This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R0443
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/443 of 29 January 2024 approving non-minor amendments to the specification for a name entered in the register of protected designations of origin and protected geographical indications [Queijo de Azeitão (PDO)]
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/443 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2024 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint, is é sin (Queijo de Azeitão (ATFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/443 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2024 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint, is é sin (Queijo de Azeitão (ATFC))
C/2024/702
IO L, 2024/443, 5.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/443/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/443 |
5.2.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/443 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Eanáir 2024
lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint, is é sin (‘Queijo de Azeitão’ (ATFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Portaingéile ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Queijo de Azeitão’ atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún (2). |
(2) |
Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin (3). |
(3) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm ‘Queijo de Azeitã’ (ATFC) formheasta anois.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2024.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1151/oj
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 1996 maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh a chlárú faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle (IO L 148, 21.6.1996, lch. 1).
(3) IO C, C/2023/380, 18.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/380/oj
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/443/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)