EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0358

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/358 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ceanglais maidir le scóráil creidmheasa le haghaidh tionscadail sluachistiúcháin, praghsáil tairiscintí sluachistiúcháin, agus beartais agus nósanna imeachta bainistithe riosca

C/2023/6442

IO L, 2024/358, 22.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/358/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/358/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/358

22.1.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/358 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meán Fómhair 2023

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ceanglais maidir le scóráil creidmheasa le haghaidh tionscadail sluachistiúcháin, praghsáil tairiscintí sluachistiúcháin, agus beartais agus nósanna imeachta bainistithe riosca

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin do ghnó, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129 agus Treoir (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 19(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2020/1503 go soláthróidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faisnéis leordhóthanach d’infheisteoirí maidir le cáilíocht na dtionscadal sluachistiúcháin agus maidir le húinéirí tionscadal, go háirithe trí bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a sholáthar ina mbeadh an fhaisnéis ba ghá chun cinneadh infheistíochta a dhéanamh a bhfuil bonn eolais faoi. Mar sin féin, ba cheart eolas leordhóthanach a bheith ag infheisteoirí freisin maidir le conas a ríomhann soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin scóir chreidmheasa le haghaidh tionscadail sluachistiúcháin agus úinéirí tionscadail chun caoi a thabhairt dóibh tuiscint níos fearr a fháil ar na rioscaí is bonn le hiasachtaí sluachistiúcháin éagsúla agus comparáid a dhéanamh idir na rioscaí sin.

(2)

Le blianta beaga anuas, rinneadh forbairt ar na teicnící chun measúnú a dhéanamh ar riosca mainneachtana agus chun scóir riosca mainneachtana a ríomh, i dteannta teicnící staidrimh níos traidisiúnta, faoi chineálacha cur chuige nuálacha atá bunaithe ar an intleacht shaorga agus ar an meaisínfhoghlaim. Mar shampla, i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide nach bhfuil stair chreidmheasa fhada acu, d’fhéadfadh modhanna nuálacha atá bunaithe ar shonraí idirbheartaíochta a bheith níos úsáidí ná modhanna atá bunaithe ar shonraí traidisiúnta ó chláir chomhardaithe. I ngeall ar a chasta a bhíonn siad, d’fhéadfadh sé go méadófaí neamhshiméadracht na faisnéise idir infheisteoirí agus soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ach na teicnící sin a úsáid. Dá bhrí sin, sa tuairisc ar an modh a úsáideann soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin chun scóir chreidmheasa a ríomh, ba cheart an tsamhail scórála a úsáidtear chun tacú leis an ríomh sin a shonrú, chomh maith le faisnéis leordhóthanach ar na tosca airgeadais agus neamhairgeadais a úsáidtear mar ionchur sna samhlacha scórála sin agus ar an aschur a sholáthraítear leis na samhlacha scórála.

(3)

D’fhéadfadh sé nach mbeadh infheisteoirí ar an eolas go hiomlán faoin sásra um praghasmhúnlú le haghaidh tairiscintí sluachistiúcháin agus faoi na tosca éagsúla a bhaineann leis. Dá bhrí sin, ba cheart an trédhearcacht a mhéadú chun an chomparáid idir iasachtaí éagsúla a éascú. Go sonrach, i gcás ina molfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an praghas ar thairiscint sluachistiúcháin, ba cheart dóibh tuairisc chruinn a thabhairt ar an modh a úsáidtear chun na praghsanna sin a ríomh. Ba cheart na heilimintí atá ábhartha an tráth sin agus tar éis an iasacht a bheith tionscanta araon a chur san áireamh sa tuairisc sin, go háirithe ag féachaint do na táillí a d’fhéadfadh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a iarraidh ar infheisteoirí agus úinéirí tionscadail as na seirbhísí a sholáthraítear dóibh.

(4)

Ba cheart praghas na n-iasachtaí a éascaítear ar ardán an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a bheith cothrom agus iomchuí. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú go léirítear próifíl riosca agus glanluach láithreach na hiasachta sa phraghas, agus go bhfuil dálaí ginearálta an mhargaidh curtha san áireamh ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

(5)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin measúnú iontaofa a dhéanamh ar an riosca creidmheasa mar chosaint íosta d’infheisteoirí nach bhfuil faisnéis leordhóthanach acu maidir le hacmhainneacht creidmheasa úinéirí tionscadail agus maidir le hinbhuanaitheacht tionscadal sluachistiúcháin. Chun a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin measúnú ar an riosca creidmheasa a bhaineann le tionscadail sluachistiúcháin agus úinéirí tionscadal ar bhealach fónta agus láidir, ba cheart dóibh méid leordhóthanach faisnéise a bhreithniú maidir leis na tosca sin a dhéanann difear don staid airgeadais agus do straitéis ghnó na n-úinéirí tionscadail agus na dtionscadal sluachistiúcháin. Thairis sin, ós rud é nach mór breithniú a dhéanamh freisin le measúnú cuimsitheach ar an riosca creidmheasa ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar riosca den sórt sin a fhritháireamh trí shocruithe cosanta creidmheasa a bheith ar fáil, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin breithniú a dhéanamh freisin ar fhaisnéis maidir le comhthaobhacht agus ráthaíochtaí a úsáidtear chun riosca creidmheasa a mhaolú.

(6)

Ba cheart rochtain a bheith ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar an bhfaisnéis ábhartha atá sa doiciméadacht a bhaineann le measúnuithe ar riosca creidmheasa chun gur féidir anailís tagarmharcála leormhaith a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa úinéirí tionscadail ionchasacha agus chun feabhas a chur ar na samhlacha agus na huirlisí a úsáidtear chun tionscadail atá le maoiniú ar a n-ardáin a fhormheas. Ba cheart sonraí pearsanta a áirítear san fhaisnéis sin a stóráil ar feadh tréimhse nach mó ná 5 bliana agus a láimhseáil ar aon chaoi i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(7)

Ba cheart luacháil chruinn ar iasachtaí sluachistiúcháin a áireamh freisin sa phróiseas chun praghas tairisceana sluachistiúcháin a chinneadh. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a áirithiú, le linn shaolré na hiasachta, go bhfuil an luacháil sin bunaithe ar líon leordhóthanach tosca lena léirítear struchtúr ioncaim agus costais na hiasachta, chomh maith leis an riosca a bhaineann léi.

(8)

Cuireann struchtúir fhónta rialachais leis an gcosaint d’infheisteoirí. Chuige sin, ba cheart socruithe rialachais a bheith i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin atá comhréireach lena gcastacht, mar aon le beartais lena sonraítear na heilimintí a bhaineann le nochtadh lena n-áirithítear go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear d’infheisteoirí mionsonraithe go cruinn agus go leordhóthanach chun an tionscadal sluachistiúcháin a léiriú. Thairis sin, ba cheart dícheall cuí a dhéanamh ar na tionscadail sluachistiúcháin agus ar na húinéirí tionscadail. Dá bhrí sin, leis an gcreat bainistithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 4(4), pointe (f), de Rialachán (AE) 2020/1503, ba cheart na príomhróil agus na príomhfheidhmeanna a shainaithint atá freagrach as an measúnú a dhéanamh ar an riosca creidmheasa agus as iasachtaí a shannadh do na catagóirí riosca faoi seach. Ba cheart creat den sórt sin a bheith ag teacht le castacht shamhail ghnó na soláthraithe sluachistiúcháin agus leis an gcineál iasachtaithe a éascaítear, agus ba cheart na coimircí a bhunaítear le Rialachán (AE) 2020/1503 a léiriú leis chun bainistíocht a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta.

(9)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a d’fhorbair an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) i ndlúthchomhar leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin.

(10)

Rinne ÚBE comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(11)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus thug an Maoirseoir tuairim an 10 Eanáir 2023,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

TUAIRISC AR AN MODH A ÚSÁIDTEAR CHUN SCÓIR CHREIDMHEASA LE HAGHAIDH TIONSCADAIL SLUACHISTIÚCHÁIN AGUS PRAGHSANNA NA dTAIRISCINTÍ SLUACHISTIÚCHÁIN A RÍOMH

Airteagal 1

Formáid na tuairisce ar an modh chun scóir chreidmheasa le haghaidh tionscadail sluachistiúcháin agus praghsanna na dtairiscintí sluachistiúcháin a ríomh

Soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chuireann scóir chreidmheasa i bhfeidhm ar thionscadail sluachistiúcháin nó a mholann praghsáil na dtairiscintí sluachistiúcháin, maidir leis an tuairisc ar na modhanna a úsáidtear chun na scóir chreidmheasa nó na praghsanna sin a ríomh, áiritheoidh siad go mbeidh sí cruinn, iontaofa agus go dtabharfar cothrom le dáta go tráthrialta í, agus go gcomhlíonfar gach ceann de na nithe seo a leanas léi:

(a)

is féidir an tuairisc a idirdhealú go soiléir ó chumarsáid mhargaíochta;

(b)

cuirtear an tuairisc i láthair ar bhealach atá éasca a léamh agus cuirtear in iúl í ar bhealach atá éasca a thuiscint.

Airteagal 2

Eilimintí atá le cur san áireamh sa tuairisc ar an modh a úsáidtear chun scóir chreidmheasa a ríomh le haghaidh tionscadail sluachistiúcháin

1.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas uile sa tuairisc ar an modh a úsáidtear chun scóir chreidmheasa na dtionscadal sluachistiúcháin a ríomh:

(a)

cé acu de na samhlacha scórála seo a leanas a úsáideadh:

(i)

samhail staidrimh;

(ii)

samhail atá bunaithe ar bhreithiúnas, ina ndéantar teicnící staidrimh a chomhtháthú le heilimintí lánroghnacha den chinnteoireacht;

(iii)

samhail uathoibrithe;

(iv)

samhail eile.

(b)

cé acu atá nó nach bhfuil socruithe rialachais iomchuí i bhfeidhm ar mhaithe le dearadh agus úsáid na samhla;

(c)

tuairisc ar an gcreat a chuirtear i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéantar measúnú agus faireachán tráthrialta ar cháilíocht aschur na samhla;

(d)

cé acu a úsáideadh nó nár úsáideadh samhail arna forbairt ag soláthraithe tríú páirtí.

2.   I dteannta na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis seo a leanas uile sa tuairisc ar an modh a úsáidtear chun scóir chreidmheasa na dtionscadal sluachistiúcháin a ríomh:

(a)

faisnéis maidir le foinse sonraí ar bith a úsáidtear chun samhlacha scórála a fhothú, agus lena dtugtar le fios, go háirithe, cé acu a bhaineann nó nach mbaineann na nithe seo a leanas leis an bhfaisnéis:

(i)

fuarthas ón úinéir tionscadail í;

(ii)

fuarthas ó chláir chreidmheasa sheachtracha í;

(iii)

fuarthas ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí í;

(iv)

fuarthas ó aon fhoinse eile í;

(b)

míniú ar an gcaoi a gcuirtear na tosca airgeadais seo a leanas san áireamh leis an modh, ar tosca iad a bhaineann leis an úinéir tionscadail agus leis an tionscadal sluachistiúcháin, agus ar an gcaoi a n-úsáidtear mar ionchur sa tsamhail scórála iad:

(i)

brabúsacht an tionscadail sluachistiúcháin;

(ii)

sreabhadh airgid arna ghiniúint ag an tionscadal sluachistiúcháin;

(iii)

giaráil, leibhéal féichiúnais agus sócmhainneacht an úinéara tionscadail;

(iv)

stair chreidmheasa an úinéara tionscadail;

(v)

infhaighteacht comhthaobhachta nó ráthaíochtaí.

(c)

míniú ar an gcaoi a gcuirtear na tosca neamhairgeadais seo a leanas san áireamh leis an modh, ar tosca iad a bhaineann leis an úinéir tionscadail, agus ar an gcaoi a n-úsáidtear mar ionchur sa tsamhail scórála iad:

(i)

dálaí maicreacnamaíocha sa dlínse ina ndéanfar an tionscadal;

(ii)

an méid iomaíochta sa tionscal ina bhforbrófar an tionscadal;

(iii)

eolas agus taithí an úinéara tionscadail ar an earnáil shonrach ina ndéanann sé gnó;

(iv)

clú an úinéara tionscadail;

(d)

na hualaí a shanntar do na tosca airgeadais agus neamhairgeadais dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c);

(e)

an mhéadracht ábhartha a chuirtear san áireamh i ndáil leis na tosca airgeadais agus neamhairgeadais dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c);

(f)

míniú ar an gcaoi a ndéantar rioscaí a eascraíonn as an sciúradh airgid agus as gníomhaíochtaí maoinithe sceimhlitheoireachta a chur san áireamh agus scóir chreidmheasa á sannadh;

(g)

tuairisc ar aschur na samhla scórála, lena n-áirítear tábla ina léirítear céimeanna na scórála creidmheasa, lena léirítear na nithe seo a leanas le haghaidh gach céime:

(i)

an rátáil chreidmheasa;

(ii)

an dóchúlacht mainneachtana;

(iii)

léirmhíniú cáilíochtúil ar chéim na scórála creidmheasa;

(iv)

cé acu a ghlacann an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin leis an gcistiú don tionscadal nó a dhiúltaíonn sí dó;

(h)

tuairisc ar a mhinice a dhéantar na scóir chreidmheasa agus na rátálacha comhfhreagracha ar an tionscadal sluachistiúcháin a thabhairt cothrom le dáta le linn shaolré na hiasachta lena maoinítear an tionscadal;

(i)

léiriú ar cé acu an féidir nó nach féidir scóir chreidmheasa a fhaightear trí úsáid a bhaint as samhlacha uathoibrithe a cheartú de láimh, agus na himthosca ina ndéantar na ceartúcháin de láimh sin;

(j)

léiriú ar an gcaoi a gcuirtear aschur an mhodha san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

uasmhéid na hiasachta a thairgtear d’úinéir tionscadail ionchasach;

(ii)

uasfhad na hiasachta a thairgtear d’úinéir tionscadail ionchasach.

3.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin infheisteoirí ar an eolas i gcás ina mbeidh athruithe ábhartha ar thorthaí an mhodha a úsáidtear chun na scóir chreidmheasa a chinneadh ann mar thoradh ar athrú ar an modh sin.

4.   Chun críocha mhír 2, pointe (a)(i), i gcás ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa phointe sin bunaithe ar chuntais neamhiniúchta, nochtfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faisnéis leordhóthanach d’infheisteoirí maidir le hiontaofacht na faisnéise sin.

Airteagal 3

Eilimintí atá le cur san áireamh sa tuairisc ar an modh a úsáidtear chun praghsanna ar thairiscintí sluachistiúcháin a ríomh

1.   Míneofar sa tuairisc ar an modh a úsáidtear chun an praghas ar thairiscintí sluachistiúcháin a ríomh conas a dhéantar na heilimintí seo a leanas uile den iasacht a chur san áireamh sa straitéis phraghsála:

(a)

príomhshuim na hiasachta;

(b)

aibíocht na hiasachta;

(c)

struchtúr ama na dtráthchodanna aisíocaíochta;

(d)

torthaí na samhlacha scórála;

2.   Léireofar sa tuairisc ar an modh dá dtagraítear i mír 1 conas a chuirtear na heilimintí seo a leanas uile san áireamh ag túsphointe na hiasachta:

(a)

an ráta úis saor ó riosca a úsáidtear;

(b)

catagóir riosca an úinéara tionscadail arna sannadh i gcomhréir le hAirteagal 19;

(c)

infhaighteacht comhthaobhachta nó ráthaíochtaí;

(d)

aon chostas oibriúcháin agus riaracháin, agus aon táille arna tobhach ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin as seirbhísí a sholáthraítear i dtaca leis an iasacht;

(e)

i gcás inarb ábhartha, aon riosca eile a bhaineann leis an iasacht.

3.   I dteannta na n-eilimintí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, léireofar sa tuairisc ar an modh dá dtagraítear i mír 1 freisin conas a chuirtear na heilimintí seo a leanas uile san áireamh tar éis thúsphointe na hiasachta:

(a)

táillí ar riarachán agus faireachán a dhéanamh ar an iasacht;

(b)

táillí i ndáil le hathmheastóireacht a dhéanamh ar chomhthaobhacht;

(c)

táillí ar athruithe ar théarmaí an chomhaontaithe iasachta nó ar choinníollacha athstruchtúrúcháin, lena n-áirítear athruithe tar éis mhainneachtain an úinéara tionscadail;

(d)

táillí ar dhíol na hiasachta ag an infheisteoir;

(e)

táillí ar aisíocaíocht luath na hiasachta;

(f)

táillí ar chistí teagmhasacha dá dtagraítear in Airteagal 6(5) agus (6) de Rialachán (AE) 2020/1503.

CAIBIDIL II

MEASÚNÚ AR AN RIOSCA CREIDMHEASA AGUS LUACHÁIL IASACHTA

Airteagal 4

Cineálacha cur chuige agus faisnéis maidir le measúnú ar an riosca creidmheasa agus luacháil iasachta

Chun críocha na Caibidle seo, déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na nithe seo a leanas:

(a)

modhanna agus cineálacha cur chuige i leith measúnú ar an riosca creidmheasa agus luacháil iasachta a ghlacadh a bheidh comhréireach le méid, cineál agus aibíocht na hiasachta agus le saintréithe an úinéara tionscadail agus an tionscadail sluachistiúcháin;

(b)

faisnéis agus sonraí atá cruinn, iontaofa agus cothrom le dáta a úsáid.

Airteagal 5

Ceanglais ghinearálta maidir le measúnuithe ar an riosca creidmheasa le haghaidh tionscadail sluachistiúcháin nó úinéirí tionscadail

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar riosca creidmheasa na dtionscadal sluachistiúcháin nó na n-úinéirí tionscadail déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin measúnú ar chumas an úinéara tionscadail faoi láthair agus amach anseo na hoibleagáidí airgeadais a leagtar amach sa chomhaontú iasachta a chomhlíonadh.

2.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin cinntí ar an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhoiciméadú go maith agus coimeádfaidh siad an doiciméadacht sin ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis tráthchuid deiridh na hiasachta a aisíoc.

3.   Chun críoch mhír 2, sonraí pearsanta ar bith mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679, coimeádfar iad ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis tráthchuid deiridh na hiasachta a aisíoc.

Airteagal 6

Faisnéis atá le cur san áireamh sna measúnuithe ar an riosca creidmheasa le haghaidh tionscadail sluachistiúcháin nó úinéirí tionscadail

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar riosca creidmheasa na dtionscadal sluachistiúcháin nó na n-úinéirí tionscadail, breithneoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an fhaisnéis seo a leanas uile:

(a)

an tuairisc ar an tionscadal sluachistiúcháin;

(b)

cuspóir na hiasachta;

(c)

struchtúr úinéireachta an úinéara tionscadail;

(d)

an plean gnó is bonn leis an tionscadal sluachistiúcháin;

(e)

infhaighteacht comhthaobhachta nó ráthaíochtaí.

Airteagal 7

Tosca atá le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar staid airgeadais an úinéara tionscadail nó an tionscadail sluachistiúcháin

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar riosca creidmheasa na dtionscadal sluachistiúcháin nó na n-úinéirí tionscadail breithneoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na tosca seo a leanas uile i ndáil le staid airgeadais an úinéara tionscadail nó an tionscadail sluachistiúcháin:

(a)

an t-ioncam agus an sreabhadh airgid arna ghiniúint ag an tionscadal sluachistiúcháin le 2 bhliain anuas, i gcás ina mbeidh fáil orthu;

(b)

an t-ioncam agus an sreabhadh airgid lena bhfuil coinne sa tionscadal sluachistiúcháin i gcásanna éagsúla;

(c)

staid airgeadais an úinéara tionscadail faoi láthair agus arna réamh-mheas, lena n-áirítear aon iasacht agus dliteanas eile atá ann faoi láthair;

(d)

infhaighteacht comhthaobhachta nó ráthaíochtaí eile.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (c), cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na tosca seo a leanas san áireamh nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar iasachtaí agus dliteanais eile a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm ag an úinéir tionscadail tráth na hiarrata ar an iasacht:

(a)

méid na n-iasachtaí nó na ndliteanas eile sin;

(b)

an t-airgeadra ina n-eisítear na hiasachtaí nó na dliteanais eile sin;

(c)

aibíocht na n-iasachtaí nó na ndliteanas eile sin;

(d)

an sceideal aisíocaíochta le haghaidh na n-iasachtaí nó na ndliteanas eile sin;

(e)

an ráta úis nó aon chúiteamh eile dá ndéantar foráil sna conarthaí iasachta nó dliteanas eile sin.

3.   Nuair a bheidh an measúnú dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 á dhéanamh, déanfaidh na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na táscairí ábhartha airgeadais agus táscairí ábhartha a bhaineann go sonrach le haicme sócmhainní nó le cineál táirge, a chur san áireamh le haghaidh na 3 bliana airgeadais is déanaí, i gcás ina mbeidh fáil orthu, i gcomhréir leis na beartais a leagtar amach i gCaibidil IV. Ríomhfar na táscairí sin i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) nó leis na Prionsabail Chuntasaíochta áitiúla a bhfuil Glactha Leo go Ginearálta (GAAP), i gcomhréir leis na beartais a leagtar amach i gCaibidil IV.

4.   D’fhéadfaí na míreanna a liostaítear san Iarscríbhinn a áireamh leis na táscairí airgeadais ábhartha, ach níl siad teoranta dóibh.

5.   Agus réamh-mheastacháin airgeadais á n-úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an riosca creidmheasa, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go mbeidh na réamh-mheastacháin sin bunaithe ar thoimhdí láidre agus stuama agus go mbeidh siad i gcomhréir le sonraí stairiúla agus ionchais mhargaidh réasúnta.

Airteagal 8

Faisnéis atá le breithniú agus measúnú á dhéanamh ar shamhail ghnó agus straitéis ghnó na dtionscadal sluachistiúcháin nó na n-úinéirí tionscadail

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar riosca creidmheasa na dtionscadal sluachistiúcháin nó na n-úinéirí tionscadail, breithneoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an fhaisnéis seo a leanas i ndáil le samhail ghnó agus straitéis ghnó an tionscadail sluachistiúcháin:

(a)

eolas an úinéara tionscadail ar an earnáil gnó a bhaineann leis an tionscadal sluachistiúcháin agus an taithí atá aige i dtionscadail chomhchosúla;

(b)

indéantacht agus inbhuanaitheacht an phlean gnó atá nasctha leis an tionscadal sluachistiúcháin;

(c)

anailís ar láidreachtaí agus laigí an tionscadail sluachistiúcháin;

(d)

an méid iomaíochta san earnáil ghnó ina bhfuil an tionscadal sluachistiúcháin á dhéanamh;

(e)

an cineál custaiméara agus suíomh geografach na gcustaiméirí.

Airteagal 9

Faisnéis maidir le socruithe cosanta creidmheasa

1.   I gcás ina n-urraítear iasacht arna deonú d’úinéir tionscadail le socruithe cosanta creidmheasa, déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na bearta réasúnacha uile is gá chun faisnéis a bhailiú maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

cruinneas na luachála ar an gcomhthaobhacht agus ar na ráthaíochtaí;

(b)

éifeachtacht agus infhorfheidhmitheacht na comhthaobhachta agus na ráthaíochtaí.

2.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin measúnú agus faireachán tráthrialta ar luach na comhthaobhachta agus na ráthaíochtaí, agus déanfaidh siad bearta iomchuí má thagann laghdú ábhartha ar luach na comhthaobhachta.

Airteagal 10

Faisnéis maidir le cosaint cistithe creidmheasa

1.   I gcás ina mbeidh an iasacht faoi ráthaíocht comhthaobhachta, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go gcuirfear san áireamh i luacháil na comhthaobhachta an fhaisnéis seo a leanas uile:

(a)

faisnéis maidir le haibíocht na comhthaobhachta;

(b)

i gcás comhthaobhachtaí airgeadais, an praghas is déanaí atá ar fáil don chomhthaobhacht agus an meánphraghas i gcaitheamh an 12 mhí roimhe sin ar mhargadh leachtach agus trádálaithe;

(c)

i gcás comhthaobhachtaí fisiceacha, an margadhluach is déanaí atá ar fáil;

(d)

faisnéis maidir le margadh a bheith ann chun an chomhthaobhacht a leachtú go réidh;

(e)

tomhas ar luaineacht luach na comhthaobhachta.

2.   In éagmais margaidh chun praghas nó margadhluach a shuíomh don chomhthaobhacht ar bhonn oibiachtúil, breithneoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an fhaisnéis seo a leanas uile:

(a)

na toimhdí a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar luach na comhthaobhachta;

(b)

an mhinicíocht lenar féidir an luach a fháil go réidh, lena n-áirítear breithmheas nó luacháil ghairmiúil.

3.   Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, beidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin chun faireachán a dhéanamh ar luach na comhthaobhachta.

Airteagal 11

Faisnéis maidir le cosaint neamhchistithe creidmheasa

I gcás ina mbeidh an iasacht faoi ráthaíocht, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go gcuirfear san áireamh i luacháil na ráthaíochta an fhaisnéis seo a leanas uile:

(a)

aitheantas an ráthóra;

(b)

an cineál ráthaíochta;

(c)

infhorfheidhmitheacht na ráthaíochta;

(d)

an leibhéal cosanta a sholáthraítear leis an ráthaíocht;

(e)

an méid atá geallta ag an ráthóir a íoc i gcás mhainneachtain an úinéara tionscadail nó i gcás nach n-íocfaidh an t-úinéir tionscadail sin.

Airteagal 12

Faisnéis chuntasaíochta

I gcás nach mbeidh ráitis airgeadais iniúchta ar fáil don 2 bhliain airgeadais is déanaí, chun críocha Airteagal 4(4), pointe (b)(i) de Rialachán (AE) 2020/1503, bunóidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an measúnú ar staid airgeadais an úinéara tionscadail ar dhoiciméid arna n-ullmhú ag comhairleoir cánach, cuntasóir faoi bhrí mionna nó duine deimhnithe eile atá faoi réir córas gairmiúil um dhearbhú cáilíochta.

Airteagal 13

Faisnéis atá le breithniú le haghaidh luacháil iasachta

1.   Le linn dóibh gach iasacht dá dtagraítear in Airteagal 4(4), pointe (e)(i), de Rialachán (AE) 2020/1503 a luacháil, déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na nithe seo a leanas:

(a)

luacháil a dhéanamh ar na hiasachtaí a dheonaítear d’úinéirí tionscadail ina gcuirfear san áireamh faisnéis leordhóthanach agus nuashonraithe;

(b)

an luacháil a dhéanamh laistigh de 3 mhí roimh an iasacht a dheonú.

2.   Chun críocha mhír 1, ag túsphointe na hiasachta, cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin gach ceann de na tosca seo a leanas san áireamh:

(a)

aibíocht na hiasachta;

(b)

minicíocht na n-íocaíochtaí i dtráthchodanna agus an tsreabhaidh airgid todhchaí a bhfuil coinne leis;

(c)

cé acu a dhéantar nó nach ndéantar foráil d’aon rogha réamhíocaíochta sa chonradh iasachta;

(d)

ráta úis saor ó riosca chun na híocaíochtaí a dhéantar as an iasacht a lascainiú;

(e)

an ráta úis a leagtar amach sa chomhaontú iasachta;

(f)

dóchúlacht mainneachtana an úinéara tionscadail mar a leagtar síos in Airteagal 1(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2115 ón gCoimisiún (5);

(g)

luach aon chomhthaobhachta, más ann di, a d’úsáid an t-úinéir tionscadail mar chuid den chomhaontú iasachta;

(h)

aon ráthaíocht agus an leibhéal cosanta a sholáthraítear leis na ráthaíochtaí sin.

3.   Chun críocha mhír 1, tar éis thúsphointe na hiasachta, cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, anuas ar na tosca dá dtagraítear i mír 2, gach ceann de na tosca seo a leanas san áireamh:

(a)

an t-am go dtí aibíocht na hiasachta;

(b)

an t-ionchas maidir le caillteanais amach anseo.

4.   I gcás ina ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 4(4), pointe (e)(iii), de Rialachán (AE) 2020/1503, an luacháil ar iasacht tar éis mainneachtana, déanfaidh siad an luacháil ar chomhthaobhacht agus ar ráthaíochtaí ar bhealach coimeádach agus cuirfidh siad táillí agus costais eile a bhaineann le bailiú fiach san áireamh.

CAIBIDIL III

PRAGHSÁIL CHOTHROM AGUS IOMCHUÍ AR IASACHTAÍ

Airteagal 14

Tosca chun praghsáil chothrom agus iomchuí ar iasachtaí a áirithiú

1.   Le linn do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an praghas ar iasacht a éascaíonn siad a chinneadh, cuirfidh siad gach ceann de na tosca seo a leanas san áireamh:

(a)

próifíl riosca an úinéara tionscadail nó an tionscadail sluachistiúcháin, mar a cinneadh sna catagóirí riosca dá dtagraítear in Airteagal 19;

(b)

glanluach láithreach na hiasachta;

(c)

dálaí an mhargaidh mar atá ag túsphointe na hiasachta agus le linn shaolré na hiasachta;

(d)

a straitéis ghnó.

2.   Le linn dóibh an glanluach láithreach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) a ríomh, cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin gach ceann de na tosca seo a leanas san áireamh:

(a)

príomhshuim na hiasachta;

(b)

aibíocht na hiasachta;

(c)

minicíocht thráthchodanna na hiasachta;

(d)

ráta úis iomchuí chun aisíocaíochtaí todhchaí a lascainiú.

CAIBIDIL IV

BEARTAIS AGUS NÓSANNA IMEACHTA CHUN FAISNÉIS LEORDHÓTHANACH A ÁIRITHIÚ DO CHLIAINT AGUS CHUN GUR FÉIDIR MEASÚNUITHE AR RIOSCA CREIDMHEASA, LUACHÁIL IASACHTA AGUS PRAGHSÁIL A DHÉANAMH

Airteagal 15

Socruithe rialachais maidir le faisnéis do chliaint

1.   Maidir leis an bhfaisnéis do chliaint dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2020/1503, beidh creat rialachais leordhóthanach i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus beidh tuairisc i scríbhinn ar an gcreat sin acu.

2.   Chun críocha mhír 1, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

go mbeidh an fhaisnéis uile a sholáthraítear do chliaint réidh agus tugtha cothrom le dáta;

(b)

go mbeidh socruithe, próisis agus sásraí rialachais inmheánaigh chun faisnéis a nochtadh do chliaint comhréireach le méid agus le castacht an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

3.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go mbeidh insint cháilíochtúil agus faisnéis fhorlíontach eile a d’fhéadfadh gá a bheith léi chun go mbeadh lántuiscint ag cliaint ar an nochtadh cáilíochtúil ag gabháil le gach nochtadh cainníochtúil do chliaint.

Airteagal 16

Beartais maidir le faisnéis a nochtadh do chliaint

1.   Leis na beartais maidir le faisnéis a nochtadh do chliaint dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2020/1503, áiritheofar go ndéanfar an fhaisnéis uile do chliaint a chur i láthair ar bhealach atá éasca le léamh agus go gcuirfear in iúl í ar bhealach a éascaíonn tuiscint a bhaint aisti, go háirithe le haghaidh infheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha.

2.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go mbeidh na heilimintí seo a leanas uile sna beartais chun faisnéis leordhóthanach a sholáthar do chliaint:

(a)

a mhinice a dhéanfar an fhaisnéis a sholáthrófar do chliaint a thabhairt cothrom le dáta;

(b)

na róil nó na feidhmeanna a bheidh freagrach as an bhfaisnéis do chliaint a ullmhú;

(c)

láimhseáil na faisnéise a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar phraghsáil iasachta (faisnéis atá íogair ó thaobh praghais de);

(d)

an próiseas chun faisnéis do chliaint a bhailíochtú.

3.   Formheasfaidh comhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin na beartais, na nósanna imeachta agus na socruithe eagraíochtúla a bhaineann le faisnéis a nochtadh do chliaint, agus beidh na beartais sin i scríbhinn, tabharfar cothrom le dáta go tráthrialta iad agus doiciméadófar go maith iad.

Airteagal 17

Creat bainistithe riosca a bhunú

1.   Beidh an méid seo a leanas i gceist maidir leis an gcreat bainistithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 4(4)(f) de Rialachán (AE) 2020/1503:

(a)

déanfar é a chomhtháthú i struchtúr foriomlán eagraíochtúil agus cinnteoireachta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(b)

beidh sé comhréireach le castacht shamhail oibriúcháin gnó an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

2.   Laistigh dá gcreat bainistithe riosca, sonróidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na róil nó na feidhmeanna a bheidh freagrach as an measúnú ar riosca creidmheasa agus cúraimí faireacháin, as an bpróiseas chun tionscadail sluachistiúcháin a bheidh le moladh d’infheisteoirí a fhormheas, agus as luacháil iasachtaí.

3.   Bunóidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin creataí tuairiscithe trédhearcacha. Leis na creataí tuairiscithe sin, áiritheofar go soláthrófar faisnéis leordhóthanach do chomhlacht bainistíochta na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus do na róil agus na feidhmeanna lena gcuirfear ar a gcumas dóibh an riosca creidmheasa a thomhas agus measúnú agus faireachán a dhéanamh air. Déanfar an creat tuairiscithe a mhionsonrú agus a dhoiciméadú go leordhóthanach.

4.   Déanfaidh comhlacht bainistíochta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin formhaoirseacht ar chur chun feidhme na socruithe rialachais agus eagraíochtúla a bhaineann leis an gcreat bainistithe riosca, lena n-áirítear na beartais agus na nósanna imeachta faoi seach a bhunú, a choinneáil ar bun agus a fhoilsiú.

Airteagal 18

Róil agus feidhmeanna a bhunaítear sa chreat bainistithe riosca

1.   Beidh na róil agus na feidhmeanna a bhunaítear sa chreat bainistithe riosca freagrach as na nithe seo a leanas:

(a)

measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa na dtionscadal sluachistiúcháin agus na n-úinéirí tionscadail chun críoch scórála i gcomhréir le Caibidil III;

(b)

iasachtaí a shannadh do chatagóirí riosca iomchuí;

(c)

próisis iomchuí a dhearadh chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar riosca creidmheasa;

(d)

próisis iomchuí a bhunú chun déileáil le cásanna nach mbeidh an t-úinéir tionscadail in ann a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh nó ina mbeidh sé ar mainneachtain, a leagtar síos in Airteagal 1(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2115.

2.   I gcás ina ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin cúraimí bainistithe punainne aonair i leith iasachtaí i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/1503, beidh próiseas mionsonraithe doiciméadaithe i bhfeidhm acu chun cistí na n-infheisteoirí a leithdháileadh ar thionscadail sluachistiúcháin.

3.   Beidh creat praghsála leordhóthanach i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a mholann praghsáil na dtairiscintí sluachistiúcháin, agus tacófar leis an gcreat sin le doiciméadacht iomchuí agus struchtúir rialachais a bheidh freagrach as cinntí praghsála a dhéanamh.

Airteagal 19

Catagóirí riosca

1.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go léirítear na nithe seo a leanas le sannadh na n-iasachtaí do chatagóirí riosca i gcomhréir le hAirteagal 18(1)(b):

(a)

leibhéil riosca na dtionscadal sluachistiúcháin faoi seach mar a chinntear le haschur na samhlacha inmheánacha scórála creidmheasa i gcomhréir le Caibidil I;

(b)

tosca sonracha a bhaineann leis an iasacht, lena n-áirítear an ráta úis, aibíocht na hiasachta agus minicíocht na dtráthchodanna íocaíochta, ach gan bheith teoranta do na tosca sin.

2.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an méid seo a leanas:

(a)

beidh nósanna imeachta leordhóthanacha sa chreat bainistithe riosca chun athbhreithniú a dhéanamh ar shannadh na n-iasachtaí do chatagóirí agus chun iad a athshannadh do chatagóir riosca nua i gcás ina dtiocfaidh athrú ar an scóráil creidmheasa nó ar thosca eile a bhaineann leis an iasacht;

(b)

beidh gach catagóir riosca bainteach le dóchúlacht mainneachtana.

Airteagal 20

Tionscadail sluachistiúcháin a fhormheas

1.   Laistigh den chreat bainistithe riosca, bunóidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin próisis a bheidh soiléir agus a dhoiciméadófar go maith chun tionscadail sluachistiúcháin a bheidh le moladh d’infheisteoirí a fhormheas.

2.   Sna próisis a bhunófar i gcomhréir le mír 1, leagfar amach freagrachtaí an róil agus na bhfeidhmeanna ábhartha laistigh de struchtúr eagraíochtúil an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

3.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, maidir leis na baill foirne a bheidh in ann tionscadail a bheidh le moladh d’infheisteoirí a fhormheas, go gcuirfear oiliúint leormhaith orthu agus go mbeidh saineolas ábhartha agus sinsearacht acu i ndáil leis na cumhachtaí sonracha a tharmligfear chucu.

Airteagal 21

Samhlacha uathoibrithe a úsáid

1.   I gcás ina n-úsáidfear samhlacha uathoibrithe chun measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa na dtionscadal sluachistiúcháin nó na n-úinéirí tionscadal agus chun tionscadail sluachistiúcháin a bheidh le moladh d’infheisteoirí a fhormheas, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an méid seo a leanas:

(a)

beidh tuiscint mhaith ag na róil agus na feidhmeanna lena mbaineann ar mhodheolaíocht na samhlacha sin, ar a sonraí ionchuir, agus ar a dtoimhdí agus a dteorainneacha;

(b)

beidh tuiscint leormhaith ag an gcomhlacht bainistíochta ar úsáid na nuálaíochta arna cumasú ag an teicneolaíocht a chuirfear i bhfeidhm ar tháirgí airgeadais;

(c)

beidh na samhlacha uathoibrithe oiriúnach don fheidhm, agus beidh an úsáid a bhaintear astu comhréireach le méid agus castacht ghníomhaíocht an úinéara tionscadail, le méid agus castacht an tionscadail sluachistiúcháin agus le méid na hiasachta.

2.   Chun críocha mhír 1, beidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus leagfaidh siad amach socruithe rialachais iomchuí maidir le dearadh agus úsáid na samhlacha uathoibrithe sin.

3.   Beidh an méid seo a leanas i gceist leis na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2:

(a)

áiritheofar leo cáilíocht na sonraí a úsáidfear mar ionchur le haghaidh na samhlacha uathoibrithe;

(b)

áiritheofar leo go ndéanfar measúnú tráthrialta ar cháilíocht aschur na samhlacha uathoibrithe;

(c)

leagfar síos critéir leo chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na cásanna inar féidir toradh na samhlacha uathoibrithe sin a chur ar neamhní.

4.   Beidh doiciméadacht leordhóthanach i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin lena gcumhdófar an mhodheolaíocht, an t-ionchur sonraí agus na critéir a úsáidtear i samhlacha uathoibrithe chun measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa, chun faireachán a dhéanamh ar riosca creidmheasa agus chun tionscadail sluachistiúcháin a bheidh le moladh d’infheisteoirí a fhormheas.

Airteagal 22

Beartais maidir le measúnú ar riosca creidmheasa

1.   Laistigh dá gcreat bainistithe riosca creidmheasa, déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin beartais agus nósanna imeachta iomchuí um riosca creidmheasa a leagan amach chun na critéir chun measúnú agus faireachán a dhéanamh ar riosca creidmheasa a chinneadh.

2.   Beidh beartais agus nósanna imeachta um bainistiú riosca creidmheasa i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin lena sonrófar gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

an próiseas chun tionscadail sluachistiúcháin a bheidh le moladh d’infheisteoirí a fhormheas;

(b)

an próiseas chun tionscadail sluachistiúcháin agus úinéirí tionscadail a shannadh do chatagóirí riosca i gcomhréir le hAirteagal 19;

(c)

an fhaisnéis agus na tosca le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa na dtionscadal sluachistiúcháin agus na n-úinéirí tionscadail i gcomhréir le Caibidil II;

(d)

na critéir chun glacadh le bearta um maolú ar riosca creidmheasa agus iad a úsáid;

(e)

na coinníollacha maidir le húsáid na cinnteoireachta uathoibrithe sa phróiseas chun tionscadail sluachistiúcháin a bheidh le moladh d’infheisteoirí a fhormheas;

(f)

na himthosca inar féidir imeacht ó nósanna imeachta caighdeánacha;

(g)

an próiseas chun faireachán a dhéanamh ar riosca creidmheasa tar éis thúsphointe na hiasachta;

(h)

na próisis chun déileáil le húinéirí tionscadail atá déanach agus iad ag aisíoc a n-iasachtaí.

3.   Beidh an méid seo a leanas i gceist leis na beartais agus na nósanna imeachta um riosca creidmheasa dá dtagraítear i mír 1:

(a)

beidh siad comhréireach le méid agus le castacht na dtionscadal sluachistiúcháin a thairgtear ar an ardán sluachistiúcháin;

(b)

sainaithneofar go soiléir leo na róil agus/nó na feidhmeanna a bheidh freagrach as na cúraimí ábhartha a dhéanamh;

(c)

doiciméadófar iad agus coimeádfar cothrom le dáta iad.

4.   Sonrófar sna beartais um riosca creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 cé acu a áiríonn nó nach n-áiríonn soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais i measúnú riosca creidmheasa na dtionscadal sluachistiúcháin agus conas a dhéanann siad amhlaidh.

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.10.2020, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2115 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/1503 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an mhodheolaíocht chun rátaí mainneachtana iasachtaí a thairgtear ar ardán sluachistiúcháin a ríomh (IO L 287, 8.11.2022, lch. 33).


IARSCRÍBHINN

Táscairí airgeadais ábhartha atá le breithniú sa mheasúnú ar an staid airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(4)

I)   

Táscairí brabúsachta:

(a)

Glanioncam Bliantúil

(b)

Tuilleamh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh (EBITDA)

(c)

Toradh ar Chothromas – Toradh ar Chothromas = (Tuilleamh roimh Ús agus Cáin - Cáin - Ús a Íocadh)/(Meánchothromas)

(d)

Toradh ar Shócmhainní – Toradh ar Shócmhainní = (Tuilleamh roimh Ús agus Cáin - Cáin)/(Meán Iomlán na Sócmhainní)

(e)

Glanchorrlach Brabúis – Glanchorrlach Brabúis = (Tuilleamh roimh Ús agus Cáin - Cáin)/(Meán Iomlán na Sócmhainní)

(f)

An Cóimheas Díolachán/Iomlán na Sócmhainní – Cóimheas Díolachán/Iomlán na Sócmhainní = Díolacháin/(Meán Iomlán na Sócmhainní)

II)   

Táscairí giarála agus fiachais:

(a)

An Cóimheas Fiachais/Cothromais – Cóimheas Fiachais/Cothromais = (Fiachas + Luach na Léasanna)/Cothromas

(b)

An Cóimheas Fiachais – Cóimheas Fiachais = (Fiachas Iomlán)/(Iomlán na Sócmhainní)

(c)

An Toradh Fiachais – Toradh Fiachais = EBITDA/Méid na hIasachta

(d)

An Cóimheas Iasachta/Costais – Cóimheas Iasachta/Costais = (Méid na hIasachta)/(Costas Tógála)

(e)

An Cóimheas Iasachta/Luacha – Cóimheas Iasachta/Luacha = (Méid na hIasachta)/(Luach na Réadmhaoine)

III)   

Táscairí leachtachta:

(a)

An Cóimheas Cumhdaigh Úis – Cóimheas Cumhdaigh Úis = Tuilleamh roimh Ús agus Cáin/Speansais Úis

(b)

An Cóimheas Cumhdaigh maidir le Fónamh d’Fhiachas – Cóimheas Cumhdaigh maidir le Fónamh d’Fhiachas = EBITDA/(Príomhshuim + Méid an Úis)

(c)

An Cóimheas Sreabhaidh Airgid/Fiachais – Cóimheas Sreabhaidh Airgid/Fiachais = (Sreabhadh Airgid)/Fiachas

(d)

An Cóimheas Airgid Thirim – Cóimheas Airgid Thirim = (Airgead Tirim + Urrúis Inmhargaidh)/(Dliteanais Reatha)

(e)

An Cóimheas Caipitil Oibre/Iomlán na Sócmhainní – Cóimheas Caipitil Oibre/Iomlán na Sócmhainní = (Sócmhainní Reatha (Airgead Tirim, Urrúis Ghearrthéarmacha, Féichiúnaithe, Fardail, Sócmhainní Reatha Eile))/Sócmhainní

IV)   

Táscairí caipitil:

(a)

Ráta Caipitlithe – Ráta Caipitlithe = (Glanioncam Oibriúcháin)/Caipiteal

(b)

An Toradh Brabúsachta = (Glanioncam)/Caipiteal


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/358/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top