EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0823

Rialachán (AE) 2024/823 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 maidir le bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach sa phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais nó atá nasctha leis (códú)

PE/39/2023/REV/1

IO L, 2024/823, 6.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/823/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/823/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/823

6.3.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/823 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Feabhra 2024

maidir le bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach sa phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais nó atá nasctha leis

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle (2) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (3). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an

(2)

Tá Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais tugtha i gcrích leis na rannpháirtithe uile sa phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais.

(3)

Táthar ag súil go gcuirfidh oscailt mhargadh an Aontais d’allmhairí ó thíortha na mBalcán Thiar le próiseas an chobhsaithe pholaitiúil agus eacnamaíoch sa réigiún gan éifeachtaí diúltacha a chruthú don Aontais.

(4)

Is tacaíocht luachmhar atá ann do gheilleagair chomhpháirtithe na mBalcán Thiar an córas maidir le bearta trádála uathrialacha a bunaíodh i dtosach le Rialachán (EC) Uimh. 2007/2000 ón gComhairle (4).

(5)

Is mar chuid de phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus is freagairt iad ar an staid shonrach sna Balcáin Thiar. Níor cheart na bearta sin a bheith ina bhfasach i mbeartas trádála an Aontais le tríú tíortha eile.

(6)

I gcomhréir le próiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais, bunaithe ar an gCur Chuige Réigiúnach a bhí ann roimhe seo agus ar na Conclúidí ón gComhairle an 29 Aibreán 1997, tá forbairt an chaidrimh dhéthaobhaigh idir an tAontas Eorpach agus tíortha na mBalcán Thiar faoi réir coinníollacha áirithe. Tá deonú fabhar trádála uathrialach nasctha le hurraim do phrionsabail bhunúsacha an daonlathais agus chearta an duine agus le hullmhacht na dtíortha lena mbaineann chun caidrimh eacnamaíocha a fhorbairt eatarthu féin. Maidir le deonú fabhar trádála uathrialach feabhsaithe i bhfabhar tíortha atá rannpháirteach sa phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais, ba cheart é a bheith nasctha lena n-ullmhacht chun páirt a ghlacadh in athchóirithe eacnamaíocha éifeachtacha agus i gcomhar réigiúnach, go háirithe trí limistéir shaorthrádála a bhunú i gcomhréir le caighdeáin ábhartha CGTT/EDT. Ina theannta sin, ba cheart teidlíocht chun tairbhe a bhaint as fabhair thrádála uathrialacha a bheith coinníollach ar rannpháirtíocht na bpáirtithe is tairbhithe i gcomhar éifeachtach riaracháin leis an Aontas chun aon riosca calaoise a chosc.

(7)

Ní féidir fabhair thrádála a dheonú ach do thíortha nó do chríocha a bhfuil riarachán custaim acu.

(8)

Ba cheart a chur san áireamh sna bearta trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo gur críoch chustaim ar leithligh iad an tSeirbia agus an Chosaiv (*1).

(9)

Chun críocha deimhniú ar an tionscnamh agus nósanna imeachta comhoibrithe riaracháin, ba cheart na forálacha ábhartha de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (5) ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 (6) ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm.

(10)

Chun na forálacha is gá a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na leasuithe is gá agus leis na coigeartuithe teicniúla is gá ar Iarscríbhinn I tar éis leasuithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna Tharaif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh (TARIC), chomh maith leis na coigeartuithe is gá tar éis fabhair thrádála a dheonú faoi shocruithe eile idir an tAontas agus na tíortha agus na críocha dá dtagraítear sa Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(11)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i dtaca leis an teidlíocht chun leas a bhaint as na socruithe fabhracha a chur ar fionraí i gcás neamhchomhlíonta, i dtaca le deimhnithe barántúlachta a eisiúint lena bhfianaítear go bhfuil na táirgí de thionscnamh na tíre nó na críche lena mbaineann agus go gcomhfhreagraíonn siad don sainmhíniú atá sa Rialachán seo, agus i dtaca leis na socruithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach, bíodh sin go hiomlán nó go páirteach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(12)

Is iomchuí tréimhse feidhme an Rialacháin seo a theorannú go dtí an 31 Nollaig 2025,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Socruithe fabhracha

1.   Maidir le táirgí de thionscnamh na hAlbáine, na Boisnia agus na Heirseagaivéine, na Cosaive, Mhontainéagró, na Macadóine Thuaidh, agus na Seirbia (na “páirtithe is tairbhithe”), a chumhdaítear i gCaibidlí 7 agus 8 den Ainmníocht Chomhcheangailte, ceadófar iad a allmhairiú isteach san Aontas gan srianta cainníochtúla ná bearta comhéifeachta, agus iad díolmhaithe ó dhleachtanna custaim agus muirir chomhéifeachta.

2.   Leanfaidh táirgí de thionscnamh na bpáirtithe is tairbhithe de thairbhe a bhaint as forálacha an Rialacháin seo i gcás ina dtabharfar sin le fios sna forálacha sin. Ina theannta sin, bainfidh táirgí den sórt sin tairbhe as aon lamháltas dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar lamháltas é atá níos fabhraí ná an lamháltas dá bhforáiltear faoi chomhaontuithe déthaobhacha idir an tAontas agus na páirtithe is tairbhithe sin.

Airteagal 2

Coinníollacha maidir le teidlíocht i leith na socruithe fabhracha

1.   Beidh teidlíocht chun tairbhe a bhaint as na socruithe fabhracha dá dtagraítear in Airteagal 1 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

an sainmhíniú ar ‘táirgí tionscnaimh’ dá bhforáiltear i dTeideal II, Caibidil 1, Roinn 2, Foranna 4 agus 5, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 agus i dTeideal II, Caibidil 2, Roinn 2, Foranna 10 agus 11, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a chomhlíonadh;

(b)

staonadh na bpáirtithe is tairbhithe ó dhleachtanna comhéifeachta nua agus muirir chomhéifeachta nua agus ó shrianta cainníochtúla nó bearta comhéifeachta nua i leith allmhairí de thionscnamh an Aontais a thabhairt isteach, ó mhéadú a dhéanamh ar leibhéal na ndleachtanna nó na muirear atá ann cheana nó ó aon srian eile a thabhairt isteach;

(c)

rannpháirtíocht na bpáirtithe is tairbhithe i gcomhoibriú riaracháin éifeachtach leis an Aontas chun aon riosca calaoise a sheachaint; agus

(d)

staonadh na bpáirtithe is tairbhithe ó bheith ag déanamh sáruithe tromchúiseacha córasacha ar chearta an duine, lena n-áirítear bunchearta saothair, ar phrionsabail bhunúsacha an daonlathais agus ar an smacht reachta.

2.   Gan dochar do na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, beidh teidlíocht chun tairbhe a bhaint as na socruithe fabhracha dá dtagraítear in Airteagal 1 faoi réir a mhéid a bheidh na páirtithe is tairbhithe ullamh dul i mbun athchóirithe eacnamaíocha éifeachtacha agus i gcomhar réigiúnach le tíortha eile atá rannpháirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais, go háirithe trí limistéir shaorthrádála a bhunú i gcomhréir le hAirteagal XXIV de CGTT 1994 agus le forálacha ábhartha eile EDT.

I gcás neamhchomhlíonadh na chéad fhomhíre, féadfaidh an Chomhairle na bearta iomchuí a ghlacadh le vótáil trí thromlach cáilithe, ar bhonn togra ón gCoimisiún.

3.   I gcás neamhchomhlíonadh mhír 1, pointí (a), (b) nó (c), nó mhír 2, den Airteagal seo ag páirtí is tairbhí, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an teidlíocht chun tairbhí atá ag an bpáirtí is tairbhí lena mbaineann faoin Rialachán seo a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(3).

Airteagal 3

Táirgí talmhaíochta – taraif-chuótaí

1.   Le haghaidh táirgí áirithe fíona, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, de thionscnamh na bpáirtithe is tairbhithe, cuirfear na dleachtanna custaim is infheidhme maidir le hallmhairí isteach san Aontas ar fionraí le linn na dtréimhsí, ar na leibhéil, laistigh de theorainneacha tharaif-chuóta an Aontais agus faoi na coinníollacha a léirítear i ndáil le gach táirge agus tionscnamh a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

2.   D’ainneoin forálacha eile de chuid an Rialacháin seo, go háirithe Airteagal 10, i bhfianaise íogaireacht ar leith na margaí talmhaíochta agus iascaigh, i gcás ina bhfuil allmhairí táirgí talmhaíochta agus allmhairí táirgí iascaigh ina gcúis le suaitheadh tromchúiseach do mhargaí an Aontais agus dá sásraí rialála, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta iomchuí a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(3).

Airteagal 4

Taraif-chuótaí a bhainistiú

Déanfaidh an Coimisiún na taraif-chuótaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo a bhainistiú i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 1, Roinn 1, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún.

Is trí nasc teileamaitice a dhéanfar cumarsáid chun na críche sin idir na Ballstáit agus an Coimisiún, a mhéid is féidir.

Airteagal 5

Rochtain ar tharaif-chuótaí

Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh rochtain chothrom gan bhriseadh ag allmhaireoirí ar na taraif-chuótaí fad a cheadóidh iarmhéid mhéid an chuóta ábhartha é.

Airteagal 6

Cumhachtaí a tharmligean

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 a bhaineann leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na leasuithe is gá agus na coigeartuithe teicniúla is gá ar Iarscríbhinn I tar éis leasuithe a dhéanamh ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna Tharaif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh (TARIC);

(b)

na coigeartuithe is gá tar éis fabhair thrádála a dheonú faoi shocruithe eile idir an tAontas agus na páirtithe is tairbhithe;

(c)

an teidlíocht chun tairbhí atá ag an bpáirtí is tairbhí lena mbaineann faoin Rialachán seo a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, i gcás nach gcomhlíonfaidh an páirtí is tairbhí sin Airteagal 2(1), pointe (d).

Airteagal 7

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 3 Nollaig 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin.. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonraítear ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoi do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 8

Nós imeachta coiste

1.   Chun críocha Airteagail 2 agus 10, déanfaidh Coiste Cur Chun Feidhme na mBalcán Thiar cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Chun críocha Airteagal 3(2), déanfaidh an coiste arna bhunú le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 9

Comhar

Comhoibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go dlúth lena áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, go háirithe Airteagal 10(1).

Airteagal 10

Fionraí sealadach

1.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann go ndearnadh calaois nó gur mainníodh comhar riaracháin a sholáthar faoi mar a cheanglaítear chun an cruthúnas ar thionscnamh a fhíorú, nó go bhfuil méadú ollmhór ar onnmhairí isteach san Aontas thar an ngnáthleibhéal táirgthe agus thar an ngnáth-acmhainn onnmhairiúcháin, nó gur mhainnigh na páirtithe is tairbhithe Airteagal 2(1), pointí (a), (b) nó (c), a chomhlíonadh, féadfaidh sé bearta a dhéanamh chun na socruithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, ar feadh tréimhse 3 mhí, ar choinníoll go mbeidh an méid seo a leanas déanta i dtosach báire aige:

(a)

Coiste Cur Chun Feidhme na mBalcán Thiar a chur ar an eolas;

(b)

iarraidh ar na Ballstáit na bearta réamhchúraim is gá a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint nó chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na páirtithe is tairbhithe Airteagal 2(1);

(c)

fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh lena gcuirfear in iúl go bhfuil forais le hamhras réasúnach a bheith ann maidir leis na socruithe fabhracha a bheith curtha i bhfeidhm nó le comhlíontacht an pháirtí is tairbhí lena mbaineann le hAirteagal 2(1), ar forais iad a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar an gceart atá ag an bpáirtí is tairbhí leanúint de leas a bhaint as na tairbhí a dheonaítear leis an Rialachán seo.

Is trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(3).

2.   Ar thréimhse na fionraí a bheith críochnaithe, cinnfidh an Coimisiún i dtaobh cibé an ndéanfar an beart sealadach fionraí a fhoirceannadh nó an ndéanfar an beart fionraí a fhadú i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 11

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 28 Feabhra 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MICHEL


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Feabhra 2024.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis (IO L 328, 15.12.2009, lch. 1).

(3)  Féach Iarscríbhinn II.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 2007/2000 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála do thíortha agus do chríocha atá rannpháirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá nasctha leis an bpróiseas sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2820/98, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1763/1999 agus (CE) Uimh. 6/2000 (IO L 240, 23.9.2000, lch. 1).

(*1)  Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus leis an Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe lena mbaineann forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme agus lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

(7)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).


IARSCRÍBHINN I

Maidir leis na taraif-chuótaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1)

D’ainneoin na rialacha maidir le léiriú na hAinmníochta Comhcheangailte, déanfar a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí sa mhéid go gcinntear an scéim fhabhrach le raon feidhme chóid AC i gcomhthéacs na hIarscríbhinne seo. I gcás ina luaitear cóid AC a bhfuil ‘ex’ rompu, cinnfear an scéim fhabhrach trí bhíthin cód AC agus an tuairisc lena gcomhfhreagraítear dó a chur i bhfeidhm i dteannta a chéile.

Uimhir an Ordaithe

Cód AC

Tuairisc

Méid an chuóta in aghaidh na bliana (1)

Páirtithe is tairbhithe

Ráta dleachta

09.1530

ex 2204 21 94

ex 2204 21 95

ex 2204 21 96

ex 2204 21 97

ex 2204 21 98

ex 2204 22 93

ex 2204 22 94

ex 2204 22 95

ex 2204 29 93

ex 2204 29 94

ex 2204 29 95

Fíon ó fhíonchaora úra, nach mó ná 15 % toirte a neart iarbhír alcóil de réir toirte, cé is moite d’fhíon súilíneach

30 000 hl

An Albáin (2), an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (3), an Chosaiv (4), Montainéagró (5), an Mhacadóin Thuaidh (6), an tSeirbia (7).

Díolúine


(1)  Aon mhéid iomlán amháin in aghaidh an taraif-chuóta is inrochtana ag allmhairí de thionscnamh na bpáirtithe is tairbhithe.

(2)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na hAlbáine ar an taraif-chuóta iomlán, tá sí faoi réir an taraif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an Albáin a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear an cuóta aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1512 agus Uimh. 09.1513.

(3)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar an taraif-chuóta iomlán, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1528 agus Uimh. 09.1529.

(4)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Cosaive ar an taraif-chuóta iomlán, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an gCosaiv a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1570 agus Uimh. 09.1572.

(5)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh Mhontainéagró ar an taraif-chuóta iomlán, a mhéid a bhaineann sé le táirgí chód AC 2204 21, tá sí faoi réir an taraif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích le Montainéagró a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1558 agus Uimh. 09.1559.

(6)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Macadóine Thuaidh ar an taraif-chuóta iomlán, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal Breise maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an Macadóin Thuaidh a bheith ídithe. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1558 agus Uimh. 09.1559.

(7)  An rochtain atá ag fíon de thionscnamh na Seirbia ar an taraif-chuóta iomlán, tá sí faoi réir an dá tharaif-chuóta aonair dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an tSeirbia a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na cuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1526 agus Uimh. 09.1527.


IARSCRÍBHINN II

An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle (IO L 328, 15.12.2009, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh. 1336/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 347, 30.12.2011, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 ón gComhairle (IO L 158, 10.6.2013, lch. 1)

Airteagal 1(1), pointe (n), 5ú fleasc, agus pointe 16.5 de Iarscríbhinn amháin

Rialachán (AE) Uimh. 1202/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 321, 30.11.2013, lch. 1)

 

Rialachán (AE) 2015/2423 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 341, 24.12.2015, lch. 18)

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1464 ón gCoimisiún (IO L 209, 12.8.2017, lch. 1)

 

Rialachán (AE) 2020/2172 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 432, 21.12.2020, lch. 7)

 


IARSCRÍBHINN III

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009

An Rialachán seo

Airteagail 1 agus 2

Airteagail 1 agus 2

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(4)

Airteagal 3(2)

Airteagal 5

Airteagal 4

Airteagal 6

Airteagal 5

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 7a(1), (2) agus (3)

Airteagal 7(1), (2) agus (3)

Airteagal 7(4)

Airteagal 7a(4)

Airteagal 7(5)

Airteagal 7a(5)

Airteagal 7(6)

Airteagal 8(1) agus (2)

Airteagal 8(1) agus (2)

Airteagal 8(4)

Airteagal 8(3)

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 10(3)

Airteagal 10(2)

Airteagail 11 agus 12

Airteagail 11 agus 12

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/823/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top