This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R0397
Commission Delegated Regulation (EU) 2024/397 of 20 October 2023 supplementing Regulation (EU) No 575/2013 of the European Parliament and of the Council with regard to regulatory technical standards on the calculation of the stress scenario risk measure
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil leis an mbeart priacail maidir le cás struis a ríomh
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/397 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil leis an mbeart priacail maidir le cás struis a ríomh
C/2023/6749
IO L, 2024/397, 29.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/397/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Completion | 32013R0575 | 18/02/2024 |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/397 |
29.1.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/397 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Deireadh Fómhair 2023
lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil leis an mbeart priacail maidir le cás struis a ríomh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 325bk(3), an ceathrú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun cothrom na Féinne a áirithiú i measc institiúidí san Aontas agus chun arbatráiste rialála a íoslaghdú, ba cheart na modheolaíochtaí chun dianchásanna de shuaitheadh amach anseo a fhorbairt le haghaidh fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe a bhunú ar na caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) (Creatlach Basel) i mí Eanáir 2019, agus ba cheart a chur san áireamh sna modheolaíochtaí sin ábharthacht na gceanglas cistí dílse le haghaidh fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe. Dá bhrí sin, ba cheart modheolaíochtaí sonracha agus mionsonraithe a leagan síos chun dianchásanna de shuaitheadh amach anseo a fhorbairt le haghaidh fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe. |
(2) |
D’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith ann ó fhachtóir priacal neamh-insamhaltaithe amháin go chéile idir cáilíocht na sonraí agus an líon breathnuithe atá ar fáil chun suaití amach anseo a chinneadh le haghaidh fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go gcumhdaítear raon leathan cásanna le dianchásanna de shuaitheadh amach anseo. Ar an gcúis sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le tacair mhalartacha modheolaíochtaí a fhéadfaidh institiúidí a úsáid ag brath ar cháilíocht agus an líon breathnuithe atá ar fáil do gach fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe. Thairis sin, ba cheart d’institiúidí a léiriú ina gcuid ríomhanna an fíoras go n-eascraíonn éiginnteacht níos airde maidir leis na meastacháin nó na luachanna a úsáidtear chun dianchásanna de shuaitheadh amach anseo a chinneadh as níos lú sonraí a bheith ar fáil agus dá bhrí sin, ba cheart dóibh éirí níos coimeádaí. |
(3) |
I bhfianaise a chruinne a bhíonn sé, mar mhodh amháin chun dianchás de shuaitheadh amach anseo a chinneadh le haghaidh fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe ba cheart an beart easnaimh ionchasaigh a ríomh go díreach maidir leis na caillteanais a tharlódh agus suaitheadh á chur i bhfeidhm maidir leis an bhfachtóir priacal neamh-insamhaltaithe sin agus na leibhéil a breathnaíodh go stairiúil le linn na tréimhse struis ábhartha i gceist. Mar sin féin, ní sholáthrófaí torthaí iontaofa leis an modh sin ach amháin i gcás ina mbeadh méid mór sonraí ag an institiúid don tréimhse struis sin, agus is amhlaidh a bheadh gá le roinnt mhaith ríomhanna maidir le caillteanas in aghaidh an fhachtóra priacal, rud a fhágann go mbeadh ardiarracht ríomhaireachtúil i gceist. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le modh malartach lena n-éilítear líon i bhfad níos lú ríomhanna maidir le caillteanas agus lena gcuirtear cur chuige céim ar chéim i bhfeidhm. Faoin modh malartach sin, ba cheart d’institiúidí beart easnaimh ionchasaigh a ríomh maidir leis na torthaí a breathnaíodh le haghaidh fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe ar dtús, agus ansin an caillteanas a chomhfhreagraíonn don ghluaiseacht san fhachtóir priacal arna shainaithint ag an mbeart easnaimh ionchasaigh sin a ríomh. Leis an gcur chuige céim ar chéim sin, ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar an gcás sonrach ina mbíonn an líon breathnuithe le haghaidh fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe sa tréimhse struis lena mbaineann neamh-leordhóthanach chun meastacháin chruinne agus stuama a fháil. Ós rud é gur féidir coinne a bheith leis nach dtarlóidh an cás sin ach i líon beag cásanna, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na cásanna sin trí ghiaráil a dhéanamh ar mhodheolaíochtaí a chuir institiúidí chun feidhme le haghaidh fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe eile a bhfuil níos mó breathnuithe acu ina leith nó, i gcás inar féidir, ar an gcur chuige caighdeánaithe malartach. |
(4) |
Ceanglaítear le creatlach Basel nach mór na ceanglais cistí dílse maidir leis an bpriacal margaidh le haghaidh fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe a chalabrú le tréimhse struis arb ionann í le haghaidh na bhfachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe uile a bhaineann leis an gcatagóir leathan céanna d’fhachtóirí priacal. Chun dianchásanna de shuaitheadh amach anseo a chinneadh ar bhonn na sonraí a breathnaíodh le linn na tréimhse sainaitheanta sin, ba cheart d’institiúidí sonraí a bhailiú maidir le fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe don tréimhse struis shainaitheanta sin. |
(5) |
Chun a áirithiú go ndéanfar ríomh na mbeart priacail maidir le cás struis a chomhchuibhiú ar fud institiúidí san Aontas, is gá a shonrú conas ba cheart d’institiúidí an tréimhse struis a shainaithint. Ba cheart na sonraíochtaí sin a bheith comhréireach leis an gcuspóir, agus níor cheart gá a bheith le hiarracht iomarcach ríomhaireachtúil, ná le cur chun feidhme modhanna praghsála sonracha ina leith. Teagmhas mór struis don chóras airgeadais ba ea géarchéim airgeadais dhomhanda 2007-2008. Dá bhrí sin, ba cheart tús a chur leis an tréimhse struis atá le sainaithint ón 1 Eanáir 2007 ar a laghad. Chun a áirithiú go leanann an tréimhse struis de bheith ábhartha do phunann trádála institiúide, ba cheart d’institiúidí athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an tréimhse struis sin. Mar sin féin, chun srian a chur leis an ualach riaracháin ar institiúidí, níor cheart a cheangal ach go leanfadh minicíocht an athbhreithnithe sin an mhinicíocht ráithiúil chéanna ar a laghad leis an tuairisciú maoirseachta comhfhreagrach. |
(6) |
Ceanglaítear le creatlach Basel go gcinnfidh institiúidí dianchásanna de shuaitheadh amach anseo ach úsáid a bhaint as modhanna praghsála a samhla tomhais priacail, toisc go n-úsáidtear na modhanna sin i gcomhthéacs na cúltástála agus na tástála ar shannadh brabúis agus caillteanais. D’fhéadfadh cásanna de shuaitheadh amach anseo a bheith ann nach féidir an caillteanas comhfhreagrach le haghaidh ionstraimí airgeadais nó tráchtearraí áirithe a chinneadh ina leith leis na modhanna praghsála sin. I gcás inarb amhlaidh an cás, ba cheart d’institiúidí gníomhú ar bhealach stuama fónta agus díriú ar na hionstraimí a ndéantar difear dóibh leis an gcliseadh praghsála, agus ar na hionstraimí sin amháin. Maidir leis na modheolaíochtaí arna gcur chun feidhme ag an institiúid chun aghaidh a thabhairt ar na cásanna sin, ní mór nach ndéanfar difear ar bhealach ar bith leo do thorthaí na cúltástála ná do na ceanglais sannta brabúis agus caillteanais a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 ón gCoimisiún (2). |
(7) |
Le hAirteagal 325bk(3), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceanglaítear nach mór an leibhéal ceanglas cistí dílse le haghaidh priacal margaidh i gcás fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe a bheith chomh hard leis an mbeart easnaimh ionchasaigh don fhachtóir priacal sin dá dtagraítear in Airteagal 325bb den Rialachán sin, i.e. easnamh ionchasach caillteanas ar leibhéal muiníne 97,5 % i gcaitheamh tréimhse struis. Dá bhrí sin, ba cheart na meastóirí staidrimh agus na paraiméadair chun an beart easnaimh ionchasaigh sin a chinneadh a shocrú sa chaoi go gcomhlíonfar an leibhéal muiníne sin. |
(8) |
De réir chreatlach Basel, ba cheart gurb é an dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo an cás as a n-eascródh an caillteanas uasta a d’fhéadfadh tarlú i ngeall ar athrú ar an bhfachtóir priacal neamh-insamhaltaithe. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú an méid ba cheart d’institiúidí a bhreithniú mar chaillteanas uasta i gcásanna nach mbíonn teorainn leis an gcaillteanas uasta. |
(9) |
Chun comhsheasmhacht le creatlach Basel a áirithiú, ba cheart d’institiúidí a bheith in ann an beart priacail maidir le cás struis a chinneadh le haghaidh níos mó ná fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe amháin i gcás inar cuid de chuar nó de dhromchla iad na fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe sin, agus i gcás ina mbaineann na fachtóirí priacal sin leis an mbuicéad neamh-insamhaltaithe céanna i measc na gceann siúd a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 ón gCoimisiún (3), agus ar choinníoll go ndearna institiúidí measúnú ar a n-insamhaltaitheacht i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe i leith buicéadú dá dtagraítear sa Rialachán Tarmligthe sin. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú d’institiúidí beart priacail aonair maidir le cás struis a ríomh le haghaidh níos mó ná fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe amháin faoi na coinníollacha sin amháin. |
(10) |
Chun leordhóthanacht na gceanglas cistí dílse le haghaidh fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe le próifíl phriacail na n-institiúidí a áirithiú, ba cheart d’institiúidí na bpriacal sin nár gabhadh fós a léiriú i gcomhiomlánú na mbeart priacail maidir le cás struis le linn dóibh an dianchás de shuaitheadh amach anseo a chinneadh, lena n-áirítear tréimhsí leachtachta ionchasacha na bhfachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe. Chun cothrom na Féinne a áirithiú, ba cheart na bearta priacail maidir le cás struis a chomhiomlánú tríd an bhfoirmle chomhiomlánaithe a comhaontaíodh i gcreatlach Basel a chur i bhfeidhm. |
(11) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin. |
(12) |
Tá comhairliúcháin oscailte phoiblí seolta ag an Údarás Baincéireachta Eorpach maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, agus tá comhairle iarrtha aige ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL 1
FORBAIRT AGUS CUR I bhFEIDHM NA nDIANCHÁSANNA DE SHUAITHEADH AMACH ANSEO
Airteagal 1
Forbairt dianchásanna de shuaitheadh amach anseo agus iad a chur i bhfeidhm ar leibhéal na bhfachtóirí priacal
Forbróidh institiúidí na dianchásanna de shuaitheadh amach anseo le haghaidh fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe trí cheachtar de na modhanna seo a leanas a chur i bhfeidhm:
(a) |
an modh díreach a leagtar amach in Airteagal 2, ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(b) |
an modh céim ar chéim a leagtar amach in Airteagal 3. |
Airteagal 2
An modh díreach – fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe
1. Faoin modh díreach, cuirfidh na hinstitiúidí na céimeanna seo a leanas i bhfeidhm san ord seo a leanas:
(a) |
cinnfidh siad amshraith caillteanas mar a leanas:
|
(b) |
ríomhfaidh siad an meastachán ar an easnamh deasfhoircinn ionchasach i gcomhréir le hAirteagal 11(2) le haghaidh amshraith na gcaillteanas a fhaightear i gcomhréir le pointe (a); 2. Ag deireadh an phróisis a leagtar amach sa chéad mhír, is éard a bheidh sa dianchás de shuaitheadh amach anseo le haghaidh an fhachtóra priacal neamh-insamhaltaithe, suaitheadh as a n-eascraíonn an caillteanas atá cothrom leis an meastachán dá dtagraítear i mír 1, pointe (b). |
Airteagal 3
An modh céim ar chéim – fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe
1. Faoin modh céim ar chéim, cuirfidh na hinstitiúidí na céimeanna seo a leanas i bhfeidhm san ord seo a leanas:
(a) |
cinnfidh siad, i gcomhréir le hAirteagal 7, an amshraith de thorthaí 10 lá gnó don fhachtóir priacail neamh-insamhaltaithe don tréimhse struis arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12; |
(b) |
cinnfidh siad suaitheadh calabraithe aníos agus anuas ón amshraith de thorthaí 10 lá gnó dá dtagraítear i bpointe (a) i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
|
(c) |
i gcás gach suaite a áirítear sa ghreille seo a leanas, ríomhfaidh na hinstitiúidí an caillteanas a tharlaíonn nuair a chuirtear an suaitheadh sin i bhfeidhm maidir leis an bhfachtóir priacal neamh-insamhaltaithe:
i gcás inarb amhlaidh:
|
2. Is éard a bheidh sa dianchás de shuaitheadh amach anseo le haghaidh an fhachtóra priacal neamh-insamhaltaithe, an suaitheadh as a n-eascraíonn an caillteanas is airde, i measc na suaití a áirítear sa ghreille dá dtagraítear i mír 1, pointe (c).
Airteagal 4
Forbairt agus cur i bhfeidhm na ndianchásanna de shuaitheadh amach anseo ar leibhéal an bhuicéid chaighdeánaithe
I gcás ina ríomhann na hinstitiúidí beart priacail maidir le cás struis le haghaidh níos mó ná fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe amháin, cinnfidh siad an dianchás de shuaitheadh amach anseo don bhuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe lena mbaineann na fachtóirí priacal sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 trí cheachtar de na modhanna seo a leanas a chur i bhfeidhm:
(a) |
an modh díreach a leagtar amach in Airteagal 5, ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(b) |
an modh céim ar chéim a leagtar amach in Airteagal 6. |
Airteagal 5
An modh díreach – buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe
1. Le linn dóibh an modh díreach a chur i bhfeidhm maidir le fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe a bhaineann le buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe, cuirfidh na hinstitiúidí na céimeanna seo a leanas i bhfeidhm san ord seo a leanas:
(a) |
cinnfidh siad amshraith caillteanas mar a leanas:
|
(b) |
ríomhfaidh siad an meastachán ar an easnamh deasfhoircinn ionchasach i gcomhréir le hAirteagal 11(2) le haghaidh amshraith na gcaillteanas a fhaightear i gcomhréir le pointe (a) den mhír seo. |
2. Is éard a bheidh sa dianchás de shuaitheadh amach anseo le haghaidh an bhuicéid neamh-insamhaltaithe an cás de shuaití as a n-eascraíonn caillteanas atá cothrom leis an meastachán ar an easnamh deasfhoircinn ionchasach a fhaightear i gcomhréir le mír 1, pointe (b).
Airteagal 6
An modh céim ar chéim – buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe
1. Le linn dóibh an modh céim ar chéim a chur i bhfeidhm maidir le fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe a bhaineann le buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe, cinnfidh na hinstitiúidí an dianchás de shuaitheadh amach anseo trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm san ord seo a leanas:
(a) |
i gcás gach fachtóra priacal neamh-insamhaltaithe laistigh den bhuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe, cinnfidh siad, i gcomhréir le hAirteagal 7, an amshraith de thorthaí 10 lá gnó don tréimhse struis arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12; |
(b) |
i gcás gach fachtóra priacal neamh-insamhaltaithe laistigh den bhuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe, cinnfidh siad suaitheadh calabraithe aníos agus anuas ón amshraith chomhfhreagrach de thorthaí 10 lá gnó dá dtagraítear i bpointe (a) i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
|
(c) |
ríomhfaidh siad an dá cheann díobh seo a leanas:
|
Chun críocha phointe (c), déanfaidh na hinstitiúidí na suaití calabraithe aníos agus anuas a iolrú faoin bparaiméadar β in dhá chás, bíodh β = 1 agus β = ⅘.
2. Is éard a bheidh sa dianchás de shuaitheadh amach anseo le haghaidh an bhuicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe an cás de shuaití as a n-eascraíonn an caillteanas is airde i measc na gcaillteanas arna ríomh i gcomhréir le mír 1, pointe (c).
Airteagal 7
Cinneadh na hamshraithe de thorthaí 10 lá gnó
1. Cinnfidh na hinstitiúidí an amshraith de thorthaí 10 lá gnó don tréimhse struis i ndáil le fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe ar leith trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm san ord seo a leanas:
(a) |
cinnfidh siad amshraith na mbreathnuithe don fhachtóir priacail neamh-insamhaltaithe don tréimhse struis agus ní áireoidh siad san amshraith sin ach breathnú amháin in aghaidh an lae gnó a léireoidh sonraí margaidh iarbhír; |
(b) |
leathnóidh siad an amshraith dá dtagraítear i bpointe (a) trí na breathnuithe a bheidh ar fáil a áireamh laistigh den tréimhse 20 lá gnó tar éis na tréimhse struis; i gcás inar lú ná 20 lá gnó tar éis dheireadh na tréimhse struis an dáta tagartha chun an beart priacail maidir le cás struis a ríomh, cuirfidh na hinstitiúidí na breathnuithe sin a bheidh ar fáil ó dheireadh na tréimhse struis go dtí an dáta tagartha san áireamh; |
(c) |
i ndáil le gach dáta D
t
, a bhfuil breathnú ina leith san amshraith a leanann as pointe (a), gan an breathnú deiridh a chur san áireamh, cinnfidh na hinstitiúidí, i measc na ndátaí a bhfuil breathnú ina leith san amshraith arna leathnú dá dtagraítear i bpointe (b), an dáta tar éis D t lena n-íoslaghdaítear an luach seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
(d) |
le haghaidh gach dáta D
t
, a bhfuil breathnú ina leith san amshraith a leanann as pointe (a), gan an breathnú deiridh a chur san áireamh, cinnfidh siad an toradh comhfhreagrach 10 lá gnó tríd an toradh a chinneadh le haghaidh an fhachtóra priacal neamh-insamhaltaithe le linn na tréimhse idir dáta D
t
an bhreathnaithe agus an dáta lena n-íoslaghdaítear an luach v i gcomhréir le pointe (c), agus é a athscálú ina dhiaidh sin chun toradh a fháil i gcaitheamh tréimhse 10 lá gnó ach an toradh a iolrú faoi . |
an dáta i measc na ndátaí úd lena n-íoslaghdaítear an luach sin a tharla níos déanaí.
2. Áireofar san amshraith dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), ar a laghad na breathnuithe a úsáideadh chun na cásanna de shuaitheadh amach anseo a chalabrú dá dtagraítear in Airteagal 325bc de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás ina ndearnadh amach roimhe sin go raibh an fachtóir priacal sin insamhaltaithe i gcomhréir le hAirteagal 325be den Rialachán sin.
Airteagal 8
Suaitheadh calabraithe anuas agus aníos agus an modh stairiúil á úsáid
1. Faoin modh stairiúil, cinnfidh na hinstitiúidí an suaitheadh calabraithe anuas ó amshraith de thorthaí 10 lá gnó le haghaidh fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
— |
seasann Ret don amshraith de thorthaí 10 lá gnó le haghaidh an fhachtóra priacal neamh-insamhaltaithe; |
— |
is é an meastachán ar an easnamh cléfhoircinn ionchasach don amshraith Ret arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11(1); |
— |
is é N an líon torthaí san amshraith Ret. |
2. Cinnfidh na hinstitiúidí an suaitheadh calabraithe aníos ó amshraith de thorthaí 10 lá gnó le haghaidh fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe agus an modh stairiúil á úsáid i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
— |
seasann Ret don amshraith de thorthaí 10 lá gnó le haghaidh an fhachtóra priacal neamh-insamhaltaithe; |
— |
is é an meastachán ar an easnamh deasfhoircinn ionchasach don amshraith Ret arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11(2); |
— |
Is é N an líon torthaí san amshraith Ret. |
Airteagal 9
Suaitheadh calabraithe anuas agus aníos agus modh na sigme neamhshiméadraí á úsáid
Faoi mhodh na sigme neamhshiméadraí, cinnfidh na hinstitiúidí an suaitheadh calabraithe anuas agus aníos ó amshraith de thorthaí 10 lá gnó le haghaidh fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm san ord seo a leanas:
(a) |
cinnfidh siad airmheán na dtorthaí laistigh den amshraith, agus roinnfidh siad na torthaí 10 lá gnó a chuimsítear san amshraith sin sa dá fhothacar, seo a leanas:
|
(b) |
i gcás gach fothacair dá dtagraítear i bpointe (a), ríomhfaidh siad meán na dtorthaí 10 lá gnó san fhothacar; |
(c) |
cinnfidh siad an suaitheadh calabraithe anuas i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas: downward calibrated shock
i gcás inarb amhlaidh:
|
(d) |
cinnfidh siad an suaitheadh calabraithe aníos i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas: upward calibrated shock
i gcás inarb amhlaidh:
|
Airteagal 10
Suaitheadh calabraithe anuas agus aníos agus modh an chúltaca á úsáid
1. Faoi mhodh an chúltaca, cinnfidh na hinstitiúidí an suaitheadh calabraithe anuas agus aníos ón amshraith de thorthaí 10 lá gnó le haghaidh fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe trí cheann amháin de na modheolaíochtaí a leagtar amach san Airteagal seo a chur i bhfeidhm.
2. I gcás ina mbíonn an fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe cothrom le ceann de na fachtóirí priacal a shainmhínítear i gCuid III, Teideal IV, Caibidil 1a, Roinn 3, Foroinn 1, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cinnfidh na hinstitiúidí an suaitheadh calabraithe anuas agus aníos trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm san ord seo a leanas:
(a) |
sainaithneoidh siad an t-ualú priacail a shanntar don fhachtóir priacail sin i gcomhréir le Cuid III, Teideal IV, Caibidil 1a, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; |
(b) |
déanfaidh siad an t-ualú priacail sin a iolrú faoi
i gcás inarb amhlaidh:
|
(c) |
is de thoradh phointe (b) a bheidh an suaitheadh calabraithe anuas agus aníos. |
3. I gcás inar pointe ar chuar nó ar dhromchla é fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe agus nach bhfuil sé éagsúil ó fhachtóirí priacail eile mar a shainmhínítear i gCuid III, Teideal IV, Caibidil 1a, Roinn 3, Foroinn 1, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ach amháin i ndáil leis an ngné aibíochta, cinnfidh na hinstitiúidí na suaití calabraithe anuas agus aníos trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm san ord seo a leanas:
(a) |
ó na fachtóirí priacal sin a shainmhínítear i gCuid III, Teideal IV, Caibidil 1a, Roinn 3, Foroinn 1, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nach bhfuil éagsúil ón bhfachtóir priacal neamh-insamhaltaithe ach amháin sa ghné aibíochta, sainaithneoidh siad an fachtóir priacal is gaire sa ghné aibíochta don fhachtóir priacail neamh-insamhaltaithe; |
(b) |
sainaithneoidh siad an t-ualú priacail a shanntar i gcomhréir le Cuid III, Teideal IV, Caibidil 1a, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 don fhachtóir priacail arna shainaithint i gcomhréir le pointe (a); |
(c) |
déanfaidh siad an t-ualú priacail sin a iolrú faoi
i gcás inarb amhlaidh:
|
(d) |
is de thoradh phointe (c) a bheidh an suaitheadh calabraithe anuas agus aníos. |
4. I gcás nach gcomhlíonann an fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 3, cinnfidh na hinstitiúidí na suaití calabraithe anuas agus aníos comhfhreagracha trí fhachtóir priacal a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 5 a roghnú agus cuirfidh siad an modh a leagtar amach i mír 6 i bhfeidhm maidir leis an bhfachtóir priacal sin arna roghnú.
5. Comhlíonfaidh an fachtóir priacal atá le roghnú i gcomhréir le mír 4 na coinníollacha seo a leanas uile:
(a) |
baineann sé leis an gcatagóir leathan chéanna d’fhachtóirí priacal agus leis an bhfochatagóir leathan chéanna d’fhachtóirí priacal dá dtagraítear in Airteagal 325bd de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a bhaineann an fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe; |
(b) |
tá sé den chineál céanna leis an bhfachtóir priacal neamh-insamhaltaithe; |
(c) |
tá sé éagsúil ón bhfachtóir priacal neamh-insamhaltaithe i gcás gnéithe nach n-eascraíonn gannmheastachán ar luaineacht an fhachtóra priacal neamh-insamhaltaithe astu, lena n-áirítear faoi dhálaí struis; |
(d) |
tá 12 thoradh ar a laghad san amshraith de thorthaí 10 lá gnó dá dtagraítear i mír 6, pointe (a). |
6. Faoin modh dá dtagraítear i mír 4, cuirfidh na hinstitiúidí na céimeanna seo a leanas i bhfeidhm san ord seo a leanas:
(a) |
don fhachtóir priacail arna roghnú, cinnfidh na hinstitiúidí, i gcomhréir le hAirteagal 7, an amshraith de thorthaí 10 lá gnó don tréimhse struis arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12; |
(b) |
cinnfidh na hinstitiúidí na suaití calabraithe anuas agus aníos don fhachtóir priacail arna roghnú agus na modhanna seo a leanas á n-úsáid:
|
(c) |
cinnfidh na hinstitiúidí an suaitheadh calabraithe anuas don fhachtóir priacail neamh-insamhaltaithe ach an suaitheadh anuas don fhachtóir priacail roghnaithe arna chinneadh i gcomhréir le pointe (b) a iolrú faoi
i gcás inarb amhlaidh:
|
(d) |
cinnfidh na hinstitiúidí an suaitheadh calabraithe aníos don fhachtóir priacail neamh-insamhaltaithe ach an suaitheadh aníos don fhachtóir priacail roghnaithe arna chinneadh i gcomhréir le pointe (b) a iolrú faoi
i gcás inarb amhlaidh:
|
7. De mhaolú ar mhír 6, pointí (b)(i) agus (b)(ii), i gcás ina gcuireann na hinstitiúidí an modh dá dtagraítear i mír 4 i bhfeidhm maidir leis na fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe uile i mbuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe, cinnfidh siad na suaití aníos agus anuas do na fachtóirí priacal roghnaithe comhfhreagracha uile i gcomhréir le ceachtar díobh seo a leanas:
(a) |
an modh stairiúil a leagtar amach in Airteagal 8, i gcás ina mbíonn an líon torthaí san amshraith de thorthaí 10 lá gnó dá dtagraítear i mír 6, pointe (a), cothrom le nó níos mó ná 200 le haghaidh na bhfachtóirí priacal roghnaithe uile; |
(b) |
modh na sigme neamhshiméadraí a leagtar amach in Airteagal 9, i gcás nach gcomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo maidir leis an modh stairiúil a chur i bhfeidhm. |
Airteagal 11
Meastóirí an easnaimh ionchasaigh
1. Ríomhfaidh na hinstitiúidí an meastachán ar an easnamh cléfhoircinn ionchasach d’amshraith X i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
— |
is é N an líon breathnuithe san amshraith; |
— |
α = 2,5 %; |
— |
seasann ] don chuid is slánuimhir den toradh ; |
— |
seasann don i-ú breathnú is lú san amshraith X. |
2. Ríomhfaidh na hinstitiúidí an meastachán ar an easnamh deasfhoircinn ionchasach d’amshraith X i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
— |
is é ( ) an meastachán ar an easnamh cléfhoircinn ionchasach don amshraith arna ríomh i gcomhréir le mír 1. |
Airteagal 12
An tréimhse struis a chinneadh
1. Cinnfidh na hinstitiúidí an tréimhse struis le haghaidh na bhfachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe i gcatagóir leathan d’fhachtóirí priacail tríd an tréimhse bhreathnaithe 12 mhí lena n-uasmhéadaítear an luach a fhaightear i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas a shainaithint:
i gcás inarb amhlaidh:
— |
seasann i don chatagóir leathan d’fhachtóirí priacail; |
— |
is é j an t-innéacs a sheasann do na fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe nó do na buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe ar ina leith a ríomhann an institiúid an beart priacail maidir le cás struis a bhaineann leis an gcatagóir leathan d’fhachtóirí priacail i; |
— |
is é an beart priacail maidir le cás struis arna athscálú don fhachtóir priacail neamh-insamhaltaithe nó don bhuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe j arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 16. |
dá dtagraítear in Airteagal 325bb(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a shainaithint. I gcás ina gcuirfidh na hinstitiúidí an maolú sin i bhfeidhm, soláthróidh siad fianaise gurb ionann an tréimhse struis arna sainaithint agus tréimhse struis airgeadais dá bhfachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe. Cuirfidh na hinstitiúidí san áireamh an chaoi a bhfuil a bpunann nochta do na fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe sa chatagóir leathan d’fhachtóirí priacail.
3. Le linn dóibh an tréimhse struis sin a chinneadh, úsáidfidh na hinstitiúidí tréimhse bhreathnaithe a thosóidh ar a laghad ón 1 Eanáir 2007, chun sástacht na n-údarás inniúil.
4. Déanfaidh na hinstitiúidí athbhreithniú ar an tréimhse struis arna sainaithint ar bhonn ráithiúil ar a laghad.
Airteagal 13
Na caillteanais a ríomh
1. Ríomhfaidh na hinstitiúidí an caillteanas a chomhfhreagraíonn do chás de shuaitheadh amach anseo arna chur i bhfeidhm maidir le fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe amháin nó níos mó tríd an gcaillteanas ar phunann na suíomhanna a ríomh ar ina leith a ríomhann siad na ceanglais cistí dílse le haghaidh an phriacail margaidh i gcomhréir le cur chuige na samhla inmheánaí malartaí a leagtar amach i gCuid III, Teideal IV, Caibidil 1b, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus a tharlaíonn má chuirtear an cás sin de shuaitheadh amach anseo i bhfeidhm maidir leis an bhfachtóir priacal neamh-insamhaltaithe sin nó na fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe sin i mbuicéad caighdeánaithe, agus más amhlaidh a fhanann na fachtóirí priacal eile uile gan athrú.
2. Ríomhfaidh na hinstitiúidí an caillteanas a chomhfhreagraíonn do chás de shuaitheadh amach anseo arna chur i bhfeidhm maidir le fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe amháin nó níos mó trí na modhanna praghsála a úsáidtear sa tsamhail tomhais priacail a úsáid.
3. De mhaolú ar mhír 2, i gcás nach féidir leis na hinstitiúidí an caillteanas a ríomh le haghaidh roinnt ionstraimí airgeadais nó tráchtearraí a áirítear sa phunann dá dtagraítear i mír 1, a chomhfhreagraíonn do chás de shuaitheadh amach anseo arna chur i bhfeidhm maidir le fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe amháin nó níos mó trína modhanna praghsála a úsáid, cuirfidh siad na céimeanna seo a leanas i bhfeidhm san ord seo a leanas:
(a) |
sainaithneoidh siad na hionstraimí airgeadais nó na tráchtearraí sin agus an chúis le cliseadh an ríomha praghsála; |
(b) |
úsáidfidh siad modhanna praghsála bunaithe ar íogaireacht, lena n-áirítear ar a laghad na téarmaí céad ordaithe ábhartha agus na téarmaí dara hordú ábhartha de neastacháin shraith Taylor, chun an t-athrú ar phraghas na n-ionstraimí airgeadais nó na dtráchtearraí sin de bharr athruithe ar na fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe sa chás sin de shuaitheadh amach anseo a léiriú. |
4. De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na hinstitiúidí, chun an tréimhse struis a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) agus chun na críche sin amháin, an caillteanas a chomhfhreagraíonn do chás de shuaitheadh amach anseo arna chur i bhfeidhm maidir le fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe amháin nó níos mó a ríomh agus úsáid á baint as modhanna praghsála bunaithe ar íogaireacht. Léireoidh institiúidí, maidir leis na hathruithe praghais nach ngabhtar leis na modhanna praghsála bunaithe ar íogaireacht, nach modhnófaí an tréimhse struis arna sainaithint ag an institiúid.
CAIBIDIL 2
DIANCHÁS RIALÁLA DE SHUAITHEADH AMACH ANSEO
Airteagal 14
An dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo a chinneadh
1. Is éard a bheidh sa dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo dá dtagraítear in Airteagal 325bk(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, suaitheadh as a n-eascróidh an caillteanas uasta a d’fhéadfadh tarlú i ngeall ar athrú ar an bhfachtóir priacal neamh-insamhaltaithe i gcás ina bhfuil teorainn leis an gcaillteanas uasta sin.
2. I gcás nach bhfuil teorainn leis an gcaillteanas uasta dá dtagraítear i mír 1, cinnfidh na hinstitiúidí an dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm san ord seo a leanas:
(a) |
bainfidh siad leas as cur chuige bunaithe ar shaineolas agus an fhaisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil a bheidh ar fáil á húsáid chun caillteanas a shainaithint, ar caillteanas é a eascróidh as athrú sa luach arna ghlacadh ag an bhfachtóir priacal neamh-insamhaltaithe nach sárófar agus leibhéal cinnteachta cothrom le 99,95 % i gceist le linn tréimhse 10 lá gnó i dtréimhse struis airgeadais amach anseo arb ionann é agus an tréimhse struis arna sainaithint don fhachtóir priacail neamh-insamhaltaithe. Le linn dóibh déanamh amhlaidh, cuirfidh na hinstitiúidí san áireamh an sceabhacht agus an churtóis iomarcach a d’fhéadfadh a bheith ina saintréithe ag torthaí an fhachtóra priacal neamh-insamhaltaithe le linn tréimhse struis airgeadais agus tabharfaidh siad údar le haon toimhde dáileacháin nó staidrimh a ghlacfaidh siad chun an caillteanas sin a shainaithint; |
(b) |
déanfaidh siad an caillteanas a gheofar i gcomhréir le pointe (a) a iolrú faoi ; i gcás inarb amhlaidh:
|
(c) |
sainaithneoidh siad an dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo mar an suaitheadh as a n-eascraíonn an caillteanas a leanann as pointí (a) agus (b). |
3. I gcás ina ríomhanna na hinstitiúidí beart priacail maidir le cás struis le haghaidh níos mó ná fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe amháin dá dtagraítear in Airteagal 325bk(3), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is éard a bheidh sa dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo dá dtagraítear in Airteagal 325bk(3), pointe (b), den Rialachán sin, cás as a n-eascróidh an caillteanas uasta a d’fhéadfadh tarlú i ngeall ar athrú sna luachanna arna nglacadh ag na fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe sin.
4. De mhaolú ar mhír 3, i gcás ina ríomhann na hinstitiúidí beart priacail maidir le cás struis le haghaidh níos mó ná fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe amháin dá dtagraítear in Airteagal 325bk(3), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus i gcás nach bhfuil teorainn leis an gcaillteanas uasta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal sin, cinnfidh na hinstitiúidí an dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm san ord seo a leanas:
(a) |
bainfidh siad leas as cur chuige bunaithe ar shaineolas agus an fhaisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil a bheidh ar fáil á húsáid chun caillteanas a shainaithint, ar caillteanas é a eascróidh as athrú sna luachanna arna nglacadh ag na fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe nach sárófar agus leibhéal cinnteachta cothrom le 99,95 % i gceist le linn tréimhse 10 lá gnó i dtréimhse struis airgeadais amach anseo arb ionann é agus an tréimhse struis do na fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe. Le linn dóibh déanamh amhlaidh, cuirfidh na hinstitiúidí san áireamh an sceabhacht agus an churtóis iomarcach a d’fhéadfadh a bheith ina saintréithe ag torthaí na bhfachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe le linn tréimhse struis airgeadais agus tabharfaidh siad údar le haon toimhde dáileacháin nó staidrimh a ghlacfaidh siad chun an caillteanas sin a shainaithint; |
(b) |
déanfaidh siad an caillteanas a gheofar i gcomhréir le pointe (a) a iolrú faoi ; i gcás inarb amhlaidh:
|
(c) |
sainaithneoidh siad an dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo mar an cás as a n-eascraíonn an caillteanas a leanann as pointí (a) agus (b). |
CAIBIDIL 3
NA hIMTHOSCA FAOINA bhFÉADFAIDH INSTITIÚIDÍ AN BEART PRIACAIL MAIDIR LE CÁS STRUIS A RÍOMH LE hAGHAIDH NÍOS MÓ NÁ AON FHACHTÓIR PRIACAL NEAMH-INSAMHALTAITHE AMHÁIN
Airteagal 15
Imthosca chun beart priacail maidir le cás struis a ríomh le haghaidh níos mó ná fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe amháin
Na himthosca faoina bhféadfaidh na hinstitiúidí an beart priacail maidir le cás struis a ríomh le haghaidh níos mó ná fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe amháin, dá dtagraítear in Airteagal 325bk(3), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is amhlaidh a bheidh siad mar a leanas:
(a) |
baineann na fachtóirí priacal leis an mbuicéad caighdeánaithe céanna dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060; |
(b) |
rinne na hinstitiúidí measúnú ar insamhaltaitheacht na bhfachtóirí priacal sin, trí insamhaltaitheacht an bhuicéid chaighdeánaithe lena mbaineann siad a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060; |
CAIBIDIL 4
COMHIOMLÁNÚ NA mBEART PRIACAIL MAIDIR LE CÁS STRUIS
Airteagal 16
Comhiomlánú na mbeart priacail maidir le cás struis
1. Chun na bearta priacail maidir le cás struis a chomhiomlánú dá dtagraítear in Airteagal 325bk(3), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na hinstitiúidí, le haghaidh gach birt priacail maidir le cás struis a ríomh siad, an beart priacail comhfhreagrach maidir le cás struis arna athscálú a chinneadh mar a leanas:
(a) |
i gcás inar chinn na hinstitiúidí an dianchás de shuaitheadh amach anseo le haghaidh fachtóir priacal aonair i gcomhréir leis an modh céim ar chéim a leagtar amach in Airteagal 3, déanfar an beart priacail comhfhreagrach maidir le cás struis arna athscálú a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
(b) |
i gcás inar chinn na hinstitiúidí beart priacail maidir le cás struis le haghaidh níos mó ná fachtóirí priacal amháin tríd an dianchás de shuaitheadh amach anseo a chinneadh i gcomhréir leis an modh céim ar chéim a leagtar amach in Airteagal 6 le haghaidh buicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe a chuimsíonn na fachtóirí priacal sin, déanfar an beart priacail comhfhreagrach maidir le cás struis arna athscálú a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
(c) |
i gcás inar chinn na hinstitiúidí an dianchás de shuaitheadh amach anseo le haghaidh fachtóir priacal aonair i gcomhréir leis an modh díreach a leagtar amach in Airteagal 2, déanfar an beart priacail comhfhreagrach maidir le cás struis arna athscálú a ríomh leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
(d) |
i gcás inar chinn na hinstitiúidí beart priacail maidir le cás struis le haghaidh níos mó ná fachtóirí priacal amháin tríd an dianchás de shuaitheadh amach anseo a chinneadh i gcomhréir leis an modh díreach a leagtar amach in Airteagal 5 le haghaidh an bhuicéid neamh-insamhaltaithe a chuimsíonn na fachtóirí priacal sin, déanfar an beart priacail comhfhreagrach maidir le cás struis arna athscálú a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
(e) |
i gcás inar chinn na hinstitiúidí beart priacail maidir le cás struis trí dhianchás rialála de shuaitheadh amach anseo a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 14, déanfar an beart priacail comhfhreagrach maidir le cás struis arna athscálú a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
2. Déanfaidh na hinstitiúidí na bearta priacail maidir le cás struis a chomhiomlánú i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
— |
seasann ICSR don tacar fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe nó don tacar buicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe ar ina leith a chinn na hinstitiúidí beart priacail maidir le cás struis a aicmíodh mar bheart nár léirigh ach priacal raon difríochta creidmheasa neamhghnách amháin, i gcomhréir le mír 3; |
— |
is innéacs é k a sheasann do na fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe nó do na buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe a bhaineann le ICSR; |
— |
seasann EIR don tacar fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe nó don tacar buicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe ar ina leith a chinn na hinstitiúidí beart priacail maidir le cás struis a aicmíodh mar bheart nár léirigh ach priacal cothromais neamhghnách amháin, i gcomhréir le mír 4; |
— |
is innéacs é l a sheasann do na fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe nó do na buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe a bhaineann le EIR; |
— |
seasann OR d’fhachtóir priacail neamh-insamhaltaithe nó do bhuicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe ar ina leith a chinn na hinstitiúidí beart priacail maidir le cás struis nár aicmíodh mar bheart nár léirigh ach priacal raon difríochta creidmheasa neamhghnách amháin, i gcomhréir le mír 3 ná priacal cothromais neamhghnách amháin, i gcomhréir le mír 4; |
— |
is innéacs é j a sheasann do na fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe nó do na buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe a bhaineann le OR; |
— |
is iad faoi seach na bearta priacail maidir le cás struis arna n-athscálú do na fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe nó do na buicéid chaighdeánaithe neamh-insamhaltaithe k,l, j arna ríomh i gcomhréir le mír 1; |
— |
. |
3. Na fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe a aicmíonn na hinstitiúidí mar fhachtóirí nach léiríonn ach priacal raon difríochta creidmheasa neamhghnách amháin, comhlíonfaidh siad gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
is amhlaidh, de thoradh chineál an fhachtóra priacal, nach léiríonn sé ach priacal raon difríochta creidmheasa neamhghnách amháin; |
(b) |
ní hiad comhpháirteanna priacail córasacha a spreagann an luach arna ghlacadh ag an bhfachtóir priacal; |
(c) |
is diomaibhseach an comhghaol idir fachtóirí priacal; |
(d) |
déanann agus doiciméadaíonn na hinstitiúidí na tástálacha staidrimh a úsáidtear chun an coinníoll a leagtar amach i bpointe (c) a fhíorú. |
4. Na fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe a aicmíonn na hinstitiúidí mar fhachtóirí nach léiríonn ach priacal cothromais neamhghnách amháin, comhlíonfaidh siad gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
is amhlaidh, de thoradh chineál an fhachtóra priacal, nach léiríonn sé ach priacal cothromais neamhghnách amháin; |
(b) |
ní hiad comhpháirteanna priacail córasacha a spreagann an luach arna ghlacadh ag an bhfachtóir priacal; |
(c) |
is diomaibhseach an comhghaol idir fachtóirí priacal; |
(d) |
déanann agus doiciméadaíonn na hinstitiúidí na tástálacha staidrimh a úsáidtear chun an coinníoll a leagtar amach i bpointe (c) a fhíorú. |
Airteagal 17
Comhéifeacht neamhlíneachta le haghaidh fachtóir priacal aonair
I gcás ina gcinnfear an beart priacail maidir le cás struis a bhfuil na hinstitiúidí ag cinneadh na comhéifeachta neamhlíneachta le haghaidh fachtóir priacal aonair ina leith, is mar a leanas a chinnfear an chomhéifeacht neamhlíneachta sin:
(a) |
maidir leis an dianchás de shuaitheadh amach anseo don fhachtóir priacal neamh-insamhaltaithe agus an suaitheadh calabraithe anuas nó an suaitheadh calabraithe aníos arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (b), i gcás nach mbeidh siad ag teacht le chéile, socróidh na hinstitiúidí don fhachtóir priacal neamh-insamhaltaithe sin; |
(b) |
maidir leis an dianchás de shuaitheadh amach anseo don fhachtóir priacal neamh-insamhaltaithe agus an suaitheadh calabraithe anuas arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (b), i gcás ina mbeidh siad ag teacht le chéile, ríomhfaidh na hinstitiúidí an chomhéifeacht neamhlíneachta i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
(c) |
maidir leis an dianchás de shuaitheadh amach anseo don fhachtóir priacail neamh-insamhaltaithe agus an suaitheadh calabraithe aníos arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (b), i gcás ina mbeidh siad ag teacht le chéile, ríomhfaidh na hinstitiúidí an chomhéifeacht neamhlíneachta i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
Airteagal 18
Comhéifeacht neamhlíneachta le haghaidh buicéid
I gcás ina gcinnfear an beart priacail maidir le cás struis a bhfuil na hinstitiúidí ag cinneadh na comhéifeachta neamhlíneachta le haghaidh buicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe ina leith, is mar a leanas a chinnfear an chomhéifeacht neamhlíneachta:
(a) |
i gcás nach gcomhfhreagraíonn an dianchás de shuaitheadh amach anseo do chás arna shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (b), i gcás ina socraítear luach an pharaiméadair β dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (c) cothrom le 1, socróidh na hinstitiúidí an chomhéifeacht neamhlíneachta don bhuicéad neamh-insamhaltaithe sin; |
(b) |
maidir leis an dianchás de shuaitheadh amach anseo, i gcás inar cás é ina gcuirtear an suaitheadh anuas comhfhreagrach arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (b) i bhfeidhm maidir le gach fachtóir priacal sa bhuicéad neamh-insamhaltaithe, ríomhfaidh na hinstitiúidí an chomhéifeacht neamhlíneachta i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
(c) |
maidir leis an dianchás de shuaitheadh amach anseo, i gcás inar cás é ina gcuirtear an suaitheadh aníos comhfhreagrach arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (b) i bhfeidhm maidir le gach fachtóir priacal sa bhuicéad neamh-insamhaltaithe, ríomhfaidh na hinstitiúidí an chomhéifeacht neamhlíneachta i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
Airteagal 19
An meastachán ar an bparaiméadar foircinn a ríomh
Ríomhfaidh na hinstitiúidí an meastachán ar an bparaiméadar foircinn le haghaidh fachtóir priacal neamh-insamhaltaithe ar leith mar a leanas:
(a) |
i gcás inar úsáid na hinstitiúidí an modh stairiúil a leagtar amach in Airteagal 8 chun suaitheadh calabraithe anuas agus aníos an fhachtóra priacal neamh-insamhaltaithe sin a chinneadh agus inarb é an suaitheadh calabraithe anuas an dianchás de shuaitheadh amach anseo, ríomhfaidh siad an meastachán ar an bparaiméadar foircinn i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
(b) |
i gcás inar úsáid na hinstitiúidí an modh stairiúil a leagtar amach in Airteagal 8 chun suaitheadh calabraithe anuas agus aníos an fhachtóra priacal neamh-insamhaltaithe sin a chinneadh agus inarb é an suaitheadh calabraithe aníos an dianchás de shuaitheadh amach anseo, ríomhfaidh siad an meastachán ar an bparaiméadar foircinn i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
|
(c) |
i ngach cás eile, is iad na hinstitiúidí a shocróidh an meastachán ar an bparaiméadar foircinn . |
Airteagal 20
An fachtóir cúitimh éiginnteachta a ríomh
1. I gcás ina gcinnfear an beart priacail maidir le cás struis a bhfuil na hinstitiúidí ag cinneadh an fhachtóra cúitimh éiginnteachta le haghaidh fachtóir priacal aonair ina leith, beidh an fachtóir cúitimh éiginnteachta cothrom le:
i gcás inarb amhlaidh:
— |
is é N an líon caillteanas san amshraith dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a)(iii), óna gcinntear an dianchás de shuaitheadh amach anseo don fhachtóir priacail neamh-insamhaltaithe i gcomhréir leis an Airteagal sin. |
2. I gcás ina gcinnfear an beart priacail maidir le cás struis a bhfuil na hinstitiúidí ag cinneadh an fhachtóra cúitimh éiginnteachta le haghaidh buicéad caighdeánaithe neamh-insamhaltaithe ina leith, beidh an fachtóir cúitimh éiginnteachta cothrom le:
i gcás inarb amhlaidh:
— |
is é N an líon caillteanas san amshraith dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a)(iv), óna gcinntear an dianchás de shuaitheadh amach anseo don bhuicéad neamh-insamhaltaithe i gcomhréir leis an Airteagal sin. |
CAIBIDIL 5
CEANGLAIS CHÁILÍOCHTÚLA
Airteagal 21
Doiciméadacht maidir leis na critéir agus na modhanna
Chun dianchásanna de shuaitheadh amach anseo a fhorbairt, an dianchás rialála de shuaitheadh amach anseo a chinneadh, agus na bearta priacail maidir le cás struis a chomhiomlánú, áireofar sa tacar beartas inmheánach dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, doiciméadacht maidir le haon fhaisnéis is gá chun a léiriú go bhfuil na critéir agus na modhanna is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh, go háirithe i ndáil le critéir maidir le roghanna, toimhdí arna ndéanamh, coinníollacha, céimeanna is gá chun na maoluithe a chur i bhfeidhm, agus údair, i gcás inarb infheidhme, a chur i bhfeidhm.
CAIBIDIL 6
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 22
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear mionsonraí teicniúla na gceanglas cúltástála agus na gceanglas sannta brabúis agus caillteanais faoi Airteagail 325bf agus 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (IO L 276, 26.10.2022, lch. 47).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir chun measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí priacal faoi chur chuige na samhlacha inmheánacha (IMA) agus lena sonraítear minicíocht an mheasúnaithe sin faoi Airteagal 325be(3) den Rialachán sin (IO L 276, 26.10.2022, lch. 60).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/397/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)