EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024L1654

Treoir (AE) 2024/1654 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1153 a mhéid a bhaineann le rochtain ag údaráis inniúla ar chlárlanna láraithe cuntas bainc tríd an gcóras idirnasctha agus trí bhearta teicniúla chun úsáid taifead idirbheart a éascú

PE/44/2024/REV/1

IO L, 2024/1654, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1654/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1654/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1654

19.6.2024

TREOIR (AE) 2024/1654 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 31 Bealtaine 2024

lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1153 a mhéid a bhaineann le rochtain ag údaráis inniúla ar chlárlanna láraithe cuntas bainc tríd an gcóras idirnasctha agus trí bhearta teicniúla chun úsáid taifead idirbheart a éascú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 87(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is gá an rochtain ar fhaisnéis airgeadais a bharrfheabhsú agus a éascú chun coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht. Go háirithe, tá rochtain thapa ar fhaisnéis airgeadais bunriachtanach chun imscrúduithe coiriúla éifeachtacha a dhéanamh agus chun ionstraimeachtaí agus fáltais ón gcoireacht a rianú agus, ina dhiaidh sin, a choigistiú go rathúil, go háirithe mar chuid d’imscrúduithe ar an gcoireacht eagraithe agus ar an gcibearchoireacht.

(2)

Le Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), cuirtear ar chumas na n-údarás arna n-ainmniú ag na Ballstáit i measc a n-údarás atá inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh faisnéis cuntas bainc a rochtain agus a chuardach, faoi réir coimircí agus teorainneacha áirithe. I dTreoir (AE) 2019/1153, sainmhínítear faisnéis cuntas bainc mar fhaisnéis áirithe atá sna sásraí láraithe uathoibrithe arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Tagraítear do na sásraí láraithe uathoibrithe sin i dTreoir (AE) 2019/1153 mar chlárlanna láraithe cuntas bainc.

(3)

Áireofar ar na húdaráis inniúla arna n-ainmniú faoi Threoir (AE) 2019/1153 na hOifigí um Aisghabháil Sócmhainní ar a laghad, agus is féidir na húdaráis chánach agus gníomhaireachtaí frithchalaoise a áireamh orthu a mhéid atá siad inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh faoin dlí náisiúnta. De bhun na Treorach sin, tugtar de chumhacht do na húdaráis inniúla sin clárlann láraithe cuntas bainc an Bhallstáit a d’ainmnigh iad, agus na clárlanna sin amháin, a rochtain go díreach agus a chuardach.

(4)

Le Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), a thagann in ionad Threoir (AE) 2015/849 agus a choinníonn príomhghnéithe an chórais arna bhunú leis an Treoir sin, foráiltear, ina theanna sin, go bhfuil na sásraí uathoibrithe láraithe le hidirnascadh trí chóras idirnasctha na gclár cuntas bainc (CICCB), rud atá le forbairt agus le hoibriú ag an gCoimisiún. Mar sin féin, faoi Threoir (AE) 2024/1640, is iad na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais (‘AFAnna’) amháin a mbeidh rochtain dhíreach acu ar na sásraí láraithe uathoibrithe, lena n-áirítear trí CICCB.

(5)

I bhfianaise chineál trasteorann na coireachta eagraithe, chineál trasteorann mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus chineál trasteorann an sciúrtha airgid, agus a thábhachtaí atá faisnéis airgeadais ábhartha chun cionta coiriúla tromchúiseacha a chomhrac, lena n-áirítear, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, trí shócmhainní a fuarthas go neamhdhleathach a rianú, a reo agus a choigistiú go tapa, ba cheart do na húdaráis inniúla arna n-ainmniú faoi Threoir (AE) 2019/1153 a bheith in ann clárlanna láraithe cuntas bainc de chuid Ballstát eile a rochtain go díreach agus iad a chuardach trí CICCB.

(6)

Ba cheart feidhm a bheith ag na coimircí agus na teorainneacha arna mbunú le Treoir (AE) 2019/1153 freisin maidir leis an gcumhacht faisnéis cuntas bainc a rochtain agus a chuardach trí CICCB. Baineann na coimircí agus na teorainneacha sin le cé acu údaráis a bhfuil sé de chumhacht acu faisnéis cuntas bainc a rochtain agus a chuardach, leis na críocha ar chucu is féidir faisnéis cuntas bainc a rochtain agus a chuardach, leis na cineálacha faisnéise atá inrochtana agus inchuardaithe, i gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, leis na ceanglais is infheidhme maidir le baill foirne na n-údarás inniúil arna n-ainmniú faoi Threoir (AE) 2019/1153, le slándáil na sonraí agus le logáil na rochtana agus na gcuardach.

(7)

Tá rochtain ag údaráis inniúla arna n-ainmniú faoi Threoir (AE) 2019/1153 ar fhaisnéis cuntas bainc thar theorainneacha trí CICCB bunaithe ar an muinín fhrithpháirteach i measc na mBallstát, rud a eascraíonn as an urraim atá acu ar chearta bunúsacha agus ar na prionsabail a aithnítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), amhail an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, agus cearta nós imeachta, lena n-áirítear an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, toimhde na neamhchiontachta agus ceart na cosanta agus prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, mar aon leis na cearta bunúsacha agus na prionsabail dá bhforáiltear sa dlí idirnáisiúnta agus i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu nó a bhfuil na Ballstáit uile ina bpáirtí iontu, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus i mbunreachtanna na mBallstát, sna réimsí faoi seach dá gcur i bhfeidhm.

(8)

Soláthraítear le taifid idirbheart faisnéis ríthábhachtach le haghaidh imscrúduithe coiriúla. Mar sin féin, cuirtear bac ar imscrúduithe airgeadais toisc go soláthraíonn institiúidí airgeadais agus institiúidí creidmheasa, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, taifid idirbheart i bhformáidí éagsúla d’údaráis atá inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, ar taifid iad nach mbíonn ullamh láithreach chun anailís a dhéanamh orthu. Cuireann cineál trasteorann fhormhór na n-imscrúduithe ar chionta coiriúla tromchúiseacha, éagsúlacht na bhformáidí a úsáidtear chun taifid idirbheart a sholáthar agus deacrachtaí maidir le taifid idirbheart a phróiseáil bac ar mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát agus ar fhorbairt imscrúduithe airgeadais trasteorann. Chun feabhas a chur ar chumas na n-údarás inniúil imscrúduithe airgeadais a dhéanamh, leagtar amach sa Treoir seo bearta chun a áirithiú go soláthróidh institiúidí airgeadais agus institiúidí creidmheasa ar fud an Aontais, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, taifid idirbheart i bhformáid atá éasca d’údaráis inniúla a phróiseáil agus a anailísiú.

(9)

Rialaítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta faoinar féidir le húdaráis inniúla taifid idirbheart a iarraidh ar institiúidí airgeadais agus institiúidí creidmheasa le rialacha nós imeachta arna mbunú leis an dlí náisiúnta. Le comhchuibhiú na socruithe teicniúla maidir le soláthar taifead idirbheart ag institiúidí airgeadais agus creidmheasa arna iarraidh sin d’údaráis inniúla, níor cheart difear a dhéanamh do na rialacha ná do na coimircí nós imeachta náisiúnta faoinar féidir le húdaráis inniúla taifid idirbheart a iarraidh.

(10)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le soláthar taifead idirbheart ag institiúidí airgeadais agus institiúidí creidmheasa d’údaráis inniúla, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(11)

Ba cheart do na Ballstáit, agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, cineál, stádas eagraíochtúil, ról agus sainphribhléidí na n-údarás agus na gcomhlachtaí a bhunaítear faoin dlí náisiúnta a mheas mar údaráis agus comhlachtaí atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, lena n-áirítear na sásraí atá ann cheana chun córais airgeadais a chosaint ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta.

(12)

Aon phróiseáil a dhéanann údaráis inniúla ar shonraí pearsanta faoin Treoir seo, is próiseáil í atá faoi réir Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), lena leagtar síos na rialacha a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, i gcomhréir le tacar prionsabal a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, go háirithe dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht, teorannú de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, cruinneas, teorannú stórála, sláine agus rúndacht, agus cuntasacht. Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear in Airteagal 6 CAE agus sa Chairt, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.

(13)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon cumhacht a thabhairt d’údaráis inniúla arna n-ainmniú faoi Threoir (AE) 2019/1153 chun clárlanna láraithe cuntas bainc de chuid na mBallstát eile a rochtain agus a chuardach trí CICCB agus chun éascú a dhéanamh ar an úsáid atá ag na húdaráis inniúla ar thaifid idirbheart le haghaidh cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na Treorach seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(14)

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá fógra tugtha ag Éirinn, i litir dar dáta an 25 Deireadh Fómhair 2021, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.

(15)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(16)

Dá bhrí sin, ba cheart Treoir (AE) 2019/1153 a leasú dá réir.

(17)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus thug an Maoirseoir bharúlacha an 6 Meán Fómhair 2021,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir (AE) 2019/1153 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Leis an Treoir seo leagtar síos na bearta seo a leanas:

(a)

bearta chun éascú a dhéanamh ar an rochtain agus ar an úsáid atá ag na húdaráis inniúla ar fhaisnéis airgeadais agus faisnéis cuntas bainc le haghaidh cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh;

(b)

bearta chun éascú a dhéanamh ar an rochtain atá ag Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais (AFAnna) ar fhaisnéis forfheidhmithe dlí le haghaidh sciúradh airgid, cionta preideacáide gaolmhara agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, agus bearta chun éascú a dhéanamh ar an gcomhar idir AFAnna; agus

(c)

bearta teicniúla chun éascú a dhéanamh ar an úsáid atá ag na húdaráis inniúla ar thaifid idirbheart le haghaidh cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.’

;

(b)

i mír 2, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

‘(e)

nósanna imeachta faoin dlí náisiúnta faoinar féidir le húdaráis atá inniúil ar chionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh a cheangal ar institiúidí airgeadais agus institiúidí creidmheasa taifid idirbheart a sholáthar, lena n-áirítear teorainneacha ama chun taifid idirbheart a sholáthar.’

;

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:

‘(7)

ciallaíonn “faisnéis cuntas bainc” an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 16(3) de Threoir 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(*1)  Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj).’;"

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(7a)

ciallaíonn “taifid idirbheart” mionsonraí na n-oibríochtaí a rinneadh le linn tréimhse shainithe trí chuntas íocaíochta sonraithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), nó cuntas bainc arna shainaithint le IBAN, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), den Rialachán sin, nó mionsonraí na n-aistrithe cripteashócmhainní, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), de Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3);

(7b)

ciallaíonn “institiúid creidmheasa” institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4);

(7c)

ciallaíonn “institiúid airgeadais” institiúid airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6), de Rialachán (AE) 2024/1624;

(7d)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní” soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (15), de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5);

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22)."

(*3)  Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 1)."

(*4)  Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc (IO L, 2024/1624, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1624/oj)."

(*5)  Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40.).’;"

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil II:

‘ROCHTAIN AG ÚDARÁIS INNIÚLA AR FHAISNÉIS CUNTAS BAINC AGUS FORMÁID NA dTAIFEAD IDIRBHEART’

;

(4)

in Airteagal 4, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘1a.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla náisiúnta arna n-ainmniú de bhun Airteagal 3(1) den Treoir seo chun faisnéis cuntas bainc i mBallstáit eile a rochtain agus a chuardach, go díreach agus láithreach, trí chóras idirnasctha na gclár cuntas bainc (CICCB), rud a chuirfear i bhfeidhm de bhun Airteagal 16(6) de Threoir (AE) 2024/1640 i gcás inar gá chun a gcúraimí a dhéanamh ar mhaithe le cion coiriúil tromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt d’imscrúdú coiriúil maidir le cion coiriúil tromchúiseach, lena n-áirítear na sócmhainní a bhaineann leis an imscrúdú sin a shainaithint, a rianú agus a reo.

Féadfaidh Ballstát teorainn a chur leis an gcumhacht faisnéis cuntas bainc a rochtain agus a chuardach trí CICCB do chásanna ina bhfuil cúiseanna cuí-réasúnaithe ag a údaráis náisiúnta inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 3(1) lena chreidiúint go bhféadfadh faisnéis ábhartha cuntas bainc a bheith i mBallstáit eile.

Gan dochar d’Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2016/680, ní phróiseálfar faisnéis cuntas bainc a fhaightear trí CICCB a rochtain agus a chuardach ach amháin chun na críche ar bailíodh í.

Measfar rochtain agus cuardaigh de bhun na míre seo a bheith díreach agus láithreach, inter alia, i gcás ina dtarchuireann na húdaráis náisiúnta a oibríonn na clárlanna láraithe cuntas bainc an fhaisnéis cuntas bainc chuig údaráis inniúla go mear trí shásra uathoibrithe, ar choinníoll nach mbeidh aon institiúid idirmheánach in ann cur isteach ar na sonraí a iarradh ná ar an bhfaisnéis atá le soláthar.

1b.   Beidh rochtain agus cuardaigh de bhun an Airteagail seo gan dochar do choimircí nós imeachta náisiúnta, do rialacha an Aontais agus do rialacha náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta.’

(5)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Baill foirne gach údaráis inniúil ar ainmníodh agus ar údaraíodh go sonrach iad chun faisnéis cuntas bainc a rochtain agus a chuardach i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus (1a), is iad na daoine sin amháin a chomhlíonfaidh na cúraimí sin agus déanfaidh siad amhlaidh ar bhonn cás ar chás.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil bearta teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm chun slándáil na sonraí a áirithiú de réir ardchaighdeáin theicneolaíocha ar mhaithe le feidhmiú na cumhachta ag údaráis inniúla chun faisnéis cuntas bainc a rochtain agus a chuardach i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus (1a).’

;

(6)

in Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil go n-áiritheoidh na húdaráis a oibríonn na clárlanna láraithe cuntas bainc go ndéanfar logaí a choinneáil gach uair a dhéanann údaráis inniúla arna n-ainmniú faisnéis cuntas bainc a rochtain agus a chuardach i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus (1a).’

;

(7)

i gCaibidil II, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 6a

Taifid idirbheart

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh institiúidí airgeadais agus institiúidí creidmheasa, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, na sonraíochtaí teicniúla arna mbunú i gcomhréir le mír 2 agus freagra á thabhairt, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar iarrataí ar thaifid idirbheart arna n-eisiúint ag údaráis inniúla mar chuid d’imscrúdú coiriúil, lena n-áirítear sócmhainní a bhaineann leis an imscrúdú sin a shainaithint, a rianú agus a reo.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh chun an fhormáid struchtúrtha leictreonach agus na modhanna teicniúla a bhunú a bheidh le húsáid chun taifid idirbheart a sholáthar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3). Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh aige, measfaidh an Coimisiún forbairtí i gcaighdeáin ábhartha teachtaireachtaí seirbhísí airgeadais.’

;

(8)

in Airteagal 12, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh AFAnna in ann a iarraidh ar Europol, i gcás inarb ábhartha, tacú leo agus iad ag déanamh na hanailíse comhpháirtí dá dtagraítear in Airteagal 32 de Threoir (AE) 2024/1640 agus Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6), faoi réir chomhaontú na AFAnna rannpháirteacha uile, laistigh de theorainneacha shainordú Europol agus le haghaidh chomhlíonadh na gcúraimí a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointí (h) agus (z), de Rialachán (AE) 2016/794, agus gan dochar d’inniúlachtaí an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1620.

(*6)  Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1620/oj).’;"

(9)

in Airteagal 22, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 10 Iúil 2027.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 1, pointí (4) agus (5) den Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 10 Iúil 2029.

Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Bealtaine 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024.

(2)  Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle (IO L 186, 11.7.2019, lch. 122).

(3)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(4)  Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1654/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top