Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0892

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/892 ón gCoimisiún an 22 Márta 2024 lena n-ainmnítear saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh réimsí sonracha áirithe den tsláinte phoiblí

C/2024/1799

IO L, 2024/892, 25.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/892/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/892/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/892

25.3.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/892 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Márta 2024

lena n-ainmnítear saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh réimsí sonracha áirithe den tsláinte phoiblí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (1), agus go háirithe Airteagal 15(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Rialachán (AE) 2022/2371, is iad saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh (‘saotharlanna tagartha an Aontais’) i réimse na sláinte phoiblí atá chun tacaíocht a sholáthar do shaotharlanna tagartha náisiúnta agus chun dea-chleachtas agus ailíniú ag na Ballstáit a chur chun cinn maidir le diagnóisic, modhanna tástála, agus tástálacha áirithe a úsáid le go ndéanfaidh na Ballstáit faireachas, fógra agus tuairisciú aonfhoirmeach ar ghalair.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2022/2371, sheol an Coimisiún, i mí Dheireadh Fómhair 2023 (2), glaonna ar iarratais ar shaotharlanna tagartha an Aontais i sé réimse den tsláinte phoiblí, is é sin frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR) i mbaictéir; pataiginí víreasacha veicteoir-iompartha; pataiginí víreasacha zónóiseacha creimirí-iompartha atá ag teacht chun cinn; pataiginí baictéaracha zónóiseacha ardriosca atá ag teacht chun cinn; Legionella; agus diftéire agus triuch.

(3)

Mar fhreagairt ar na glaonna sin, chuir na Ballstáit iarratais ar ainmniú isteach faoin 5 Eanáir 2024, agus rinne bord roghnúcháin arna bhunú ag seirbhísí an Choimisiúin meastóireacht orthu.

(4)

Chuir an bord roghnúcháin san áireamh na critéir le haghaidh shaotharlanna tagartha an Aontais a leagtar amach in Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) 2022/2371 agus sa ghlao ar iarratais.

(5)

Tar éis don nós imeachta roghnúcháin a bheith curtha i gcrích, ba cheart na saotharlanna rathúla a ainmniú mar shaotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart a bhfreagrachtaí agus a gcúraimí a shonrú.

(6)

Chun úsáid a bhaint as an gcistiú a leithdháiltear i gclár oibre bliantúil EU4Health 2023 (3), ba cheart foráil a dhéanamh maidir le saotharlanna tagartha an Aontais a ainmniú i réimse na sláinte poiblí a luaithe is féidir.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Ainmnítear an cuibhreannas dá dtagraítear in Iarscríbhinn I mar shaotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um shláinte phoiblí maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha i mbaictéir go dtí an 26 Márta 2031.

2.   Leagtar síos freagrachtaí agus cúraimí shaotharlann tagartha sin an Aontais Eorpaigh san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

1.   Ainmnítear an cuibhreannas dá dtagraítear in Iarscríbhinn II mar shaotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um shláinte phoiblí maidir le pataiginí víreasacha veicteoir-iompartha go dtí an 26 Márta 2031.

2.   Leagtar síos freagrachtaí agus cúraimí shaotharlann tagartha sin an Aontais Eorpaigh san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 3

1.   Ainmnítear an cuibhreannas dá dtagraítear in Iarscríbhinn III mar shaotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um shláinte phoiblí maidir le pataiginí víreasacha zónóiseacha creimirí-iompartha atá ag teacht chun cinn go dtí an 26 Márta 2031.

2.   Leagtar síos freagrachtaí agus cúraimí shaotharlann tagartha sin an Aontais Eorpaigh san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 4

1.   Ainmnítear an cuibhreannas dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV mar shaotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um shláinte phoiblí maidir le pataiginí baictéaracha zónóiseacha ardriosca atá ag teacht chun cinn go dtí an 26 Márta 2031.

2.   Leagtar síos freagrachtaí agus cúraimí shaotharlann tagartha sin an Aontais Eorpaigh san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 5

1.   Ainmnítear an cuibhreannas dá dtagraítear in Iarscríbhinn V mar shaotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um shláinte phoiblí maidir le Legionella go dtí an 26 Márta 2031.

2.   Leagtar síos freagrachtaí agus cúraimí shaotharlann tagartha sin an Aontais Eorpaigh san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 6

1.   Ainmnítear an cuibhreannas dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI mar shaotharlann tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh um shláinte phoiblí maidir le diftéire agus triuch go dtí an 26 Márta 2031.

2.   Leagtar síos freagrachtaí agus cúraimí shaotharlann tagartha sin an Aontais Eorpaigh san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 7

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 314, 6.12.2022, lch. 26.

(2)  https://health.ec.europa.eu/health-security-and-infectious-diseases/surveillance-and-early-warning/eu-reference-laboratories-public-health-calls-application_ga

(3)  https://health.ec.europa.eu/publications/2023-eu4health-work-programme_ga; tagairt CP-g-23-05-01


IARSCRÍBHINN I

SAOTHARLANN TAGARTHA AN AONTAIS UM SHLÁINTE PHOIBLÍ MAIDIR LE FRITHSHEASMHACHT IN AGHAIDH ÁBHAIR FHRITHMHIOCRÓBACHA (AMR) I mBAICTÉIR, NA FREAGRACHTAÍ AGUS CÚRAIMÍ ATÁ UIRTHI

1.   AN CUIBHREANNAS ATÁ AINMNITHE MAR SHAOTHARLANN TAGARTHA AN AONTAIS UM SHLÁINTE PHOIBLÍ MAIDIR LE FRITHSHEASMHACHT IN AGHAIDH ÁBHAIR FHRITHMHIOCRÓBACHA (AMR) I mBAICTÉIR (DÁ nGAIRTEAR ‘EURL’ ANSEO FEASTA)

Cuibhreannas faoi stiúir:

Statens Serum Institut, Artillerivej 5, 2300 Kobenhavn S, an Danmhairg

Agus comhdhéanta de:

Danmarks Tekniske Universitet, Anker Engelunds Vej 101, 2800 Kongens Lyngby, an Danmhairg

Clinical Microbiology Region Kronoberg, Central Hospital Växjö, Värendsgatan 7, SE-351 85 Växjö, an tSualainn

2.   FREAGRACHTAÍ AGUS CÚRAIMÍ

Cuirfidh EURL tacaíocht ar fáil do shaotharlanna tagartha náisiúnta agus cuirfidh sé dea-chleachtas agus cáilíocht chun cinn chun an mhicribhitheolaíocht don tsláinte poiblí a neartú i réimse AMR i mbaictéir, cé is moite de shaincheisteanna AMR a bhaineann le speicis Salmonella, speicis Campylobacter agus Neisseria gonorrhoeae.

Cuirfidh EURL tacaíocht ar fáil do chomhaltaí líonraí saotharlann an Líonra Eorpaigh Faireachais um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach (EARS-Net) (1) atá mar chuid den Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus do chomhaltaí an Líonra Eorpaigh Faireachais um Ghéinte Frithsheasmhacha in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbacha (EURGen-Net) (2) maidir le gnéithe a bhaineann le diagnóisic, modhanna tástála, agus tástálacha áirithe a úsáid le go ndéanfar faireachas, fógra agus tuairisciú aonfhoirmeach ar ghalair.

Chun na gníomhaíochtaí faoi phlean oibre EURL a chur chun feidhme, plean oibre a fhorbróidh agus a chomhaontóidh EURL le ECDC, comhordóidh EURL líonraí saotharlann EARS-Net agus EURGen-Net ina mbeidh na Pointí Fócais Náisiúnta (NFPanna) do AMR agus na Pointí Teagmhála Oibriúcháin (OCPanna) don Mhicribhitheolaíocht do na pataiginí a chumhdaítear le EARS-Net agus EURGen-Net.

Arna iarraidh sin do ECDC, beidh EURL rannpháirteach i líonraí agus i struchtúir ábhartha ECDC. Beidh EURL rannpháirteach i líonra shaotharlanna tagartha an Aontais atá le hoibriú agus le comhordú ag ECDC i gcomhréir le hAirteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2022/2371.

Áiritheoidh EURL an méid seo a leanas:

líon leordhóthanach foirne cáilithe maidir le líon na gcúraimí atá le déanamh ag EURL ina raon feidhme ainmniúcháin;

oiliúint leordhóthanach a chur ar an bhfoireann chun cúraimí EURL a chur i gcrích.

Bunóidh EURL a bheartas rúndachta, lena n-áirítear rialacha maidir le láimhseáil, stóráil agus próiseáil shlán iomchuí samplaí agus faisnéise, lena n-áirítear bearta chun nochtadh míchuí faisnéise rúnda a chosc.

Is ar EURL a bheidh na cúraimí seo a leanas:

(a)

Tástáil tagartha i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra/na líonraí sin;

(b)

Modhanna agus prótacail saotharlainne chomhchuibhithe chun críoch diagnóiseacha agus tréithrithe i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra/na líonraí sin;

(c)

Ábhair tagartha fhisiceacha i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra/na líonraí sin;

(d)

Stór acmhainní d’ábhair thagartha i réimse EURL a sholáthar;

(e)

Measúnuithe cáilíochta seachtracha, amhail tástáil inniúlachta feinitíopacha nó géanómaíocha, i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra/na líonraí sin;

(f)

Suirbhéanna ad hoc a dhéanamh i réimse EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(g)

Comhairle eolaíoch agus cúnamh teicniúil i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra/na líonraí sin;

(h)

Cúnamh eolaíoch agus teicniúil a sholáthar don Choimisiún maidir le réimse sonrach sláinte poiblí EURL agus i gcomhar le ECDC;

(i)

Measúnuithe a sholáthar ar acmhainneacht saotharlainne, pleananna a fhorbairt chun acmhainneacht a neartú agus/nó tacú le fothú acmhainneachta i réimse EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(j)

Staidéar chomhoibríocha taighde a chomhordú i réimse EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(k)

Faisnéis a sholáthar faoi ghníomhaíochtaí taighde ábhartha náisiúnta, Aontais agus idirnáisiúnta i réimse EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra/na líonraí sin;

(l)

Tacaíocht a chur ar fáil d’imscrúduithe náisiúnta faireachais agus/nó d’imscrúduithe náisiúnta agus trasteorann ar ráigeanna i réimse EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(m)

Oiliúint a sholáthar, trí cheardlanna, seimineáir ghréasáin, cleachtaí ionsamhlúcháin agus/nó cleachtaí píolóta faireachais i réimse EURL, do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(n)

Comhordú, cumarsáid agus scaipeadh a áirithiú le comhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL, agus le ECDC;

(o)

Cruinnithe líonra saotharlainne a eagrú i réimse EURL;

(p)

Comhordú a áirithiú le saotharlanna tagartha eile de chuid an Aontais i réimse na sláinte poiblí agus/nó i réimsí eile amhail beatha, bia agus sláinte ainmhithe agus/nó feistí leighis in vitro, le Lárionaid Chomhoibritheacha na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) nó le tionscnaimh ábhartha i réimse EURL;

(q)

Comhoibriú, i gcomhar le ECDC, le saotharlanna i dtríú tíortha agus leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) agus/nó leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), de réir mar is ábhartha;

(r)

Cúnamh eolaíoch agus teicniúil a sholáthar maidir le saincheisteanna eile atá ábhartha do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL.


(1)  https://www.ecdc.europa.eu/en/about-us/networks/disease-networks-and-laboratory-networks/ears-net-data

(2)  https://www.ecdc.europa.eu/en/about-us/who-we-work/disease-and-laboratory-networks/EURGen-net


IARSCRÍBHINN II

SAOTHARLANN TAGARTHA AN AONTAIS UM SHLÁINTE PHOIBLÍ MAIDIR LE PATAIGINÍ VÍREASACHA VEICTEOIR-IOMPARTHA, NA FREAGRACHTAÍ AGUS NA CÚRAIMÍ ATÁ UIRTHI

1.   AN CUIBHREANNAS ATÁ AINMNITHE MAR SHAOTHARLANN TAGARTHA AN AONTAIS UM SHLÁINTE PHOIBLÍ MAIDIR LE PATAIGINÍ VÍREASACHA VEICTEOIR-IOMPARTHA (DÁ NGAIRTEAR ‘EURL’ ANSEO FEASTA)

Cuibhreannas faoi stiúir:

Rijksinstituut voor Volksgezondheid en Milieu, Antonie van Leeuwenhoeklaan 9, 3721MA Bilthoven, an Ísiltír

Agus comhdhéanta de:

Institut national de la santé et de la recherche médicale, 101 rue de Tolbiac, 75654 Paris Cedex 13, an Fhrainc

Aristotle University of Thessaloniki, Tritis Septemvriou, Aristotle University Campus, 546 36 Thessaloniki, an Ghréig

Azienda Ospedale – Università Padova, via Nicolo Giustiniani, 1-35128 Padova, an Iodáil

Univerza v Liúibleáni, Kongresni trg 12, SI-1000 Liúibleána, an tSlóivéin

2.   FREAGRACHTAÍ AGUS CÚRAIMÍ

Cuirfidh EURL tacaíocht ar fáil do shaotharlanna tagartha náisiúnta agus cuirfidh sé dea-chleachtas agus cáilíocht chun cinn chun an mhicribhitheolaíocht don tsláinte poiblí a neartú i réimse na bpataiginí víreasacha veicteoir-iompartha.

Áirítear leis sin galair víreasacha veicteoir-iompartha arb iad flavaivíris is cúis leo (amhail an víreas deinge, an víreas einceifealaítis Seapánach, an víreas einceifealaítis sceartán-iompartha, víreas na Níle Thiar, víreas an fhiabhrais bhuí, víreas Zika), alfavíris (amhail víreas chikungunya, víreas Sindbis), buiniaivíris (amhail víreas fhiabhras fuilreatha na Crimé-Congó, víreas fhiabhras Ghleann na Claise, Víreas Toscana), agus arbaivíris i bhfinte eile víreas.

Cuirfidh EURL tacaíocht ar fáil do chomhaltaí líonraí saotharlann an Líonra Eorpaigh um Ghalair atá ag Teacht Chun Cinn agus Galair Veicteoir-iompartha (EVD-Net) (1) atá mar chuid den Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) maidir le gnéithe a bhaineann le diagnóisic, modhanna tástála, agus tástálacha áirithe a úsáid le go ndéanfar faireachas, fógra agus tuairisciú aonfhoirmeach ar ghalair.

Chun na gníomhaíochtaí faoi phlean oibre EURL a chur chun feidhme, plean oibre a fhorbróidh agus a chomhaontóidh EURL le ECDC, comhordóidh EURL líonraí saotharlann EVD-Net ina mbeidh na Pointí Fócasacha Náisiúnta (NFPanna) do Ghalair atá ag Teacht Chun Cinn agus Galair Veicteoir-iompartha agus na Pointí Teagmhála Oibríochtúla (OCPanna) don Mhicribhitheolaíocht atá ábhartha do ghalair víreasacha veicteoir-iompartha.

Arna iarraidh sin do ECDC, beidh EURL rannpháirteach i líonraí agus i struchtúir ábhartha ECDC. Beidh EURL rannpháirteach i líonra shaotharlanna tagartha an Aontais atá le hoibriú agus le comhordú ag ECDC i gcomhréir le hAirteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2022/2371.

Áiritheoidh EURL an méid seo a leanas:

líon leordhóthanach foirne cáilithe maidir le líon na gcúraimí atá le déanamh ag EURL ina raon feidhme ainmniúcháin;

oiliúint leordhóthanach a chur ar an bhfoireann chun cúraimí EURL a chur i gcrích.

Bunóidh EURL a bheartas rúndachta, lena n-áirítear rialacha maidir le láimhseáil, stóráil agus próiseáil shlán iomchuí samplaí agus faisnéise, lena n-áirítear bearta chun nochtadh míchuí faisnéise rúnda a chosc.

Is ar EURL a bheidh na cúraimí seo a leanas:

(a)

Seirbhísí tagartha diagnóiseacha agus tréithrithe i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra sin;

(b)

Ábhair tagartha i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(c)

Scéimeanna measúnaithe cáilíochta seachtracha maidir le diagnóisic agus tréithriú víreas nó grúpaí víreas roghnaithe i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra sin;

(d)

Comhairle eolaíoch agus cúnamh teicniúil i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra sin;

(e)

Tuarascálacha teicniúla a sholáthar i réimse EURL, bunaithe ar athbhreithnithe litríochta, ar thuairimí saineolacha agus/nó ar shuirbhéanna líonra;

(f)

Ranníocaíochtaí a sholáthar do thuarascálacha teicniúla ECDC i réimse EURL;

(g)

Cúnamh eolaíoch agus teicniúil a sholáthar don Choimisiún maidir le réimse sonrach sláinte poiblí EURL agus i gcomhar le ECDC;

(h)

Faisnéis, treoir agus tacaíocht a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL i gcás tarluithe neamhghnácha i réimse EURL;

(i)

Faisnéis, treoir agus tacaíocht a chur ar fáil do ECDC i gcásanna ráige i réimse EURL, lena n-áirítear ranníocaíochtaí a chur ar fáil do mheasúnuithe riosca ECDC;

(j)

Oiliúint, amhail ceardlanna, seimineáir ghréasáin agus oiliúintí saotharlainne fliche, i réimse EURL a eagrú agus a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(k)

Cuairteanna nasctha i réimse EURL a eagrú agus a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(l)

Comhordú, cumarsáid agus scaipeadh a áirithiú le comhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL, agus le ECDC;

(m)

Cruinnithe líonra saotharlainne a eagrú i réimse EURL;

(n)

Comhordú a áirithiú le saotharlanna tagartha eile de chuid an Aontais i réimse na sláinte poiblí agus/nó i réimsí eile amhail beatha, bia agus sláinte ainmhithe agus/nó feistí leighis in vitro, le Lárionaid Chomhoibritheacha na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) nó le tionscnaimh ábhartha i réimse EURL;

(o)

Comhoibriú, i gcomhar le ECDC, le saotharlanna i dtríú tíortha agus leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) agus/nó leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), de réir mar is ábhartha;

(p)

Cúnamh eolaíoch agus teicniúil a sholáthar maidir le saincheisteanna eile atá ábhartha do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL.


(1)  https://www.ecdc.europa.eu/en/about-ecdc/what-we-do/partners-and-networks/disease-and-laboratory-networks/european-emerging-and


IARSCRÍBHINN III

SAOTHARLANN TAGARTHA AN AONTAIS UM SHLÁINTE PHOIBLÍ MAIDIR LE PATAIGINÍ VÍREASACHA ZÓNÓISEACHA CREIMIRÍ-IOMPARTHA ATÁ AG TEACHT CHUN CINN, AGUS NA FREAGRACHTAÍ AGUS CÚRAIMÍ ATÁ UIRTHI

1.   AN CUIBHREANNAS ATÁ AINMNITHE MAR SHAOTHARLANN TAGARTHA AN AONTAIS UM SHLÁINTE PHOIBLÍ MAIDIR LE PATAIGINÍ VÍREASACHA ZÓNÓISEACHA CREIMIRÍ-IOMPARTHA ATÁ AG TEACHT CHUN CINN (DÁ nGAIRTEAR ‘EURL’ ANSEO FEASTA)

Cuibhreannas faoi stiúir:

Folkhälsomyndigheten, Nobels väg 18, SE-171 82 Solna, an tSualainn

Agus comhdhéanta de:

Istituto Nazionale per le Malattie Infettive ‘Lazzaro Spallanzani’, via Portuense, 292, 00149 Roma, an Iodáil

Institut Pasteur, 25-28, rue du Docteur Roux, 75724 Paris Cedex 15, an Fhrainc

Nemzeti Népegészségügyi és Gyógyszerészeti Központ, Albert Flórián út 2-6, 1097 Budapest, an Ungáir

2.   FREAGRACHTAÍ AGUS CÚRAIMÍ

Cuirfidh EURL tacaíocht ar fáil do shaotharlanna tagartha náisiúnta agus cuirfidh sé dea-chleachtas agus cáilíocht chun cinn chun an mhicribhitheolaíocht don tsláinte poiblí a neartú i réimse na bpataiginí víreasacha zónóiseacha creimirí-iompartha atá ag teacht chun cinn.

Áirítear leis sin, go háirithe, galair víreasacha arb iad is cúis leo airéinivíris, filovíris, hantaivíris, henipavíris, lisivíris, víris bholgaí agus ‘Galar X’ víreasach.

Cuirfidh EURL tacaíocht ar fáil do chomhaltaí líonraí saotharlann an Líonra Eorpaigh um Ghalair atá ag Teacht Chun Cinn agus Galair Veicteoir-iompartha (EVD-Net) (1) atá mar chuid den Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) maidir le gnéithe a bhaineann le diagnóisic, modhanna tástála, agus tástálacha áirithe a úsáid le go ndéanfar faireachas, fógra agus tuairisciú aonfhoirmeach ar ghalair.

Chun na gníomhaíochtaí faoi phlean oibre EURL a chur chun feidhme, plean oibre a fhorbróidh agus a chomhaontóidh EURL le ECDC, comhordóidh EURL líonraí saotharlann EVD-Net ina mbeidh na Pointí Fócasacha Náisiúnta (NFPanna) do Ghalair atá ag Teacht Chun Cinn agus Galair Veicteoir-iompartha agus na Pointí Teagmhála Oibríochtúla (OCPanna) don Mhicribhitheolaíocht atá ábhartha do ghalair víreasacha zónóiseacha creimirí-iompartha atá ag teacht chun cinn.

Arna iarraidh sin do ECDC, beidh EURL rannpháirteach i líonraí agus i struchtúir ábhartha ECDC. Beidh EURL rannpháirteach i líonra shaotharlanna tagartha an Aontais atá le hoibriú agus le comhordú ag ECDC i gcomhréir le hAirteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2022/2371.

Áiritheoidh EURL an méid seo a leanas:

líon leordhóthanach foirne cáilithe maidir le líon na gcúraimí atá le déanamh ag EURL ina raon feidhme ainmniúcháin;

oiliúint leordhóthanach a chur ar an bhfoireann chun cúraimí EURL a chur i gcrích.

Bunóidh EURL a bheartas rúndachta, lena n-áirítear rialacha maidir le láimhseáil, stóráil agus próiseáil shlán iomchuí samplaí agus faisnéise, lena n-áirítear bearta chun nochtadh míchuí faisnéise rúnda a chosc.

Is ar EURL a bheidh na cúraimí seo a leanas:

(a)

Seirbhísí tagartha diagnóiseacha agus tréithrithe i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra sin;

(b)

Ábhair tagartha i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(c)

Scéimeanna measúnaithe cáilíochta seachtracha maidir le diagnóisic agus tréithriú víreas nó grúpaí víreas roghnaithe i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra sin;

(d)

Comhairle eolaíoch agus cúnamh teicniúil i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra sin;

(e)

Tuarascálacha teicniúla a sholáthar i réimse EURL, bunaithe ar athbhreithnithe litríochta, ar thuairimí saineolacha agus/nó ar shuirbhéanna líonra;

(f)

Ranníocaíochtaí a sholáthar do thuarascálacha teicniúla ECDC i réimse EURL;

(g)

Cúnamh eolaíoch agus teicniúil a sholáthar don Choimisiún maidir le réimse sonrach sláinte poiblí EURL agus i gcomhar le ECDC;

(h)

Faisnéis, treoir agus tacaíocht a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL i gcás tarluithe neamhghnácha i réimse EURL;

(i)

Faisnéis, treoir agus tacaíocht a chur ar fáil do ECDC i gcásanna ráige i réimse EURL, lena n-áirítear ranníocaíochtaí a chur ar fáil do mheasúnuithe riosca ECDC;

(j)

Oiliúint, amhail ceardlanna, seimineáir ghréasáin agus oiliúintí saotharlainne fliche, i réimse EURL a eagrú agus a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(k)

Cuairteanna nasctha i réimse EURL a eagrú agus a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(l)

Comhordú, cumarsáid agus scaipeadh a áirithiú le comhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL, agus le ECDC;

(m)

Cruinnithe líonra saotharlainne a eagrú i réimse EURL;

(n)

Comhordú le saotharlanna tagartha eile de chuid an Aontais a áirithiú i réimse na sláinte poiblí agus/nó i réimsí eile amhail beatha, bia agus sláinte ainmhithe agus/nó feistí leighis in vitro, le Lárionaid Chomhoibritheacha na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) nó le tionscnaimh ábhartha i réimse EURL;

(o)

Comhoibriú, i gcomhar le ECDC, le saotharlanna i dtríú tíortha agus leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) agus/nó leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), de réir mar is ábhartha;

(p)

Cúnamh eolaíoch agus teicniúil a sholáthar maidir le saincheisteanna eile atá ábhartha do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL.


(1)  https://www.ecdc.europa.eu/en/about-ecdc/what-we-do/partners-and-networks/disease-and-laboratory-networks/european-emerging-and


IARSCRÍBHINN IV

SAOTHARLANN TAGARTHA AN AONTAIS UM SHLÁINTE PHOIBLÍ MAIDIR LE PATAIGINÍ BAICTÉARACHA ZÓNÓISEACHA ARDRIOSCA ATÁ AG TEACHT CHUN CINN, NA FREAGRACHTAÍ AGUS CÚRAIMÍ ATÁ UIRTHI

1.   AN CUIBHREANNAS ATÁ AINMNITHE MAR SHAOTHARLANN TAGARTHA AN AONTAIS UM SHLÁINTE PHOIBLÍ MAIDIR LE PATAIGINÍ BAICTÉARACHA ZÓNÓISEACHA ARDRIOSCA ATÁ AG TEACHT CHUN CINN (DÁ nGAIRTEAR ‘EURL’ ANSEO FEASTA)

Cuibhreannas faoi stiúir:

Robert Koch-Institut, Nordufer 20, 13353 Berlin, an Ghearmáin

Agus comhdhéanta de:

Institut für Mikrobiologie der Bundeswehr, Neuherbergstraße 11, 80937 München, an Ghearmáin

Folkhälsomyndigheten, Nobels väg 18, SE-171 82 Solna, an tSualainn

Institiúid Nacional de Saúde Doutor Ricardo Jorge, Avenida Padre Cruz, 1649-016 Lisboa, an Phortaingéil

2.   FREAGRACHTAÍ AGUS CÚRAIMÍ

Cuirfidh EURL tacaíocht ar fáil do shaotharlanna tagartha náisiúnta agus cuirfidh sé dea-chleachtas agus cáilíocht chun cinn chun an mhicribhitheolaíocht don tsláinte phoiblí a neartú i réimse na bpataiginí baictéaracha zónóiseacha ardriosca atá ag teacht chun cinn.

Áirítear leis sin galair bhaictéaracha zónóiseacha ardriosca atá ag teacht chun cinn (amhail antrasc, bruisealóis, fothach, leiptispioróis, borralóis Lyme, meileodóis, plá, fiabhras Q, ricéitsióis agus túlairéime).

Cuirfidh EURL tacaíocht ar fáil do chomhaltaí líonraí saotharlann an Líonra Eorpaigh um Ghalair atá ag Teacht Chun Cinn agus Galair Veicteoir-iompartha (EVD-Net) (1) atá mar chuid den Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus do chomhaltaí an Líonra Eorpaigh um Ghalair Bhia-iompartha agus Uisce-iompartha agus Zónóisí (FWD-Net) (2) maidir le gnéithe a bhaineann le diagnóisic, modhanna tástála, agus tástálacha áirithe a úsáid le go ndéanfar faireachas, fógra agus tuairisciú aonfhoirmeach ar ghalair.

Chun na gníomhaíochtaí faoi phlean oibre EURL a chur chun feidhme, plean oibre a fhorbróidh agus a chomhaontóidh EURL le ECDC, comhordóidh EURL líonraí saotharlann EVD-Net agus FWD-Net ina mbeidh na Pointí Fócais Náisiúnta (NFPanna) do Ghalair atá ag Teacht Chun Cinn agus Galair Veicteoir-iompartha agus NFPanna do Ghalair Bia-iompartha agus Uisce-iompartha agus Zónóisí agus na Pointí Teagmhála Oibriúcháin don Mhicribhitheolaíocht do ghalair bhaictéaracha faoi raon feidhme EURL.

Arna iarraidh sin do ECDC, beidh EURL rannpháirteach i líonraí agus i struchtúir ábhartha ECDC. Beidh EURL rannpháirteach i líonra shaotharlanna tagartha an Aontais atá le hoibriú agus le comhordú ag ECDC i gcomhréir le hAirteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2022/2371.

Áiritheoidh EURL an méid seo a leanas:

líon leordhóthanach foirne cáilithe maidir le líon na gcúraimí atá le déanamh ag EURL ina raon feidhme ainmniúcháin;

oiliúint leordhóthanach a chur ar an bhfoireann chun cúraimí EURL a chur i gcrích.

Bunóidh EURL a bheartas rúndachta, lena n-áirítear rialacha maidir le láimhseáil, stóráil agus próiseáil shlán iomchuí samplaí agus faisnéise, lena n-áirítear bearta chun nochtadh míchuí faisnéise rúnda a chosc.

Is ar EURL a bheidh na cúraimí seo a leanas:

(a)

Seirbhísí tagartha diagnóiseacha agus tréithrithe i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra/na líonraí sin;

(b)

Ábhair tagartha i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(c)

Scéimeanna measúnaithe cáilíochta seachtracha maidir le diagnóisic agus tréithriú baictéar roghnaithe i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra/na líonraí sin;

(d)

Comhairle eolaíoch agus cúnamh teicniúil i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra/na líonraí sin;

(e)

Tuarascálacha teicniúla a sholáthar i réimse EURL, bunaithe ar athbhreithnithe litríochta, ar thuairimí saineolacha agus/nó ar shuirbhéanna líonra;

(f)

Ranníocaíochtaí a sholáthar do thuarascálacha teicniúla ECDC i réimse EURL;

(g)

Cúnamh eolaíoch agus teicniúil a sholáthar don Choimisiún maidir le réimse sonrach sláinte poiblí EURL agus i gcomhar le ECDC;

(h)

Faisnéis, treoir agus tacaíocht a sholáthar do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL i gcás tarluithe neamhghnácha i réimse EURL;

(i)

Faisnéis, treoir agus tacaíocht a chur ar fáil do ECDC i gcásanna ráige i réimse EURL, lena n-áirítear ranníocaíochtaí a chur ar fáil do mheasúnuithe riosca ECDC;

(j)

Oiliúint, amhail ceardlanna, seimineáir ghréasáin agus oiliúintí saotharlainne fliche, i réimse EURL a eagrú agus a sholáthar do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(k)

Cuairteanna nasctha i réimse EURL a eagrú agus a sholáthar do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(l)

Comhordú, cumarsáid agus scaipeadh a áirithiú le comhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL agus le ECDC;

(m)

Cruinnithe líonra saotharlainne a eagrú i réimse EURL;

(n)

Comhordú le saotharlanna tagartha eile de chuid an Aontais a áirithiú i réimse na sláinte poiblí agus/nó i réimsí eile amhail beatha, bia agus sláinte ainmhithe agus/nó feistí leighis in vitro, le Lárionaid Chomhoibritheacha na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) nó le tionscnaimh ábhartha i réimse EURL;

(o)

Comhoibriú, i gcomhar le ECDC, le saotharlanna i dtríú tíortha agus leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) agus/nó leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), de réir mar is ábhartha;

(p)

Cúnamh eolaíoch agus teicniúil a sholáthar maidir le saincheisteanna eile atá ábhartha do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL.


(1)  https://www.ecdc.europa.eu/en/about-ecdc/what-we-do/partners-and-networks/disease-and-laboratory-networks/european-emerging-and

(2)  https://www.ecdc.europa.eu/en/about-us/partnerships-and-networks/disease-and-laboratory-networks/fwd-net


IARSCRÍBHINN V

SAOTHARLANN TAGARTHA AN AONTAIS UM SHLÁINTE PHOIBLÍ MAIDIR LE LEGIONELLA, NA FREAGRACHTAÍ AGUS CÚRAIMÍ ATÁ UIRTHI

1.   AN CUIBHREANNAS ATÁ AINMNITHE MAR SHAOTHARLANN TAGARTHA AN AONTAIS UM SHLÁINTE PHOIBLÍ MAIDIR LE LEGIONELLA (DÁ nGAIRTEAR ‘EURL’ ANSEO FEASTA)

Cuibhreannas faoi stiúir:

Osspices Civils de Lyon, 3 quai des Célestins, 69002 Lyon, an Fhrainc

Agus comhdhéanta de:

Istituto Superiore di Sanità, Viale Regina Elena 299, 00161, Roma, an Iodáil,

Technische Universitaet Dresden, Helmholtzstraße 10, 01069 Dresden, an Ghearmáin

Institiúid Nacional de Saúde Doutor Ricardo Jorge, Avenida Padre Cruz, 1649-016 Lisboa, an Phortaingéil

2.   FREAGRACHTAÍ AGUS CÚRAIMÍ

Cuirfidh EURL tacaíocht ar fáil do shaotharlanna tagartha náisiúnta agus cuirfidh sé dea-chleachtas agus cáilíocht chun cinn chun an mhicribhitheolaíocht don tsláinte poiblí a neartú i réimse Legionella.

Cuirfidh EURL tacaíocht ar fáil do chomhaltaí líonraí saotharlann Líonra Faireachais na hEorpa um ghalar na Léigiúnach (ELDSNet) (1) atá mar chuid den Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) maidir le gnéithe a bhaineann le diagnóisic, modhanna tástála, agus tástálacha áirithe a úsáid le go ndéanfar faireachas, fógra agus tuairisciú aonfhoirmeach ar ghalair.

Chun na gníomhaíochtaí faoi phlean oibre EURL a chur chun feidhme, plean oibre a fhorbróidh agus a chomhaontóidh EURL le ECDC, comhordóidh EURL líonra saotharlann ELDSNet ina mbeidh na Pointí Fócais Náisiúnta (NFPanna) do ghalar na Léigiúnach agus na Pointí Teagmhála Oibriúcháin (OCPanna) don Mhicribhitheolaíocht do ghalar na Léigiúnach.

Arna iarraidh sin do ECDC, beidh EURL rannpháirteach i líonraí agus i struchtúir ábhartha ECDC. Beidh EURL rannpháirteach i líonra shaotharlanna tagartha an Aontais atá le hoibriú agus le comhordú ag ECDC i gcomhréir le hAirteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2022/2371.

Áiritheoidh EURL an méid seo a leanas:

líon leordhóthanach foirne cáilithe maidir le líon na gcúraimí atá le déanamh ag EURL ina raon feidhme ainmniúcháin;

oiliúint leordhóthanach a chur ar an bhfoireann chun cúraimí EURL a chur i gcrích.

Bunóidh EURL a bheartas rúndachta, lena n-áirítear rialacha maidir le láimhseáil, stóráil agus próiseáil shlán iomchuí samplaí agus faisnéise, lena n-áirítear bearta chun nochtadh míchuí faisnéise rúnda a chosc.

Is ar EURL a bheidh na cúraimí seo a leanas:

(a)

Modhanna tagartha, amhail chun críoch braite agus tréithrithe, i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra sin;

(b)

Seirbhísí diagnóiseacha tagartha i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(c)

Scéimeanna measúnaithe cáilíochta seachtracha chun brath, leithlisiú agus tréithriú eiseamal cliniciúil agus comhshaoil i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra sin;

(d)

Comhairle eolaíoch agus cúnamh teicniúil, lena n-áirítear teicnící diagnóiseacha agus modhanna tréithrithe, i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra sin;

(e)

Comhairle eolaíoch agus tacaíocht theicniúil a sholáthar do ECDC maidir le topaicí saotharlainne, lena n-áirítear forbairtí modha, tíopáil ghéanómaíoch, infhaighteacht ábhair agus ábhair eile i réimse EURL;

(f)

Cúnamh eolaíoch agus teicniúil a sholáthar don Choimisiún maidir le réimse sonrach sláinte poiblí EURL agus i gcomhar le ECDC;

(g)

Cuairteanna ar thíortha a dhéanamh chun faireachas saotharlainne maidir le brath cásanna agus ráigeanna i réimse EURL a athbhreithniú, a mheasúnú agus a fheabhsú;

(h)

Faisnéis, treoir agus tacaíocht a chur ar fáil do ECDC i gcásanna ráige i réimse EURL, lena n-áirítear ranníocaíochtaí a chur ar fáil do mheasúnuithe riosca ECDC;

(i)

Oiliúint, lena n-áirítear oiliúint saotharlainne fliche, i réimse EURL a eagrú agus a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(j)

Seimineáir ghréasáin eolaíocha i réimse EURL a eagrú agus a sholáthar do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(k)

Comhordú, cumarsáid agus scaipeadh a áirithiú le comhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL, agus le ECDC;

(l)

Cruinnithe líonra saotharlainne a eagrú i réimse EURL;

(m)

Comhordú le saotharlanna tagartha eile de chuid an Aontais a áirithiú i réimse na sláinte poiblí agus/nó i réimsí eile amhail feistí leighis in vitro, le Lárionaid Chomhoibritheacha na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) nó le tionscnaimh ábhartha i réimse EURL;

(n)

Comhoibriú, i gcomhar le ECDC, le saotharlanna i dtríú tíortha agus leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) agus leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), de réir mar is ábhartha;

(o)

Cúnamh eolaíoch agus teicniúil a sholáthar maidir le saincheisteanna eile atá ábhartha do chomhaltaí an líonra a fhaigheann tacaíocht ó EURL.


(1)  https://www.ecdc.europa.eu/en/about-us/partnerships-and-networks/disease-and-laboratory-networks/eldsnet


IARSCRÍBHINN VI

SAOTHARLANN TAGARTHA AN AONTAIS UM SHLÁINTE PHOIBLÍ MAIDIR LE DIFTÉIRE AGUS TIUCH, NA FREAGRACHTAÍ AGUS CÚRAIMÍATÁ UIRTHI

1.   AN CUIBHREANNAS ATÁ AINMNITHE MAR SHAOTHARLANN TAGARTHA AN AONTAIS UM SHLÁINTE PHOIBLÍ MAIDIR LE DIFTÉIRE AGUS TRIUCH (DÁ nGAIRTEAR ‘EURL’ ANSEO FEASTA)

Cuibhreannas faoi stiúir:

University of Turku, Yliopistonmäki, FI-20014 Turku, an Fhionlainn

Agus comhdhéanta de:

Institut Pasteur, 25-28, rue du Docteur Roux, 75724 Paris Cedex 15, an Fhrainc

Vrije Universiteit Brussel, Pleinlaan 2, 1050 Brussels, an Bheilg

Sciensano, Juliette Wytsmanstraat 14, 1050 an Bhruiséil, an Bheilg

Bayerisches Landesamt für Gesundheit und Lebensmittelsicherheit, Eggenreuther Weg 43, 91058 Erlangen, an Ghearmáin

2.   FREAGRACHTAÍ AGUS CÚRAIMÍ

Cuirfidh EURL tacaíocht ar fáil do shaotharlanna tagartha náisiúnta agus cuirfidh sé dea-chleachtas agus cáilíocht chun cinn chun an mhicribhitheolaíocht don tsláinte poiblí a neartú i réimse na diftéire agus an treacha.

Cuirfidh EURL tacaíocht ar fáil do chomhaltaí líonraí saotharlann an Líonra Faireachais Eorpaigh um Ghalair Bhaictéaracha (EDSN) (1) atá mar chuid den Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus Líonra Faireachais an Treacha maidir le gnéithe a bhaineann le diagnóisic, modhanna tástála, agus tástálacha áirithe a úsáid le go ndéanfar faireachas, fógra agus tuairisciú aonfhoirmeach ar ghalair.

Chun na gníomhaíochtaí faoi phlean oibre EURL a chur chun feidhme, plean oibre a fhorbróidh agus a chomhaontóidh EURL le ECDC, comhordóidh EURL líonraí saotharlann EDSN agus Líonra an Treacha ina mbeidh na Pointí Fócais Náisiúnta (NFPanna) do ghalair atá inchoiscthe trí vacsaíniú agus na Pointí Teagmhála Oibriúcháin (OCPanna) don Mhicribhitheolaíocht don diftéire agus don triuch.

Arna iarraidh sin do ECDC, beidh EURL rannpháirteach i líonraí agus i struchtúir ábhartha ECDC. Beidh EURL rannpháirteach i líonra shaotharlanna tagartha an Aontais atá le hoibriú agus le comhordú ag ECDC i gcomhréir le hAirteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2022/2371.

Áiritheoidh EURL an méid seo a leanas:

líon leordhóthanach foirne cáilithe maidir le líon na gcúraimí atá le déanamh ag EURL ina raon feidhme ainmniúcháin;

oiliúint leordhóthanach a chur ar an bhfoireann chun cúraimí EURL a chur i gcrích.

Bunóidh EURL a bheartas rúndachta, lena n-áirítear rialacha maidir le láimhseáil, stóráil agus próiseáil shlán iomchuí samplaí agus faisnéise, lena n-áirítear bearta chun nochtadh míchuí faisnéise rúnda a chosc.

Is ar EURL a bheidh na cúraimí seo a leanas:

(a)

Modhanna tagartha, amhail maidir le diagnóisic, tástáil ar shoghabhálacht frithmhiocróbán nó tréithriú i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra/na líonraí sin;

(b)

Scéimeanna measúnaithe cáilíochta seachtracha maidir le diagnóisic agus tréithriú víreas i réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra/na líonraí sin;

(c)

Comhairle eolaíoch agus cúnamh teicniúil, lena n-áirítear maidir le diagnóisic agus tréithriú, seicheamhú géanóim iomláin, anailísí bithaisnéisíochta agus tíopáil ghéanómaíoch, faireachas bunaithe ar thíopáil ghéanómaíoch agus ábhair eile a bhaineann le réimse EURL a sholáthar do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL, de réir na riachtanas arna sainiú ag an líonra/na líonraí sin;

(d)

Comhairle eolaíoch agus tacaíocht theicniúil a sholáthar do ECDC maidir le topaicí saotharlainne, forbairtí modha lena n-áirítear tíopáil ghéanómaíoch, infhaighteacht ábhair agus ábhair eile a bhaineann le réimse EURL;

(e)

Cúnamh eolaíoch agus teicniúil a sholáthar don Choimisiún maidir le réimse sonrach sláinte poiblí EURL agus i gcomhar le ECDC;

(f)

Staidéir séirealeitheadúlachta a dhéanamh i réimse EURL;

(g)

Anailísí ar bhearnaí a dhéanamh i réimse EURL, chun riachtanais/léarscáileanna laistigh de AE/LEE a shainaithint agus le haghaidh chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(h)

Faisnéis, treoir agus tacaíocht a chur ar fáil do ECDC i gcásanna ráige i réimse EURL, lena n-áirítear ranníocaíochtaí a chur ar fáil do mheasúnuithe riosca ECDC;

(i)

Oiliúint, lena n-áirítear oiliúint saotharlainne fliche, i réimse EURL a eagrú agus a sholáthar do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(j)

Cuairteanna nasctha i réimse EURL a eagrú agus a sholáthar do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL;

(k)

Comhordú, cumarsáid agus scaipeadh a áirithiú le comhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL, agus le ECDC;

(l)

Cruinnithe líonra saotharlainne a eagrú i réimse EURL;

(m)

Comhordú le saotharlanna tagartha eile de chuid an Aontais a áirithiú i réimse na sláinte poiblí agus/nó i réimsí eile amhail feistí leighis in vitro, le Lárionaid Chomhoibritheacha na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) nó le tionscnaimh ábhartha i réimse EURL;

(n)

Comhoibriú, i gcomhar le ECDC, le saotharlanna i dtríú tíortha agus leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), de réir mar is ábhartha;

(o)

Cúnamh eolaíoch agus teicniúil a sholáthar maidir le saincheisteanna eile atá ábhartha do chomhaltaí an líonra/na líonraí a fhaigheann tacaíocht ó EURL.


(1)  https://www.ecdc.europa.eu/en/about-us/partnerships-and-networks/disease-and-laboratory-networks/edsn


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/892/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top