EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0362

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/362 ón gComhairle an 22 Eanáir 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

ST/17109/2023/INIT

IO L, 2024/362, 22.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/362/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/362/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/362

22.1.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/362 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Eanáir 2024

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

(2)

Is cúis mhór imní don Chomhairle fós an staid sa tSiria. Tar éis níos mó ná 10 mbliana, is fada ó bheith thart atá an choinbhleacht sa tSiria agus tá sí fós ina húdar fulaingthe agus éagobhsaíochta.

(3)

Tugann an Chomhairle dá haire go leanann réimeas na Siria dá bheartas cos ar bolg a shaothrú agus measann sí gur gá éifeachtacht na mbeart sriantach atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun agus a áirithiú, trína bhforbairt a thuilleadh agus a gcur chuige spriocdhírithe difreáilte á choimeád agus dálaí daonnúla mhuintir na Siria á gcur san áireamh. Measann an Chomhairle go bhfuil ábharthacht ar leith ag baint le catagóirí áirithe daoine agus eintiteas maidir le héifeachtacht na mbeart sriantach seo, i bhfianaise an chomhthéacs shonraigh atá ann i gcónaí sa tSiria.

(4)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart seisear daoine aonair agus cúig eintiteas a chur ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 36/2012 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Eanáir 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 16, 19.1.2012, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 36/2012 mar a leanas:

(1)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn ‘A. Daoine’ d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘353.

Mahmoud al-Dj ar a dtugtar freisin ALDJ

Dáta breithe: 26.7.1983;

Áit bhreithe: Tell Rifaat, Aleppo, an tSiria;

Náisiúntacht: Siriach/Libiach;

Inscne: fireann;

Is duine mór gnó é Mahmoud Al-Dj atá ag feidhmiú sa tSiria, a bhfuil roinnt cuideachtaí aige atá gníomhach in earnálacha éagsúla ar nós lóistíochta agus turasóireachta. Déanann sé idirbhearta aindleathacha idir daoine agus eintitis atá cleamhnaithe leis an réimeas sa tSiria agus in Oirthear na Libia a éascú, idirbhearta a bhaineann le támhshuanaigh, agus lastais arm agus amhais. Tá a stádas aige a bhuí lena dhlúthnaisc le réimeas na Siria, as a mbaineann sé féin agus a chuid gnólachtaí tairbhe. Ar an taobh eile, tacaíonn a chuid gníomhaíochtaí le réimeas na Siria agus cabhraíonn a chuid gníomhaíochtaí leis an réimeas rochtain a fháil ar ioncaim aindleathacha. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as réimeas na Siria agus ag tabhairt tacaíocht dó.

22.1.2024

354.

Yasser Hussein Ibrahim

Dáta breithe: 9.4.1983;

Áit bhreithe: Damascus, an tSiria;

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann;

Is comhairleoir eacnamaíoch é Yasser Ibrahim do Bashar al-Assad agus feidhmíonn sé sa chomhairle eacnamaíoch atá á reáchtáil ag Asma al-Assad. In éineacht le Ali Najib Ibrahim, oibríonn sé roinnt cuideachtaí caocha, agus cuireann sé cló caoch ar fáil do ghníomhaíochtaí gnó Bashar Al-Assad agus Asma Al-Assad. Dá bhrí sin, tá Yasser Ibrahim ag baint tairbhe as réimeas na Siria agus ag tabhairt tacaíocht dó.

22.1.2024

355.

Bilal al-Naal

(ar a dtugtar freisin al-Na’al)

Dáta breithe: 14.4.1975;

Áit bhreithe: Damascus, an tSiria;

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann;

Is bunaitheoir agus comhpháirtí in iliomad cuideachtaí trádála agus infheistíochta sa tSiria é Bilal al-Naal.

Is ball den Syrian-Russian Business Council é rud a chiallaíonn go bhfuil ról tábhachtach aige dála na nasc eacnamaíoch idir an Rúis agus réimeas na Siria. Is comhalta de pharlaimint na Siria é Al-Naal chomh maith agus iarchomhalta de chomhairle rialaithe na Damaisce. Dá bhrí sin, is duine mór gnó é Bilal al-Naal sa tSiria, atá, sa cháil sin, ag tabhairt tacaíocht do réimeas na Siria agus ag baint tairbhe as. Tá baint aige freisin le Fadi Saqr, Cham Holding agus Bishr Al-Sabban.

22.1.2024

356.

Fahad Darwish

(Ar a dtugtar freisin Fahd/Fahed)

Dáta breithe: 1955;

Áit bhreithe: Damascus, an tSiria;

Náisiúntacht: Siriach/Iaránach;

Inscne: fireann;

Is uachtarán é Fahd Darwish ar an Joint Syrian-Iranian Chamber of Commerce. Ina theannta sin, is le Darwish an iliomad gnólachtaí sa tSiria atá gníomhach in earnálacha éagsúla amhail earnálacha trádála agus cógaisíochta agus ritheann sé na gnólachtaí céanna.

Dá bhrí sin, is duine mór gnó é Darwish atá ag feidhmiú sa tSiria, atá, sa cháil sin, ag tabhairt tacaíocht do réimeas na Siria agus ag baint tairbhe as.

22.1.2024

357.

Mohannad al-Dabbagh

Dáta breithe: 6.3.1967;

Náisiúntacht: Siriach/Iaránach;

Inscne: fireann;

Is col ceathrar le Asma al-Assad é Mohannad al-Dabbagh. Is comh-úinéir Takamol LLC é, cuideachta atá freagrach as an gclár ‘cártaí cliste leictreonacha’ a bhainistiú agus atá á úsáid ó 2014 i leith chun bia fóirdheonaithe agus táirgí eile a dháileadh sa tSiria faoi scáth na hAireachta um Thrádáil Intíre agus um Chosaint Tomhaltóirí. Go háirithe, tuilleann Takamol LLC táille as gach idirbheart a oibrítear tríd an gcárta cliste.

Dá bhrí sin, tá Mohannad al-Dabbagh ag baint tairbhe as réimeas na Siria agus ag tabhairt tacaíocht dó.

22.1.2024

358.

Firas al-Akhras

Dáta breithe: 1.3.1978;

Áit bhreithe: Londain, an Ríocht Aontaithe;

Náisiúntacht: Siriach;

Inscne: fireann;

Is deartháir le Asma al-Assad é Firas al-Akhras. Is comh-úinéir Takamol LLC é, cuideachta atá freagrach as an gclár ‘cártaí cliste leictreonacha’ a bhainistiú agus atá in úsáid ó 2014 i leith chun bia fóirdheonaithe agus táirgí eile a dháileadh sa tSiria faoi scáth na hAireachta um Thrádáil Intíre agus um Chosaint Tomhaltóirí. Go háirithe, tuilleann Takamol LLC táille as gach idirbheart a oibrítear tríd an gcárta cliste.

Dá bhrí sin, tá Mohannad al-Dabbagh ag baint tairbhe as réimeas na Siria agus ag tabhairt tacaíocht dó.

22.1.2024’

(2)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn ‘B. Eintitis’ d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘91.

Al-Dj Group

(ar a dtugtar freisin ALDJ)

Áit chláraithe: Damascus, an tSiria;

Príomhionad gnó: an tSiria

Is eintiteas gnó Siriach é Al-Dj Group atá faoi úinéireacht agus atá á bhainistiú ag Mahmoud al-Dj. Mar chuideachta sealbhaíochta is úinéir é ar Freebird Travel Agency agus tá sé á oibriú aige freisin, ar gníomhaire é do Cham Wings Airlines, a eagraíonn eitiltí go minic idir an tSiria agus an Libia, agus amhais agus támhshuanaigh á smuigleáil acu. Ina theannta sin, tá baint ag al-Dj Group le Al-Tair Company, cuideachta eile ar le Mahmoud al-Dj í.

Tríd an scéim sin de chaidrimh ghnó, ina bhfuil ról lárnach ag Al-Dj Group, úsáidtear loingseoireacht lastais agus eitiltí d’idirbhearta aindleathacha idir daoine agus eintitis sa tSiria agus in Oirthear na Libia atá cleamhnaithe leis an réimeas, lena n-áirítear do lastais támhshuanach.

Baineann réimeas na Siria tairbhe as gníomhaíochtaí Al-Dj Group agus tacaíonn siad leis rochtain a fháil ar ioncaim aindleathacha.

22.1.2024

92.

Cham Wings

Áit chláraithe: Damascus, an tSiria;

Príomhionad gnó: Damascus, an tSiria

Is eintiteas gnó Siriach é Cham Wings Airlines atá faoi úinéireacht Muhammad Issam Shammout.

Baineann Cham Wings úsáid as a cuid eitiltí freisin chun amhais Shiriacha a aistriú, i dtrádáil arm, i ngáinneáil támhshuanach agus chun airgead a sciúradh, rudaí a thacaíonn le gníomhaíochtaí réimeas na Siria. Dá bhri sin, agus é a t-aon aerlíne phríobháideach sa tSiria, tá Cham Wings ag baint tairbhe as réimeas na Siria agus ag tabhairt tacaíocht dó.

22.1.2024

93.

Freebird Travel Agency

Áit chláraithe: an tSiria, Dubai;

Príomhionad gnó: Damascus, an tSiria

Is eintiteas gnó Siriach é an Freebird Travel Agency atá faoi úinéireacht agus á rith ag Al-Dj Group, gnó atá faoi úinéireacht agus á bhainistiú ag Mahmoud al-Dj.

Feidhmíonn Freebird mar phríomhghníomhaire do Cham Wings Airlines, agus dá bhrí sin, baineann sé tairbhe as an réimeas agus tugann sé tacaíocht dó.

22.1.2024

94.

Iloma Investment Private JSC

(Ar a dtugtar freisin Eloma)

Áit chláraithe: Damascus, an tSiria;

Dáta clárúcháin: 2023;

Príomhionad gnó: Damascus, an tSiria

Bunaíodh Iloma Investment Private JSC ag tús 2023 chun úinéireacht a ghlacadh ar gheall le leath d’aerphort na Damaisce.

Is cló caoch é Iloma do mhuintir Assad agus is cuid d’iarrachtaí an réimis é tairbhe a bhaint as ionramháil an gheilleagair. Dá bhrí sin, tá Iloma ag tabhairt tacaíocht do réimeas na Siria agus tá sí ag baint tairbhe as.

22.1.2024

95.

Al-Aqila Company

(ar a dtugtar freisin al-Akila/Al-Aqeela Insurance Company)

Áit chláraithe: Damascus, an tSiria;

Dáta clárúcháin: 2007;

Príomhionad gnó: an tSiria

Chuaigh Al-Aqila Company i mbun comhfhiontar le Alborz Insurance Company ón Iaráin, beart a socraíodh idir an dá réimeas chun seasamh na hIaráine i ngeilleagar na Siria a neartú.

I dtimpeallacht ghnó reatha na Siria, tá tacaíocht ó Chóras na Siria ag teastáil ó chomhfhiontar dá leithéid. Dá bhrí sin, tá Al-Aqila Company ag tabhairt tacaíocht do réimeas na Siria agus tá sí ag baint tairbhe as.

22.1.2024’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/362/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top