus Europol dá n-aire cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le malartú sonraí bithmhéadracha.

    (42)

    3 bliana tar éis tús a chur le hoibríochtaí an ródaire agus EPRIS, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta a chur ar fáil ina n-áireofar measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag na Ballstáit agus ag Europol, go háirithe an chaoi a gcomhlíonann siad na coimircí cosanta sonraí ábhartha. Ba cheart a áireamh sna tuarascálacha meastóireachta freisin scrúdú ar na torthaí a baineadh amach de réir chuspóirí an Rialacháin seo agus a thionchar ar chearta bunúsacha. Leis na tuarascálacha meastóireachta, ba cheart meastóireacht a dhéanamh freisin ar thionchar, ar fheidhmíocht, ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht, ar shlándáil agus ar chleachtais oibre chreat Prüm II.

    (43)

    Ó tharla go bhforáiltear leis an Rialachán seo maidir le bunú chreat nua Prüm, ba cheart forálacha de Chinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB nach bhfuil ábhartha a thuilleadh a scriosadh. Ba cheart na Cinntí sinn a leasú dá réir.

    (44)

    Toisc go bhfuil an ródaire le forbairt agus le bainistiú ag eu-LISA, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1726 a leasú tríd an méid sin a chur le cúraimí eu-LISA.

    (45)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon comhar póilíneachta trasteorann a mhéadú agus lamháil d’údaráis inniúla na mBallstát cuardach a dhéanamh ar dhaoine atá ar iarraidh agus taisí daonna gan sainaithint a shainaithint, agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (46)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (47)

    I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    (48)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim uaidh an 2 Márta 2022 (16),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL 1

    Forálacha ginearálta

    Airteagal 1

    Ábhar

    Bunaítear leis an Rialachán seo creat chun faisnéis a chuardach agus a mhalartú idir údaráis inniúla na mBallstát (creat Prüm II) trí na nithe seo a leanas a leagan síos:

    (a)

    na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha, sonraí áirithe clárúcháin feithicle, íomhánna aghaidhe agus taifid phóilíneachta; agus

    (b)

    na rialacha maidir le malartú bunsonraí tar éis meaits deimhnithe ar shonraí bithmhéadracha a bheith ann.

    Airteagal 2

    Cuspóir

    Is é is cuspóir do chreat Prüm II dlús a chur leis an gcomhar trasteorann in ábhair a chumhdaítear le Cuid III, Teideal V, Caibidlí 4 agus 5, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe trí mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát a éascú, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha daoine nádúrtha, lena n-áirítear an ceart go n-urramófaí saol príobháideach an duine agus an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint, i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    Is é is cuspóir do chreat Prüm II freisin lamháil d’údaráis inniúla na mBallstát daoine atá ar iarraidh a chuardach i gcomhthéacs imscrúduithe coiriúla nó ar fhorais dhaonnúla agus taisí daonna a shainaithint, i gcomhréir le hAirteagal 29, ar choinníoll go dtugtar de chumhacht do na húdaráis sin cuardaigh den sórt sin a dhéanamh agus sainaithint den sórt sin a dhéanamh faoin dlí náisiúnta.

    Airteagal 3

    Raon feidhme

    Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na bunachair sonraí arna mbunú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus a úsáidtear chun próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha, sonraí áirithe clárúcháin feithicle, íomhánna aghaidhe agus taifid phóilíneachta a aistriú go huathoibrithe, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680 nó Rialachán (AE) 2018/1725, (AE) 2016/794 nó (AE) 2016/679, de réir mar is infheidhme.

    Airteagal 4

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn ‘lócais’ (uatha: ‘lócas’) láithreacha DNA ina bhfuil saintréithe aitheantais de shampla DNA daonna a ndearnadh anailís air;

    (2)

    ciallaíonn ‘próifíl DNA’ cód litreacha nó uimhreacha lena léirítear tacar lócas nó an struchtúr móilíneach faoi leith ag na lócais éagsúla;

    (3)

    ciallaíonn ‘sonraí tagartha DNA’ próifíl DNA agus an uimhir thagartha dá dtagraítear in Airteagal 7;

    (4)

    ciallaíonn ‘próifíl DNA shainaitheanta’ próifíl DNA duine shainaitheanta;

    (5)

    ciallaíonn ‘próifíl DNA gan sainaithint’ an phróifíl DNA a bhailítear le linn cionta coiriúla a imscrúdú agus a bhaineann le duine nach bhfuil sainaitheanta go fóill, lena n-áirítear próifíl DNA a fhaightear ó rianta;

    (6)

    ciallaíonn ‘sonraí dachtalascópacha’ íomhánna méarlorg, íomhánna de mhéarloirg neamhfhollasa, íomhánna de loirg dearnan, íomhánna de loirg dearnan neamhfhollasa agus teimpléid d’íomhánna den sórt sin (mionphointí códaithe) a stóráiltear agus a ndéileáiltear leo i mbunachar sonraí uathoibrithe;

    (7)

    ciallaíonn ‘sonraí tagartha dachtalascópacha’ sonraí dachtalascópacha agus an uimhir thagartha dá dtagraítear in Airteagal 12;

    (8)

    ciallaíonn ‘sonraí dachtalascópacha gan sainaithint’ sonraí dachtalascópacha a bhailítear le linn cion coiriúil a imscrúdú agus a bhaineann le duine nach bhfuil sainaitheanta go fóill, lena n-áirítear sonraí dachtalascópacha a fhaightear ó rianta;

    (9)

    ciallaíonn ‘sonraí dachtalascópacha sainaitheanta’ sonraí dachtalascópacha duine shainaitheanta;

    (10)

    ciallaíonn ‘cás aonair’ comhad aonair a bhaineann le cion coiriúil a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, a bhaineann leis an gcuardach le haghaidh duine atá ar iarraidh nó a bhaineann le taisí daonna gan sainaithint a shainaithint;

    (11)

    ciallaíonn ‘íomhá aghaidhe’ íomhá dhigiteach d’aghaidh duine;

    (12)

    ciallaíonn ‘sonraí tagartha íomhá aghaidhe’ íomhá aghaidhe agus an uimhir thagartha dá dtagraítear in Airteagal 21;

    (13)

    ciallaíonn ‘íomhá aghaidhe gan sainaithint’ íomhá aghaidhe a bhailítear le linn cion coiriúil a imscrúdú agus a bhaineann le duine nach bhfuil sainaitheanta go fóill, lena n-áirítear na cinn a fhaightear ó rianta;

    (14)

    ciallaíonn ‘íomhá aghaidhe sainaitheanta’ íomhá aghaidhe de dhuine sainaitheanta;

    (15)

    ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha nó íomhánna aghaidhe;

    (16)

    ciallaíonn ‘sonraí alfa-uimhriúla’ sonraí a léirítear le litreacha, le digití, le saincharachtair, le spásanna agus le comharthaí poncaíochta;

    (17)

    ciallaíonn ‘meaits’ comhfhreagairt a bheith ann mar thoradh ar chomparáid uathoibrithe idir sonraí pearsanta atá i mbunachar sonraí;

    (18)

    ciallaíonn ‘iarrthóir’ sonraí lenar tharla meaits;

    (19)

    ciallaíonn ‘Ballstát iarrthach’ Ballstát atá i mbun cuardach a dhéanamh trí chreat Prüm II;

    (20)

    ciallaíonn ‘Ballstát iarrtha’ Ballstát ar ina bhunachair sonraí a dhéanann an Ballstát iarrthach cuardach trí chreat Prüm II;

    (21)

    ciallaíonn ‘taifid phóilíneachta’ sonraí beathaisnéiseacha daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine ciontaithe atá ar fáil i mbunachair sonraí náisiúnta arna mbunú ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú;

    (22)

    ciallaíonn ‘ainm bréige a chur i bhfeidhm’ ainm bréige a chur i bhfeidhm mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (5), de Threoir (AE) 2016/680;

    (23)

    ciallaíonn ‘duine atá faoi dhrochamhras’ duine dá dtagraítear in Airteagal 6, pointe (a), de Threoir (AE) 2016/680;

    (24)

    ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/680;

    (25)

    ciallaíonn ‘sonraí Europol’ aon sonraí pearsanta oibríochtúla arna bpróiseáil ag Europol i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794;

    (26)

    ciallaíonn ‘údarás inniúil’ aon údarás poiblí atá inniúil chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, nó aon chomhlacht nó eintiteas eile a bhfuil an cúram curtha orthu ag Ballstáit údarás poiblí agus cumhachtaí poiblí a fheidhmiú chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú;

    (27)

    ciallaíonn ‘údarás maoirseachta’ údarás poiblí neamhspleách arna bhunú ag Ballstát de bhun Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680;

    (28)

    ciallaíonn ‘SIENA’ an feidhmchlár líonra um malartú slán faisnéise arna bhainistiú agus arna fhorbairt ag Europol i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794;

    (29)

    ciallaíonn ‘teagmhas’ teagmhas mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (6), de Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

    (30)

    ciallaíonn ‘teagmhas suntasach’ aon teagmhas ach amháin más teagmhas é a bhfuil tionchar teoranta aige agus ar dócha go dtuigfear go maith é cheana ó thaobh cur chuige nó teicneolaíochta de;

    (31)

    ciallaíonn ‘cibearbhagairt shuntasach’ cibearbhagairt a bhfuil an deis agus an cumas aici, agus arb é is cuspóir di, teagmhas suntasach a chruthú;

    (32)

    ciallaíonn ‘leochaileacht shuntasach’ leochaileacht ar dócha go mbeidh teagmhas suntasach mar thoradh uirthi má bhaintear leas aisti.

    CAIBIDIL 2

    Malartú sonraí

    ROINN 1

    Próifílí DNA

    Airteagal 5

    Sonraí tagartha DNA

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sonraí tagartha DNA ar fáil óna mbunachair sonraí DNA náisiúnta chun críoch cuardaigh uathoibrithe ag Ballstáit eile agus ag Europol de bhun an Rialacháin seo.

    Ní bheidh aon sonraí breise lenar féidir duine aonair a shainaithint go díreach i sonraí tagartha DNA.

    Is mar phróifílí DNA gan sainaithint a fhéadfar próifílí DNA den sórt sin a aithint.

    2.   Déanfar sonraí tagartha DNA a phróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le próiseáil na sonraí sin.

    3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun sonrú a dhéanamh ar shaintréithe aitheantais phróifíl DNA atá le malartú. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

    Airteagal 6

    Cuardach uathoibrithe ar phróifílí DNA

    1.   Chun cionta coiriúla a imscrúdú, déanfaidh na Ballstáit, tráth an naisc tosaigh leis an ródaire trína bpointí teagmhála náisiúnta, cuardach uathoibrithe trí chomparáid a dhéanamh idir na próifílí DNA uile atá stóráilte ar a mbunachair sonraí DNA agus na próifílí DNA uile atá stóráilte i mbunachair sonraí DNA uile na mBallstát eile agus i sonraí Europol. Tiocfaidh gach Ballstát ar chomhaontú déthaobhach le gach Ballstát eile agus le Europol maidir leis na socruithe do na cuardaigh uathoibrithe sin i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo.

    2.   Chun cionta coiriúla a imscrúdú, déanfaidh na Ballstáit, trína bpointí teagmhála náisiúnta, cuardaigh uathoibrithe trí chomparáid a dhéanamh idir na próifílí DNA nua uile atá curtha lena mbunachar sonraí DNA agus na próifílí DNA uile atá stóráilte i mbunachair sonraí DNA uile na mBallstát eile agus sonraí Europol.

    3.   I gcás nárbh fhéidir cuardaigh dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann teacht ar chomhaontú déthaobhach le gach Ballstát eile agus le Europol maidir leis na gcuardaigh sin a dhéanamh ag céim níos déanaí trí na próifílí DNA a chur i gcomparáid leis na próifílí DNA uile atá stóráilte i mbunachair sonraí DNA uile na mBallstát eile agus i sonraí Europol. Tiocfaidh an Ballstát lena mbaineann ar chomhaontú déthaobhach le gach Ballstát eile agus le Europol maidir leis na socruithe dona cuardaigh uathoibrithe sin i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo.

    4.   Ní dhéanfar cuardaigh dá dtagraítear i míreanna, 1, 2 agus 3 ach amháin faoi chuimsiú cásanna aonair agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh.

    5.   I gcás ina léiríonn cuardach uathoibrithe go meaitseálann próifíl DNA sholáthartha leis na próifílí DNA atá stóráilte i mbunachar sonraí cuardaithe nó bunachair sonraí chuardaithe an Bhallstáit iarrtha, gheobhaidh pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh, ar bhealach uathoibrithe, na sonraí tagartha DNA lenar aimsíodh meaits.

    6.   Féadfaidh pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh a chinneadh meaits idir dhá phróifíl DNA a dheimhniú. I gcás ina gcinneann sé meaits idir dhá phróifíl DNA a dheimhniú, cuirfidh sé an Ballstát iarrtha ar an eolas agus áiritheoidh sé go ndéanfaidh ball foirne cáilithe amháin ar a laghad athbhreithniú de láimh chun an meaits sin a dheimhniú le sonraí tagartha DNA arna bhfáil ón mBallstát iarrtha.

    7.   I gcás inarb ábhartha chun cionta coiriúla a imscrúdú, féadfaidh pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit iarrtha a chinneadh meaits idir dhá phróifíl DNA a dheimhniú. I gcás ina gcinneann sé meaits idir dhá phróifíl DNA a dheimhniú, cuirfidh sé an Ballstát iarrthach ar an eolas agus áiritheoidh sé go ndéanfaidh ball foirne cáilithe amháin ar a laghad athbhreithniú de láimh chun an meaits sin a dheimhniú le sonraí tagartha DNA arna bhfáil ón mBallstát iarrthach.

    Airteagal 7

    Uimhreacha tagartha le haghaidh próifílí DNA

    Is é a bheidh sna huimhreacha tagartha le haghaidh próifílí DNA teaglaim den mhéid seo a leanas:

    (a)

    uimhir thagartha lena bhféadfaidh na Ballstáit, i gcás meaits, sonraí breise agus faisnéis eile a aisghabháil ina mbunachair sonraí DNA náisiúnta chun na sonraí nó an fhaisnéis sin a sholáthar do Bhallstát amháin, do roinnt Ballstát nó do na Ballstáit eile uile i gcomhréir le hAirteagal 47 nó do Europol i gcomhréir le hAirteagal 49(6);

    (b)

    uimhir thagartha lena bhféadfaidh Europol, i gcás meaits, sonraí breise agus faisnéis eile a aisghabháil chun críocha Airteagal 48(1) den Rialachán seo chun na sonraí nó an fhaisnéis sin a sholáthar do Bhallstát amháin, do roinnt Ballstát nó do na Ballstáit uile i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794;

    (c)

    cód chun an Ballstát a bhfuil an phróifíl DNA ina sheilbh aige a léiriú;

    (d)

    cód chun a léiriú an próifíl DNA shainaitheanta nó próifíl DNA gan sainaithint atá sa phróifíl DNA.

    Airteagal 8

    Prionsabail maidir le próifílí DNA a mhalartú

    1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun rúndacht agus sláine a áirithiú i gcás sonraí tagartha DNA a chuirtear chuig Ballstáit eile nó chuig Europol, lena n-áirítear criptiú na sonraí sin. Déanfaidh Europol bearta iomchuí chun rúndacht agus sláine a áirithiú i gcás sonraí tagartha DNA a chuirtear chuig Ballstáit, lena n-áirítear criptiú na sonraí sin.

    2.   Áiritheoidh gach Ballstát agus Europol go mbeidh na próifílí DNA a tharchuireann sé ar cháilíocht leordhóthanach le haghaidh comparáid uathoibrithe. Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, íoschaighdeán cáilíochta ionas gur féidir comparáid a dhéanamh idir na próifílí DNA.

    3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na caighdeáin ábhartha Eorpacha nó idirnáisiúnta atá le húsáid ag na Ballstáit agus ag Europol chun sonraí tagartha DNA a mhalartú.

    4.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

    Airteagal 9

    Rialacha maidir le hiarrataí agus freagraí maidir le próifílí DNA

    1.   Maidir le hiarraidh ar chuardach uathoibrithe ar phróifílí DNA, ní bheidh san áireamh inti ach an fhaisnéis seo a leanas:

    (a)

    cód an Bhallstáit iarrthaigh;

    (b)

    dáta agus am na hiarrata agus uimhir na hiarrata;

    (c)

    sonraí tagartha DNA;

    (d)

    léiriú i dtaobh cé acu an próifílí DNA gan sainaithint nó próifílí DNA sainaitheanta atá sna próifílí DNA arna dtarchur.

    2.   Ní bheidh i bhfreagra ar iarraidh dá dtagraítear i mír 1 ach an fhaisnéis seo a leanas:

    (a)

    léiriú i dtaobh cé acu a bhí meaits amháin nó níos mó ann nó nach raibh aon mheaits ann;

    (b)

    dáta agus am na hiarrata agus uimhir na hiarrata;

    (c)

    dáta agus am an fhreagra agus uimhir an fhreagra;

    (d)

    cóid an Bhallstáit iarrthaigh agus an Bhallstáit iarrtha;

    (e)

    uimhreacha tagartha na bpróifílí DNA ón mBallstát iarrthach agus ón mBallstát iarrtha;

    (f)

    léiriú i dtaobh an próifílí DNA gan sainaithint nó próifílí DNA sainaitheanta atá sna próifílí DNA arna dtarchur;

    (g)

    na próifílí DNA meaitseála.

    3.   Ní thabharfar fógra go huathoibrithe faoi mheaits ach amháin i gcás gur meaits ina bhfuil líon íosta lócas atá mar thoradh ar an gcuardach uathoibrithe. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an líon íosta lócas chun na críche sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

    4.   I gcás ina mbeidh meaits le próifílí DNA gan sainaithint mar thoradh ar chuardach a dhéanamh, féadfaidh gach Ballstát iarrtha a bhfuil sonraí meaitseála aige marcáil a chur isteach ina bhunachar sonraí náisiúnta lena léiriú go ndearnadh meaitseáil don phróifíl DNA sin tar éis do Bhallstát eile cuardach a dhéanamh. Áireofar sa mharcáil uimhir thagartha na próifíle DNA arna húsáid ag an mBallstát iarrthach.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil iarrataí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo comhsheasmhach leis na fógraí a sheoltar de bhun Airteagal 74. Déanfar na fógraí sin a atáirgeadh sa lámhleabhar praiticiúil dá dtagraítear in Airteagal 79.

    Roinn 2

    Sonraí dachtalascópacha

    Airteagal 10

    Sonraí tagartha dachtalascópacha

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sonraí tagartha dachtalascópacha ar fáil óna mbunachair sonraí náisiúnta a bunaíodh chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

    2.   Ní bheidh aon sonraí breise lenar féidir duine aonair a shainaithint go díreach i sonraí tagartha dachtalascópacha.

    3.   Is mar shonraí dachtalascópacha gan sainaithint a fhéadfar sonraí den sórt sin a aithint.

    Airteagal 11

    Cuardach uathoibrithe ar shonraí dachtalascópacha

    1.   Chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, ceadóidh na Ballstáit do phointí teagmhála náisiúnta Ballstát eile agus do Europol rochtain a bheith acu ar na sonraí tagartha dachtalascópacha ina mbunachair sonraí náisiúnta arna mbunú chun na críche sin chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh trí shonraí tagartha dachtalascópacha a chur i gcomparáid le chéile.

    Ní dhéanfar cuardaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin faoi chuimsiú cásanna aonair agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh.

    2.   Féadfaidh pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh a chinneadh meaits idir dhá thacar de shonraí dachtalascópacha a dheimhniú. I gcás ina gcinneann sé meaits idir dhá thacar de shonraí dachtalascópacha a dheimhniú, cuirfidh sé an Ballstát iarrtha ar an eolas agus áiritheoidh sé go ndéanfaidh ball foirne cáilithe amháin ar a laghad athbhreithniú láimhe chun an meaits sin a dheimhniú le sonraí tagartha dachtalascópacha arna bhfáil ón mBallstát iarrtha.

    Airteagal 12

    Uimhreacha tagartha le haghaidh sonraí dachtalascópacha

    Is é a bheidh sna huimhreacha tagartha le haghaidh sonraí dachtalascópacha teaglaim den mhéid seo a leanas:

    (a)

    uimhir thagartha lena bhféadfaidh na Ballstáit, i gcás meaits, sonraí breise agus faisnéis eile a aisghabháil ina mbunachair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 10 chun na sonraí nó an fhaisnéis sin a sholáthar do Bhallstát amháin, do roinnt Ballstát nó do na Ballstáit eile uile i gcomhréir le hAirteagal 47 nó do Europol i gcomhréir le hAirteagal 49(6);

    (b)

    uimhir thagartha lena bhféadfaidh Europol, i gcás meaits, sonraí breise agus faisnéis eile a aisghabháil chun críocha Airteagal 48(1) den Rialachán seo chun na sonraí nó an fhaisnéis sin a sholáthar do Bhallstát amháin, do roinnt Ballstát nó do na Ballstáit uile i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794;

    (c)

    cód chun an Ballstát a bhfuil na sonraí dachtalascópacha ina sheilbh aige a léiriú.

    Airteagal 13

    Prionsabail maidir le malartú sonraí dachtalascópacha

    1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun rúndacht agus sláine a áirithiú i gcás na sonraí dachtalascópacha a chuirtear chuig Ballstáit eile nó chuig Europol, lena n-áirítear criptiú na sonraí sin. Déanfaidh Europol bearta iomchuí chun rúndacht agus sláine a áirithiú i gcás na sonraí dachtalascópacha a chuirtear chuig Ballstáit, lena n-áirítear criptiú na sonraí sin.

    2.   Áiritheoidh gach Ballstát agus Europol go mbeidh na sonraí dachtalascópacha a tharchuireann sé ar cháilíocht leordhóthanach le haghaidh comparáid uathoibrithe. Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, íoschaighdeán cáilíochta ionas gur féidir comparáid a dhéanamh idir sonraí dachtalascópacha.

    3.   Déanfar sonraí dachtalascópacha a dhigitiú agus a tharchur chuig na Ballstáit eile nó chuig Europol i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na caighdeáin ábhartha Eorpacha nó idirnáisiúnta atá le húsáid ag na Ballstáit agus ag Europol chun sonraí dachtalascópacha a mhalartú.

    4.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

    Airteagal 14

    Acmhainneachtaí cuardaigh le haghaidh sonraí dachtalascópacha

    1.   Áiritheoidh gach Ballstát nach sáróidh a iarrataí cuardaigh na hacmhainneachtaí cuardaigh arna sonrú ag an mBallstát iarrtha nó ag Europol chun ullmhacht an chórais a áirithiú agus chun ró-ualú an chórais a sheachaint. Chun na críche céanna, áiritheoidh Europol nach sáróidh a iarrataí cuardaigh na hacmhainneachtaí cuardaigh arna sonrú ag an mBallstát iarrtha.

    Cuirfidh na Ballstáit na Ballstáit eile, an Coimisiún, eu-LISA agus Europol ar an eolas faoina n-acmhainneachtaí cuardaigh uasta in aghaidh an lae le haghaidh sonraí dachtalascópacha sainaitheanta agus gan sainaithint. Cuirfidh Europol na Ballstáit, an Coimisiún agus eu-LISA ar an eolas faoina acmhainneachtaí cuardaigh uasta in aghaidh an lae le haghaidh sonraí dachtalascópacha sainaitheanta agus gan sainaithint. Féadfaidh na Ballstáit nó Europol na hacmhainneachtaí cuardaigh sin a mhéadú go sealadach nó go buan tráth ar bith, lena n-áirítear i gcás práinne. I gcás ina méadóidh Ballstát na hacmhainneachtaí cuardaigh uasta sin, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile, don Choimisiún, do eu-LISA agus do Europol faoi na hacmhainneachtaí cuardaigh uasta nua. I gcás ina méadóidh Europol na hacmhainneachtaí cuardaigh uasta sin, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit, don Choimisiún agus do eu-LISA faoi na hacmhainneachtaí cuardaigh uasta nua.

    2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an líon uasta iarrthóirí a nglactar leis chun comparáid a dhéanamh in aghaidh an tarchuir agus dáileadh na n-acmhainneachtaí cuardaigh nár úsáideadh idir na Ballstáit i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

    Airteagal 15

    Rialacha le haghaidh iarrataí agus freagraí maidir le sonraí dachtalascópacha

    1.   Maidir le hiarraidh ar chuardach uathoibrithe ar shonraí dachtalascópacha, ní bheidh san áireamh inti ach an fhaisnéis seo a leanas:

    (a)

    cód an Bhallstáit iarrthaigh;

    (b)

    dáta agus am na hiarrata agus uimhir na hiarrata;

    (c)

    sonraí tagartha dachtalascópacha.

    2.   Ní bheidh i bhfreagra ar iarraidh dá dtagraítear i mír 1 ach an fhaisnéis seo a leanas:

    (a)

    léiriú i dtaobh an raibh meaits amháin nó níos mó ann nó nach raibh aon mheaits ann;

    (b)

    dáta agus am na hiarrata agus uimhir na hiarrata;

    (c)

    dáta agus am an fhreagra agus uimhir an fhreagra;

    (d)

    cóid an Bhallstáit iarrthaigh agus an Bhallstáit iarrtha;

    (e)

    uimhreacha tagartha na sonraí dachtalascópacha ón mBallstát iarrthach agus ón mBallstát iarrtha;

    (f)

    na sonraí dachtalascópacha meaitseála.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil iarrataí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis na fógraí a sheoltar de bhun Airteagal 74. Déanfar na fógraí sin a atáirgeadh sa lámhleabhar praiticiúil dá dtagraítear in Airteagal 79.

    Roinn 3

    SONRAÍ CLÁRÚCHÁIN FEITHICLE

    Airteagal 16

    Cuardach uathoibrithe sonraí clárúcháin feithicle

    1.   Ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, ceadóidh na Ballstáit do phointí teagmhála náisiúnta na mBallstát eile agus do Europol rochtain a bheith acu ar na sonraí náisiúnta clárúcháin feithicle seo a leanas, chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh i gcásanna aonair:

    (a)

    sonraí a bhaineann le húinéir nó sealbhóir na feithicle;

    (b)

    sonraí a bhaineann leis an bhfeithicil.

    2.   Ní dhéanfar cuardaigh dá dtagraítear i mír 1 ach leis na sonraí seo a leanas:

    (a)

    uimhir fonnaidh iomlán;

    (b)

    uimhir chlárúcháin iomlán; nó

    (c)

    i gcás ina n-údaraítear sin le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrtha, sonraí a bhaineann le húinéir nó le sealbhóir na feithicle.

    3.   Ní dhéanfar cuardaigh dá dtagraítear i mír 1 le sonraí a bhaineann le húinéir nó le sealbhóir na feithicle ach amháin i gcás daoine atá faoi dhrochamhras nó daoine ciontaithe. Úsáidfear na sonraí sainaitheantais uile seo a leanas chun críoch cuardaigh den sórt sin:

    (a)

    i gcás inar duine nádúrtha úinéir nó sealbhóir na feithicle:

    (i)

    céadainm nó céadainmneacha an duine nádúrtha;

    (ii)

    sloinne nó sloinnte an duine nádúrtha; agus

    (iii)

    dáta breithe an duine nádúrtha;

    (b)

    i gcás inar duine dlítheanach úinéir nó sealbhóir na feithicle, ainm an duine dhlítheanaigh sin.

    4.   Ní dhéanfar cuardaigh dá dtagraítear i mír 1 ach amháin i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh.

    Airteagal 17

    Prionsabail maidir le cuardach uathoibrithe ar shonraí clárúcháin feithicle

    1.   Chun cuardach uathoibrithe a dhéanamh ar shonraí clárúcháin feithicle, úsáidfidh na Ballstáit an Córas Eorpach Faisnéise maidir le Feithiclí agus Ceadúnais Tiomána (Eucaris).

    2.   Déanfar faisnéis a mhalartaítear trí Eucaris a tharchur i bhfoirm chriptithe.

    3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na heilimintí sonraí a bhaineann leis na sonraí clárúcháin feithicle is féidir a mhalartú agus an nós imeachta teicniúil le haghaidh Eucaris chun bunachair sonraí na mBallstát a chuardach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

    Airteagal 18

    Logaí a choinneáil

    1.   Coinneoidh gach Ballstát logaí de chuardaigh a dhéanann foireann a údarás inniúil atá cuí-údaraithe chun sonraí clárúcháin feithicle agus logaí de chuardaigh arna n-iarraidh ag Ballstáit eile a mhalartú. Déanfaidh Europol logaí a choinneáil de chuardaigh a dhéanann a fhoireann chuí-údaraithe.

    Coinneoidh gach Ballstát agus Europol logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile a bhaineann le sonraí clárúcháin feithicle. Áireofar sna logaí sin an méid seo a leanas:

    (a)

    cibé ar sheol an Ballstát nó Europol an iarraidh ar chuardach; i gcás inar sheol Ballstát an iarraidh ar chuardach, an Ballstát a bhí i gceist;

    (b)

    dáta agus am na hiarrata;

    (c)

    dáta agus am an fhreagra;

    (d)

    na bunachair sonraí náisiúnta ar seoladh iarraidh ar chuardach chucu;

    (e)

    na bunachair sonraí náisiúnta a thug freagra deimhneach.

    2.   Ní úsáidfear na logaí dá dtagraítear i mír 1 ach amháin chun staidreamh a bhailiú agus chun faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht cuardaigh agus ar dhleathacht próiseála sonraí, agus chun slándáil agus sláine sonraí a áirithiú. Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad 3 bliana tar éis a gcruthaithe. Más rud é, áfach, go mbeidh siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin a bhfuil tús curtha leo cheana féin, sa chás sin léirscriosfar iad a thúisce nach mbeidh na logaí sin ag teastáil a thuilleadh le haghaidh na nósanna imeachta faireacháin.

    3.   Chun faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht cuardaigh agus ar dhleathacht próiseála sonraí, beidh rochtain ag na rialaitheoirí sonraí ar na logaí le haghaidh féinfhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 55.

    Roinn 4

    Íomhánna aghaidhe

    Airteagal 19

    Sonraí tagartha íomhá aghaidhe

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit infhaighteacht na sonraí tagartha íomhá aghaidhe de dhaoine atá faoi dhrochamhras, de dhaoine ciontaithe agus, i gcás ina gceadaítear sin faoin dlí náisiúnta, d’íospartaigh óna mbunachair sonraí náisiúnta a bhunaítear chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

    2.   Ní bheidh aon sonraí breise lenar féidir duine aonair a shainaithint go díreach i sonraí tagartha íomhá aghaidhe.

    3.   Is mar íomhánna aghaidhe gan sainaithint a fhéadfar íomhánna aghaidhe den sórt sin a aithint.

    Airteagal 20

    Cuardach uathoibrithe ar íomhánna aghaidhe

    1.   Chun cionta coiriúla is inphionóis le huastéarma príosúnachta aon bhliain amháin ar a laghad faoi dhlí an Bhallstáit iarrthaigh a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, ceadóidh na Ballstáit do phointí teagmhála náisiúnta na mBallstát eile agus do Europol rochtain a bheith acu ar na sonraí tagartha íomhá aghaidhe ina mbunachair sonraí náisiúnta chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh.

    Ní dhéanfar cuardaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin faoi chuimsiú cásanna aonair agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh.

    Toirmiscfear próifíliú dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Threoir (AE) 2016/680.

    2.   Féadfaidh pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh a chinneadh meaits idir dhá íomhá aghaidhe a dheimhniú. I gcás ina gcinnfidh sé meaits idir dhá íomhá aghaidhe a dheimhniú, cuirfidh sé an Ballstát iarrtha ar an eolas agus áiritheoidh sé go ndéanfaidh ball foirne cáilithe amháin ar a laghad athbhreithniú de láimh chun an meaits sin a dheimhniú le sonraí tagartha íomhá aghaidhe arna bhfáil ón mBallstát iarrtha.

    Airteagal 21

    Uimhreacha tagartha le haghaidh íomhánna aghaidhe

    Is é a bheidh sna huimhreacha tagartha le haghaidh íomhánna aghaidhe teaglaim den mhéid seo a leanas:

    (a)

    uimhir thagartha lena bhféadfaidh na Ballstáit, i gcás meaits, sonraí breise agus faisnéis eile a aisghabháil ina mbunachair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 19 chun na sonraí nó an fhaisnéis sin a sholáthar do Bhallstát amháin, do roinnt Ballstát nó do na Ballstáit eile uile i gcomhréir le hAirteagal 47, nó do Europol i gcomhréir le hAirteagal 49(6);

    (b)

    uimhir thagartha lena bhféadfaidh Europol, i gcás meaits, sonraí breise agus faisnéis eile a aisghabháil chun críocha Airteagal 48(1) den Rialachán seo a aisghabháil chun na sonraí nó an fhaisnéis sin a sholáthar do Bhallstát amháin, do roinnt Ballstát nó do na Ballstáit uile i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794;

    (c)

    cód chun an Ballstát a bhfuil na híomhánna aghaidhe ina sheilbh aige a léiriú.

    Airteagal 22

    Prionsabail maidir le malartú íomhánna aghaidhe

    1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun rúndacht agus sláine a áirithiú i gcás na n-íomhánna aghaidhe a chuirtear chuig Ballstáit eile nó chuig Europol, lena n-áirítear criptiú na n-íomhánna sin. Déanfaidh Europol bearta iomchuí chun rúndacht agus sláine a áirithiú i gcás na n-íomhánna aghaidhe a chuirtear chuig Ballstáit, lena n-áirítear criptiú na n-íomhánna sin.

    2.   Áiritheoidh gach Ballstát agus Europol go mbeidh na híomhánna aghaidhe a tharchuireann sé ar cháilíocht leordhóthanach le haghaidh comparáid uathoibrithe. Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, íoschaighdeán cáilíochta ionas gur féidir comparáid a dhéanamh idir íomhánna aghaidhe. I gcás ina léirítear sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 80(7) go bhfuil ardriosca meaitseanna bréagacha ann, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha cur chun feidhme sin.

    3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na caighdeáin ábhartha Eorpacha nó idirnáisiúnta atá le húsáid ag Ballstáit agus ag Europol maidir le malartú íomhánna aghaidhe.

    4.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

    Airteagal 23

    Acmhainneachtaí cuardaigh le haghaidh íomhánna aghaidhe

    1.   Áiritheoidh gach Ballstát nach sáróidh a iarrataí cuardaigh na hacmhainneachtaí cuardaigh arna sonrú ag an mBallstát iarrtha nó ag Europol chun ullmhacht an chórais a áirithiú agus ró-ualú an chórais a sheachaint. Chun na críche céanna, áiritheoidh Europol nach sáróidh a iarrataí cuardaigh na hacmhainneachtaí cuardaigh arna sonrú ag an mBallstát iarrtha.

    Cuirfidh Ballstáit na Ballstáit eile, an Coimisiún, eu-LISA agus Europol ar an eolas faoina n-acmhainneachtaí cuardaigh uasta in aghaidh an lae i gcás íomhánna aghaidhe sainaitheanta agus gan sainaithint. Cuirfidh Europol na Ballstáit, an Coimisiún agus eu-Lisa ar an eolas faoina acmhainneachtaí cuardaigh uasta in aghaidh an lae i gcás íomhánna aghaidhe sainaitheanta agus gan sainaithint. D’fhéadfadh na Ballstáit nó Europol na hacmhainneachtaí cuardaigh sin a mhéadú go sealadach nó go buan aon tráth, lena n-áirítear i gcás práinne. I gcás ina méadóidh Ballstát na hacmhainneachtaí cuardaigh uasta sin, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile, don Choimisiún, do eu-LISA agus do Europol faoi na hacmhainneachtaí cuardaigh uasta nua. I gcás ina méadóidh Europol na hacmhainneachtaí cuardaigh uasta sin, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit, don Choimisiún agus do eu-LISA faoi na hacmhainneachtaí cuardaigh uasta nua.

    2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear an líon uasta iarrthóirí a nglactar leis chun comparáid a dhéanamh in aghaidh an tarchuir agus dáileadh na n-acmhainneachtaí cuardaigh nár úsáideadh idir na Ballstáit i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

    Airteagal 24

    Rialacha le haghaidh iarrataí agus freagraí maidir le híomhánna aghaidhe

    1.   Is í an fhaisnéis seo a leanas, agus an fhaisnéis sin amháin, a bheidh in iarraidh ar chuardach uathoibrithe ar íomhánna aghaidhe:

    (a)

    cód an Bhallstáit iarrthaigh;

    (b)

    dáta agus am na hiarrata agus uimhir na hiarrata;

    (c)

    na sonraí tagartha íomhá aghaidhe.

    2.   Is í an fhaisnéis seo a leanas, agus an fhaisnéis sin amháin, a bheidh i bhfreagra ar iarraidh dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    léiriú i dtaobh an raibh meaits amháin nó níos mó ann nó nach raibh aon mheaits ann;

    (b)

    dáta agus am na hiarrata agus uimhir na hiarrata;

    (c)

    dáta agus am an fhreagra agus uimhir an fhreagra;

    (d)

    cóid an Bhallstáit iarrthaigh agus an Bhallstáit iarrtha;

    (e)

    uimhreacha tagartha na n-íomhánna aghaidhe ón mBallstát iarrthach agus ón mBallstát iarrtha;

    (f)

    na híomhánna aghaidhe meaitseála.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil iarrataí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis na fógraí a sheoltar de bhun Airteagal 74. Déanfar na fógraí sin a atáirgeadh sa lámhleabhar praiticiúil dá dtagraítear in Airteagal 79.

    ROINN 5

    Taifid phóilíneachta

    Airteagal 25

    Taifid phóilíneachta

    1.   Féadfaidh na Ballstáit a bheith rannpháirteach i malartú uathoibrithe taifead póilíneachta. Chun críoch malartuithe den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha infhaighteacht innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta ina mbeidh tacair sonraí beathaisnéiseacha daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine ciontaithe óna mbunachair sonraí náisiúnta a bhunaítear chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. Ní bheidh sna tacair sonraí sin, ach na sonraí seo a leanas a mhéid a bheidh siad ar fáil:

    (a)

    céadainm nó céadainmneacha;

    (b)

    sloinne nó sloinnte;

    (c)

    ailias nó ailiasanna, agus ainm nó ainmneacha a úsáideadh roimhe sin;

    (d)

    dáta breithe;

    (e)

    náisiúntacht nó náisiúntachtaí;

    (f)

    tír bhreithe;

    (g)

    inscne.

    2.   Cuirfear ainm bréige i bhfeidhm ar na sonraí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (c).

    Airteagal 26

    Cuardach uathoibrithe ar innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta

    Chun cionta coiriúla is inphionóis le huastéarma príosúnachta aon bhliain amháin ar a laghad faoi dhlí an Bhallstáit iarrthaigh a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, ceadóidh na Ballstáit atá rannpháirteach i malartú uathoibrithe taifead póilíneachta do phointí teagmhála náisiúnta na mBallstát rannpháirteach eile agus do Europol rochtain a bheith acu ar shonraí óna n-innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta, chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh.

    Ní dhéanfar cuardaigh dá dtagraítear sa chéad mhír ach amháin faoi chuimsiú cásanna aonair agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit iarrthaigh.

    Airteagal 27

    Uimhreacha tagartha le haghaidh taifid phóilíneachta

    Is éard a bheidh sna huimhreacha tagartha le haghaidh taifid phóilíneachta teaglaim den mhéid seo a leanas:

    (a)

    uimhir thagartha lena bhféadfaidh na Ballstáit, i gcás meaits, sonraí beathaisnéiseacha agus faisnéis eile a aisghabháil ina n-innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta dá dtagraítear in Airteagal 25 chun na sonraí nó an fhaisnéis sin a sholáthar do Bhallstát amháin, do roinnt Ballstát nó do na Ballstáit eile uile i gcomhréir le hAirteagal 44;

    (b)

    cód chun an Ballstát a bhfuil na taifid phóilíneachta ina sheilbh aige a léiriú.

    Airteagal 28

    Rialacha le haghaidh iarrataí agus freagraí maidir le taifid phóilíneachta

    1.   Is í an fhaisnéis seo a leanas, agus an fhaisnéis sin amháin, a bheidh in iarraidh ar chuardach uathoibrithe ar innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta:

    (a)

    cód an Bhallstáit iarrthaigh;

    (b)

    dáta agus am na hiarrata agus uimhir na hiarrata;

    (c)

    na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 25 a mhéid atá siad ar fáil.

    2.   Is í an fhaisnéis seo a leanas, agus an fhaisnéis sin amháin, a bheidh i bhfreagra ar iarraidh dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    léiriú i dtaobh líon na meaitseanna;

    (b)

    dáta agus am na hiarrata agus uimhir na hiarrata;

    (c)

    dáta agus am an fhreagra agus uimhir an fhreagra;

    (d)

    cóid an Bhallstáit iarrthaigh agus an Bhallstáit iarrtha;

    (e)

    uimhreacha tagartha na dtaifead póilíneachta ó na Ballstáit iarrtha.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil iarrataí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis na fógraí a sheoltar de bhun Airteagal 74. Déanfar na fógraí sin a atáirgeadh sa lámhleabhar praiticiúil dá dtagraítear in Airteagal 79.

    Roinn 6

    Forálacha coiteanna

    Airteagal 29

    Daoine atá ar iarraidh agus taisí daonna gan sainaithint

    1.   I gcás ina dtugtar an chumhacht chuige sin d’údarás náisiúnta trí bhíthin bearta reachtacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh sé cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh trí úsáid a bhaint as creat Prüm II chun na gcríoch seo a leanas amháin:

    (a)

    daoine atá ar iarraidh a chuardach i gcomhthéacs imscrúduithe coiriúla nó ar fhorais dhaonnúla;

    (b)

    taisí daonna a shainaithint.

    2.   Na Ballstáit ar mian leo leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear i mír 1, ainmneoidh siad, trí bhíthin bearta reachtacha náisiúnta, na húdaráis náisiúnta atá inniúil chun na gcríoch a leagtar síos inti agus leagfaidh siad síos na nósanna imeachta, na coinníollacha agus na critéir, lena n-áirítear na forais dhaonnúla ar a gceadaítear cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh ar dhaoine atá ar iarraidh dá dtagraítear i mír 1, pointe (a).

    Airteagal 30

    Pointí teagmhála náisiúnta

    Ainmneoidh gach Ballstát aon phointe teagmhála náisiúnta amháin nó níos mó chun críocha Airteagail 6, 11, 16, 20 agus 26.

    Airteagal 31

    Bearta cur chun feidhme

    Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na socruithe teicniúla do na Ballstáit maidir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 6, 11, 16, 20 agus 26. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

    Airteagal 32

    Infhaighteacht malartaithe uathoibrithe sonraí ar an leibhéal náisiúnta

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go bhféadfar cuardach uathoibrithe a dhéanamh ar phróifílí DNA, sonraí dachtalascópacha, sonraí áirithe clárúcháin feithicle, íomhánna aghaidhe agus taifid phóilíneachta nó iad a chur i gcomparáid le chéile 24 uair an chloig sa lá, 7 lá na seachtaine.

    2.   Cuirfidh na pointí teagmhála náisiúnta a chéile, an Coimisiún, eu-LISA agus Europol ar an eolas láithreach faoi aon neamh-infhaighteacht ar mhalartú uathoibrithe sonraí, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, faoi aon locht teicniúil is cúis leis an neamh-infhaighteacht sin.

    Tiocfaidh na pointí teagmhála náisiúnta ar chomhaontú, i gcomhréir le dlí is infheidhme an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme, maidir le socruithe malartacha sealadacha i ndáil le malartú faisnéise a bheidh le húsáid i gcásanna nach mbeidh malartú uathoibrithe sonraí ar fáil.

    3.   I gcás nach bhfuil fáil ar mhalartú uathoibrithe sonraí, áiritheoidh na pointí teagmhála náisiúnta go ndéanfar é a athbhunú trí aon mhodh is gá agus gan mhoill.

    Airteagal 33

    An réasúnú atá le próiseáil sonraí

    1.   Coinneoidh gach Ballstát taifead ar na réasúnuithe maidir leis na cuardaigh a dhéanann a údaráis inniúla.

    Coinneoidh Europol taifead ar na réasúnuithe maidir leis na cuardaigh a dhéanann sé.

    2.   Beidh na nithe seo a leanas sna réasúnuithe dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    cuspóir an chuardaigh, lena n-áirítear tagairt don chás nó imscrúdú sonrach agus, i gcás inarb infheidhme, don chion coiriúil;

    (b)

    léiriú i dtaobh an mbaineann an cuardach le duine atá faoi dhrochamhras nó duine a ciontaíodh i gcion coiriúil, íospartach de chion coiriúil, duine atá ar iarraidh nó taisí daonna gan sainaithint;

    (c)

    léiriú i dtaobh an bhfuil sé mar aidhm leis an gcuardach duine a shainaithint nó tuilleadh sonraí a fháil faoi dhuine aitheanta.

    3.   Beifear in ann na réasúnuithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a rianú chuig na logaí dá dtagraítear in Airteagail 18, 40 agus 45. Ní úsáidfear na réasúnuithe sin ach amháin chun a mheasúnú an bhfuil na cuardaigh sin comhréireach agus riachtanach chun cion coiriúil a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, chun faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht cuardaigh agus ar dhleathacht próiseála sonraí, agus chun slándáil agus sláine sonraí a áirithiú. Úsáidfear bearta iomchuí chun na réasúnuithe sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad 3 bliana tar éis a gcruthaithe. Más rud é, áfach, go mbeidh siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin a bhfuil tús curtha leo cheana féin, sa chás sin léirscriosfar iad a thúisce nach mbeidh na réasúnuithe sin ag teastáil a thuilleadh le haghaidh na nósanna imeachta faireacháin.

    4.   Chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht agus ar riachtanas na gcuardach chun cion coiriúil a chosc, a bhrath nó a imscrúdú nó chun faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht cuardaigh agus ar dhleathacht próiseála sonraí, beidh rochtain ag na rialaitheoirí sonraí ar na réasúnuithe sin le haghaidh féinfhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 55.

    Airteagal 34

    An fhormáid uilíoch teachtaireachta a úsáid

    1.   Úsáidfear caighdeán na formáide uilíche teachtaireachta (UMF) a bhunaítear ag Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2019/818 i bhforbairt an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 35 den Rialachán seo agus an Córas Eorpach Innéacs de Thaifid Phóilíneachta (EPRIS) a mhéid is féidir.

    2.   Úsáidfear caighdeán UMF in aon mhalartú uathoibrithe a dhéantar ar shonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo a mhéid is féidir.

    CAIBIDIL 3

    Ailtireacht

    ROINN 1

    Ródaire

    Airteagal 35

    An Ródaire

    1.   Bunaítear ródaire chun bunú nasc a éascú idir na Ballstáit, agus idir na Ballstáit agus Europol, chun sonraí bithmhéadracha a chuardach, a aisghabháil agus a scóráil agus sonraí alfa-uimhriúla a aisghabháil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    2.   Is é a bheidh sa ródaire:

    (a)

    bonneagar lárnach, lena n-áirítear uirlis chuardaigh lenar féidir na bunachair sonraí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagail 5, 10 agus 19 agus sonraí Europol a chuardach an tráth céanna;

    (b)

    bealach cumarsáide slán idir an bonneagar lárnach, na húdaráis inniúla atá údaraithe an ródaire a úsáid de bhun Airteagal 36 agus Europol;

    (c)

    bonneagar cumarsáide slán idir an bonneagar lárnach agus an Tairseach Chuardaigh Eorpach, arna bunú le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/818, chun críocha Airteagal 39.

    Airteagal 36

    Úsáid an ródaire

    Déanfar úsáid an ródaire a fhorchoimeád d’údaráis inniúla na mBallstát atá údaraithe próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha agus íomhánna aghaidhe a rochtain agus a mhalartú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus do Europol i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2016/794.

    Airteagal 37

    Próisis

    1.   Na húdaráis inniúla atá údaraithe an ródaire a úsáid de bhun Airteagal 36 nó Europol, iarrfaidh siad cuardach trí shonraí bithmhéadracha a chur chuig an ródaire. Seolfaidh an ródaire an iarraidh ar chuardach chuig bunachair sonraí na mBallstát uile nó bunachair sonraí Ballstát sonrach agus sonraí Europol go comhuaineach leis na sonraí arna gcur isteach ag an úsáideoir i gcomhréir lena chearta rochtana nó lena cearta rochtana.

    2.   Tar éis iarraidh ar chuardach a fháil ón ródaire, seolfaidh gach Ballstát iarrtha cuardach ar a mbunachair sonraí ar bhealach uathoibrithe agus gan mhoill. Tar éis iarraidh ar chuardach a fháil ón ródaire, seolfaidh Europol cuardach ar shonraí Europol ar bhealach uathoibrithe agus gan mhoill.

    3.   Déanfar aon mheaitseanna a thiocfaidh as na cuardaigh dá dtagraítear i mír 2 a sheoladh ar ais ar bhealach uathoibrithe chuig an ródaire. Tabharfar fógra don Bhallstát iarrthach ar bhealach uathoibrithe i gcás nach ann do mheaits.

    4.   Déanfaidh an ródaire, i gcás ina gcinnfidh an Ballstát iarrthach amhlaidh agus i gcás inarb infheidhme, na freagraí a rangú trí na sonraí bithmhéadracha a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh agus na sonraí bithmhéadracha a soláthraíodh sna freagraí ón mBallstát iarrthach nó ó na Ballstáit iarrthacha nó ó Europol a chur i gcomparáid.

    5.   Cuirfidh an ródaire an liosta de shonraí bithmhéadracha meaitseála agus a rangú ar ais chuig úsáideoir an ródaire.

    6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear an nós imeachta teicniúil le haghaidh an ródaire chun bunachair sonraí na mBallstát agus sonraí Europol a chuardach, an fhormáid ina bhfreagraíonn an ródaire cuardaigh den sórt sin agus na rialacha teicniúla maidir le comhfhreagairt idir sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid agus a rangú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

    Airteagal 38

    Seiceáil cáilíochta

    Seiceálfaidh an Ballstát iarrtha cáilíocht na sonraí arna dtarchur trí bhíthin nós imeachta uathoibrithe.

    Cuirfidh an Ballstát iarrtha an Ballstát iarrthach ar an eolas, gan mhoill, tríd an ródaire i gcás nach bhfuil na sonraí oiriúnach do chomparáid uathoibrithe.

    Airteagal 39

    Idir-inoibritheacht idir an ródaire agus an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta chun críocha rochtana forfheidhmithe dlí

    1.   I gcás ina n-údaraítear údaráis ainmnithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (20), de Rialachán (AE) 2019/817 agus in Airteagal 4, pointe (20), de Rialachán (AE) 2019/818 an ródaire a úsáid de bhun Airteagal 36 den Rialachán seo, féadfaidh siad cuardach a sheoladh chuig bunachair sonraí na mBallstát agus sonraí Europol go comhuaineach le cuardach chuig an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta, a bunaíodh le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/817 agus le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/818, ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha ábhartha faoi dhlí an Aontais agus go seolfar an cuardach i gcomhréir lena gcearta rochtana. Chun na críche sin, déanfaidh an ródaire an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta a chuardach tríd an Tairseach Chuardaigh Eorpach.

    2.   Déanfar cuardaigh ar an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta chun críocha forfheidhmithe dlí i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/817 agus le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/818. Aon toradh a bheidh ar chuardaigh den sórt sin, déanfar é a tharchur tríd an Tairseach Chuardaigh Eorpach.

    Ní sheolfar cuardaigh chomhuaineacha ar bhunachair sonraí na mBallstát agus ar shonraí Europol agus ar an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta ach amháin i gcás ina bhfuil forais réasúnta ann lena creidiúint go ndéantar sonraí maidir le duine atá faoi dhrochamhras, déantóir nó íospartach ciona sceimhlitheoireachta nó cionta coiriúla tromchúiseacha eile mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointí (21) agus (22), faoi seach, de Rialachán (AE) 2019/817 agus in Airteagal 4, pointí (21) agus (22), faoi seach, de Rialachán (AE) 2019/818 a stóráil sa Stóras Coiteann Sonraí Céannachta.

    Airteagal 40

    Logaí a choinneáil

    1.   Coinneoidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile sa ródaire. Áireofar sna logaí sin an méid seo a leanas:

    (a)

    cibé ar sheol Ballstát nó Europol an iarraidh ar chuardach; i gcás inar sheol Ballstát an iarraidh ar chuardach, an Ballstát a bhí i gceist;

    (b)

    dáta agus am na hiarrata;

    (c)

    dáta agus am an fhreagra;

    (d)

    na bunachair sonraí náisiúnta nó sonraí Europol ar seoladh iarraidh ar chuardach chucu;

    (e)

    na bunachair sonraí náisiúnta nó sonraí Europol a thug freagra;

    (f)

    i gcás inarb infheidhme, an fíoras go ndearnadh cuardach comhuaineach chuig an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta.

    2.   Coinneoidh gach Ballstát logaí de na cuardaigh a dhéanann foireann a n-údarás inniúil atá cuí-údaraithe chun an ródaire a úsáid agus logaí de na cuardaigh a iarrann Ballstáit eile.

    Déanfaidh Europol logaí a choinneáil de chuardaigh a dhéanann a fhoireann chuí-údaraithe.

    3.   Ní úsáidfear na logaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ach chun staidreamh a bhailiú agus faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht cuardaigh agus ar dhleathacht próiseála sonraí, agus chun slándáil agus sláine sonraí a áirithiú. Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad 3 bliana tar éis a gcruthaithe. Más rud é, áfach, go mbeidh siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin a bhfuil tús curtha leo cheana féin, sa chás sin léirscriosfar iad a thúisce nach mbeidh na logaí sin ag teastáil a thuilleadh le haghaidh na nósanna imeachta faireacháin.

    4.   Chun faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht cuardaigh agus ar dhleathacht próiseála sonraí, beidh rochtain ag na rialaitheoirí sonraí ar na logaí le haghaidh féinfhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 55.

    Airteagal 41

    Nósanna imeachta um fhógra a thabhairt i gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an ródaire a úsáid

    1.   I gcás nach mbeidh sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an ródaire a úsáid chun bunachar sonraí náisiúnta amháin nó roinnt bunachar sonraí náisiúnta ná sonraí Europol a chuardach de dheasca chliseadh an ródaire, tabharfaidh eu-LISA fógra d’úsáideoirí an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 36 ar bhealach uathoibrithe. Déanfaidh eu-LISA bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt gan mhoill ar an dodhéantacht theicniúil atá ann an ródaire a úsáid.

    2.   I gcás nach mbeidh sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an ródaire a úsáid chun bunachar sonraí náisiúnta amháin nó roinnt bunachar sonraí náisiúnta a chuardach de dheasca chliseadh an bhonneagair náisiúnta i mBallstát, tabharfaidh an Ballstát sin fógra do na Ballstáit eile, don Choimisiún, do eu-LISA agus do Europol ar bhealach uathoibrithe. Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt gan mhoill ar an dodhéantacht theicniúil atá ann an ródaire a úsáid.

    3.   I gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an ródaire a úsáid chun sonraí Europol a chuardach de dheasca chliseadh bhonneagar Europol, tabharfaidh Europol fógra do na Ballstáit, don Choimisiún agus do eu-LISA ar bhealach uathoibrithe. Glacfaidh Europol bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt gan mhoill ar an dodhéantacht theicniúil atá an ródaire a úsáid.

    Roinn 2

    EPRIS

    Airteagal 42

    EPRIS

    1.   Bunaítear leis seo an Córas Innéacs Eorpach de Thaifid Phóilíneachta (EPRIS). Chun cuardach uathoibrithe a dhéanamh ar innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta dá dtagraítear in Airteagal 26, úsáidfidh na Ballstáit agus Europol EPRIS.

    2.   Is é a bheidh in EPRIS:

    (a)

    bonneagar díláraithe sna Ballstáit, lena n-áirítear uirlis chuardaigh lenar féidir innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta, bunaithe ar bhunachair sonraí náisiúnta, a chuardach go comhuaineach;

    (b)

    bonneagar lárnach, lena dtacaítear leis an uirlis chuardaigh, lenar féidir innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta a chuardach go comhuaineach;

    (c)

    bealach cumarsáide slán idir an bonneagar lárnach, na Ballstáit agus Europol.

    Airteagal 43

    Úsáid EPRIS

    1.   Chun innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta a chuardach trí EPRIS, úsáidfear dhá cheann, ar a laghad, de na tacair sonraí seo a leanas:

    (a)

    céadainm nó céadainmneacha;

    (b)

    sloinne nó sloinnte;

    (c)

    dáta breithe.

    2.   Féadfar na tacair sonraí seo a leanas a úsáid freisin, i gcás ina bhfuil siad ar fáil:

    (a)

    ailias nó ailiasanna, agus ainm nó ainmneacha a úsáideadh roimhe sin;

    (b)

    náisiúntacht nó náisiúntachtaí;

    (c)

    tír bhreithe;

    (d)

    inscne.

    3.   Cuirfear ainm bréige i bhfeidhm ar na sonraí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), agus i mír 2, pointe (a).

    Airteagal 44

    Próisis

    1.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát nó Europol cuardach, déanfaidh sé na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 43 a chur isteach.

    Seolfaidh EPRIS an iarraidh ar chuardach chuig innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta na mBallstát i dteannta na sonraí arna gcur isteach ag an mBallstát iarrthach nó ag Europol agus i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    2.   Ar iarraidh ar chuardach a fháil ó EPRIS, seolfaidh gach Ballstát iarrtha cuardach ar a n-innéacs náisiúnta de thaifid phóilíneachta ar bhealach uathoibrithe agus gan mhoill.

    3.   Déanfar aon mheaits a thiocfaidh as na cuardaigh dá dtagraítear i mír 1 in innéacsanna de thaifid phóilíneachta gach Ballstáit iarrtha a sheoladh ar ais ar bhealach uathoibrithe chuig EPRIS.

    4.   Cuirfidh EPRIS an liosta meaitseanna ar ais chuig an mBallstát iarrthach nó Europol ar bhealach uathoibrithe. Léireofar sa liosta meaitseanna cáilíocht an mheaits agus an Ballstát nó na Ballstáit a bhfuil sonraí ina innéacsanna de thaifid phóilíneachta nó ina n-innéacsanna de thaifid phóilíneachta a raibh an meaits nó na meaitseanna mar thoradh orthu.

    5.   Ar liosta na meaitseanna a fháil, cinnfidh an Ballstát iarrthach na meaitseanna a bhfuil gá le hobair leantach ina leith agus seolfaidh sé iarraidh leantach réasúnaithe ina mbeidh na sonraí dá dtagraítear in Airteagail 25 agus 27 agus aon fhaisnéis ábhartha bhreise chuig an mBallstát nó na Ballstáit iarrtha trí SIENA. Déanfaidh an Ballstát iarrtha nó na Ballstáit iarrtha na hiarrataí sin a phróiseáil gan mhoill chun cinneadh a dhéanamh an roinnfear na sonraí atá stóráilte ina bhunachar sonraí nó ina mbunachar sonraí.

    6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear an nós imeachta teicniúil do EPRIS chun innéacsanna de thaifid phóilíneachta na mBallstát a chuardach agus formáid agus uaslíon na bhfreagraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

    Airteagal 45

    Logaí a choinneáil

    1.   Coinneoidh gach Ballstát rannpháirteach agus Europol logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile in EPRIS. Áireofar sna logaí sin an méid seo a leanas:

    (a)

    cibé ar sheol an Ballstát nó Europol an iarraidh ar chuardach; i gcás inar sheol Ballstát an iarraidh ar chuardach, an Ballstát a bhí i gceist;

    (b)

    dáta agus am na hiarrata;

    (c)

    dáta agus am an fhreagra;

    (d)

    na bunachair sonraí náisiúnta ar seoladh iarraidh ar chuardach chucu;

    (e)

    na bunachair sonraí náisiúnta a thug freagra.

    2.   Coinneoidh gach Ballstát rannpháirteach logaí de na hiarrataí ar chuardaigh a dhéanann foireann a n-údarás inniúil atá cuí-údaraithe chun EPRIS a úsáid. Coinneoidh Europol logaí d’iarrataí ar chuardaigh a dhéanann a fhoireann chuí-údaraithe.

    3.   Ní úsáidfear na logaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ach chun staidreamh a bhailiú, chun faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht cuardaigh agus ar dhleathacht próiseála sonraí, agus chun slándáil agus sláine sonraí a áirithiú. Úsáidfear bearta iomchuí chun na logaí sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus léirscriosfar iad 3 bliana tar éis a gcruthaithe. Más rud é, áfach, go mbeidh siad ag teastáil le haghaidh nósanna imeachta faireacháin a bhfuil tús curtha leo cheana féin, sa chás sin léirscriosfar iad a luaithe nach mbeidh na logaí sin ag teastáil a thuilleadh le haghaidh na nósanna imeachta faireacháin.

    4.   Chun faireachán a dhéanamh ar chosaint sonraí, lena n-áirítear seiceáil a dhéanamh ar inghlacthacht cuardaigh agus ar dhleathacht próiseála sonraí, beidh rochtain ag na rialaitheoirí sonraí ar na logaí le haghaidh féinfhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 55.

    Airteagal 46

    Nósanna imeachta um fhógra a thabhairt i gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, EPRIS a úsáid

    1.   I gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, EPRIS a úsáid chun innéacs náisiúnta amháin nó roinnt innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta a chuardach de dheasca chliseadh bhonneagar Europol, tabharfaidh Europol fógra do na Ballstáit ar bhealach uathoibrithe. Déanfaidh Europol bearta chun aghaidh a thabhairt gan mhoill ar an dodhéantacht theicniúil atá ann EPRIS a úsáid.

    2.   I gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, EPRIS a úsáid chun innéacs amháin nó roinnt innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta a chuardach de dheasca chliseadh an bhonneagair náisiúnta i mBallstát, tabharfaidh an Ballstát sin fógra do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus do Europol ar bhealach uathoibrithe. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun aghaidh a thabhairt gan mhoill ar an dodhéantacht theicniúil atá ann EPRIS a úsáid.

    CAIBIDIL 4

    Malartú sonraí tar éis meaits

    Airteagal 47

    Malartú bunsonraí

    1.   Cuirfear tacar bunsonraí ar ais tríd an ródaire laistigh de 48 uair an chloig tar éis gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:

    (a)

    léiríonn na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6, 11 nó 20 meaits idir na sonraí a úsáideadh don chuardach agus na sonraí a stóráiltear i mbunachar sonraí an Bhallstáit iarrtha nó na mBallstát iarrtha;

    (b)

    dheimhnigh ball foirne cáilithe den Bhallstát iarrthach dá dtagraítear in Airteagal 6(6), Airteagal 11(2) agus Airteagal 20(2), nó i gcás próifílí DNA dá dtagraítear in Airteagal 6(7), den Bhallstát iarrtha, an meaits dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo de láimh;

    (c)

    tarchuireadh cur síos ar na fíorais agus léiriú ar an gcion bunaidh, ag baint úsáid as tábla coiteann na gcatagóirí ciona a leagtar amach i ngníomh cur chun feidhme atá le glacadh de bhun Airteagal 11b(1), pointe (a), de Chinneadh Réime 2009/315/CGB, ag an mBallstát iarrthach nó, i gcás próifílí DNA dá dtagraítear in Airteagal 6(7), ag an mBallstát iarrtha, chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na hiarrata, lena n-áirítear tromchúis an chiona a ndearnadh cuardach ina leith, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit a sholáthraíonn an tacar bunsonraí.

    2.   Más rud é, faoina dhlí náisiúnta, nach féidir le Ballstát tacar áirithe bunsonraí a sholáthar ach amháin tar éis údarú breithiúnach a fháil, féadfaidh an Ballstát sin imeacht ón teorainn ama a leagtar amach i mír 1 a mhéid is gá chun an t-údarú sin a fháil.

    3.   Cuirfidh an Ballstát iarrtha nó, i gcás próifílí DNA dá dtagraítear in Airteagal 6(7), an Ballstát iarrthach, an tacar bunsonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar ais.

    4.   I gcás ina mbaineann an meaits deimhnithe le sonraí sainaitheanta duine, beidh na sonraí seo a leanas sa tacar bunsonraí dá dtagraítear i mír 1, a mhéid a bheidh siad ar fáil:

    (a)

    céadainm nó céadainmneacha;

    (b)

    sloinne nó sloinnte;

    (c)

    ailias nó ailiasanna, agus ainm nó ainmneacha a úsáideadh roimhe sin;

    (d)

    dáta breithe;

    (e)

    náisiúntacht nó náisiúntachtaí;

    (f)

    áit bhreithe agus tír bhreithe;

    (g)

    inscne;

    (h)

    an dáta a fuarthas na sonraí bithmhéadracha agus an áit a bhfuarthas iad;

    (i)

    an cion coiriúil ar ina leith a fuarthas na sonraí bithmhéadracha;

    (j)

    uimhir an cháis choiriúil;

    (k)

    an t-údarás inniúil atá freagrach as an gcás coiriúil.

    5.   I gcás ina mbaineann an meaits deimhnithe le sonraí nó rianta gan sainaithint, beidh na sonraí seo a leanas sa tacar bunsonraí dá dtagraítear i mír 1, a mhéid a bheidh siad ar fáil:

    (a)

    an dáta a fuarthas na sonraí bithmhéadracha agus an áit a bhfuarthas iad;

    (b)

    an cion coiriúil ar ina leith a fuarthas na sonraí bithmhéadracha;

    (c)

    uimhir an cháis choiriúil;

    (d)

    an t-údarás inniúil atá freagrach as an gcás coiriúil.

    6.   Tabhairt ar ais na mbunsonraí ag an mBallstát iarrtha nó, i gcás próifílí DNA dá dtagraítear in Airteagal 6(7), ag an mBallstát iarrthach, beidh sé faoi réir cinneadh ó dhuine.

    CAIBIDIL 5

    Europol

    Airteagal 48

    Rochtain ag na Ballstáit ar shonraí bithmhéadracha arna soláthar ag tríú tíortha agus a stórálann Europol

    1.   I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794, beidh rochtain ag na Ballstáit ar shonraí bithmhéadracha arna soláthar ag tríú tíortha do Europol chun críocha Airteagal 18(2), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/794, agus beidh siad in ann na sonraí sin a chuardach tríd an ródaire.

    2.   I gcás ina mbíonn meaits idir na sonraí arna n-úsáid le haghaidh an chuardaigh agus na sonraí arna soláthar ag tríú tír agus a stórálann Europol mar thoradh ar chuardach dá dtagraítear i mír 1, déanfar an obair leantach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794.

    Airteagal 49

    Rochtain ag Europol ar shonraí a stóráiltear i mbunachair sonraí na mBallstát, trí úsáid a bhaint as sonraí arna soláthar ag tríú tíortha

    1.   I gcás inar gá chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/794 a bhaint amach, beidh rochtain ag Europol, i gcomhréir leis an Rialachán sin agus leis an Rialachán seo, ar shonraí a stórálann na Ballstáit ina mbunachair sonraí náisiúnta agus ina n-innéacsanna de thaifid phóilíneachta.

    2.   Is trí úsáid a bhaint as an ródaire a dhéanfar cuardaigh Europol a dhéanfar le sonraí bithmhéadracha mar chritéar cuardaigh.

    3.   Is trí úsáid a bhaint as Eucaris a dhéanfar cuardaigh Europol a dhéanfar le sonraí clárúcháin feithicle mar chritéar cuardaigh.

    4.   Is trí úsáid a bhaint as EPRIS a dhéanfar cuardaigh Europol a dhéanfar le sonraí beathaisnéiseacha daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine ciontaithe dá dtagraítear in Airteagal 25 mar chritéar cuardaigh.

    5.   Ní dhéanfaidh Europol na cuardaigh le sonraí arna soláthar ag tríú tíortha i gcomhréir le míreanna 1 go 4 den Airteagal seo ach amháin i gcás inar gá sin chun a chúraimí a dhéanamh chun críocha Airteagal 18(2), pointí (a) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/794.

    6.   I gcás ina léiríonn na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 6, 11 nó 20 meaits idir na sonraí a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh agus na sonraí atá i mbunachar sonraí náisiúnta an Bhallstáit iarrtha nó na mBallstát iarrtha, ní chuirfidh Europol ach an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann, agus é sin nó iad sin amháin, ar an eolas.

    Cinnfidh an Ballstát iarrtha an gcuirfidh sé tacar bunsonraí ar ais tríd an ródaire laistigh de 48 uair an chloig tar éis na coinníollacha uile seo a leanas a bheith comhlíonta:

    (a)

    rinne ball foirne cáilithe de chuid Europol meaits dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dheimhniú de láimh;

    (b)

    tarchuireadh cur síos ar na fíorais agus léiriú ar an gcion bunaidh, ag baint úsáid as tábla coiteann na gcatagóirí ciona a leagtar amach i ngníomh cur chun feidhme atá le glacadh de bhun Airteagal 11b(1), pointe (a), de Chinneadh Réime 2009/315/CGB, ag Europol chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na hiarrata, lena n-áirítear tromchúis an chiona a ndearnadh cuardach ina leith, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit a sholáthraíonn an tacar bunsonraí;

    (c)

    tarchuireadh ainm an tríú tír a sholáthair na sonraí.

    I gcás, faoina dhlí náisiúnta, nach féidir le Ballstát tacar áirithe bunsonraí a sholáthar ach amháin tar éis údarú breithiúnach a fháil, féadfaidh an Ballstát sin imeacht ón teorainn ama a leagtar amach sa dara fomhír a mhéid is gá chun aon údarú den sórt sin a fháil.

    I gcás ina mbaineann an meaits deimhnithe le sonraí sainaitheanta duine, beidh na sonraí seo a leanas sa tacar bunsonraí dá dtagraítear sa dara fomhír, a mhéid a bheidh siad ar fáil:

    (a)

    céadainm nó céadainmneacha;

    (b)

    sloinne nó sloinnte;

    (c)

    ailias nó ailiasanna, agus ainm nó ainmneacha a úsáideadh roimhe sin;

    (d)

    dáta breithe;

    (e)

    náisiúntacht nó náisiúntachtaí;

    (f)

    áit bhreithe agus tír bhreithe;

    (g)

    inscne;

    (h)

    an dáta a fuarthas na sonraí bithmhéadracha agus an áit a bhfuarthas iad;

    (i)

    an cion coiriúil ar ina leith a fuarthas na sonraí bithmhéadracha;

    (j)

    uimhir an cháis choiriúil;

    (k)

    an t-údarás inniúil atá freagrach as an gcás coiriúil.

    I gcás ina mbaineann an meaits deimhnithe le sonraí nó rianta gan sainaithint, beidh na sonraí seo a leanas sa tacar bunsonraí dá dtagraítear sa dara fomhír, a mhéid a bheidh siad ar fáil:

    (a)

    an dáta a fuarthas na sonraí bithmhéadracha agus an áit a bhfuarthas iad;

    (b)

    an cion coiriúil ar ina leith a fuarthas na sonraí bithmhéadracha;

    (c)

    uimhir an cháis choiriúil;

    (d)

    an t-údarás inniúil atá freagrach as an gcás coiriúil.

    Beidh tabhairt ar ais na mbunsonraí ag an mBallstát iarrtha faoi réir cinneadh ó dhuine.

    7.   Maidir leis an úsáid a bhaineann Europol as faisnéis arna fáil ó chuardach arna dhéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus ó mhalartú tacair bunsonraí i gcomhréir le mír 6, beidh sí faoi réir toiliú a fháil ón mBallstát ar ina bhunachar sonraí a tharla an meaits. I gcás ina gceadaíonn an Ballstát an fhaisnéis sin a úsáid, déanfar láimhseáil na faisnéise sin ag Europol a rialú le Rialachán (AE) 2016/794.

    CAIBIDIL 6

    Cosaint sonraí

    Airteagal 50

    Cuspóir na próiseála sonraí

    1.   Ní cheadófar sonraí pearsanta arna bhfáil ag Ballstát nó ag Europol a phróiseáil ach chun na gcríoch ar ina leith a sholáthair an Ballstát na sonraí, agus ar Ballstát é a sholáthair na sonraí i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ní cheadófar próiseáil chun críoch eile ach amháin le réamhúdarú an Bhallstáit a sholáthair na sonraí.

    2.   Ní cheadófar próiseáil sonraí arna soláthar ag Ballstát nó ag Europol de bhun Airteagal 6, 11, 16, 20 nó 26 ach amháin nuair is gá chun na gcríoch seo a leanas:

    (a)

    a shuí an bhfuil na próifílí DNA, na sonraí dachtalascópacha, na sonraí clárúcháin feithicle, na híomhánna aghaidhe nó na taifid phóilíneachta a chuirtear i gcomparáid lena chéile ag meaitseáil;

    (b)

    tacar bunsonraí a mhalartú i gcomhréir le hAirteagal 47;

    (c)

    iarraidh ó phóilíní nó iarraidh bhreithiúnach ar chúnamh dlíthiúil a ullmhú agus a chur isteach i gcás ina meaitseálann na sonraí sin;

    (d)

    logaí dá bhforáiltear in Airteagail 18, 40 agus 45 a choinneáil.

    3.   Déanfar na sonraí arna bhfáil ag Ballstát nó ag Europol a scriosadh láithreach tar éis freagraí uathoibrithe a fháil ar chuardaigh ach amháin má bhíonn tuilleadh próiseála riachtanach chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 2 nó a údaraítear i gcomhréir le mír 1.

    4.   Sula ndéanfar a mbunachair sonraí náisiúnta a nascadh leis an ródaire nó le EPRIS, déanfaidh na Ballstáit measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir (AE) 2016/680 agus, i gcás inarb iomchuí, rachaidh siad i gcomhairle leis an údarás maoirseachta dá bhforáiltear in Airteagal 28 den Treoir sin. Féadfaidh an t-údarás maoirseachta aon cheann de na cumhachtaí atá aige faoi Airteagal 47 den Treoir sin a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 28(5) den Treoir sin.

    Airteagal 51

    Cruinneas, ábharthacht agus coinneáil sonraí

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit agus Europol cruinneas agus ábharthacht na sonraí pearsanta a phróiseáiltear de bhun an Rialacháin seo. I gcás ina dtagann Ballstát nó Europol ar an eolas gur soláthraíodh sonraí atá mícheart nó nach bhfuil cothrom le dáta a thuilleadh nó gur soláthraíodh sonraí nár cheart a bheith soláthartha, tabharfaidh sé fógra faoin bhfíoras sin gan moill mhíchuí don Bhallstát a fuair na sonraí nó do Europol. Déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann nó Europol na sonraí a cheartú nó a scriosadh dá réir sin gan moill mhíchuí. I gcás ina bhfuil cúis ag an mBallstát a fuair na sonraí nó ag Europol lena chreidiúint go bhfuil na sonraí a soláthraíodh mícheart nó gur cheart iad a scriosadh, cuirfidh sé an Ballstát a sholáthair na sonraí ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.

    2.   Cuirfidh na Ballstáit agus Europol bearta iomchuí i bhfeidhm chun na sonraí atá ábhartha chun críocha an Rialacháin seo a thabhairt cothrom le dáta.

    3.   I gcás ina gcuireann ábhar sonraí i gcoinne chruinneas na sonraí atá i seilbh Ballstáit nó Europol, i gcás nach féidir leis an mBallstát lena mbaineann ná Europol cruinneas na sonraí sin a shuí go hiontaofa agus i gcás ina n-iarrfaidh an t-ábhar sonraí é, marcálfar bratach ar na sonraí lena mbaineann. I gcás ina bhfuil bratach den sórt sin ann, ní fhéadfaidh na Ballstáit ná Europol í a bhaint ach amháin le cead ón ábhar sonraí nó bunaithe ar chinneadh ón gcúirt inniúil, ón údarás maoirseachta nó ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, de réir mar is ábhartha.

    4.   Scriosfar sonraí nár cheart a bheith soláthartha ná faighte. Scriosfar sonraí arna soláthar agus arna bhfáil go dleathach:

    (a)

    mura bhfuil siad riachtanach nó mura bhfuil siad riachtanach a thuilleadh chun na críche dár soláthraíodh iad;

    (b)

    ar dhul in éag na huastréimhse chun sonraí a choinneáil a leagtar síos le dlí náisiúnta an Bhallstáit a sholáthair na sonraí i gcás inar chuir an Ballstát sin an Ballstát a fuair na sonraí nó Europol ar an eolas faoin uastréimhse sin tráth soláthair na sonraí; nó

    (c)

    ar dhul in éag na huastréimhse chun sonraí a choinneáil a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/794.

    I gcás ina bhfuil cúis lena chreidiúint go ndéanfadh scriosadh sonraí dochar do leasanna an ábhair sonraí, déanfar próiseáil na sonraí a shrianadh in ionad iad a scriosadh. I gcás inar srianadh próiseáil sonraí, ní dhéanfar iad a phróiseáil ach amháin chun na críche sin a chuir cosc ar scriosadh na sonraí sin.

    Airteagal 52

    Próiseálaí sonraí

    1.   Is é eu-LISA a bheidh sa phróiseálaí de réir bhrí Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2018/1725 chun sonraí pearsanta a phróiseáil tríd an ródaire.

    2.   Is é Europol a bheidh sa phróiseálaí de réir bhrí Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2018/1725 chun sonraí pearsanta a phróiseáil trí EPRIS.

    Airteagal 53

    Slándáil na próiseála

    1.   Áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát, eu-LISA agus Europol slándáil na próiseála a dhéanfar ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo. Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát, eu-LISA agus Europol i dtaca le cúraimí a bhaineann le slándáil.

    2.   Gan dochar d’Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/794, déanfaidh eu-LISA agus Europol na bearta is gá chun slándáil an ródaire agus EPRIS faoi seach, agus slándáil a mbonneagair cumarsáide ghaolmhair, a áirithiú.

    3.   Glacfaidh eu-LISA na bearta is gá maidir leis an ródaire agus glacfaidh Europol na bearta is gá maidir le EPRIS, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    sonraí a chosaint go fisiciúil, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha a dhéanamh i dtaobh bonneagar criticiúil a chosaint;

    (b)

    diúltú do dhaoine neamhúdaraithe rochtain a fháil ar threalamh agus suiteálacha próiseála sonraí;

    (c)

    cosc a chur ar léamh, cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe na meán ar a bhfuil sonraí stóráilte;

    (d)

    cosc a chur ar iontráil neamhúdaraithe sonraí maille le hiniúchadh, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta atá ar taifead;

    (e)

    cosc a chur ar phróiseáil neamhúdaraithe sonraí maille le cóipeáil, modhnú nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí;

    (f)

    cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu córais uathphróiseála sonraí a úsáid;

    (g)

    a áirithiú, trí bhíthin aitheantais indibhidiúla úsáideora agus modhanna rochtana rúnda amháin a úsáid, nach mbeidh rochtain ag na daoine a bhfuil údarú rochtana acu ar an ródaire nó ar EPRIS, de réir mar is infheidhme, ach ar na sonraí sin atá cumhdaithe faoina n-údarú rochtana,;

    (h)

    a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí cé na comhlachtaí ar féidir sonraí pearsanta a sholáthar dóibh agus trealamh cumarsáide sonraí á úsáid chuige sin;

    (i)

    a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí cé na sonraí a próiseáladh sa ródaire nó in EPRIS, de réir mar is infheidhme, agus cén uair a próiseáladh iad, cé a rinne an phróiseáil sin agus cad chuige ar próiseáladh iad;

    (j)

    cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta, go háirithe le teicnící criptithe iomchuí, agus sonraí pearsanta á dtarchur chuig an ródaire nó EPRIS nó uathu, de réir mar is infheidhme, nó meáin ar a mbeidh sonraí á stóráil;

    (k)

    a áirithiú gur féidir, i gcás ina dtarlódh briseadh sa chóras, na córais atá suiteáilte a chur ag oibriú arís mar is ceart;

    (l)

    an iontaofacht a áirithiú trína chinntiú go ndéantar gach fabht a éireoidh d’fheidhmiú an ródaire nó EPRIS, de réir mar is infheidhme, a thuairisciú i gceart;

    (m)

    faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagrúcháin is gá a dhéanamh maidir le faireachán inmheánach chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus chun measúnú a dhéanamh ar na bearta slándála sin i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta nua.

    Áireofar sna bearta is gá dá dtagraítear sa chéad fhomhír plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste.

    Airteagal 54

    Teagmhais slándála

    1.   Maidir le haon imeacht a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar shlándáil an ródaire nó EPRIS agus a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le damáiste a dhéanamh do shonraí a stóráiltear sa ródaire nó in EPRIS, nó le cailleadh na sonraí sin, measfar gur teagmhas slándála é, go háirithe i gcás ina bhféadfadh sé go bhfuarthas rochtain neamhúdaraithe ar shonraí nó i gcás ina ndearnadh, nó ina bhféadfadh sé go ndearnadh, infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol.

    2.   I gcás ina dtarlóidh teagmhas slándála a bhaineann leis an ródaire, comhoibreoidh eu-LISA agus na Ballstáit lena mbaineann nó, i gcás inarb infheidhme, Europol le chéile chun freagairt thapa, éifeachtach agus chuí a áirithiú.

    3.   I gcás ina dtarlóidh teagmhas slándála a bhaineann le EPRIS, comhoibreoidh na Ballstáit lena mbaineann agus Europol le chéile chun freagairt thapa, éifeachtach agus chuí a áirithiú.

    4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra dá n-údaráis inniúla gan moill mhíchuí faoi aon teagmhas slándála.

    Gan dochar d’Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2018/1725, i gcás ina dtarlóidh teagmhas slándála maidir le bonneagar lárnach an ródaire, tabharfaidh eu-LISA fógra don tSeirbhís Cibearshlándála d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) faoi chibearbhagairtí suntasacha, leochaileachtaí suntasacha agus teagmhais shuntasacha gan moill mhíchuí agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis dó fáil amach fúthu. Déanfar mionsonraí teicniúla iomchuí inghníomhaithe maidir le cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus teagmhais lena gcumasófar brath réamhghníomhach, freagairt ar theagmhais nó bearta maolaitheacha a nochtadh do CERT-EU gan moill mhíchuí.

    Gan dochar d’Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2016/794 agus d’Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2018/1725, i gcás ina dtarlóidh teagmhas slándála maidir le bonneagar lárnach EPRIS, tabharfaidh Europol fógra do CERT-EU faoi chibearbhagairtí suntasacha, leochaileachtaí suntasacha agus teagmhais shuntasacha gan moill mhíchuí agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis dó fáil amach fúthu. Déanfar mionsonraí teicniúla iomchuí inghníomhaithe maidir le cibearbhagairtí, leochaileachtaí agus teagmhais lena gcumasófar brath réamhghníomhach, freagairt ar theagmhais nó bearta maolaitheacha a nochtadh do CERT-EU gan moill mhíchuí.

    5.   Déanfaidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais lena mbaineann faisnéis maidir le teagmhas slándála a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar oibriú an ródaire nó ar infhaighteacht, sláine agus rúndacht na sonraí, a sholáthar gan mhoill do na Ballstáit agus do Europol agus a thuairisciú de réir an phlean bainistithe teagmhais a sholáthróidh eu-LISA.

    6.   Déanfaidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais lena mbaineann faisnéis maidir le teagmhas slándála a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar oibriú EPRIS nó ar infhaighteacht, sláine agus rúndacht na sonraí, a sholáthar do na Ballstáit gan mhoill agus déanfar í a thuairisciú de réir an phlean bainistithe teagmhais a sholáthróidh Europol.

    Airteagal 55

    Féinfhaireachán

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach údarás a bheidh i dteideal úsáid a bhaint as creat Prüm II na bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus go gcomhoibreoidh an t-údarás sin, i gcás inar gá sin, leis an údarás maoirseachta. Glacfaidh Europol na bearta is gá chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus comhoibreoidh sé, nuair is gá, leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

    2.   Déanfaidh rialaitheoirí sonraí na bearta is gá a chur chun feidhme chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chomhlíontacht na próiseála sonraí leis an Rialachán seo, lena n-áirítear trí na logaí dá dtagraítear in Airteagail 18, 40 agus 45 a fhíorú go rialta. Comhoibreoidh siad, i gcás inar gá agus de réir mar is iomchuí, leis na húdaráis mhaoirseachta nó leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

    Airteagal 56

    Pionóis

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon mhí-úsáid sonraí, próiseáil sonraí nó malartú sonraí atá contrártha don Rialachán seo inphionóis i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    Airteagal 57

    Dliteanas

    Má mhainníonn Ballstát nó, má mhainníonn Europol, agus cuardaigh á ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 49, a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus an méid sin a bheith ina chúis le damáiste don ródaire nó do EPRIS, is é an Ballstát sin nó Europol a bheidh faoi dhliteanas i leith an damáiste sin más rud é agus a mhéid nach ndearna eu-LISA, Europol nó Ballstát eile atá faoi cheangal ag an Rialachán seo bearta réasúnacha chun an damáiste sin a sheachaint nó chun a thionchar a íoslaghdú.

    Airteagal 58

    Iniúchadh arna dhéanamh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

    1.   Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go ndéanfaidh eu-LISA agus Europol iniúchadh chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha, ar oibríochtaí próiseála sonraí pearsanta gach ceithre bliana ar a laghad. Seolfar tuarascáil ar an iniúchadh sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na Ballstáit agus chuig gníomhaireacht an Aontais lena mbaineann. Tabharfar deis do eu-LISA agus Europol barúlacha a thabhairt sula nglacfar na tuarascálacha.

    2.   Soláthróidh eu-LISA agus Europol faisnéis don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arna iarraidh sin aige, tabharfaidh siad rochtain dó ar na doiciméid ar fad agus ar a logaí amhail dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 45, agus ceadóidh siad dó rochtain a fháil aon tráth ar a n-áitribh ar fad. Tá an mhír seo gan dochar do chumhachtaí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí faoi Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus, maidir le Europol, faoi Airteagal 43(3) de Rialachán (AE) 2016/794.

    Airteagal 59

    Comhar idir údaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

    1.   Na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus iad araon ag gníomhú laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, comhoibreoidh siad go gníomhach faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí faoi seach chun go n-áiritheofar maoirseacht chomhordaithe ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe má fhaigheann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó údarás maoirseachta neamhréitigh mhóra idir cleachtais na mBallstát nó má aimsíonn sé aistrithe a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a úsáideann bealaí cumarsáide chreat Prüm II.

    2.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfar maoirseacht chomhordaithe a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725.

    3.   2 bhliain tar éis thús oibríochtaí an ródaire agus EPRIS agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí tuarascáil ar a ghníomhaíochtaí faoin Airteagal seo chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig eu-LISA agus chuig Europol. Sa tuarascáil sin, beidh caibidil ar gach Ballstát arna hullmhú ag údarás maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann.

    Airteagal 60

    Aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta

    Ní aistreoidh Ballstát sonraí pearsanta a fhaigheann sé faoin Rialachán seo chuig tríú tír ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach i gcomhréir le Caibidil V de Threoir (AE) 2016/680 agus i gcás inar dheonaigh an Ballstát iarrtha a údarú roimh an aistriú.

    Ní aistreoidh Europol sonraí pearsanta a fhaigheann sé faoin Rialachán seo chuig tríú tír ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/794 agus i gcás ina bhfuil údarú tugtha ag an mBallstát iarrtha roimh an aistriú.

    Airteagal 61

    Baint le gníomhartha dlí eile maidir le cosaint sonraí

    Aon phróiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo, déanfar í i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus le Treoir (AE) 2016/680 nó Rialachán (AE) 2018/1725, (AE) 2016/794 nó (AE) 2016/679, de réir mar is infheidhme.

    CAIBIDIL 7

    Freagrachtaí

    Airteagal 62

    Freagracht i leith dícheall cuí

    Feidhmeoidh na Ballstáit agus Europol dícheall cuí agus measúnú á dhéanamh acu an dtagann an malartú uathoibrithe sonraí faoi chuspóir chreat Prüm II a leagtar amach in Airteagal 2 agus an gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach ann, go háirithe maidir le cearta bunúsacha.

    Airteagal 63

    Oiliúint

    Soláthrófar acmhainní leormhaithe agus oiliúint leormhaith, lena n-áirítear maidir le cosaint sonraí agus athbhreithniú cruinn ar mheaitseanna, d’fhoireann údaraithe údaráis inniúla na mBallstát, na n-údarás maoirseachta agus Europol, de réir mar is ábhartha, chun na cúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh.

    Airteagal 64

    Freagrachtaí na mBallstát

    1.   Beidh gach Ballstát freagrach as an méid seo a leanas:

    (a)

    an nasc le bonneagar an ródaire;

    (b)

    lánpháirtiú a chórais agus a bhonneagair náisiúnta atá ann cheana leis an ródaire;

    (c)

    a bhonneagar náisiúnta atá ann cheana agus a nasc leis an ródaire a eagrú, a bhainistiú, a oibriú agus a chothabháil;

    (d)

    an nasc le bonneagar EPRIS;

    (e)

    lánpháirtiú a chórais agus a bhonneagair náisiúnta atá ann cheana le EPRIS;

    (f)

    a bhonneagar náisiúnta atá ann cheana agus a nasc le EPRIS a eagrú, a bhainistiú, a oibriú agus a chothabháil;

    (g)

    bainistiú a dhéanamh ar an rochtain atá ag foireann chuí-údaraithe a údarás inniúil ar an ródaire, agus socruithe a dhéanamh maidir leis an rochtain sin, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus liosta den fhoireann sin, maille lena bpróifíl, a chruthú agus a nuashonrú go tráthrialta;

    (h)

    bainistiú a dhéanamh ar an rochtain atá ag foireann chuí-údaraithe a údarás inniúil ar EPRIS, agus socruithe a dhéanamh maidir leis an rochtain sin, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus liosta den fhoireann sin, maille lena bpróifílí, a chruthú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta;

    (i)

    bainistiú a dhéanamh ar an rochtain atá ag foireann chuí-údaraithe a údarás inniúil ar Eucaris, agus socruithe a dhéanamh maidir leis an rochtain sin, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus liosta den fhoireann sin, maille lena bpróifílí, a chruthú agus a nuashonrú go rialta;

    (j)

    deimhniú de láimh déanta ag foireann cháilithe maidir le meaits dá dtagraítear in Airteagal 6(6), Airteagal 6(7), Airteagal 11(2) agus Airteagal 20(2);

    (k)

    a áirithiú go mbeidh na sonraí is gá le haghaidh malartú sonraí ar fáil i gcomhréir le hAirteagail 5, 10, 16, 19 agus 25;

    (l)

    malartú faisnéise i gcomhréir le hAirteagail 6, 11, 16, 20 agus 26;

    (m)

    aon sonraí a fuarthas ó Bhallstát iarrtha a cheartú, a uasdátú nó a scriosadh laistigh de 48 uair an chloig ón bhfógra ón mBallstát iarrtha go raibh na sonraí a cuireadh isteach mícheart, nach raibh siad cothrom le dáta, nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh nó gur tarchuireadh go neamhdhleathach iad;

    (n)

    comhlíonadh na gceanglas maidir le cáilíocht sonraí a leagtar amach sa Rialachán seo.

    2.   Beidh gach Ballstát freagrach as a údaráis inniúla a nascadh leis an ródaire, le EPRIS agus le Eucaris.

    Airteagal 65

    Freagrachtaí Europol

    1.   Beidh Europol freagrach as bainistiú a dhéanamh ar an rochtain a bheidh ag a fhoireann chuí-údaraithe ar an ródaire, ar EPRIS agus ar Eucaris, agus socruithe a dhéanamh maidir leis an rochtain sin, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    2.   Beidh Europol freagrach as cuardaigh ar shonraí Europol ag an ródaire a phróiseáil. Déanfaidh Europol a chórais faisnéise a oiriúnú dá réir.

    3.   Beidh Europol freagrach as aon oiriúnuithe teicniúla ar bhonneagar Europol a theastaíonn chun nasc a bhunú leis an ródaire agus le Eucaris.

    4.   Gan dochar do chuardaigh arna ndéanamh ag Europol de bhun Airteagal 49, ní bheidh rochtain ag Europol ar aon cheann de na sonraí pearsanta arna bpróiseáil trí EPRIS.

    5.   Beidh Europol freagrach as forbairt EPRIS i gcomhar leis na Ballstáit. Soláthróidh EPRIS na feidhmiúlachtaí a leagtar síos in Airteagail 42 go 46.

    Beidh Europol freagrach as bainistiú teicniúil EPRIS. Is éard a bheidh i mbainistiú teicniúil EPRIS na cúraimí agus na réitigh theicniúla uile is gá chun bonneagar lárnach EPRIS a choinneáil ag feidhmiú agus chun seirbhísí gan bhriseadh a sholáthar do na Ballstáit 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áireofar leis an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá lena áirithiú go mbeidh EPRIS ag feidhmiú ar leibhéal atá sásúil ó thaobh na cáilíochta teicniúla de, go háirithe a mhéid a bhaineann le ham freagartha i ndáil le hiarrataí a chur isteach chuig na bunachair sonraí náisiúnta i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla.

    6.   Soláthróidh Europol oiliúint maidir le húsáid theicniúil EPRIS.

    7.   Beidh Europol freagrach as na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 48 agus 49.

    Airteagal 66

    Freagrachtaí eu-LISA le linn chéim deartha agus forbartha an ródaire

    1.   Áiritheoidh eu-LISA go n-oibreofar bonneagar lárnach an ródaire i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    2.   Beidh an ródaire á óstáil ag eu-LISA ar a chuid suíomhanna teicniúla agus soláthróidh sé na feidhmiúlachtaí a leagtar síos sa Rialachán seo i gcomhréir leis na coinníollacha a bhaineann le slándáil, infhaighteacht, cáilíocht agus feidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 67(1).

    3.   Beidh eu-LISA freagrach as an ródaire a fhorbairt agus as aon oiriúnuithe teicniúla is gá d’oibríochtaí an ródaire.

    4.   Ní bheidh rochtain ag eu-LISA ar aon cheann de na sonraí pearsanta a phróiseálfar tríd an ródaire.

    5.   Is é eu-LISA a chinnfidh dearadh ollstruchtúr fisiceach an ródaire, lena n-áirítear a bhonneagar cumarsáide slán agus na sonraíochtaí teicniúla, agus an éabhlóid a thiocfaidh uirthi i dtaca leis an mbonneagar lárnach agus leis an mbonneagar cumarsáide slán. Déanfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA an dearadh a fhormheas, faoi réir tuairim dhearfach ón gCoimisiún. Is é eu-LISA freisin a chuirfidh chun feidhme aon oiriúnuithe is gá ar na comhpháirteanna idir-inoibritheachta a éiríonn as an ródaire a bhunú dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

    6.   Déanfaidh eu-LISA an ródaire a fhorbairt agus a chur chun feidhme a luaithe is féidir tar éis don Choimisiún na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 37(6) a ghlacadh. Is é a bheidh san fhorbairt sin mionsaothrú agus cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla, tástáil agus bainistiú agus comhordú foriomlán an tionscadail.

    7.   Le linn chéim an deartha agus na forbartha, tiocfaidh Bord Bainistíochta an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2019/817 agus in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2019/818 le chéile go tráthrialta. Áiritheoidh sé go ndéanfar bainistiú iomchuí ar chéim deartha agus forbartha an ródaire.

    Gach mí, cuirfidh Bord Bainistíochta an Chláir tuarascálacha i scríbhinn maidir le dul chun cinn an tionscadail faoi bhráid Bhord Bainistíochta eu-LISA. Ní bheidh aon chumhacht chinnteoireachta ná aon sainordú ag Bord Bainistíochta an Chláir chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann chomhaltaí Bhord Bainistíochta eu-LISA.

    Tiocfaidh an Grúpa Comhairleach um Idir-inoibritheacht dá dtagraítear in Airteagal 78 le chéile go tráthrialta go dtí go gcuirfear tús le hoibríochtaí an ródaire. Tuairisceoidh sé do Bhord Bainistíochta an Chláir tar éis gach cruinnithe. Soláthróidh sé saineolas teicniúil chun tacú le cúraimí Bhord Bainistíochta an Chláir agus déanfaidh sé an iarobair a bhaineann le hullmhacht na mBallstát.

    Airteagal 67

    Freagrachtaí eu-LISA tar éis thús oibríochtaí an ródaire

    1.   Tar éis thús oibríochtaí an ródaire, beidh eu-LISA freagrach as bainistiú teicniúil bhonneagar lárnach an ródaire, lena n-áirítear é a chothabháil agus forbairtí teicneolaíocha a dhéanamh. I gcomhar leis na Ballstáit, áiritheoidh sé go n-úsáidfear an teicneolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil, faoi réir anailís costais agus tairbhe. Beidh eu-LISA freagrach freisin as bainistiú teicniúil an bhonneagair cumarsáide is gá.

    Cuimseoidh bainistiú teicniúil an ródaire na cúraimí agus na réitigh theicniúla uile is gá chun an ródaire a choinneáil ag feidhmiú agus ag soláthar seirbhísí gan bhriseadh do na Ballstáit agus do Europol 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áireofar ann an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an ródaire ar leibhéal sásúil cáilíochta teicniúla, go háirithe maidir le hinfhaighteacht agus maidir leis an am freagartha chun iarrataí a chur isteach chuig na bunachair sonraí náisiúnta agus chuig sonraí Europol i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla.

    Forbrófar agus bainisteofar an ródaire sa chaoi go n-áiritheofar rochtain thapa, éifeachtúil agus rialaithe, infhaighteacht iomlán agus gan bhriseadh, agus go mbeidh an t-am freagartha i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla údaráis inniúla na mBallstát agus Europol.

    2.   Gan dochar d’Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (18), cuirfidh eu-LISA rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí coibhéiseacha eile rúndachta i bhfeidhm maidir lena chuid ball foirne ar fad ar gá dóibh a bheith ag obair le sonraí a stóráiltear sa ródaire. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do na baill foirne sin an oifig nó an fhostaíocht a fhágáil nó tar éis dóibh a gcuid gníomhaíochtaí a fhoirceannadh.

    Ní bheidh rochtain ag eu-LISA ar aon cheann de na sonraí pearsanta a phróiseáiltear tríd an ródaire.

    3.   Déanfaidh eu-LISA cúraimí maidir le hoiliúint ar úsáid theicniúil an ródaire a sholáthar.

    CAIBIDIL 8

    Leasuithe ar ionstraimí eile atá ann cheana

    Airteagal 68

    Leasuithe ar Chinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB

    1.   I gCinneadh 2008/615/CGB, cuirtear an Rialachán seo in ionad Airteagal 1, pointe (a), Airteagail 2 go 6 agus Rannta 2 agus 3 de Chaibidil 2 maidir leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo a bhaineann leis an ródaire a leagtar amach in Airteagal 75(1). Dá bhrí sin, scriostar Airteagal 1, pointe (a), Airteagail 2 go 6 agus Rannta 2 agus 3 de Chaibidil 2 de Chinneadh 2008/615/CGB ón dáta a chuirfear i bhfeidhm forálacha an Rialacháin seo a bhaineann leis an ródaire a leagtar amach in Airteagal 75(1).

    2.   I gCinneadh 2008/616/CGB, cuirtear an Rialachán seo in ionad Chaibidlí 2 go 5 agus Airteagail 18, 20 agus 21 maidir leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo a bhaineann leis an ródaire a leagtar amach in Airteagal 75(1). Dá bhrí sin, scriostar Caibidlí 2 go 5 agus Airteagail 18, 20 agus 21 de Chinneadh 2008/616/CGB ón dáta a chuirfear i bhfeidhm forálacha an Rialacháin seo a bhaineann leis an ródaire a leagtar amach in Airteagal 75(1).

    Airteagal 69

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1726

    Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 8d

    Cúraimí a bhaineann le ródaire Prüm II

    I ndáil le ródaire Prüm II, déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí arna dtabhairt di le Rialachán (AE) 2024/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

    (*1)  Rialachán (AE) 2024/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe sonraí le haghaidh comhar póilíneachta, agus lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán Prüm II) (IO L, 2024/982, 5.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/982/oj).’;"

    (2)

    in Airteagal 17(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    ‘Is i suíomh teicniúil na Gníomhaireachta in Strasbourg, an Fhrainc, a rachfar i mbun na gcúraimí a bhaineann leis an bhforbairt agus an bainistiú oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 1(4) agus (5) agus in Airteagail 3 go 8 agus Airteagail 8d, 9 agus 11.’;

    (3)

    leasaítear Airteagal 19(1) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    ‘(eeb)

    tuarascálacha a ghlacadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le forbairt ródaire Prüm II de bhun Airteagal 80(2) de Rialachán (AE) 2024/982;’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ff):

    ‘(ff)

    tuarascálacha a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas:

    (i)

    feidhmiú teicniúil SIS de bhun Airteagal 60(7) de Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) agus de bhun Airteagal 74(8) de Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3);

    (ii)

    feidhmiú teicniúil VIS de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 17(3) de Chinneadh 2008/633/CGB;

    (iii)

    feidhmiú teicniúil EES de bhun Airteagal 72(4) de Rialachán (AE) 2017/2226;

    (iv)

    feidhmiú teicniúil ETIAS de bhun Airteagal 92(4) de Rialachán (AE) 2018/1240;

    (v)

    feidhmiú teicniúil ECRIS-TCN agus na mbogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS de bhun Airteagal 36(8) de Rialachán (AE) 2019/816;

    (vi)

    feidhmiú teicniúil na gcomhchodanna idir-inoibritheachta de bhun Airteagal 78(3) de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 74(3) de Rialachán (AE) 2019/818;

    (vii)

    feidhmiú teicniúil an chórais e-CODEX de bhun Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2022/850;

    (viii)

    feidhmiú teicniúil ardán comhoibrithe na JITanna de bhun Airteagal 26(6) de Rialachán (AE) 2023/969;

    (ix)

    feidhmiú teicniúil ródaire Prüm II de bhun Airteagal 80(5) de Rialachán (AE) 2024/982;

    (*2)  Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14)."

    (*3)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).’;"

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (hh):

    ‘(hh)

    barúlacha foirmiúla a ghlacadh faoi thuarascálacha an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis na hiniúchtaí uaidh de bhun Airteagal 56(2) de Rialachán (AE) 2018/1861, Airteagal 42(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, Airteagal 56(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2018/1240, Airteagal 29(2) de Rialachán (AE) 2019/816, Airteagal 52 de Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 agus Airteagal 58(1) de Rialachán (AE) 2024/982 agus obair leantach iomchuí ar na hiniúchtaí sin a áirithiú;’.

    Airteagal 70

    Leasú ar Rialachán (AE) 2019/817

    In Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2019/817, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    ‘(d)

    bonneagar cumarsáide slán idir an tairseach chuardaigh Eorpach agus an ródaire arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

    Airteagal 71

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/818

    Leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 6(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    ‘(d)

    bonneagar cumarsáide slán idir an tairseach chuardaigh Eorpach agus an ródaire arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

    (*5)  Rialachán (AE) 2023/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe sonraí le haghaidh comhar póilíneachta, agus lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán Prüm II) (IO L, 2024/982, 5.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/982/oj).’;"

    (2)

    in Airteagal 39, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

    ‘1.   Bunaítear lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (CRRS) chun tacú, i gcomhréir leis na hionstraimí dlí faoi seach lena rialaítear na córais sin, le cuspóirí SIS, Eurodac agus ECRIS-TCN agus chun sonraí staidrimh traschórais agus tuairisciú anailíseach a sholáthar chun críoch beartas, oibriúcháin agus cáilíocht sonraí. Tacóidh CRRS freisin le cuspóirí Rialachán (AE) 2024/982.

    2.   Déanfaidh eu-LISA an CRSS ina mbeidh na sonraí agus an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1862 agus Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/816, arna scaradh go loighciúil ag córas faisnéise an Aontais Eorpaigh, a bhunú, a chur chun feidhme agus a óstáil ar a shuíomhanna teicniúla. Baileoidh eu-LISA freisin na sonraí agus an staidreamh ón ródaire dá dtagraítear in Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) 2024/982. Is trí bhíthin próifílí úsáideoirí rialaithe, slánrochtana agus próifílí sonracha úsáideoirí a thabharfar rochtain ar CRRS, chun críche tuairiscithe agus staidrimh, agus chun na críche sin amháin, do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1862, in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/816 agus in Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) 2024/982.’

    .

    CAIBIDIL 9

    Forálacha críochnaitheacha

    Airteagal 72

    Tuairisciú agus staidreamh

    1.   I gcás inar gá, chun críocha tuairiscithe agus staidrimh agus chun na gcríoch sin amháin, beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát, an Choimisiúin, eu-LISA agus Europol ar na sonraí seo a leanas a bhaineann leis an ródaire;

    (a)

    an líon cuardach in aghaidh an Bhallstáit agus an líon cuardach ó Europol in aghaidh na catagóire sonraí;

    (b)

    an líon cuardach i ngach ceann de na bunachair sonraí nasctha;

    (c)

    an líon meaitseanna in aghaidh bhunachar sonraí gach Ballstáit de réir catagóir sonraí;

    (d)

    an líon meaitseanna in aghaidh shonraí Europol de réir catagóir sonraí;

    (e)

    an líon meaitseanna deimhnithe ina ndearnadh bunsonraí a mhalartú;

    (f)

    an líon meaitseanna deimhnithe nach ndearnadh bunsonraí a mhalartú ina leith;

    (g)

    an líon iarrataí ar chuardach sa Stóras Coiteann Sonraí Céannachta tríd an ródaire; agus

    (h)

    an líon meaitseanna in aghaidh an chineáil mar seo a leanas:

    (i)

    sonraí sainaitheanta (duine) – sonraí gan sainaithint (rian);

    (ii)

    sonraí gan sainaithint (rian) – sonraí sainaitheanta (duine);

    (iii)

    sonraí gan sainaithint (rian) – sonraí gan sainaithint (rian);

    (iv)

    sonraí sainaitheanta (duine) – sonraí sainaitheanta (duine).

    Ní bheifear in ann daoine aonair a shainaithint ó na sonraí a leagtar amach sa chéad fhomhír.

    2.   Beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát, an Choimisiúin agus Europol ar na sonraí seo a leanas a bhaineann le Eucaris chun críocha tuairiscithe agus staidrimh agus chun na gcríoch sin amháin:

    (a)

    an líon cuardach in aghaidh an Bhallstáit agus an líon cuardach ó Europol;

    (b)

    an líon cuardach i ngach ceann de na bunachair sonraí nasctha; agus

    (c)

    an líon meaitseanna in aghaidh bhunachar sonraí gach Ballstáit.

    Ní bheifear in ann daoine aonair a shainaithint ó na sonraí a leagtar amach sa chéad fhomhír.

    3.   Beidh rochtain ag foireann chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát, an Choimisiúin, agus Europol ar na sonraí seo a leanas a bhaineann le EPRIS chun críocha tuairiscithe agus staidrimh agus chun na gcríoch sin amháin:

    (a)

    an líon cuardach in aghaidh an Bhallstáit agus an líon cuardach ó Europol;

    (b)

    an líon cuardach ar gach ceann de na hinnéacsanna nasctha; agus

    (c)

    an líon meaitseanna in aghaidh bhunachar sonraí gach Ballstáit.

    Ní bheifear in ann daoine aonair a shainaithint ó na sonraí a leagtar amach sa chéad fhomhír.

    4.   Déanfaidh eu-LISA na sonraí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a stóráil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh arna bhunú le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/818. Stórálfaidh Europol na sonraí a leagtar amach i mír 3. Leis na sonraí sin cuirfear ar chumas údaráis inniúla na mBallstát, an Choimisiúin, eu-LISA agus Europol tuarascálacha agus staidreamh inoiriúnaithe a fháil chun éifeachtúlacht an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí a fheabhsú.

    Airteagal 73

    Costais

    1.   Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais a thitfidh na costais arna dtabhú i dtaca le bunú agus oibriú an ródaire agus EPRIS.

    2.   Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais a thitfidh na costais a thabhófar i dtaca leis an mbonneagar náisiúnta atá ann cheana a lánpháirtiú agus lena nascadh leis an ródaire agus le EPRIS mar aon leis na costais a thabhaítear i dtaca le bunachair sonraí náisiúnta d’íomhánna aghaidhe agus innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta a bhunú chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

    Ní chuirfear san áireamh na costais seo a leanas:

    (a)

    costais oifig bainistithe tionscadal na mBallstát (cruinnithe, misin, oifigí);

    (b)

    costais óstála na gcóras náisiúnta TF (spás, cur chun feidhme, leictreachas, fuarú);

    (c)

    costas na gcóras náisiúnta TF a oibriú (oibreoirí agus conarthaí tacaíochta);

    (d)

    costais a bhaineann le líonraí cumarsáide náisiúnta a dhearadh, a fhorbairt, a chur chun feidhme, a oibriú agus a chothabháil.

    3.   Seasfaidh gach Ballstát na costais a thiocfaidh as riar, úsáid agus cothabháil Eucaris.

    4.   Seasfaidh gach Ballstát na costais a thiocfaidh as a naisc leis an ródaire agus le EPRIS a riar, a úsáid agus a chothabháil.

    Airteagal 74

    Fógra a thabhairt

    1.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra do eu-LISA faoi na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 36. Féadfaidh na húdaráis sin úsáid a bhaint as an ródaire nó rochtain a bheith acu air.

    2.   Tabharfaidh eu-LISA fógra don Choimisiún faoi chur i gcrích rathúil na tástála dá dtagraítear in Airteagal 75(1), pointe (b).

    3.   Tabharfaidh Europol fógra don Choimisiún faoi chur i gcrích rathúil na tástála dá dtagraítear in Airteagal 75(3), pointe (b).

    4.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra do na Ballstáit eile, don Choimisiún, do eu-LISA agus do Europol faoi inneachar a bhunachar sonraí DNA náisiúnta agus faoi na coinníollacha le haghaidh cuardaigh uathoibrithe a bhfuil feidhm ag Airteagail 5 agus 6 maidir leo.

    5.   Cuirfidh gach Ballstát na Ballstáit eile, an Coimisiún, eu-LISA agus Europol ar an eolas faoi inneachar a bhunachair sonraí dachtalascópacha náisiúnta agus faoi na coinníollacha le haghaidh cuardaigh uathoibrithe a bhfuil feidhm ag Airteagal 10 agus Airteagal 11 ina leith.

    6.   Cuirfidh gach Ballstát na Ballstáit eile, an Coimisiún, eu-LISA agus Europol ar an eolas faoi inneachar a bhunachair sonraí náisiúnta d’íomhánna aghaidhe agus faoi na coinníollacha le haghaidh cuardaigh uathoibrithe a bhfuil feidhm ag Airteagail 19 agus 20 ina leith.

    7.   Déanfaidh Ballstáit atá rannpháirteach i malartuithe uathoibrithe taifead póilíneachta de bhun Airteagail 25 agus 26 fógra a thabhairt do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus do Europol faoi inneachar a n-innéacsanna náisiúnta de thaifid phóilíneachta agus na mbunachar sonraí náisiúnta a úsáidtear chun na hinnéacsanna sin a bhunú agus na coinníollacha le haghaidh cuardaigh uathoibrithe.

    8.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, do eu-LISA agus do Europol faoina bpointe teagmhála náisiúnta arna n-ainmniú de bhun Airteagal 30. Tiomsóidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála náisiúnta ar tugadh fógra dó ina leith agus cuirfidh sé ar fáil do gach Ballstát é.

    Airteagal 75

    Tús oibríochtaí

    1.   Cinnfidh an Coimisiún an dáta óna bhféadfaidh na Ballstáit agus Europol tús a chur le húsáid an ródaire trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tá na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5(3), Airteagal 8(2) agus (3), Airteagal 13(2) agus (3), Airteagal 17(3), Airteagal 22(2) agus (3), Airteagal 31 agus Airteagal 37(6) glactha;

    (b)

    tá sé dearbhaithe ag eu-LISA go bhfuil tástáil chuimsitheach ar an ródaire tugtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í a rinne sé i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát agus Europol.

    Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, an dáta óna bhfuil na Ballstáit agus Europol le tosú ag úsáid an ródaire. Bliain amháin tar éis an dáta a chinnfear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír a bheidh sa dáta sin.

    Féadfaidh an Coimisiún an dáta óna bhfuil na Ballstáit agus Europol le tosú ag úsáid an ródaire aon bhliain amháin ar a mhéad a chur siar i gcás inar léirigh measúnú ar chur chun feidhme an ródaire gur gá an cur siar sin.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit, dhá bhliain tar éis thús oibríochtaí an ródaire, go mbeidh fáil ar íomhánna aghaidhe dá dtagraítear in Airteagal 19 chun cuardach uathoibrithe a dhéanamh ar íomhánna aghaidhe dá dtagraítear in Airteagal 20.

    3.   Cinnfidh an Coimisiún an dáta óna bhfuil na Ballstáit agus Europol le tosú ag úsáid EPRIS trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tá na bearta dá dtagraítear in Airteagal 44(6) glactha;

    (b)

    tá sé dearbhaithe ag Europol go bhfuil tástáil chuimsitheach ar EPRIS tugtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í a rinne sé i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát.

    4.   Cinnfidh an Coimisiún an dáta óna mbeidh Europol le sonraí bithmhéadracha arna bhfoinsiú ag tríú tír a chur ar fáil do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 48 trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tá an ródaire i mbun oibríochta;

    (b)

    tá sé dearbhaithe ag Europol go bhfuil tástáil chuimsitheach ar a nasc leis an ródaire curtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í a rinne sé i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát agus le eu-LISA.

    5.   Cinnfidh an Coimisiún an dáta óna mbeidh rochtain ag Europol ar shonraí atá stóráilte i mbunachair sonraí na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 49 trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tá an ródaire i mbun oibríochta;

    (b)

    tá sé dearbhaithe ag Europol go bhfuil tástáil chuimsitheach ar a nasc leis an ródaire curtha i gcrích go rathúil aige, ar tástáil í a rinne sé i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát agus le eu-LISA.

    6.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 77(2).

    Airteagal 76

    Forálacha idirthréimhseacha agus maoluithe

    1.   Tosóidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais ar Airteagail 19 go 22, Airteagal 47 agus Airteagal 49(6) a chur i bhfeidhm ón dáta a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 75(1), an chéad fhomhír, cé is moite de na Ballstáit nár thosaigh ar an ródaire a úsáid.

    2.   Tosóidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais ar Airteagail 25 go 28 agus Airteagal 49(4) a chur i bhfeidhm ón dáta a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 75(3).

    3.   Tosóidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais ag cur Airteagal 48 i bhfeidhm ón dáta a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 75(4).

    4.   Cuirfidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais tús le hAirteagal 49(1), (2), (3), (5) agus (7) a chur i bhfeidhm ón dáta a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 75(5).

    Airteagal 77

    An nós imeachta coiste

    1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 78

    Grúpa Comhairleach um Idir-inoibritheacht

    Leathnófar freagrachtaí an Ghrúpa Chomhairligh um Idir-inoibritheacht, arna bhunú le hAirteagal 75 de Rialachán (AE) 2019/817 agus le hAirteagal 71 de Rialachán (AE) 2019/818, chun an ródaire a chumhdach. Soláthróidh an Grúpa Comhairleach um Idir-inoibritheacht do eu-LISA an saineolas a bhaineann leis an ródaire, go háirithe agus a chlár oibre bliantúil agus a thuarascáil bhliantúil ghníomhaíochta á n-ullmhú aige.

    Airteagal 79

    Lámhleabhar praiticiúil

    Cuirfidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, eu-LISA, Europol, agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, lámhleabhar praiticiúil ar fáil do chur chun feidhme agus do bhainistiú an Rialacháin seo. Soláthrófar treoirlínte teicniúla agus oibríochtúla, moltaí agus dea-chleachtais sa lámhleabhar praiticiúil. Glacfaidh an Coimisiún an lámhleabhar praiticiúil i bhfoirm moladh sula gcuirfear tús le hoibríochtaí an ródaire nó EPRIS. Déanfaidh an Coimisiún an lámhleabhar praiticiúil a nuashonrú go tráthrialta agus i gcás inar gá.

    Airteagal 80

    Faireachán agus meastóireacht

    1.   Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt an ródaire i bhfianaise na gcuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais agus chun faireachán a dhéanamh ar a fheidhmiú i bhfianaise na gcuspóirí a bhaineann le haschur teicniúil, costéifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.

    Áiritheoidh Europol go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt EPRIS i bhfianaise na gcuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais agus chun faireachán a dhéanamh ar a fheidhmiú i bhfianaise na gcuspóirí a bhaineann le haschur teicniúil, costéifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.

    2.   Faoin 26 Aibreán 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin le linn chéim forbartha an ródaire, cuirfidh eu-LISA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil le forbairt an ródaire. Beidh faisnéis mhionsonraithe sna tuarascálacha sin faoi na costais a tabhaíodh, mar aon le faisnéis faoi aon rioscaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar na costais fhoriomlána a fhágfar ar bhuiséad ginearálta an Aontais de bhun Airteagal 73.

    A luaithe a bheidh forbairt an ródaire curtha i gcrích, cuirfidh eu-LISA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar a mhíniú go mionsonrach cé mar a baineadh amach na cuspóirí, go háirithe i dtaca le pleanáil agus costas, agus ina dtabharfar údar maith i gcás inar imíodh óna raibh socraithe.

    3.   Faoin 26 Aibreán 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin le linn chéim forbartha EPRIS, cuirfidh Europol tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le staid na himeartha i ndáil le forbairt EPRIS. Beidh faisnéis mhionsonraithe sna tuarascálacha sin faoi na costais a tabhaíodh agus faisnéis faoi aon rioscaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar na costais fhoriomlána a bheidh le híoc ag buiséad ginearálta an Aontais de bhun Airteagal 73.

    A luaithe a bheidh forbairt EPRIS curtha i gcrích, cuirfidh Europol tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar a mhíniú go mionsonrach cé mar a baineadh amach na cuspóirí, go háirithe i dtaca le pleanáil agus costas, agus ina dtabharfar údar maith i gcás inar imíodh óna raibh socraithe.

    4.   Chun críocha na cothabhála teicniúla, beidh rochtain ag eu-LISA ar an bhfaisnéis is gá maidir le hoibríochtaí próiseála sonraí arna ndéanamh sa ródaire. Chun críocha na cothabhála teicniúla, beidh rochtain ag Europol ar an bhfaisnéis is gá maidir le hoibríochtaí próiseála sonraí arna ndéanamh in EPRIS.

    5.   Dhá bhliain tar éis thús oibríochtaí an ródaire agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil an ródaire, lena n-áirítear slándáil an ródaire, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus an Choimisiúin.

    6.   Dhá bhliain tar éis thús oibríochtaí EPRIS agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh Europol tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil EPRIS, lena n-áirítear slándáil EPRIS, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus an Choimisiúin.

    7.   Trí bliana tar éis thús oibríochtaí an ródaire agus EPRIS dá dtagraítear in Airteagal 75 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, soláthróidh an Coimisiún tuarascáil ar an meastóireacht fhoriomlán ar chreat Prüm II.

    Bliain amháin tar éis thús oibríochtaí an ródaire agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, soláthróidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar meastóireacht ar úsáid íomhánna aghaidhe faoin Rialachán seo.

    Áireofar an méid seo a leanas sna tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír:

    (a)

    measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear a úsáid ag gach Ballstát agus ag Europol;

    (b)

    scrúdú ar na torthaí a baineadh amach de réir chuspóirí an Rialacháin seo agus ar a thionchar ar chearta bunúsacha;

    (c)

    tionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht fheidhmíocht chreat Prüm II agus a chleachtas oibre i bhfianaise a chuspóirí, a shainordaithe agus a chúraimí;

    (d)

    measúnú ar shlándáil chreat Prüm II.

    Seolfaidh an Coimisiún na tuarascálacha sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.

    8.   Sna tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 7, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar na catagóirí nua sonraí seo a leanas: íomhánna aghaidhe agus taifid phóilíneachta. Áireoidh an Coimisiún sna tuarascálacha sin an úsáid a bhaineann gach Ballstát agus Europol as na catagóirí nua sonraí sin, agus a dtionchar, a n-éifeachtacht agus a n-éifeachtúlacht. Sna tuarascálacha dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 7, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar an riosca go mbeidh meaitseanna bréagacha ann agus ar cháilíocht na sonraí.

    9.   Soláthróidh na Ballstáit agus Europol do eu-LISA agus don Choimisiún cibé faisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 5 a dhréachtú. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin modhanna oibre i gcontúirt ná ní nochtfaidh sí na foinsí, baill foirne ná imscrúduithe údaráis inniúla na mBallstát.

    10.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá ar fáil don Choimisiún agus do Europol chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 3 agus 6 a dhréachtú. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin modhanna oibre i gcontúirt ná ní nochtfaidh sí na foinsí, baill foirne ná imscrúduithe údaráis inniúla na mBallstát.

    11.   Gan dochar do cheanglais rúndachta, soláthróidh na Ballstáit, eu-LISA agus Europol don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 7 a dhéanamh. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún freisin líon na meaitseanna deimhnithe in aghaidh bhunachar sonraí gach Ballstáit in aghaidh na catagóire agus in aghaidh an chineáil sonraí. Ní chuirfidh an fhaisnéis sin modhanna oibre i gcontúirt ná ní nochtfaidh sí na foinsí, baill foirne ná imscrúduithe údaráis inniúla na mBallstát.

    Airteagal 81

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Márta 2024.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)   IO C 323, 26.8.2022, lch. 69.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 26 Feabhra 2024.

    (3)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

    (4)  Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1).

    (5)  Cinneadh 2008/616/CGB an 23 Meitheamh 2008 ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12).

    (6)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).

    (7)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

    (8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (9)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (10)  Treoir (AE) 2023/977 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle (IO L 134, 22.5.2023, lch. 1).

    (11)  Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le heagrú agus le hábhar an mhalartaithe faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil idir na Ballstáit (IO L 93, 7.4.2009, lch. 23).

    (12)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

    (13)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).

    (14)  Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).

    (15)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (16)   IO C 225, 9.6.2022, lch. 6.

    (17)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).

    (18)   IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/982/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top