Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0230

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/230 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le seoladh ag tríú tíortha agus ag údaráis rialaithe agus ag comhlachtaí rialaithe chun críche maoirseachta ar a n-aitheantas faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle agus na bearta atá le déanamh i bhfeidhmiú na maoirseachta sin

    C/2023/7080

    IO L, 2024/230, 9.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/230/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/230/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/230

    9.1.2024

    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/230 ÓN gCOIMISIÚN

    an 25 Deireadh Fómhair 2023

    lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le seoladh ag tríú tíortha agus ag údaráis rialaithe agus ag comhlachtaí rialaithe chun críche maoirseachta ar a n-aitheantas faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle agus na bearta atá le déanamh i bhfeidhmiú na maoirseachta sin

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagail 48(4) agus 57(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 (2) ón gCoimisiún (3), forlíontar Rialachán (AE) 2018/848 le rialacha i dtaca leis an bhfaisnéis atá le seoladh ag tríú tíortha agus ag údaráis rialaithe agus ag comhlachtaí rialaithe chun críche maoirseachta ar a n-aitheantas faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgí orgánacha allmhairithe agus na bearta atá le déanamh i bhfeidhmiú na maoirseachta sin.

    (2)

    Chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht iomchuí ar na tríú tíortha a aithnítear faoi Airteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 (4), maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh na húdaráis inniúla i dtríú tíortha tar éis don Choimisiún fógra a thabhairt faoi amhras a bhfuil bunús leis faoi neamhrialtacht nó sárú a mhéid a bhaineann le táirgí orgánacha allmhairithe na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 a chomhlíonadh, caighdeáin táirgthe agus bearta rialaithe a nglactar leo mar bhearta coibhéiseacha, is gá a shoiléiriú go bhféadfar a áireamh leo scrúduithe ar an láthair ar oibreoirí. Is gá a shonrú freisin gur cheart do na húdaráis inniúla an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas faoi thoradh an imscrúdaithe agus faoin ngníomhaíocht a rinneadh agus úsáid á baint as an teimpléad in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún.

    (3)

    Ina theannta sin, is gá tuilleadh mionsaothraithe a dhéanamh ar na forais le bearta a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún i bhfeidhmiú a mhaoirseachta ar thríú tíortha aitheanta.

    (4)

    Chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht iomchuí ar na húdaráis rialaithe agus ar na comhlachtaí rialaithe a aithnítear faoi Airteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, is gá rialacha breise a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta chun athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar a n-aitheantas.

    (5)

    Chun na críche sin, ba cheart a shonrú sa Rialachán seo faisnéis bhreise a chuirfidh na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin ar fáil don Choimisiún chun an mhaoirseacht sin a fheidhmiú. Ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo freisin maidir leis an deis a bheith ag an gCoimisiún scrúduithe rioscabhunaithe ar an láthair ar na húdaráis rialaithe agus ar na comhlachtaí rialaithe agus maidir leis na módúlachtaí a bhaineann leis na scrúduithe sin a chur i gcrích. Chun go bhfeidhmeoidh an Coimisiún maoirseacht ar na húdaráis rialaithe agus ar na comhlachtaí rialaithe, is gá freisin foráil a dhéanamh maidir leis na seiceálacha atá le déanamh chun oibreoirí nua nó grúpaí nua oibreoirí a dheimhniú.

    (6)

    Ina theannta sin, is gá tuilleadh mionsaothraithe a dhéanamh ar na forais le bearta a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún i bhfeidhmiú a maoirseachta ar údaráis rialaithe aitheanta agus ar chomhlachtaí rialaithe aitheanta.

    (7)

    Tá taithí agus saineolas substaintiúil faighte ag údaráis na mBallstát sa réimse mar atá rochtain a thabhairt ar earraí orgánacha a allmhairítear isteach san Aontas. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann leas a bhaint as taithí na mBallstát i seiceálacha a dhéantar le linn rialuithe allmhairiúcháin chun críche maoirseachta ar thríú tíortha aitheanta agus ar údaráis rialaithe aitheanta agus ar chomhlachtaí rialaithe aitheanta, lena n-áirítear meastóireacht a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht oibríochtúil. Ba cheart na cúraimí mar atá cúnamh a thabhairt don Choimisiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar aitheantas a roinnt ar bhealach cóir agus comhréireach idir na Ballstáit agus líon vótaí gach Ballstáit sa Choiste um tháirgeadh orgánach á chur san áireamh.

    (8)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 mar a leanas:

    (1)

    In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    ‘6.   I gcás ina bhfuair an Coimisiún fógra ó Bhallstát lena gcuirtear ar an eolas é faoi amhras a bhfuil bunús leis faoi neamhrialtacht nó sárú a mhéid a bhaineann le táirgí orgánacha allmhairithe na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 a chomhlíonadh agus faoi chaighdeáin táirgthe agus bearta rialaithe a nglactar leo mar bhearta coibhéiseacha ar bhonn an mheasúnaithe a rinneadh, tabharfaidh sé fógra ina leith d’údarás inniúil an tríú tír. Déanfaidh an t-údarás inniúil sin imscrúdú ar thionscnamh na neamhrialtachta nó an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus cuirfidh sé in iúl don Choimisiún agus don Bhallstát lena mbaineann, laistigh de 30 lá féilire tar éis fhógra an Choimisiúin, toradh an imscrúdaithe agus na gníomhaíochtaí a rinneadh, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, scrúduithe ar an láthair ar oibreoirí, agus úsáid á baint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún.’ (*1)

    (*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais nós imeachta maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh ar oibreoirí agus ar ghrúpaí oibreoirí arna ndeimhniú mar oibreoirí orgánacha a aithint agus ar tháirgí orgánacha i dtríú tíortha agus le rialacha maidir lena maoirseacht agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile atá le déanamh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin (IO L 336, 23.9.2021, lch. 7)"

    ;

    (2)

    Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír a seo a leanas, mír 1a, isteach:

    ‘1a.   Tabharfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe fógra don Choimisiún in am trátha, agus tráth nach déanaí ná laistigh de 30 lá féilire, faoi athruithe a bheith tagtha ar ábhar a shainchomhaid theicniúil.’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith aon fhaisnéis bhreise a iarraidh ar na húdaráis rialaithe agus ar na comhlachtaí rialaithe, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann leis an tuarascáil bhliantúil. Cuirfear an fhaisnéis bhreise sin ar fáil i bhfoirm leictreonach.’

    ;

    (c)

    cuirtear na míreanna seo a leanas, míreanna 4 go 7, isteach:

    ‘4.   Féadfaidh an Coimisiún scrúduithe rioscabhunaithe ar an láthair ar na húdaráis rialaithe agus ar na comhlachtaí rialaithe a eagrú chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht agus éifeachtacht na rialuithe a dhéanann gach údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe. Féadfar na scrúduithe sin a chomhordú leis an gcomhlacht creidiúnaithe ábhartha. Féadfaidh sé go mbeidh saineolaithe neamhspleácha i dteannta an Choimisiúin le linn na scrúduithe ar an láthair sin.

    Féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise a iarraidh, lena n-áirítear ceann amháin nó níos mó de na tuarascálacha ad hoc a dhéanfaidh saineolaithe neamhspleácha a ainmneoidh an Coimisiún ar na scrúduithe ar an láthair.

    Féadfaidh sé go n-áireofar na nithe seo a leanas le scrúduithe ar an láthair:

    (a)

    cuairt ar oifigí nó áitribh na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe, ar a seirbhísí seachfhoinsithe agus ar a n-oibreoirí nó a ngrúpaí oibreoirí atá faoina rialú, san Aontas agus i dtríú tíortha;

    (b)

    athbhreithniú doiciméad ar na doiciméid ábhartha lena dtugtar tuairisc ar struchtúr, feidhmiú agus bainistiú cáilíochta na n-údarás rialaithe nó na gcomhlachtaí rialaithe;

    (c)

    athbhreithniú doiciméad ar chomhaid na mball foirne, lena n-áirítear fianaise ar a gcuid inniúlachtaí, taifead oiliúna, ráiteas maidir le coinbhleacht leasa agus taifid ar mheastóireacht agus ar mhaoirseacht na mball foirne;

    (d)

    seiceáil ar chomhaid na n-oibreoirí nó na ngrúpaí oibreoirí chun láimhseáil neamhchomhlíontachtaí agus gearán a fhíorú, chun an íosmhinicíocht rialaithe a fhíorú, chun cur chuige atá bunaithe ar riosca agus cigireachtaí á ndéanamh a fhíorú, chun cur chun feidhme cuairteanna leantacha agus cuairteanna gan fógra a fhíorú agus chun an beart samplála agus an malartú faisnéise le comhlachtaí rialaithe agus údaráis rialaithe eile a fhíorú;

    (e)

    iniúchadh athbhreithnithe, arb éard atá ann iniúchadh ar oibreoirí nó ar ghrúpaí oibreoirí chun comhlíonadh nósanna imeachta caighdeánacha um rialú agus anailís riosca an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a fhíorú agus chun éifeachtacht an chomhlíonta sin a fhíorú, ag cur san áireamh aon athrú atá tagtha ar chás na n-oibreoirí ó rinneadh an chigireacht dheiridh ar an údarás rialaithe nó ar an gcomhlacht rialaithe;

    (f)

    iniúchadh finné, arb éard atá ann meastóireacht ar fheidhmíocht na cigireachta fisiciúla ar an láthair a dhéanann cigire de chuid an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe.

    5.   Chun scrúduithe ar an láthair ar na húdaráis rialaithe agus ar na comhlachtaí rialaithe a ullmhú, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar na comhlachtaí rialaithe agus ar na húdaráis rialaithe. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil laistigh de thréimhse a chinnfidh an Coimisiún.

    6.   I gcás ina bhfuair an Coimisiún fógra ó Bhallstát lena gcuirtear ar an eolas é faoi amhras a bhfuil bunús leis faoi neamhrialtacht nó sárú a mhéid a bhaineann le táirgí orgánacha allmhairithe na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 a chomhlíonadh agus faoi chaighdeáin táirgthe agus bearta rialaithe a nglactar leo mar bhearta coibhéiseacha ar bhonn an mheasúnaithe a rinneadh, tabharfaidh sé fógra don údarás rialaithe agus don chomhlacht rialaithe faoi. Déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe imscrúdú ar thionscnamh na neamhrialtachta nó an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus cuirfidh sé in iúl don Choimisiún agus don Bhallstát lena mbaineann, laistigh de 30 lá féilire tar éis fhógra an Choimisiúin, toradh an imscrúdaithe agus na gníomhaíochtaí a rinne an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, scrúduithe ar an láthair ar oibreoirí, agus úsáid á baint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698;

    7.   Sula ndeimhneofar oibreoir nua nó grúpa oibreoirí nua, áiritheoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe, i gcás ina ndearna an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a bhí acu roimhe sin an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí a chur ar fionraí nó a tharraingt siar le 2 bhliain anuas, gur thug an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí aghaidh ar na neamh-chomhréireachtaí a shainaithin na húdaráis rialaithe nó na comhlachtaí rialaithe sin nó go bhfuil aghaidh á tabhairt acu orthu. Mura féidir leis an údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a áirithiú gur tugadh aghaidh ar na neamh-chomhréireachtaí nó go bhfuil aghaidh á tabhairt orthu, ní dheimhneoidh an t-údarás rialaithe ná an comhlacht rialaithe an t-oibreoir ná an grúpa oibreoirí.’

    ;

    (3)

    in Airteagal 3, leasaítear pointe (d) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

    ‘féadfaidh an Coimisiún iontráil tríú tír ar an liosta a tharraingt siar sna cásanna seo a leanas:’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):

    ‘(iv)

    tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún, nach n-aontaíonn an tríú tír le scrúdú ar an láthair, nó i gcás ina bhfuil toradh diúltach ar scrúdú ar an láthair mar gheall ar mhífheidhmiú córasach na mbeart rialaithe;’;

    (c)

    cuirtear an pointe seo a leanas, pointe (v), isteach:

    ‘(v)

    in aon chás eile ina bhfuil baol ann go gcuirfí an tomhaltóir amú maidir le fíorchineál na dtáirgí arna ndeimhniú ag an tríú tír.’;

    (4)

    in Airteagal 4, leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b)

    féadfaidh an Coimisiún iontráil údaráis rialaithe nó comhlachta rialaithe ar an liosta a chur ar fionraí ar bhonn na faisnéise a fuarthas, nó i gcás nár thug an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe faisnéis leordhóthanach de réir mar a cheanglaítear laistigh de thréimhse a chinnfidh an Coimisiún de réir thromchúis na faidhbe, ar tréimhse í nach mbeidh níos lú ná 30 lá, nó i gcás nár aontaigh sé le scrúdú ar an láthair;’

    (b)

    leasaítear pointe (d) mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iii):

    ‘(iii)

    nach gcoinníonn an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an fhaisnéis ar fad a bhaineann lena shainchomhad teicniúil nó lena chóras rialaithe ar fáil nó nach gcuireann sé in iúl an fhaisnéis sin tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún laistigh de thréimhse a chinnfidh an Coimisiún, de réir thromchúis na faidhbe agus nach mbeidh níos lú ná 30 lá nó i gcomhréir le hAirteagal 2(1a);’

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):

    ‘(iv)

    nach gcoinníonn an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe faisnéis ar fáil a bhaineann leis na himscrúduithe ar neamhchomhlíonadh nó nach gcuireann sé an fhaisnéis sin in iúl’;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (vi):

    ‘(vi)

    nach n-aontaíonn an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe le scrúdú ar an láthair a éilíonn an Coimisiún, nó nach seolann sé an fhaisnéis a iarradh faoi Airteagal 2(5), nó i gcás ina bhfuil toradh diúltach ar scrúdú ar an láthair mar gheall ar mhífheidhmiú córasach na mbeart rialaithe; nó’

    (5)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas, Airteagal 4a, isteach:

    ‘Airteagal 4a

    Cúnamh do na Ballstáit chun maoirseacht a dhéanamh

    1.   Chun críocha an athbhreithnithe ar aitheantas a thabhairt do thríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 3, agus cúnamh á iarraidh ag an gCoimisiún ar na Ballstáit, tabharfaidh dhá Bhallstát cúnamh dó, chun gníomhú mar chomhrapóirtéirí chun scrúdú a dhéanamh ar an tuarascáil bhliantúil agus ar aon fhaisnéis eile a gheofar, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht oibríochtúil na dtríú tíortha.

    2.   Chun críocha an athbhreithnithe ar aitheantas a thabhairt d’údaráis rialaithe agus do chomhlachtaí rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 2, agus cúnamh á iarraidh ag an gCoimisiún ar na Ballstáit, tabharfaidh dhá Bhallstát cúnamh dó, chun gníomhú mar chomhrapóirtéirí chun scrúdú a dhéanamh ar an tuarascáil bhliantúil agus ar aon fhaisnéis eile a gheofar, agus chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht oibríochtúil na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe.

    3.   Féadfaidh an Coimisiún na hiarrataí ar chúnamh i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 a roinnt idir na Ballstáit go comhréireach ar líon vótaí gach Ballstáit sa Choiste um tháirgeadh orgánach.’

    ;

    (6)

    in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír agus an cheathrú mír:

    ‘Beidh feidhm ag Airteagail 1, 3 agus Airteagal 4a(1) go dtí an 31 Nollaig 2026.

    Beidh feidhm ag Airteagail 2, 4 agus Airteagal 4a(2) go dtí an 31 Nollaig 2024.’

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 3ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 150, 14.6.2018, lch.1.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha i dtaca leis an bhfaisnéis atá le seoladh ag tríú tíortha agus ag údaráis rialaithe agus ag comhlachtaí rialaithe chun críche maoirseachta ar a n-aitheantas faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgí orgánacha allmhairithe agus na bearta atá le déanamh i bhfeidhmiú na maoirseachta sin (IO L 292, 16.8.2021, lch. 20).

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeacht orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IOL 189, 20.7.2007, lch.1).

    (4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais nós imeachta maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh ar oibreoirí agus ar ghrúpaí oibreoirí arna ndeimhniú mar oibreoirí orgánacha a aithint agus ar tháirgí orgánacha i dtríú tíortha agus le rialacha maidir lena maoirseacht agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile atá le déanamh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin (IO L 336, 23.9.2021, lch. 7).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/230/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top