Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0868

    Rialachán (AE) 2024/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle a mhéid a bhaineann lena ailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint

    PE/89/2023/REV/1

    IO L, 2024/868, 19.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/868/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/868/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/868

    19.3.2024

    RIALACHÁN (AE) 2024/868 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Márta 2024

    lena leasaítear Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle a mhéid a bhaineann lena ailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) déantar foráil maidir le rialacha comhchuibhithe i ndáil le cosaint agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc. Leis an Treoir sin ceanglaítear ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha ábhartha eile arna nglacadh ag an Aontas chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena n-ailíniú leis an Treoir sin agus ceanglaítear air na tograí riachtanacha a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, chun na gníomhartha sin a leasú chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú i leith cosaint sonraí pearsanta a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin.

    (2)

    Le Cinneadh 2009/917/CGB (3) ón gComhairle bunaítear an Córas Faisnéise Custaim (CIS), arb é is cuspóir dó cabhrú le sáruithe tromchúiseacha ar dhlíthe náisiúnta a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh trí fhaisnéis a chur ar fáil ar bhealach níos tapúla agus chun méadú a dhéanamh, dá bhrí sin, ar éifeachtacht riaracháin chustaim na mBallstát. Is é atá in CIS saoráid lárnach bunachair sonraí ina stóráiltear sonraí pearsanta, amhail ainmneacha agus céadainmneacha, seoltaí, uimhreacha páipéar aitheantais, a bhaineann le tráchtearraí, modhanna iompair, gnólachtaí nó daoine agus ítimí agus airgead tirim a choinnítear, a urghabhtar nó a choigistítear. Is é an Coimisiún a bhainistíonn an tsaoráid lárnach bunachair sonraí, agus níl rochtain aige ar na sonraí pearsanta a stóráiltear inti. Tá an ceart ag na húdaráis arna n-ainmniú ag na Ballstáit rochtain a bheith acu ar an tsaoráid lárnach bunachair sonraí agus is féidir leo an fhaisnéis a stóráiltear inti a iontráil agus a cheadú. Tá an ceart ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), laistigh dá sainorduithe faoi seach agus chun a gcúraimí a chomhlíonadh, rochtain a bheith acu ar na sonraí arna n-iontráil sa tsaoráid lárnach bunachair sonraí ag na húdaráis arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus na sonraí sin a chuardach.

    (3)

    Chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú i leith cosaint sonraí pearsanta san Aontas, ba cheart Cinneadh 2009/917/CGB a leasú chun é a ailíniú le Treoir (AE) 2016/680. Go sonrach, ba cheart do na rialacha cosanta sonraí a leagtar síos sa Chinneadh sin prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra a urramú, a bheith teoranta do chatagóirí sonraithe ábhar sonraí agus do chatagóirí sonraithe sonraí pearsanta, ceanglais slándála sonraí a urramú, cosaint bhreise i gcomhair catagóirí speisialta sonraí pearsanta a bheith ar áireamh iontu, agus na coinníollacha chun sonraí pearsanta a phróiseáil ina dhiaidh sin a urramú. Thairis sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maoirseacht chomhordaithe ar oibriú CIS ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

    (4)

    Chun cur chuige soiléir agus comhsheasmhach a áirithiú i leith cosaint leordhóthanach ar shonraí pearsanta, ba cheart an téarma ‘cionta coiriúla’ dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2016/680 a chur in ionad an téarma ‘sáruithe tromchúiseacha’ a úsáidtear i gCinneadh 2009/917/CGB, agus é á chur san áireamh go dtugtar le tuiscint go mbaineann méid áirithe tromchúise leis an sárú i gcás ina gcuirtear toirmeasc ar iompar ar leith faoi dhlí coiriúil Ballstáit. Thairis sin, ba cheart cuspóir CIS a bheith teoranta i gcónaí do chúnamh a thabhairt i dtaca le cionta coiriúla faoi dhlíthe náisiúnta mar a shainmhínítear i gCinneadh 2009/917/CGB a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, is é sin le rá, dlíthe náisiúnta a bhfuil riaracháin chustaim na mBallstát inniúil ina leith agus atá, dá bhrí sin, thar a bheith ábhartha i gcomhthéacs na gcustam. Dá bhrí sin, cé gur ceanglas riachtanach é go gcáilíonn an t-iompar mar chion coiriúil, ní chumhdaítear gach cion cóiriúil faoi na dlíthe náisiúnta le Cinneadh 2009/917/CGB. Mar shampla, cumhdaítear le Cinneadh 2009/917/CGB na cionta coiriúla a bhaineann le gáinneáil aindleathach ar dhrugaí, gáinneáil aindleathach ar airm agus sciúradh airgid. Thairis sin, nuair a chuirtear an téarma ‘cionta coiriúla’ in ionad an téarma ‘sáruithe tromchúiseacha’ níor cheart go dtuigfí leis sin go ndéantar difear do na ceanglais shonracha a leagtar amach i gCinneadh 2009/917/CGB a mhéid a bhaineann le liosta de chionta coiriúla a dhéanann gach Ballstát a bhunú agus a sheoladh faoina ndlíthe náisiúnta a chomhlíonann coinníollacha áirithe chun críocha an bhunachair sonraí um shainaithint comhad custaim.

    (5)

    Agus sonraí pearsanta á bpróiseáil faoi Chinneadh 2009/917/CGB, gan dochar do rialacha sonracha atá sa Chinneadh sin, tá na Ballstáit faoi réir a bhforálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Threoir (AE) 2016/680, tá an Coimisiún faoi réir na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1725, tá Europol faoi réir na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus tá Eurojust faoi réir na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Rialaítear leis na gníomhartha sin, inter alia, oibleagáidí agus freagrachtaí na rialaitheoirí, na rialaitheoirí comhpháirteacha, na bpróiseálaithe agus an chaidrimh atá eatarthu a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/680 i ngach Ballstát agus as a áirithiú go gcuirtear an Treoir sin i bhfeidhm, a bheith inniúil ar fhaireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta a leagtar síos i gCinneadh 2009/917/CGB ag údaráis inniúla gach Ballstáit, agus as a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm iad. Ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a bheith freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta a leagtar síos i gCinneadh 2009/917/CGB ag an gCoimisiún, ag Europol agus ag Eurojust, agus as a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm iad.

    (6)

    Chun caomhnú optamach na sonraí in CIS a áirithiú, agus laghdú á dhéanamh ar an ualach riaracháin atá ar na húdaráis inniúla, agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (7), ba cheart simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta lena rialaítear coinneáil na sonraí pearsanta in CIS trí dheireadh a chur leis an oibleagáid athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar an ngá atá le sonraí pearsanta a choinneáil agus trí uastréimhse choinneála 5 bliana a shocrú, ar tréimhse í is féidir a fhadú ar feadh thréimhse bhreise 2 bhliain ar choinníoll go bhfuil údar cuí leis an bhfadú sin. Tá an tréimhse choinneála sin riachtanach agus comhréireach i bhfianaise fhad an ama a mhaireann imeachtaí coiriúla go hiondúil agus i bhfianaise an ghá atá leis na sonraí chun oibríochtaí agus imscrúduithe comhpháirteacha custaim a chur i gcrích.

    (7)

    Is é atá i gceist le próiseáil sonraí pearsanta faoi Chinneadh 2009/917/CGB faisnéis ábhartha a phróiseáil, a mhalartú agus a úsáid ina dhiaidh sin chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 87 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus cosaint éifeachtach ar shonraí pearsanta, ba cheart do phróiseáil sonraí pearsanta faoi Chinneadh 2009/917/CGB, dlí an Aontais agus na dlíthe náisiúnta a chomhlíonadh maidir le daoine nádúrtha a chosaint a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc.

    (8)

    I gcomhréir le hAirteagal 6a de Phrótacal Uimh. 21 ar sheasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéir saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, tá Éire faoi cheangal ag Cinneadh 2009/917/CGB agus tá sí, dá bhrí sin, rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo.

    (9)

    I gcomhréir le hAirteagail 1, 2 agus 2a de Phrótacal Uimh. 22 ar sheasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá an Danmhairg faoi cheangal ag Cinneadh 2009/917/CGB agus tá sí, dá bhrí sin, rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo.

    (10)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 4 Iúil 2023.

    (11)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2009/917/CGB a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh 2009/917/CGB mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Is é an cuspóir a bheidh ag an gCóras Faisnéise Custaim, i gcomhréir leis an gCinneadh seo, cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát cionta coiriúla faoi dhlíthe náisiúnta a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, trí fhaisnéis a chur ar fáil níos tapúla, agus ar an gcaoi sin cur le héifeachtacht nósanna imeachta comhair agus rialaithe údaráis chustaim na mBallstát.’

    ;

    (2)

    leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

    ‘2.

    ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

    (*1)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).’;"

    (b)

    cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    ‘6.

    ciallaíonn ‘údarás maoirseachta náisiúnta’ údarás maoirseachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (15), de Threoir (AE) 2016/680.’;

    (3)

    in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

    ‘Is é a bheidh sa Chóras Faisnéise Custaim saoráid lárnach bunachair sonraí, ar féidir rochtain a fháil uirthi trí theirminéil i ngach Ballstát. Ní chuimseofar ann go heisiach ach sonraí atá riachtanach chun a chuspóir a ghnóthú mar a shonraítear in Airteagal 1(2), lena n-áirítear sonraí pearsanta, sna catagóirí seo a leanas:’;

    (4)

    leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Socróidh na Ballstáit na hítimí atá le hiontráil sa Chóras Faisnéise Custaim a bhaineann le gach ceann de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), a mhéid atá riachtanach chun cuspóir an chórais sin a ghnóthú. Ní iontrálfar ítimí sonraí pearsanta in aon chás laistigh den chatagóir a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (e).’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5.   Ní dhéanfar na catagóirí speisialta de shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 a iontráil in aon chás sa Chóras Faisnéise Custaim.’

    ;

    (5)

    in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Chun críche na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, ní iontrálfar sa Chóras Faisnéise Custaim sonraí pearsanta atá in aon cheann de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) ach amháin má tá forais réasúnacha ann, go háirithe ar bhonn gníomhaíochtaí mídhleathacha roimhe sin, a thugann le fios go ndearna an duine lena mbaineann cionta coiriúla faoi dhlíthe náisiúnta, go bhfuil sé i mbun cionta coiriúla faoi dhlíthe náisiúnta a dhéanamh nó go ndéanfaidh sé nó sí cion cóiriúil faoi dhlíthe náisiúnta.’

    ;

    (6)

    leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Coimeádfar rochtain dhíreach ar shonraí a iontráiltear sa Chóras Faisnéise Custaim do na húdaráis náisiúnta arna n-ainmniú ag gach Ballstát. Riaracháin chustaim a bheidh sna húdaráis náisiúnta sin, ach féadfar údaráis inniúla eile a áireamh orthu freisin, de réir dhlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta an Bhallstáit atá i gceist, chun gníomhú ar mhaithe leis an gcuspóir a shonraítear in Airteagal 1(2) a ghnóthú.’

    ;

    (b)

    scriostar mír 3;

    (7)

    leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

    ‘1.   Féadfaidh na húdaráis náisiúnta arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 7, Europol agus Eurojust próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a fhaightear ón gCóras Faisnéise Custaim chun an cuspóir a shonraítear in Airteagal 1(2) a ghnóthú, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme i leith sonraí pearsanta a chosaint le réamhúdarú ó údaráis náisiúnta ainmnithe an Bhallstáit a rinne na sonraí pearsanta a iontráil sa chóras sin, agus faoi réir comhlíonadh aon choinníollacha arna bhforchur ag na húdaráis sin.

    Féadfaidh na Ballstáit, Europol agus Eurojust sonraí neamhphearsanta a fhaightear ón gCóras Faisnéise Custaim a phróiseáil chun an cuspóir a shonraítear in Airteagal 1(2) a ghnóthú nó chun críoch eile, lena n-áirítear críoch riaracháin, i gcomhréir le haon choinníollacha arna bhforchur ag údaráis náisiúnta ainmnithe an Bhallstáit a rinne na sonraí neamhphearsanta sin a iontráil sa chóras sin.

    2.   Gan dochar do mhíreanna 1 agus 4 den Airteagal seo agus d’Airteagail 11 agus 12, is iad na húdaráis náisiúnta i ngach Ballstát arna n-ainmniú ag an mBallstát atá i gceist agus ar údaráis iad atá inniúil, i gcomhréir le dlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta an Bhallstáit sin, chun gníomhú ar mhaithe leis an gcuspóir a shonraítear in Airteagal 1(2) a ghnóthú, agus is iad na húdaráis sin amháin a úsáidfidh na sonraí a fhaightear sa Chóras Faisnéise Custaim.’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Féadfar an méid seo a leanas a dhéanamh le sonraí pearsanta a fhaightear ón gCóras Faisnéise Custaim, le réamhúdarú ó údaráis náisiúnta ainmnithe an Bhallstáit a rinne na sonraí neamhphearsanta sin a iontráil sa chóras sin, agus faoi réir comhlíonadh aon choinníollacha arna bhforchur ag an mBallstát:

    (a)

    iad a tharchur chuig údaráis náisiúnta seachas na húdaráis sin a ainmnítear faoi mhír 2, agus féadfaidh na húdaráis náisiúnta sin tuilleadh próiseála a dhéanamh ar na sonraí sin, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme i leith sonraí pearsanta a chosaint; nó

    (b)

    iad a tharchur chuig údaráis inniúla tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha, agus féadfaidh na húdaráis inniúla sin tuilleadh próiseála a dhéanamh ar na sonraí sin, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme i leith sonraí pearsanta a chosaint.

    Féadfar sonraí neamhphearsanta a fhaightear ón gCóras Faisnéise Custaim a tharchur chuig údaráis náisiúnta seachas na húdaráis sin a ainmnítear faoi mhír 2, chuig tríú tíortha, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha, agus féadfaidh na húdaráis náisiúnta sin tuilleadh próiseála a dhéanamh ar na sonraí sin, i gcomhréir le haon choinníollacha arna bhforchur ag údaráis náisiúnta ainmnithe an Bhallstáit a rinne na sonraí neamhphearsanta sin a iontráil sa chóras sin.’

    ;

    (8)

    in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5.   Faoi réir an Chinnidh seo, i gcás ina ndéanfaidh cúirt aon Bhallstát, nó údarás inniúil eile atá laistigh den Bhallstát sin, cinneadh deiridh maidir le sonraí atá sa Chóras Faisnéise Custaim a leasú, a fhorlíonadh, a cheartú nó a léirscriosadh, geallfaidh na Ballstáit go frithpháirteach an cinneadh sin a fhorfheidhmiú. I gcás coimhlint a bheith ann idir na cinntí sin ó chúirteanna nó ó údaráis inniúla eile i mBallstáit éagsúla, lena n-áirítear na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, a mhéid a bhaineann le ceartú nó léirscriosadh, déanfaidh an Ballstát a rinne na sonraí atá i gceist a iontráil iad a léirscriosadh ón gcóras sin.’

    ;

    (9)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

    ‘Airteagal 14

    Ní choinneofar sonraí pearsanta a iontráiltear sa Chóras Faisnéise Custaim ach ar feadh na tréimhse ama is gá chun an cuspóir a shonraítear in Airteagal 1(2) a ghnóthú agus ní fhéadfar iad a choimeád ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana. Mar sin féin, féadfar na sonraí sin a choimeád ar feadh tréimhse bhreise suas le 2 bhliain, ar bhonn eisceachtúil, i gcás ina suitear go bhfuil géarghá leis agus a mhéid a bhfuil géarghá lena dhéanamh chun an cuspóir sin a ghnóthú i gcás aonair.’

    ;

    (10)

    leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Is é an cuspóir a bheidh ag an mbunachar sonraí um shainaithint comhad custaim na húdaráis náisiúnta atá freagrach as cur i gcrích imscrúduithe custaim a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 7 a chumasú, nuair atá comhad á oscailt nó imscrúdú á dhéanamh acu ar dhuine amháin nó ar ghnólacht amháin nó níos mó ná sin, agus i gcás Europol agus Eurojust, iad a chumasú chun údaráis inniúla Ballstát eile a shainaithint a bhfuil imscrúdú á dhéanamh nó a bhfuil imscrúdú déanta acu ar na daoine nó na gnólachtaí sin, chun, tríd an bhfaisnéis arb ann di sna comhaid imscrúdúcháin, an cuspóir dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a ghnóthú.’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   Chun críocha an bhunachair sonraí um shainaithint comhad custaim, seolfaidh gach Ballstát liosta de na cionta coiriúla faoina ndlíthe náisiúnta chuig na Ballstáit eile, chuig Europol, chuig Eurojust agus chuig an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 27.

    Ní bheidh sa liosta sin ach cionta coiriúla is inphionóis leis an méid seo a leanas:

    (a)

    trí chailleadh saoirse nó ordú coinneála ar feadh uastréimhse nach lú ná 12 mhí; nó

    (b)

    trí fhíneáil EUR 15 000 ar a laghad.’

    ;

    (11)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:

    ‘Airteagal 20

    Mura bhforáiltear a mhalairt sa Chinneadh seo:

    (a)

    beidh feidhm ag forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Threoir (AE) 2016/680 i leith próiseáil sonraí pearsanta faoin gCinneadh seo ag údaráis náisiúnta arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chinneadh seo;

    (b)

    beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) i leith próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún faoin gCinneadh seo;

    (c)

    beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) i leith próiseáil sonraí pearsanta ag Europol faoin gCinneadh seo; agus

    (d)

    beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) i leith próiseáil sonraí pearsanta ag Eurojust faoin gCinneadh seo.

    (*2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39)."

    (*3)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus a ghabhann ionad Chinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear na Cinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53)."

    (*4)  Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an Cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).’;"

    (12)

    scriostar Airteagail 22, 23, 24 agus 25;

    (13)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

    ‘Airteagal 26

    1.   Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar phróiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún faoin gCinneadh seo agus as a áirithiú go ndéanfar é a chur i gcrích i gcomhréir leis an gCinneadh seo. Beidh feidhm ag na dualgais agus ag na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 57 agus 58 de Rialachán (AE) 2018/1725 dá réir sin.

    2.   Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí iniúchadh ar phróiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún faoin gCinneadh seo gach 5 bliana ar a laghad i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta. Seolfar tuarascáil ar an iniúchadh sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta.

    3.   Oibreoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, ag gníomhú dóibh laistigh de raon feidhme a gcuid inniúlachtaí faoi seach, i gcomhar le chéile go gníomhach faoi chuimsiú a gcuid freagrachtaí chun maoirseacht chomhordaithe ar oibriú an Chórais Faisnéise Custaim a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725.’

    ;

    (14)

    in Airteagal 27, mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a)

    chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm mar is ceart, gan dochar do chumhachtaí na n-údarás maoirseachta náisiúnta agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí;’;

    (15)

    leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

    (a)

    i mír 2, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

    ‘(i)

    a áirithiú gur féidir córais atá suiteáilte a athbhunú i gcás briseadh;

    (j)

    a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas mar is cuí, go dtuairisceofar fabhtanna sa Chóras agus nach féidir sonraí pearsanta atá stóráilte a thruailliú trí mhífheidhmiú an Chórais.’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   Déanfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 27 faireachán ar fhiosrúcháin an Chórais Faisnéise Custaim chun a sheiceáil an raibh na cuardaigh a rinneadh inghlactha agus arb úsáideoirí údaraithe a rinne iad. Seiceálfar 1 % ar a laghad de na cuardaigh uile a rinneadh. Coinneofar taifead de na cuardaigh agus de na seiceálacha sin sa Chóras agus ní dhéanfaidh ach an Coiste sin, na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí úsáid a bhaint as chun na críche thuasluaite. Scriosfar é tar éis 6 mhí.’

    ;

    (16)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29:

    ‘Airteagal 29

    Beidh an riarachán custaim inniúil dá dtagraítear in Airteagal 10(1) freagrach as na bearta slándála a leagtar amach in Airteagal 28, i ndáil leis na teirminéil atá suite i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, as na feidhmeanna athbhreithniúcháin a leagtar amach in Airteagail 14 agus 19, agus ar shlí eile chun cur chun feidhme cuí an Chinnidh seo a mhéid is gá faoi dhlíthe, rialacháin agus nósanna imeachta an Bhallstáit sin.’

    ;

    (17)

    in Airteagal 30, scriostar mír 1.

    Airteagal 2

    Faoin 9 Deireadh Fómhair 2025, gan dochar do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na sonraí pearsanta a iontráladh sa Chóras Faisnéise Custaim roimh an 8 Aibreán 2024 arb iad na Ballstáit sin iad a rinne na sonraí sin a iontráil agus, i gcás inar gá, a rinne na sonraí a nuashonrú nó a scriosadh chun a áirithiú go gcomhlíonann a bpróiseáil Cinneadh 2009/917/CGB arna leasú leis an Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Márta 2024.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 26 Feabhra 2024.

    (2)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

    (3)  Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise chun críoch custam (IO L 323, 10.12.2009, lch. 20).

    (4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (5)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

    (6)  Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).

    (7)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí maidir le hábhair custam agus ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm mar is ceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/868/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top