Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0196

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/196 ón gComhairle an 21 Nollaig 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    ST/16827/2023/INIT

    IO L, 2024/196, 3.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/196/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/196/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/196

    3.1.2024

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/196 ÓN gCOMHAIRLE

    an 21 Nollaig 2023

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

    (2)

    Sna conclúidí uaithi an 26 agus an 27 Deireadh Fómhair 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an géarcháineadh a rinne sí ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh atá ina shárú follasach ar Chairt na Náisiún Aontaithe, agus d’athdhearbhaigh sí go bhfuil an tAontas ag tacú go daingean le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha, mar a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus le ceart bunúsach na hÚcráine í féin a chosaint i gcoinne fhogha na Rúise. Dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach freisin, ó thaobh chumas na Rúise an cogadh foghach seo aici a fhearadh, nach mór leanúint den chumas sin a lagú, lena n-áirítear trí na smachtbhannaí a neartú a thuilleadh.

    (3)

    I bhfianaise thromchúis na staide, is iomchuí bearta sriantacha breise a ghlacadh.

    (4)

    Measann an Chomhairle go háirithe gur cheart duine amháin agus eintiteas amháin atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Nollaig 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    P. NAVARRO RÍOS


    (1)   IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear an duine agus an t-eintiteas seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:

    Duine

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Ráiteas ar Chúiseanna

    Dáta an liostaithe

    ‘1646.

    Pavel Alekseevich MARINYCHEV

    (Павел Алексеевич МАРИНЫЧЕВ)

    Feidhm: Príomhoifigeach feidhmiúcháin Alrosa

    Dáta breithe: 25.10.1978

    Áit bhreithe: Yakutsk, USSR (Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Uimhir Aitheantais Chánach: 143515801397

    Eintiteas comhlachaithe: PJSC Alrosa

    Inscne: fireann

    Is é Pavel Marinychev príomhoifigeach feidhmiúcháin Alrosa, cuideachta faoi úinéireacht stáit atá ag feidhmiú sa Rúis, a bhfuil saineolas acu ar thaiscéalaíocht, mianadóireacht, monarú agus díol diamant. Is é Alrosa an chuideachta mianadóireachta diamant is mó ar domhan. Tá tionscal na ndiamant tábhachtach go straitéiseach do gheilleagar Chónaidhm na Rúise, mar is é an t-onnmhairiú is mó sa tír nach onnmhairiú fuinnimh é. Is é Alrosa is cúis le níos mó ná 90 % de tháirgeadh diamant na Rúise. Ina cháil mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Alrosa, is duine gnó é Pavel Marinychev atá rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, an rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine. Ina theannta sin, sa ról atá aige, tugann sé tacaíocht airgeadais do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine. Tá sé bainteach le Alrosa.

    3.1.2024’;

    Eintiteas

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    ‘337

    PJSC Alrosa

    (АЛРОСА)

    Seoltaí: Oifig Mirny: 678174, ul. Lenina, 6, Mirny, Poblacht Sakha (Yakutia), Cónaidhm na Rúise

    Oifig Mhoscó: 24, Ozerkovskaya nab. 115184, Moscó, Cónaidhm na Rúise

    An cineál eintitis: Cuideachta comhstoic poiblí

    Is cuideachta faoi úinéireacht stáit atá ag feidhmiú sa Rúis é Alrosa, ag a bhfuil saineolas ar thaiscéalaíocht, mianadóireacht, monarú agus díol diamant. Is é Alrosa an chuideachta mianadóireachta diamant is mó ar domhan. Tá tionscal na ndiamant tábhachtach go straitéiseach do gheilleagar Chónaidhm na Rúise, mar is é an t-onnmhairiú is mó sa tír nach onnmhairiú fuinnimh é. Is é Alrosa is cúis le níos mó ná 90 % de tháirgeadh diamant na Rúise. Anuas air sin, tá comhpháirtíocht sheanbhunaithe ag Alrosa le Fórsaí Armtha na Rúise, óir tá fomhuireán de Chabhlach na Rúise á urrú aige ó 1997 i leith. Dá bhrí sin, tá Alrosa rannpháirteach in earnáil eacnamaíoch ar foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise í, an rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine. Ina theannta sin, tugann sé tacaíocht airgeadais do Rialtas Chónaidhm na Rúise.

    3.1.2024’.

     

     

    Áit chlárúcháin: Cónaidhm na Rúise

    Dáta clárúcháin: 17.7.2002

    OGRN: 1021400967092

    Uimhir aitheantais chánach: 1433000147

    Príomhionad gnó: Cónaidhm na Rúise

    Duine gaolmhar: Pavel Alekseevich Marinychev (príomhoifigeach feidhmiúcháin)

     

     


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/196/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top