Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024L1260

    Treoir (AE) 2024/1260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní

    PE/3/2024/REV/1

    IO L, 2024/1260, 2.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1260/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1260/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1260

    2.5.2024

    TREOIR (AE) 2024/1260 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 24 Aibreán 2024

    maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(2), Airteagal 83(1) agus (2) agus Airteagal 87(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I Measúnú Europol 2021 ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe (SOCTA), tarraingíodh aird ar an méadú atá ag teacht ar an mbagairt ón gcoireacht eagraithe agus ó insíothlú coiriúil. De thoradh na n-ioncam mór a ghintear tríd an gcoireacht eagraithe, ioncaim dar luach EUR 139 mbilliún ar a laghad gach bliain agus a dhéantar a sciúradh trí chóras airgeadais comhthreomhar dubh níos minice ná riamh, is bagairt shuntasach do shláine an gheilleagair agus na sochaí é infhaighteacht fáltais as gníomhaíochtaí coiriúla, bagairt a laghdaíonn an smacht reachta agus cearta bunúsacha. De réir na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le Straitéis an Aontais 2021–2025 chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe, is é is aidhm don Straitéis sin aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an gcoireacht eagraithe trí chomhar trasteorann agus malartú faisnéise a chur chun cinn, tacú le himscrúduithe éifeachtacha ar líonraí coiriúla, fáltais as gníomhaíochtaí coiriúla a dhíothú, agus forfheidhmiú an dlí agus údaráis bhreithiúnacha a chur in oiriúint don ré dhigiteach.

    (2)

    Is é gnóthachan airgeadais go príomha a spreagann eagraíochtaí coiriúla a fheidhmíonn thar theorainneacha, lena n-áirítear líonraí coiriúla ardriosca. Chun dul i ngleic le bagairt thromchúiseach na coireachta eagraithe, tá sé tábhachtach níos mó acmhainne oibríochtúla agus modhanna riachtanacha a thabhairt d’údaráis inniúla chun ionstraimeachtaí agus fáltais ón gcoireach nó maoine a fhaightear as gníomhaíochtaí coiriúla a rianú agus a shainaithint, a reo, a choigistiú agus a bhainistiú go héifeachtach.

    (3)

    Is minic a dhéanann eagraíochtaí coiriúla cuid dá mbrabús ó ghníomhaíochtaí coiriúla a athinfheistiú chun bonn airgeadais a chruthú lena gcumasaítear dóibh leanúint de ghníomhaíochtaí den sórt sin. Ina theannta sin, is minic a théann eagraíochtaí coiriúla i muinín foréigin, bagairtí, imeaglaithe nó héilliú, chun smacht a fháil ar chuideachtaí, chun lamháltais, údaruithe, tairiscintí nó deontais a fháil, nó chun brabúis nó buntáistí aindleathacha a bhaint amach nó chun príomhbhonneagair amhail moil lóistíochta a insíothlú. Dá bhrí sin, déanann eagraíochtaí den sórt sin dochar don tsaoirse iomaíochta, nó bíonn tionchar acu ar chinntí na n-údarás poiblí, rud a chuireann bagairt ar an smacht reachta agus ar an daonlathas. Is oibreoirí eacnamaíocha domhanda anois iad eagraíochtaí coiriúla a bhfuil cuspóirí fiontraíochta acu. Tá sé riachtanach go mbainfí brabúis aindleathacha de choirpigh chun cur isteach ar a ngníomhaíochtaí agus chun cosc a chur orthu na geilleagair dhlisteanacha a insíothlú.

    (4)

    Is minic a dhéantar an choireacht eacnamaíoch agus airgeadais, go háirithe an choireacht eagraithe, trí bhíthin daoine dlítheanacha, agus is féidir na cionta coiriúla a áirítear faoi raon feidhme na Treorach seo a dhéanamh ar mhaithe leis na daoine dlítheanacha sin nó chun sochair dóibh. Dá bhrí sin, is féidir orduithe reo agus coigistíochta a eisiúint freisin i gcoinne daoine dlítheanacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    (5)

    Chun go mbeidh córas aisghabhála sócmhainní éifeachtach, ní mór ionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht, agus maoin a bhfuil amhras ina leith gur de bhunadh coiriúil í, a rianú agus a shainaithint go gasta. Ba cheart ionstraimeachtaí, fáltais nó maoin den sórt sin a reo chun nach rachaidh siad ar iarraidh, agus ina dhiaidh sin ba cheart iad a choigistiú ar ordú coigistíochta a eisiúint faoi chuimsiú imeachtaí in ábhair choiriúla. Ina theannta sin, chun go mbeidh córas aisghabhála sócmhainní éifeachtach, is gá maoin reoite agus choigistithe a bhainistiú go héifeachtach chun luach na maoine sin a choinneáil seasta le haghaidh an Stáit nó le haghaidh aiseag d’íospartaigh.

    (6)

    Is é atá i gcreat dlíthiúil an Aontais atá ann faoi láthair maidir le hionstraimeachtaí, fáltais nó maoin a rianú agus a shainaithint, a reo, a choigistiú agus a bhainistiú, agus maidir le hoifigí um aisghabháil sócmhainní, Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Cinneadh 2007/845/CGB ón gComhairle (4) agus Cinneadh Réime 2005/212/CGB ón gComhairle (5). Rinne an Coimisiún meastóireacht ar Threoir 2014/42/AE agus ar Chinneadh 2007/845/CGB, agus thángthas ar an gconclúid nár baineadh amach go hiomlán leis an gcreat atá ann faoi láthair an cuspóir beartais maidir leis an gcoireacht eagraithe a chomhrac trína brabús a aisghabháil.

    (7)

    Ba cheart an creat dlíthiúil atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta, ionas go n-éascófaí agus go n-áiritheofaí iarrachtaí éifeachtacha aisghabhála agus coigistithe sócmhainní ar fud an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, a leagan síos leis an Treoir seo rialacha íosta maidir le maoin a rianú agus a shainaithint, a reo, a choigistiú agus a bhainistiú faoi chuimsiú imeachtaí in ábhair choiriúla. Sa chomhthéacs seo, is coincheap uathrialach de chuid dlí an Aontais é imeachtaí in ábhair coiriúla, arna léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, d’ainneoin cásdlí Chúirt Eorpach um Chearta an Duine. Ní dochar an Treoir seo do na nósanna imeachta is féidir leis na Ballstáit a úsáid chun an mhaoin a reo agus a choigistiú. Is gá inniúlacht na n-údarás inniúil chun na fáltais as gníomhaíochtaí coiriúla a bhaint de choirpigh a neartú. Chun na críche sin, ba cheart rialacha a leagan síos chun rianú agus sainaithint sócmhainní a neartú, chomh maith le cumais reo, chun bainistiú na maoine reoite agus coigistithe a fheabhsú go dtí go ndéanfar í a dhiúscairt de thoradh ordú coigistíochta deiridh, chun na hionstraimí a neartú i ndáil le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht agus maoin a fhaightear as gníomhaíochtaí coiriúla de chuid eagraíochtaí coiriúla a choigistiú, agus chun éifeachtúlacht fhoriomlán an chórais aisghabhála sócmhainní a fheabhsú.

    (8)

    Ba cheart leis an Rialachán seo comhar trasteorann a éascú trí na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá a thabhairt do na húdaráis inniúla chun freagairt thapa agus éifeachtach a thabhairt ar iarrataí ó údaráis i mBallstáit eile. Rannchuidíonn forálacha lena leagtar síos rialacha maidir le rianú agus sainaithint luath, gníomhaíocht phráinneach chun reo, nó bainistiú éifeachtúil le feabhas a chur ar na féidearthachtaí maidir le sócmhainní a aisghabháil thar theorainneacha. I bhfianaise chineál domhanda na coireachta eagraithe, agus a hacmhainneacht sócmhainní coiriúla a aistriú go tapa thar theorainneacha, ba cheart an comhar le tríú tíortha a neartú freisin faoi chuimsiú an chreata dhlíthiúil idirnáisiúnta.

    (9)

    Mar gheall ar chineál ilchoireachta na n-eagraíochtaí coiriúla a bhfuil baint acu le raon leathan gníomhaíochtaí aindleathacha i margaí éagsúla, agus ar an gcomhar córasach agus dírithe ar bhrabús i measc na n-eagraíochtaí sin, chun an choireacht eagraithe a chomhrac go héifeachtach, is gá bearta reo agus coigistíochta a bheith ar fáil chun na brabúis ó gach cion coiriúil ina bhfuil grúpaí coiriúla eagraithe gníomhach a chumhdach. Áirítear ar na cionta sin na réimsí coireachta a liostaítear in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). De bhreis ar na coireanna a liostaítear in Airteagal 83(1) CFAE, ba cheart a chumhdach le raon feidhme na Treorach seo freisin gach coir a chomhchuibhítear ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear calaois i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais i bhfianaise rannpháirtíocht mhéadaitheach grúpaí coiriúla eagraithe i gcoireanna den sórt sin. Ba cheart a áireamh i raon feidhme na Treorach seo freisin coireanna comhshaoil, ar gnó lárnach iad do ghrúpaí coiriúla eagraithe agus is minic a bhíonn baint acu le sciúradh airgid nó le dramhaíl agus le hiarmhair a tháirgtear i gcomhthéacs táirgeadh agus gáinneáil drugaí. Is gnó lárnach do ghrúpaí coiriúla eagraithe é teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe a éascú agus bíonn sé nasctha, de ghnáth, leis an ngáinneáil ar dhaoine. Ba cheart an cion coiriúil maidir le héascú iontráil agus cónaí neamhúdaraithe a thuiscint de réir bhrí Threoir 2002/90/CE ón gComhairle (6) agus Chinneadh Réime 2002/946/CGB ón gComhairle (7). Le Cinneadh Réime 2002/946/CGB, foráiltear go bhféadfar coigistiú an mhodha iompair a úsáidtear chun an cion a dhéanamh a bheith ag gabháil le pionóis choiriúla, agus leagtar amach go soiléir go bhfuil feidhm ag a fhorálacha gan dochar don chosaint a thugtar do dhídeanaithe agus d’iarrthóirí tearmainn chun cúnamh daonnúil a chur ar fáil i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

    (10)

    Sa bhreis ar an gcion arb é atá ann rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil de réir bhrí Airteagal 2 de Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle (8), ba cheart cionta coiriúla eile dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Chinneadh Réime 2008/841/CGB agus mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta a áireamh i raon feidhme na Treorach seo a mhéid a dhéantar iad faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1) de Chinneadh Réime 2008/841/CGB agus mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta, d’fhonn gnóthachain aindleathacha a fhaightear as gníomhaíochtaí coiriúla a dhéanann eagraíochtaí coiriúla de ghnáth. Moltar do na Ballstáit go háirithe a áirithiú go n-áireofar i raon feidhme na Treorach seo coireanna a bhaineann le góchumadh agus píoráideacht táirgí, gáinneáil aindleathach ar earraí cultúrtha, brionnú doiciméad riaracháin agus gáinneáil orthu, dúnmharú nó mórdhíobháil choirp, trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna, fuadach, srianadh neamhdhleathach nó gabháil giall, robáil eagraithe nó armtha, cambheartaíocht agus sracaireacht, gáinneáil ar fheithiclí goidte, coireanna cánach a bhaineann le cánacha díreacha agus cánacha indíreacha, coirloscadh, calaois agus caimiléireacht, gáinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha agus coireanna a thagann faoi dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta. Leis an Treoir seo, áfach, ní chuirtear d’oibleagáid ar Bhallstát aon chion coiriúil a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun.

    (11)

    Chun cur chun feidhme éifeachtach bhearta sriantacha an Aontais a áirithiú, is gá raon feidhme na Treorach seo a leathnú chuig cionta coiriúla a chumhdaítear le Treoir (AE) 2024/1226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

    (12)

    Chun maoin a chumhdach a d’fhéadfaí a chlaochlú agus a aistriú chun a tionscnamh a cheilt, agus chun comhchuibhiú agus soiléireacht na sainmhínithe ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart sainmhíniú leathan a thabhairt ar mhaoin a d’fhéadfadh a bheith faoi réir reo agus coigistiú. Ba cheart a chumhdach leis doiciméid nó ionstraimí dlí, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach nó dhigiteach, lena bhfianaítear teideal ar mhaoin atá faoi réir reo nó coigistiú, nó leas inti, lena n-áirítear mar shampla, ionstraimí airgeadais, iontaobhais nó doiciméid a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héilimh ó chreidiúnaithe agus a fhaightear de ghnáth i seilbh an duine dá ndéanann na nósanna imeachta ábhartha difear. Ní dochar an Treoir seo do na nósanna imeachta náisiúnta atá ann faoi láthair maidir le coinneáil doiciméad dlíthiúil nó ionstraimí dlí lena bhfianaítear teideal ar mhaoin nó leas inti, de réir mar a chuireann údaráis inniúla náisiúnta nó comhlachtaí poiblí náisiúnta i bhfeidhm iad i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart leis an sainmhíniú ar mhaoin gach cineál maoine a chumhdach, lena n-áirítear cripteashócmhainní.

    (13)

    Chun maoin a chumhdach a d’fhéadfaí a chlaochlú agus a aistriú chun a tionscnamh a cheilt, agus chun comhchuibhiú agus soiléireacht na sainmhínithe ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart sainmhíniú leathan a thabhairt ar fháltais ón gcoireacht, chun fáltais dhíreacha ó ghníomhaíochtaí coiriúla agus gach tairbhe indíreach a áireamh, lena n-áirítear ath-infheistiú nó claochlú fáltas díreach ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis na sainmhínithe i Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Dá bhrí sin, ba cheart a áireamh sna fáltais aon mhaoin, lena n-áirítear maoin a claochlaíodh nó a tiontaíodh, go hiomlán nó go páirteach, ina maoin eile, agus aon mhaoin a cumascadh le maoin a fhaightear ó fhoinsí dlisteanacha, suas le luach measúnaithe na bhfáltas cumaiscthe. Ba cheart a áireamh ann freisin an t-ioncam nó tairbhí eile a fhaightear as fáltais ón gcoireacht, nó ó mhaoin ar aistríodh, ar tiontaíodh, nó ar cumascadh na fáltais sin inti nó a ndearnadh na fáltais sin a aistriú, a thiontú nó a chumasc léi.

    (14)

    Tá sé ríthábhachtach maoin a rianú agus a shainaithint go luath in imscrúdú coiriúil chun a áirithiú go sainaithneofaí go pras ionstraimeachtaí, fáltais nó maoin a d’fhéadfaí a choigistiú ina dhiaidh sin, lena n-áirítear maoin a bhaineann le gníomhaíochtaí coiriúla atá suite i ndlínsí eile, agus a éascódh ar an tslí sin an comhar trasteorann. Chun a áirithiú go dtabharfaí tosaíocht leordhóthanach d’imscrúduithe airgeadais i ngach Ballstát, chun aghaidh a thabhairt ar choir de chineál trasteorann, is gá a cheangal ar údaráis inniúla rianú sócmhainní a sheoladh ón tráth atá amhras ann go bhfuil gníomhaíocht choiriúil ann a d’fhéadfadh tairbhí suntasacha eacnamaíocha a ghiniúint. Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh na dóchúlachta go mbeidh na tairbhí eacnamaíocha substaintiúil, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann tairseacha íosta a shocrú maidir le luach na bhfáltas ionchasach nó foráil a dhéanamh do mheasúnú cás ar chás ag údaráis inniúla. Chun solúbthacht leordhóthanach a chur san áireamh agus imscrúduithe airgeadais á seoladh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an raon feidhme a theorannú d’imscrúduithe ar chionta coiriúla ar dócha go ndearnadh iad faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil. Chun imscrúduithe airgeadais éifeachtacha a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit na hacmhainní airgeadais, teicniúla agus daonna is gá a sholáthar.

    (15)

    Chun cur i bhfeidhm éifeachtach bhearta sriantacha an Aontais a áirithiú, bhunaigh an tAontas comhrialacha íosta maidir le sainmhínithe ar iompar coiriúil lena sáraítear bearta sriantacha an Aontais. Ionas go mbeidh sé níos éasca cionta coiriúla a bhaineann le sárú ar bhearta sriantacha an Aontais a bhrath, tá sé tábhachtach oifigí um aisghabháil sócmhainní a chumhachtú chun maoin daoine agus eintiteas atá faoi réir na mbeart sin a rianú agus a shainaithint, arna iarraidh sin d’údaráis inniúla naisiúnta bunaithe ar thásca agus ar fhorais réasúnacha a bheith ann lena chreidiúint go ndearnadh na cionta coiriúla sin. Ba cheart nár dhochar na cumhachtaí sin do na ceanglais nós imeachta agus do na coimircí arna mbunú faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear na rialacha maidir le himeachtaí coiriúla a thionscnamh nó, i gcás inar gá, an ceanglas údarú breithiúnach a fháil.

    (16)

    Ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh rianú agus sainaithint éifeachtach maoine ag brath ar bhearta rianaithe agus bearta sainaitheanta a mbeadh idirghabháil ó údaráis eile ag teastáil ina leith, tá sé tábhachtach go mbeidh oifigí um aisghabháil sócmhainní in ann iarraidh ar na húdaráis ábhartha comhoibriú leo. Tá na coinníollacha le haghaidh na n-iarrataí sin faoi réir an dlí náisiúnta. Is féidir leis na Ballstáit ionadaithe ó údaráis forfheidhmithe dlí agus ó údaráis bhreithiúnacha araon a áireamh ar an bhfoireann ina n-oifigí um aisghabháil sócmhainní nó féadfaidh siad oifigí um aisghabháil sócmhainní a bhunú faoi chuimsiú údarás forfheidhmithe dlí agus na breithiúna araon.

    (17)

    Mar gheall ar chineál trasnáisiúnta an airgeadais a úsáideann grúpaí coiriúla eagraithe, ba cheart faisnéis a mhalartú go tapa idir na Ballstáit, ar faisnéis í a chabhródh chun ionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht agus ó mhaoin eile faoi úinéireacht nó faoi rialú coirpeach a shainaithin. Chun na críche sin, is gá oifigí um aisghabháil sócmhainní a chumhachtú chun maoin a d’fhéadfaí a choigistiú ina dhiaidh sin a rianú agus a shainaithint, chun a áirithiú go mbeidh rochtain acu ar an bhfaisnéis is gá faoi choinníollacha soiléire, agus chun rialacha a bhunú maidir le faisnéis a mhalartú go tapa lena chéile, go spontáineach nó arna iarraidh sin. I gcásanna práinneacha ina bhfuil baol ann go n-imeoidh an mhaoin, ba cheart freagraí a thabhairt ar an bhfaisnéis a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná laistigh d’ocht n-uair an chloig. An ceanglas atá ar oifigí aisghabhála sócmhainní ionstraimeachtaí, fáltais nó maoin a rianú agus a shainaithint is ábhar d’ordú reo nó coigistíochta nó a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar d’ordú reo nó coigistíochta arna eisiúint ag Ballstát eile, is é is aidhm dó ullmhú nó forghníomhú orduithe reo ó Bhallstáit eile a éascú, ach ní thugtar le tuiscint leis go bhfuil oibleagáid ann orduithe den sórt sin a aithint de bhun Rialachán (AE) 2018/1805.

    (18)

    Chun imscrúduithe éifeachtacha rianaithe sócmhainní a dhéanamh, agus chun freagairt go tapa d’iarrataí trasteorann, ba cheart rochtain a bheith ag oifigí um aisghabháil sócmhainní ar an bhfaisnéis is gá a shuíomh gurb ann do mhaoin is ábhar d’ordú reo nó coigistíochta nó a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar d’ordú reo nó coigistíochta, chomh maith le húinéireacht nó rialú na maoine sin. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain láithreach agus dhíreach a bheith ag oifigí um aisghabháil sócmhainní ar shonraí ábhartha, mar shampla, faisnéis maidir le réadmhaoin, cláir náisiúnta saoránachta agus daonra, bunachair sonraí tráchtála agus bunachair sonraí feithiclí sa bhreis ar an rochtain ar fhaisnéis cuntas bainc de bhun Threoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba cheart an rochtain agus na cuardaigh a bheith láithreach agus díreach, inter alia, i gcás ina ndéanann na húdaráis náisiúnta a oibríonn clár faisnéis a tharchur chuig údaráis inniúla go mear trí shásra uathoibrithe, ar choinníoll nach mbeidh aon institiúid idirmheánach ábalta cur isteach ar na sonraí a iarradh ná ar an bhfaisnéis atá le cur ar fáil. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain thapa ag na hoifigí um aisghabháil sócmhainní, go láithreach nó go díreach nó arna iarraidh sin, ar fhaisnéis eile a d’fhéadfadh a bheith luachmhar chun maoin ábhartha a shainaithint, mar shampla, faisnéis maidir le morgáistí agus iasachtaí, sonraí custaim nó faisnéis maidir le haistrithe de dhroim sreinge agus iarmhéideanna na gcuntas, chomh maith le sonraí fioscacha, sonraí slándála sóisialta agus faisnéis faoi fhorfheidhmiú an dlí. Maidir le sonraí fioscacha, sonraí slándála sóisialta náisiúnta agus faisnéis maidir le forfheidhmiú an dlí, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh rochtain a thabhairt d’oifigí um aisghabháil sócmhainní ar an bhfaisnéis sin ar bhonn iarrataí réasúnaithe, agus a chur ar chumas na n-údarás a bhfuil faisnéis den sórt sin i seilbh acu rochtain ar fhaisnéis den sórt sin a dhiúltú faoi choinníollacha áirithe, chun sláine na n-imscrúduithe, rúndacht na faisnéise arna soláthar ag Ballstát eile nó ag tríú tír a áirithiú chomh maith le comhréireacht na n-iarrataí ar fhaisnéis i ndáil le leasanna dlisteanacha duine nádúrtha nó dhlítheanaigh. Ba cheart rochtain ar fhaisnéis a bheith faoi réir coimircí sonracha lena gcuirtear cosc ar mhí-úsáid na gceart rochtana. Comhlánaíonn na coimircí sin na ceanglais chun foráil a dhéanamh maidir le logaí rochtana agus gníomhaíochtaí cuardaigh de bhun Airteagal 25 de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Ní chuireann rochtain ar an bhfaisnéis sin cosc ar na Ballstáit rochtain a chur faoi réir coimircí nós imeachta mar a bhunaítear faoin dlí náisiúnta agus aird chuí á tabhairt ar an ngá go mbeadh oifigí um aisghabháil sócmhainní in ann freagra a thabhairt go tapa ar iarrataí trasteorann. Níor cheart do chur chun feidhme na gcoimircí nós imeachta difear a dhéanamh do chumas na n-oifigí um aisghabháil sócmhainní freagairt d’iarrataí ó Bhallstáit eile, go háirithe i gcás iarrataí práinneacha.

    (19)

    Chun slándáil na faisnéise a roinntear idir oifigí um aisghabháil sócmhainní a áirithiú, ba cheart rochtain dhíreach a bheith ag gach oifig um aisghabháil sócmhainní ar an bhFeidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA), arna bhainistiú ag Europol i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Ba cheart úsáid a bhaint as SIENA nó, i gcás inar gá ar bhonn eisceachtúil, as bealaí slána eile do gach cumarsáid idir oifigí um aisghabháil sócmhainní faoin Treoir seo. D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach bealach slán eile a úsáid i gcásanna eisceachtúla mar shampla i gcás ina n-éilíonn práinn na hiarrata ar fhaisnéis cainéal cumarsáide eile a úsáid go sealadach nó i gcás ina n-éilíonn an malartú faisnéise rannpháirtíocht tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ina bhfuil cúiseanna oibiachtúla ann chun a chreidiúint go mbeidh gá leis an rannpháirtíocht sin ag céim níos déanaí. Ba cheart an tagairt do SIENA a léamh mar thagairt a bhfuil feidhm aici maidir lena chomharba freisin, i gcás ina ndéantar SIENA a ionadú.

    (20)

    I bhfianaise a thapúla a bhogann coirpigh sócmhainní coiriúla ó dhlínse go dlínse, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na hoifigí um aisghabháil sócmhainní an fhaisnéis is gá chun a gcúraimí a dhéanamh a mhalartú go tapa. I gcásanna eisceachtúla, d’fhéadfadh sé go mbeadh údar oibiachtúil ag oifigí um aisghabháil sócmhainní le diúltú faisnéis a chur ar fáil d’oifig eile um aisghabháil sócmhainní dá ndéanfadh an fhaisnéis sin dochar do leasanna slándála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an oifig um aisghabháil sócmhainní a fhaigheann an iarraidh lonnaithe, nó dá gcuirfeadh sí imscrúduithe leanúnacha nó oibríochtaí faisnéise coiriúla i mbaol, nó dá mbeadh garbhaol ann do bheatha nó do shláine fhisiciúil duine nó dá mba léir go mbeadh sí díréireach nó neamhábhartha maidir leis na críocha dár iarradh an fhaisnéis. Agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, ba cheart d’oifigí um aisghabháil sócmhainní dícheall cuí a fheidhmiú, lena n-áirítear maidir le cearta bunúsacha a urramú.

    (21)

    Is coincheapa uathrialacha iad an reo agus an coigistiú faoin Treoir seo, agus níor cheart go gcuirfidís cosc ar na Ballstáit an Treoir seo a chur chun feidhme ag úsáid na n-ionstraimí a meastar, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, iad a bheith ina smachtbhannaí nó ina gcineálacha eile beart.

    (22)

    Mar thoradh ar choigistiú déantar díothú deiridh ar an maoin. D’fhéadfadh caomhnú na maoine a bheith ina réamhriachtanas maidir le coigistiú, áfach, agus is minic a bhíonn sé fíor-riachtanach chun forghníomhú éifeachtach a dhéanamh ar ordú coigistíochta. Déantar maoin a chaomhnú trí mheán an reo. Chun cosc a chur le himeacht maoine, ba cheart an chumhacht a thabhairt do na húdaráis inniúla sna Ballstáit, lena bhféadfar oifigí um aisghabháil sócmhainní a áireamh iontu, gníomhú láithreach, a d'fhéadfadh teacht i bhfoirm ordaithe, chun an mhaoin sin a dhaingniú go dtí go n-eisítear ordú reo. I bhfianaise chineál eisceachtúil na gníomhaíochta sin, ba cheart do na Ballstáit teorainn a chur lena bailíocht shealadach.

    (23)

    I gcás nach mbeidh na húdaráis inniúla in ann gníomhú láithreach, ba cheart do na Ballstáit cead a thabhairt d’oifigí um aisghabháil sócmhainní gníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis an ngníomhaíocht sin go háirithe i gcás ina ndearna oifig um aisghabháil sócmhainní, arna iarraidh sin dó ag oifig um aisghabháil sócmhainní i mBallstát eile, sócmhainní a d’fhéadfadh imeacht go han-tapa gan tásc ná tuairisc a rianú agus a shainaithint, mar shampla, criptea-shócmhainní, agus i gcás nach bhfuil na húdaráis inniúla sna Bhallstát ina bhfuil an oifig um aisghabháil sócmhainní a fhaigheann an iarraidh lonnaithe in ann gníomhú láithreach in éagmais imscrúdú coiriúil sa Bhallstát sin. Ba cheart d’oifigí um aisghabháil sócmhainní a bheith in ann na sócmhainní a urrú go dtí go bhféadfar ordú reo Eorpach de bhun Rialachán (AE) 2018/1805 a eisiúint.

    (24)

    I bhfianaise an chur isteach ar an gceart chun maoine de dheasca orduithe reo, níor cheart na bearta sealadacha sin a choinneáil i bhfeidhm níos faide ná mar is gá chun infhaighteacht na maoine a chaomhnú d’fhonn an mhaoin sin a choigistiú ina dhiaidh sin. Chun bearta sealadacha den sórt sin a choinneáil ar bun, d’fhéadfadh sé gur ghá athbhreithniú cúirte náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh an cuspóir maidir le himeacht na maoine a chosc fós bailí.

    (25)

    Ba cheart nár dhochar na bearta reo don fhéidearthacht go measfaí maoin ar leith a bheith ina fianaise le linn na n-imeachtaí, ar choinníoll go gcuirfí an mhaoin sin ar fáil ar deireadh thiar ionas go bhféadfaí an t-ordú coigistíochta a fhorghníomhú go héifeachtach. I gcomhthéacs imeachtaí coiriúla, is féidir maoin a reo freisin d’fhonn go bhféadfaí í a aiseag ina dhiaidh sin, nó chun cúiteamh ar an damáiste a rinneadh mar thoradh ar chion coiriúil a chosaint.

    (26)

    De bhreis ar bhearta coigistíochta lena gceadaítear do na húdaráis na hionstraimeachtaí nó na fáltais a bhaint de choirpigh, faoi réir ciontú críochnaitheach, ní mór cur ar a gcumas dóibh maoin ar luach coibhéiseach leis na hionstraimeachtaí nó na fáltais sin a choigistiú chun maoin ar luach coibhéiseach le hionstraimeachtaí agus le fáltais ó choireanna a ghabháil, aon uair nach féidir ionstraimeachtaí agus fáltais den sórt sin a choigistiú. Tá an tsaoirse ag na Ballstáit coigistiú maoine ar luach coibhéiseach a shainiú ina fhochoigistiú nó ina choigistiú malartach ar ionstraimeachtaí agus ar fháltais, de réir mar is iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    (27)

    Agus an Treoir seo á cur chun feidhme i ndáil le coigistiú maoine a gcomhfhreagraíonn a luach d’ionstraimeachtaí, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha ábhartha, i bhfianaise imthosca áirithe an cháis, i gcás ina bhfuil an beart sin comhréireach, agus aird ar leith á tabhairt ar luach na n-ionstraimeachtaí lena mbaineann. Is féidir leis na Ballstáit a chur san áireamh freisin cibé acu atá nó nach bhfuil an duine ciontaithe freagrach as neamhfhéidearthacht ionstraimeachtaí a choigistiú, agus a mhéid atá an duine sin freagrach.

    (28)

    Tá sé coitianta agus forleathan mar chleachtas go ndéanfadh duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe maoin nó fáltais a aistriú chuig tríú páirtí, ar tríú páirtí eolach é, d’fhonn coigistiú a sheachaint. Tagraíonn éadáil ag tríú páirtí do chásanna, mar shampla, ina bhfaightear maoin, go díreach nó go hindíreach, mar shampla trí idirghabhálaí, ó dhuine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, lena n-áirítear nuair a rinneadh an cion coiriúil ar a shon nó chun a leasa, agus i gcás nach bhfuil maoin ag an atá cúisithe ar féidir í a choigistiú. Ba cheart a bheith an coigistiú sin a a bheith indéanta, ar a laghad, i gcásanna inar suíodh go raibh a fhios ag na tríú páirtithe ábhartha, nó gur cheart gurbh eol dóibh, gurbh é cuspóir an aistrithe nó na héadála coigistiú a sheachaint. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar cibé an raibh a fhios ag an tríú páirtí nó ar cheart gurbh eol dóibh ar bhonn fíorais agus imthosca nithiúla, lena n-áirítear go ndearnadh an t-aistriú saor in aisce nó mar mhalairt ar mhéid airgid a bhí i bhfad níos díréirí leis an luach margaidh, gur aistríodh an mhaoin chuig páirtithe a raibh dlúthbhaint acu le chéile nó gur fhan sí faoi rialú éifeachtach an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe. D’fhéadfaí a áireamh le haistrithe chuig páirtithe a bhfuil dlúthbhaint acu leis an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe aistrithe chuig baill teaghlaigh nó chuig daoine nádúrtha a bhfuil socruithe dlíthiúla acu, nó dlúthchaidreamh gnó eile, leis an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe; nó aistrithe chuig eintitis dhlíthiúla ina bhfuil an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe nó ball teaghlaigh ina bhall de na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta. Ba cheart a chumhdach leis na rialacha maidir le coigistiú tríú páirtí daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha araon, gan dochar do cheart tríú páirtithe chun éisteacht a fháil, lena n-áirítear an ceart chun úinéireacht na maoine lena mbaineann a éileamh. In aon chás, ba cheart cearta tríú páirtithe bona fide a chosaint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    (29)

    Bíonn eagraíochtaí coiriúla i mbun raon leathan gníomhaíochtaí coiriúla. Chun dul i ngleic go héifeachtach le gníomhaíochtaí coiriúla eagraithe, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina mbeadh sé iomchuí, de thoradh ciontú coiriúil i gcion coiriúil a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le tairbhí eacnamaíocha, ní hamháin coigistiú a dhéanamh ar mhaoin atá bainteach le cion ar leith, lena n-áirítear fáltais ón gcoireacht nó a hionstraimeachtaí, ach coigistiú a dhéanamh freisin ar mhaoin bhreise a chinnfidh an chúirt gur mhaoin í a fuarthas as iompar coiriúil. Ba cheart coigistiú leathnaithe mar sin a bheith indéanta i gcás inar deimhin leis an gcúirt gur as iompar coiriúil a fuarthas an mhaoin, gan aon cheanglas ann maidir le ciontú i leith an iompair choiriúil sin. D’fhéadfadh aon chineál ciona a bheith i gceist leis an iompar coiriúil ábhartha. Ní gá cionta coiriúla aonair a chruthú, ach ní mór gur deimhin leis an gcúirt gurb as iompar coiriúil den sórt sin a fuarthas an mhaoin i gceist. Sa chomhthéacs sin, ní mór don chúirt imthosca sonracha an cháis a mheas, lena n-áirítear na fíorais agus an fhianaise atá ar fáil, ar ar a mbonn is féidir cinneadh maidir le coigistiú leathnaithe a eisiúint. I measc na bhfíoras sin d’fhéadfadh cúirt a chinneadh go bhfuarthas an mhaoin as iompar coiriúil toisc go bhfuil maoin an duine díréireach le hioncam dlíthiúil an duine sin. D’fhéadfadh na Ballstáit ceanglas le haghaidh tréimhse áirithe ama a chinneadh a d’fhéadfaí a mheas gur lena linn a fuarthas an mhaoin ó iompar coiriúil.

    (30)

    Ba cheart a bheith in ann coigistiú a dhéanamh i gcás nach féidir ciontú críochnaitheach a dhéanamh mar gheall ar thinneas, éalú nó bás an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe. Ba cheart a bheith in ann coigistiú a dhéanamh chomh maith i gcás tréimhsí teorann a fhorordaítear faoin dlí náisiúnta do na cionta coiriúla ábhartha faoi bhun 15 bliana atá imithe in éag tar éis imeachtaí coiriúla a bheith tionscanta. Níor cheart coigistiú a cheadú ach amháin i gcás ina bhféadfadh ciontú críochnaitheach i gcion coiriúil a theacht as imeachtaí coiriúla ach na himthosca thuas gan a bheith ann, ar a laghad i leith cionta a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis, go díreach nó go hindíreach, le tairbhe eacnamaíoch substaintiúil, agus i gcás inar deimhin leis an gcúirt náisiúnta go bhfuarthas na hionstraimeachtaí, na fáltais nó an mhaoin a bheidh le coigistiú as an gcion coiriúil nó go bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu leis an gcion coiriúil. I gcásanna breoiteachta agus éalaithe, ba cheart gur leor imeachtaí a bheith ann in absentia sna Ballstáit chun an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le coigistiú den sórt sin a chumasú. Tá sé tábhachtach a mheabhrú gur chuir comhlachtaí idirnáisiúnta in iúl go bhféadfaí coigistiú a dhéanamh in éagmais ciontaithe chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní ar ghnóthachain aindleathacha a choigistiú de bharr díolúine agus maithiúnas.

    (31)

    Chun críocha na Treorach seo, ba cheart tinneas a thuiscint mar neamhábaltacht an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe freastal ar na himeachtaí coiriúla ar feadh tréimhse ama sínithe, a mbeadh mar thoradh air go mbeadh baol ann go n-imeodh na teorainneacha ama a leagtar síos sa dlí náisiúnta le haghaidh freagracht choiriúil in éag agus nach bhféadfaí leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí sin.

    (32)

    I gcásanna nach gcuirtear na bearta coigistíochta in Airteagail 12 go 15 i bhfeidhm ar chúiseanna dlíthiúla nó fíorasacha arna gcinneadh leis an dlí náisiúnta, ba cheart é a bheith indéanta fós maoin a sainaithníodh nó, i gcás ina n-éilíonn an córas dlí náisiúnta reo sócmhainní, atá reoite i gcomhthéacs imscrúdaithe i ndáil le cion coiriúil bunaithe ar thásca go bhféadfadh sé go bhfuarthas an mhaoin as iompar coiriúil. Ba cheart an mhaoin sin a choigistiú más deimhin leis an gcúirt go bhfuarthas an mhaoin as iompar coiriúil i gcás inar dócha an iompar sin a bheith ina chúis, go díreach nó go hindíreach, le tairbhe shubstaintiúil eacnamaíoch agus a rinneadh faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil. Agus cinneadh á dhéanamh acu an bhféadfadh iompar coiriúil a bheith ina chúis le tairbhe substaintiúil eacnamaíoch, is féidir leis na Ballstáit na himthosca ábhartha uile a chur san áireamh, lena n-áirítear an modus operandi, mar shampla más é coinníoll an chiona go ndearnadh an cion i gcomhthéacs na coireachta eagraithe nó le hintinn brabús rialta a ghiniúint as cionta coiriúla. Ba cheart do na Ballstáit coigistiú an rachmais gan údar maith sin a chumasú nuair a bhaineann an t-imscrúdú inar sainaithníodh an mhaoin le cion a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo atá inphionóis le cailleadh saoirse ar feadh uastréimhse 4 bliana ar a laghad. Áirithítear leis an gcoinníoll sin go mbeidh an fhéidearthacht ann rachmas neamh-mhínithe a choigistiú in imscrúduithe coiriúla ar chionta coiriúla a chomhlíonann tairseach áirithe tromchúise.

    (33)

    Agus na rialacha náisiúnta lena gcuirtear an Treoir seo chun feidhme á gcur i bhfeidhm, is féidir leis na húdaráis inniúla náisiúnta a roghnú gan coigistiú rachmais gan údar maith a ordú ná a fhorghníomhú i gcás inar léir, sa chás i dtrácht, go mbeadh cur i bhfeidhm na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo go follasach míréasúnach nó díréireach. Is féidir leis na Ballstáit ceanglas a chinneadh le haghaidh tréimhse áirithe ama a d’fhéadfaí a mheas gur lena linn a fuarthas an mhaoin ó iompar coiriúil den sórt sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-urramaítear cearta nós imeachta iomchuí an duine dá ndéantar difear. Ba cheart cearta tríú páirtithe bona fide a chosaint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    (34)

    Cé nár cheart é a bheith ina réamhchoinníoll chun maoin neamh-mhínithe a choigistiú go gcruthófaí cionta aonair, ní mór dóthain fíorais agus imthosca a bheith ann chun go mbeidh an chúirt sásta go bhfuarthas an mhaoin i dtrácht as cionta coiriúla. D’fhéadfadh aon chineál ciona arna dhéanamh faoi chuimsiú chreat eagraíochta coiriúla a bheith i gceist leis an iompar coiriúil ábhartha agus d’fhéadfadh sé go n-eascródh tairbhe eacnamaíoch shuntasach as, rud a bheadh tromchúiseach dá bhrí sin. Agus cinneadh á dhéanamh cibé ar cheart an mhaoin a choigistiú, ba cheart do chúirteanna náisiúnta imthosca ábhartha uile an cháis a chur san áireamh, lena n-áirítear an fhianaise atá ar fáil agus fíorais shonracha, amhail go bhfuil luach na maoine díréireach go mór le hioncam dleathach an duine. Fachtóir ábhartha eile a d’fhéadfadh a bheith ann ná easpa foinse dhleathach shochreidte na maoine, toisc gur féidir cuntas a thabhairt ar fhoinse na maoine a fuarthas go dleathach de ghnáth. D’fhéadfadh nasc ag an duine le gníomhaíochtaí eagraíochta coiriúla a bheith ábhartha freisin, mar aon le himthosca amhail an cás inar aimsíodh an mhaoin nó tásca go bhfuil siad rannpháirteach i ngníomhaíochtaí coiriúla. Ba cheart an measúnú a dhéanamh ar bhonn cás ar chás ag brath ar imthosca an cháis. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh coigistiú rachmais gan údar maith a cheadú nuair a scoirfear d’imeachtaí coiriúla nó a cheadú coigistiú den sórt sin a ordú ar leithligh ó imeachtaí coiriúla sa chion.

    (35)

    Leis an Treoir seo, ní chuirtear cosc ar na Ballstáit bearta a ghlacadh lena gcumasófar coigistiú rachmais gan údar maith le haghaidh coireanna nó imthosca eile. Tá ábhar na Treorach seo teoranta d’imeachtaí in ábhair choiriúla, agus níl feidhm ag an Treoir seo aici maidir le bearta coigistíochta in imeachtaí in ábhair shibhialta a d’fhéadfadh a bheith curtha chun feidhme ag na Ballstáit.

    (36)

    Ba cheart é a bheith indéanta maoin atá le reo agus le coigistiú a rianú agus a shainaithint fiú tar éis ciontú críochnaitheach i gcion coiriúil, nó tar éis imeachtaí lena mbaineann coigistiú nach mbunaítear ar chiontú. Ní chuireann sé sin cosc ar na Ballstáit teorainneacha ama réasúnta a bhunú tar éis ciontú críochnaitheach nó cinneadh críochnaitheach sna himeachtaí lena mbaineann coigistiú nach mbunaítear ar chiontú, agus ní bheadh rianú ná sainaithint indéanta a thuilleadh tar éis di dul in éag.

    (37)

    Ós rud é gur féidir le gníomhaíochtaí coiriúla dochar mór a dhéanamh d’íospartaigh, tá sé bunriachtanach a gcearta a chosaint, lena n-áirítear na cearta chun cúiteamh agus aiseag a fháil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear éilimh na n-íospartach ar aiseag agus ar chúiteamh in aghaidh an duine atá faoi réir beart coigistíochta mar thoradh ar chion coiriúil san áireamh in imeachtaí rianaithe reoite agus coigistíochta sócmhainní, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann. Thairis sin, chun cúiteamh agus aiseag maoine le híospartaigh a éascú, is gá rianú maoine a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar d’éilimh mar sin a éascú chomh maith leis an malartú faisnéise idir údaráis atá inniúil ar rianú sócmhainní agus údaráis atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh maidir le héilimh ó íospartaigh nó cinntí den sórt sin a fhorghníomhú.

    (38)

    Le hathúsáid shóisialta maoine coigistithe, cuirtear teachtaireacht infheicthe chuig an tsochaí i gcoitinne maidir le tábhacht luachanna amhail ceartas agus dlíthiúlacht, athdheimhnítear leitheadúlacht an smachta reachta sna pobail a ndéanann an choireacht eagraithe difear níos dírí dóibh, agus cothaítear athléimneacht na bpobal sin i gcoinne insíothlú coiriúil ina gcreatlach shóisialta agus eacnamaíoch, mar a tugadh faoi deara sna Ballstáit a bhfuil bearta athúsáide sóisialta den sórt sin glactha acu cheana féin. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun go bhféadfar maoin choigistithe a úsáid ar mhaithe le leas an phobail nó chun críocha sóisialta, ionas gur féidir maoin choigistithe a choinneáil mar mhaoin Stáit chun críocha ceartais, forfheidhmithe dlí, seirbhíse poiblí, sóisialta nó eacnamaíocha nó ionas go bhféadfar an mhaoin choigistithe sin a aistriú chuig na húdaráis ón mbardas nó ón réigiún ina bhfuil sí lonnaithe ionas gur féidir leis na húdaráis sin í a úsáid chun na gcríoch sin, lena n-áirítear í a shannadh d’eagraíochtaí a dhéanann obair ar mhaithe leis an leas sóisialta. Ní dochar úsáid maoine coigistithe chun na gcríoch sin do neamhspleáchas buiséadach na mBallstát.

    (39)

    Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann freisin an mhaoin choigistithe a úsáid chun rannchuidiú le sásraí chun tacú le tríú tíortha atá thíos le cásanna ar glacadh bearta sriantacha de chuid an Aontais mar fhreagairt orthu, sa mhéid go bhfuil baint dhíreach nó indíreach ag an gcion a rinneadh leis an staid sin. Ba cheart don Choimisiún comhar idir na Ballstáit agus le tríú tíortha a éascú agus d’fhéadfadh sé treoir a thabhairt maidir leis na nósanna imeachta agus na sásraí airgeadais is éifeachtaí atá ar fáil chun tacú leis na tríú tíortha sin d’fhonn úsáid ionstraimeachtaí coigistithe, fáltas coigistithe nó maoine coigistithe a chur chun cinn chun na críche sin.

    (40)

    Moltar do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun cosc a chur ar mhaoin a fháil, go díreach nó go hindíreach, le linn a diúscartha ar ordú coigistíochta, ag daoine a ciontaíodh sna himeachtaí coiriúla inar reodh an mhaoin. Is féidir bearta den sórt sin a theorannú do mhaoin os cionn luach áirithe agus d’fhéadfaí a áireamh leo cineálacha áirithe eintiteas a eisiamh ó pháirt a ghlacadh i ndíol na maoine, doiciméadacht a éileamh ón gceannaitheoir nó measúnú a dhéanamh ar aon naisc idir an ceannaitheoir agus an duine ciontaithe. Is féidir leis na Ballstáit bearta den sórt sin a chur i bhfeidhm freisin maidir le maoin reoite a dhíol.

    (41)

    Chun a áirithiú go gcoinneoidh maoin is ábhar d’ordú reo nó coigistíochta, nó a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar d’ordú reo nó coigistíochta, a luach eacnamaíoch, ba cheart do na Ballstáit bearta bainistíochta éifeachtacha a chur i bhfeidhm. Áirítear leis na bearta sin bainistíocht éifeachtúil eintiteas, amhail gnóthais, ar cheart iad a chaomhnú mar ghnóthas leantach, agus na bearta is gá á ndéanamh ag an am céanna chun a áirithiú nach mbainfidh an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe tairbhe go díreach nó go hindíreach as oibríochtaí leanúnacha eintiteas den sórt sin nó, i gcás inarb iomchuí, bearta maoirseachta a dhéanamh maidir le rialú eintiteas den sórt sin.

    (42)

    I gcás ina bhfuil údar leis mar gheall ar chineál na maoine, lena n-áirítear a luach nó an gá atá le coinníollacha bainistíochta sonracha, ba cheart measúnú a dhéanamh ar conas na costais bhainistíochta a íoslaghdú agus luach na maoine a chaomhnú agus é á ullmhú nó, ar a dhéanaí, gan moill mhíchuí tar éis an t-ordú reo a fhorghníomhú. Is é is cuspóir don mheasúnú na breithnithe ábhartha a chur ar fáil do na húdaráis inniúla, ar breithnithe iad atá le cur san áireamh roimh ghlacadh nó fhorghníomhú an ordaithe reo, le linn a ghlactha nó a fhorghníomhaithe, nó i ndiaidh a ghlactha nó a fhorghníomhaithe. Is féidir leis na Ballstáit treoir a thabhairt conas measúnú den sórt sin a dhéanamh agus imthosca na maoine atá le reo á gcur san áireamh agus é a áirithiú nach gcuireann an measúnú forghníomhú tráthúil an ordaithe reo i mbaol.

    (43)

    I gcásanna ina nglactar leis go réasúnta go bhfuil an mhaoin reoite meatach, nó go bhfuil sé ag dímheas go tapa, go bhfuil a costais chothabhála díréireach lena luach ionchais tráth an choigistithe, go bhfuil sé ródheacair í a riar nó go bhfuil sé éasca í a athsholáthar, ba cheart do na Ballstáit cead a thabhairt an mhaoin sin a dhíol roimh ordú coigistíochta deiridh. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, féadfaidh an cinneadh maidir le maoin de chineál sonrach a dhíol a bheith faoi réir formheas a fháil roimh ré ó údarás inniúil náisiúnta. Sula ndéanfaidh siad cinneadh mar sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar fógra don duine dá ndéantar difear, cé is moite de chásanna inar éalaigh an duine dá ndéantar difear nó nach féidir an duine sin a aimsiú, agus, ach amháin i gcásanna práinne, go dtabharfar deis dó éisteacht a fháil roimh an díolachán. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne ordú díolacháin idirbhreithigh. Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfadh Cúirt forghníomhú ordaithe den sórt sin a chur ar fionraí, mar shampla i gcás inar gá sin chun leasanna dlisteanacha an duine dá ndéantar difear a chosaint, go háirithe i gcás ina bhfuil baol díobhála doleigheasta ann. Is féidir leis na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht héifeacht fionraíochta a thabhairt don achomharc de réir dlí. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal go ngearrfaí na costais a bhaineann le maoin reoite a bhainistiú ar úinéir na maoine nó ar an úinéir tairbhiúil na maoine, mar shampla mar mhalairt ar dhíol idirbhreitheach a ordú, agus i gcás ciontú críochnaitheach.

    (44)

    Ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a bhunú nó a ainmniú chun feidhmiú mar oifigí bainistíochta sócmhainní chun údaráis speisialaithe a bhunú a mbeidh sé de chúram orthu maoin reoite agus choigistithe a bhainistiú chun an mhaoin reoite a bhainistiú go héifeachtach agus a luach a chaomhnú sula gcoigisteofaí í, go dtí go ndéanfaí cinneadh críochnaitheach maidir leis an gcoigistiú agus go dtí go ndiúscrófaí an mhaoin bunaithe ar an gcinneadh sin. Gan dochar do struchtúir inmheánacha riaracháin na mBallstát, ba cheart gurbh iad na hoifigí bainistíochta sócmhainní an t-údarás aonair a bhainistíonn maoin reoite agus maoin choigistithe, nó ba cheart dóibh tacaíocht a thabhairt do ghníomhaithe díláraithe i gcomhréir le socruithe náisiúnta bainistíochta, agus tacú leis na húdaráis ábhartha maidir le pleanáil. Ní chinntear leis an Treoir seo cineál dlíthiúil ná institiúideach na n-oifigí bainistíochta sócmhainní, agus tá sí gan dochar do chórais institiúideacha sna Ballstáit.

    (45)

    Sa Treoir seo urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (‘CECD’), mar a léirmhínítear é i gcásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Ba cheart an Treoir seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

    (46)

    Déanann orduithe reo agus orduithe coigistíochta difear suntasach do chearta daoine atá faoi dhrochamhras agus atá cúisithe, agus i gcásanna áirithe do chearta tríú páirtithe nó daoine eile nach bhfuil á n-ionchúiseamh. Ba cheart foráil a dhéanamh sa Treoir seo maidir le coimircí sonracha agus leigheasanna breithiúnacha chun cosaint cearta bunúsacha na ndaoine sin a ráthú agus an Treoir seo á cur chun feidhme i gcomhréir leis an gceart chun triail chóir a fháil, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil agus toimhde na neamhchiontachta mar a chumhdaítear in Airteagail 47 agus 48 den Chairt.

    (47)

    Ba cheart orduithe reo, coigistíochta agus díolachán idirbhreitheach a chur in iúl don duine dá ndéantar difear gan moill mhíchuí. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le ceart na n-údarás inniúil an fógra i dtaobh orduithe reo a thabhairt don duine dá ndéantar difear a chur siar i ngeall ar riachtanais an imscrúdaithe. Is é an cuspóir atá le horduithe den sórt sin a chur in iúl, inter alia, an deis a thabhairt don duine dá ndéantar difear agóid a dhéanamh ina gcoinne. Dá bhrí sin, mar riail ghinearálta, ba cheart an chúis nó na cúiseanna leis an ordú lena mbaineann a léiriú nuair a chuirtear in iúl don duine dá ndéantar difear é. I gcás nach eol céannacht an duine dá ndéantar difear nó cá bhfuil an duine dá ndéantar difear nó i gcás ina mbeadh ualach díréireach ar údarás inniúil i gceist leis an gcumarsáid le gach duine dá ndéantar difear, ba cheart é a bheith indéanta an chumarsáid a dhéanamh trí bhíthin fógra poiblí.

    (48)

    Ba cheart an deis éifeachtach a bheith ag an duine dá ndéantar difear agóid a dhéanamh i gcoinne na n-orduithe reo, coigistíochta agus díolachán idirbhreitheach. I gcás orduithe coigistíochta ina bhfuil ann do ghnéithe uile an chiona choiriúil ach nach féidir ciontú coiriúil a dhéanamh ina leith, ba cheart deis a bheith ag an gcosantóir éisteacht a fháil sula n-eisítear an t-ordú, i gcás inar féidir. I gcás orduithe coigistíochta de bhun forálacha maidir le coigistiú leathnaithe agus coigistiú rachmais gan údar maith, ba cheart a áireamh ar na himthosca a bhféadfadh an duine dá ndéantar difear agóid a dhéanamh ina gcoinne, i gcás ina mbeidh agóid á déanamh ag an duine sin i gcoinne an ordaithe coigistíochta os comhair cúirte, fíorais shonracha agus fianaise atá ar fáil ar a mbonn a meastar gurb as iompar coiriúil a fuarthas an mhaoin lena mbaineann.

    (49)

    Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, in imthosca eisceachtúla, nár cheart coigistiú a ordú nó a fhorghníomhú, a mhéid go gcuirfeadh sé, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cruatan míchuí ar an duine a ndéanfaí difear dó, ar bhonn imthosca an cháis aonair faoi seach.

    (50)

    Cé go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil ceart rochtana ar dhlíodóir ag daoine a ndéanann na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo difear dá maoin i rith na n-imeachtaí reo agus coigistíochta, ní dhéanann an Treoir seo difear do na rialacha is infheidhme maidir le cúnamh dlíthiúil in aisce a chuirtear ar fáil.

    (51)

    Ba cheart an Treoir seo a chur chun feidhme gan dochar do Threoracha 2010/64/AE (15), 2012/13/AE (16), 2012/29/AE (17), 2013/48/AE (18), 2014/60/AE (19), (AE) 2016/343 (20), (AE) 2016/800 (21) agus (AE) 2016/1919 (22) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (52)

    Tá sé tábhachtach, go háirithe, go n-áiritheofar cosaint sonraí pearsanta, i gcomhréir le dlí an Aontais, i ndáil le próiseáil sonraí faoin Treoir seo. Ba cheart forálacha na Treorach seo a ailíniú le Treoir (AE) 2016/680. Go háirithe, ba cheart a shonrú go leanfaidh aon sonraí pearsanta arna malartú ag oifigí um aisghabháil sócmhainní de bheith teoranta do na catagóirí sonraí a liostaítear i Roinn B, pointe 2, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/794. Tá feidhm ag Treoir (AE) 2016/680 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla náisiúnta, go háirithe oifigí um aisghabháil sócmhainní, chun críocha na Treorach seo.

    (53)

    Tá sé ríthábhachtach go n-áiritheofar cosaint sonraí pearsanta, i gcomhréir le dlí an Aontais, i ndáil leis na malartuithe faisnéise uile faoin Treoir seo. Chuige sin, a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, tá na rialacha cosanta sonraí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/680 infheidhme i ndáil leis na bearta arna ndéanamh faoin Treoir seo. Le Treoir (AE) 2016/680, leagtar síos na rialacha a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, i gcomhréir le tacar prionsabal a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, go háirithe dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht, teorannú de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, cruinneas, teorannú stórála, sláine agus rúndacht, agus cuntasacht. I gcás inarb ábhartha, go háirithe ag féachaint do phróiseáil sonraí pearsanta ag oifigí bainistíochta sócmhainní chun maoin a bhainistiú, tá feidhm ag na rialacha cosanta sonraí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

    (54)

    Éilíonn córas éifeachtach aisghabhála iarrachtaí comhbheartaithe ó réimse leathan údarás, lena n-áirítear údaráis forfheidhmithe dlí, lena n-áirítear údaráis chustaim, údaráis chánach agus údaráis aisghabhála cánach sa mhéid atá siad inniúil ar aisghabháil sócmhainní, oifigí um aisghabháil sócmhainní, údaráis bhreithiúnacha agus údaráis bhainistíochta sócmhainní, lena n-áirítear oifigí bainistíochta sócmhainní. Chun gníomhaíocht chomhordaithe na n-údarás inniúla uile a áirithiú, is gá cur chuige níos straitéisí a bhunú maidir le haisghabháil sócmhainní agus comhar níos fearr a chur chun cinn idir na húdaráis ábhartha, agus forbhreathnú soiléir a fháil ar na torthaí ar aisghabháil sócmhainní. Is gá freisin comhar níos dlúithe agus níos éifeachtaí a áirithiú idir oifigí aisghabhála sócmhainní agus oifigí bainistíochta sócmhainní agus a gcontrapháirtithe i mBallstáit eile. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit straitéis náisiúnta maidir le haisghabháil sócmhainní a ghlacadh agus athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh uirthi mar threoraíocht do ghníomhaíochtaí maidir le himscrúduithe airgeadais, reo agus coigistiú, agus bainistíocht, agus le diúscairt deiridh na n-ionstraimeachtaí, na bhfáltas nó na maoine ábhartha. Féadfaidh na Ballstáit formáid iomchuí straitéise den sórt sin a chinneadh agus a gcreat bunreachtúil a chur san áireamh. Leis an Treoir seo, ba cheart na gnéithe atá le háireamh i straitéis den sórt sin a bhunú, mar shampla tuairisc ar róil agus freagrachtaí na n-údarás inniúil uile a bhfuil baint acu le haisghabháil sócmhainní, agus na socruithe le haghaidh comhordú agus comhar eatarthu, gan an cineál nithiúil faisnéise a bheidh le háireamh sa straitéis sin a chinneadh. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit na hacmhainní is gá a chur ar fáil do na húdaráis inniúla chun go mbeidh siad in ann a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtach. Ba cheart a thuiscint le húdaráis inniúla gurb iad na húdaráis a bhfuil sé de chúram orthu na cúraimí a dhéanamh mar a leagtar amach iad faoin Treoir seo agus i gcomhréir le creataí náisiúnta.

    (55)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh oifigí bainistíochta sócmhainní, agus i gcás inarb iomchuí, oifigí um aisghabháil sócmhainní agus údaráis inniúla eile a dhéanann cúraimí de bhun na Treorach seo, in ann an fhaisnéis is gá a fháil go pras chun bainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar mhaoin reoite agus choigistithe. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit uirlisí éifeachtúla a bhunú amhail clár amháin nó níos mó de mhaoin arna reo agus arna coigistiú de bhun na Treorach seo.

    (56)

    Chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chreata aisghabhála sócmhainní, bainistíochta sócmhainní agus coigistíochta a mheas, is gá tacar íosta inchomparáide sonraí staidrimh iomchuí a bhailiú agus a fhoilsiú maidir le reo, bainistiú agus coigistiú maoine.

    (57)

    Chun tacú leis an gCoimisiún i ndáil le cur chun feidhme na Treorach seo agus chun comhar a éascú i measc oifigí um aisghabháil sócmhainní agus oifigí bainistíochta sócmhainní chomh maith le dea-chleachtais a mhalartú, ba cheart líonra comhair maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní a bhunú. Ba cheart an líonra sin a bheith comhdhéanta d’ionadaithe ó oifigí um aisghabháil sócmhainní agus ó oifigí bainistíochta sócmhainní agus ba cheart an Coimisiún a bheith ina chomhchathaoirleach air, agus i gcás gurb iomchuí, Europol. D’fhéadfadh an Coimisiún cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó Eurojust, ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’), agus i gcás inarb iomchuí, ón Údarás um an Sciúradh Airgid a Chomhrac (ÚSAC) páirt a ghlacadh i gcruinnithe an líonra sin.

    (58)

    Bíonn grúpaí coiriúla eagraithe ag feidhmiú thar theorainneacha agus faigheann siad maoin níos minice agus níos minice i mBallstáit seachas sna Ballstáit ina bhfuil siad lonnaithe agus i dtríú tíortha. I bhfianaise ghné thrasnáisiúnta na coireachta eagraithe, tá comhar idirnáisiúnta ríthábhachtach chun na brabúis a aisghabháil agus na sócmhainní airgeadais a choigistiú, ar brabúis agus sócmhainní airgeadais iad a chuireann ar a gcumas do choirpigh oibriú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhoibreodh na hoifigí um aisghabháil sócmhainní agus na hoifigí bainistíochta sócmhainní, a mhéid is mó is féidir, lena macasamhlacha i dtríú tíortha chun ionstraimeachtaí, fáltais, nó maoin is ábhar d’ordú reo nó coigistíochta nó a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar d’ordú reo nó coigistíochta faoi chuimsiú imeachtaí in ábhair choiriúla, a rianú, a shainaithint agus a bhainistiú. Tá sé tábhachtach go mbainfidh na Ballstáit leas as na creataí comhair atá ann cheana agus go spreagtar iad comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana a fhorbairt nó a choigeartú, aontú do choinbhinsiúin iltaobhacha atá ann cheana nó, i gcás nach bhfuil aon socrú eile i bhfeidhm comhaontuithe déthaobhacha nua a bhunú. Tá feidhm ag na rialacha cosanta sonraí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/680 agus, i gcás inarb ábhartha, i Rialachán (AE) 2016/679 maidir le bearta a dhéantar ina leith sin.

    (59)

    Ba cheart d’oifigí um aisghabháil sócmhainní agus d’oifigí bainistíochta sócmhainní comhoibriú go dlúth freisin le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, lena n-áirítear Europol, Eurojust agus OIPE, faoi chuimsiú á n-inniúlachtaí faoi seach agus i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme, a mhéid is gá chun maoin a rianú agus a shainaithint sna himscrúduithe trasteorann a dtacaíonn Europol agus Eurojust leo nó sna himscrúduithe arna ndéanamh ag OIPE. Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi seach faoi Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (24), a áirithiú go gcomhlíonann a n-oifigí aisghabhála sócmhainní na hoibleagáidí ábhartha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1939.

    (60)

    Chun a áirithiú go bhfuil comhthuiscint agus íoschaighdeáin ann maidir le sócmhainní a rianú agus a shainaithint, a reo, a choigistiú agus a bhainistiú, ba cheart rialacha íosta a leagan síos sa Treoir seo le haghaidh na mbeart ábhartha agus coimircí gaolmhara. Le glacadh na rialacha íosta, ní chuirtear cosc ar na Ballstáit cumhachtaí níos fairsinge a thabhairt d’oifigí um aisghabháil sócmhainní nó d’oifigí bainistíochta sócmhainní, ná foráil a dhéanamh do rialacha níos forleithne maidir le reo agus coigistiú, ná foráil a dhéanamh maidir le coimircí breise faoin dlí náisiúnta, ar choinníoll nach mbainfeadh na bearta agus na forálacha náisiúnta sin an bonn de chuspóir na Treorach seo.

    (61)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon coigistiú maoine in imeachtaí in ábhair choiriúla a éascú, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (62)

    Ós rud é go bhforáiltear leis an Treoir seo do shraith chuimsitheach rialacha a d’fhorluífeadh le hionstraimí dlí atá ann cheana, ba cheart í a chur in ionad Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 98/699/CGB ón gComhairle (25), Chinneadh Réime 2001/500/CGB ón gComhairle (26), Chinneadh Réime 2005/212/CGB, Chinneadh 2007/845/CGB, agus Threoir 2014/42/AE maidir leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Treoir seo.

    (63)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

    (64)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

    (65)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) agus thug an Maoirseoir tuairim an 19 Iúil 2022 (28),

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    Forálacha ginearálta

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha íosta maidir le maoin a rianú agus a shainaithint, a reo, a choigistiú agus a bhainistiú faoi chuimsiú imeachtaí in ábhair choiriúla.

    Tá feidhm ag an Treoir seo gan dochar do bhearta reo agus coigistíochta faoi chuimsiú imeachtaí in ábhair shibhialta nó riaracháin.

    Airteagal 2

    Raon feidhme

    1.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le cionta coiriúla a chumhdaítear leis na gníomhartha dlí seo a leanas:

    (a)

    Cinneadh Réime 2008/841/CGB;

    (b)

    Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29);

    (c)

    Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30);

    (d)

    Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31);

    (e)

    Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle (32);

    (f)

    an Coinbhinsiún um chomhrac an éillithe a bhfuil oifigigh na gComhphobal Eorpach nó oifigigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann (33), arna tharraingt suas ar bhonn Airteagal K.3(2)(c) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus Cinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle (34);

    (g)

    Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35);

    (h)

    Treoir (AE) 2019/713 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36);

    (i)

    Treoir 2014/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37);

    (j)

    Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38);

    (k)

    Prótacal in aghaidh monarú aindleathach agus gáinneáil ar airm thine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna agus a n-armlón lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne coireacht eagraithe trasnáisiúnta (39);

    (l)

    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40);

    (m)

    Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41), agus Treoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42);

    (n)

    Cinneadh Réime 2002/946/CGB, agus Treoir 2002/90/CE ón gComhairle;

    (o)

    Treoir 2014/57/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (43);

    (p)

    Treoir (AE) 2024/1226.

    2.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (1), de Chinneadh Réime 2008/841/CGB, a dhéantar faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil.

    3.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon chion coiriúil a leagtar amach i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais i gcás ina bhforáiltear le gníomhartha den sórt sin go bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leis na cionta coiriúla sin.

    4.   Na forálacha i gCaibidil II maidir le hionstraimeachtaí, fáltais nó maoin a rianú agus a shainaithint, beidh feidhm acu maidir leis na cionta coiriúla uile mar a shainmhínítear i ndlí náisiúnta a bhféadfar cailleadh saoirse nó ordú coinneála bliana amháin ar a laghad a ghearradh mar phionós ina leith.

    Airteagal 3

    Sainmhínithe

    Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn ‘fáltais’ aon bhuntáiste eacnamaíoch a fhaightear go díreach nó go hindíreach as cion coiriúil agus ina bhféadfadh maoin de chineál ar bith a bheith i gceist, lena n-áirítear aon athinfheistíocht nó claochlú a dhéantar ar fháltais dhíreacha ina dhiaidh sin agus aon tairbhí luachmhara;

    (2)

    ciallaíonn ‘maoin’ maoin d’aon chineál, bíodh sí corprach nó neamhchorprach, sochorraithe nó dochorraithe, lena n-áirítear cripteashócmhainní, agus doiciméid dlí nó ionstraimí dlí i bhfoirm ar bith lena bhfianaítear teideal i maoin den sórt sin nó leas inti;

    (3)

    ciallaíonn ‘ionstraimeachtaí’ aon mhaoin a úsáidtear, nó a bheartaítear a úsáid, ar aon slí, go hiomlán nó go páirteach, chun cion cóiriúil a dhéanamh;

    (4)

    ciallaíonn ‘rianú agus sainaithint’ aon imscrúdú ag údaráis inniúla chun ionstraimeachtaí, fáltais nó maoin a d’fhéadfadh a bheith faighte ó ghníomhaíochtaí coiriúla, a fhionnadh;

    (5)

    ciallaíonn ‘reo’ toirmeasc sealadach ar aistriú, scrios, tiontú, diúscairt nó bogadh maoine, nó seilbh shealadach a ghlacadh ar an maoin sin, nó í a chur faoi rialú sealadach;

    (6)

    ciallaíonn ‘coigistiú’ baint chríochnaitheach maoine, arna ordú ag cúirt, i ndáil le cion coiriúil;

    (7)

    ciallaíonn ‘eagraíocht choiriúil’ eagraíocht choiriúil mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (1), de Chinneadh Réime 2008/841/CGB;

    (8)

    ciallaíonn ‘íospartach’ íospartach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2012/29/AE nó duine dlítheanach, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta, dá ndearnadh díobháil nó a bhí thíos le caillteanas eacnamaíoch mar thoradh díreach ar aon cheann de na cionta a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo;

    (9)

    ciallaíonn ‘úinéir tairbhiúil’ úinéir tairbhiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Threoir (AE) 2015/849;

    (10)

    ciallaíonn ‘duine dá ndéantar difear’:

    (a)

    duine nádúrtha nó dlítheanach ar eisíodh ordú reo nó coigistíochta ina choinne nó ina coinne;

    (b)

    duine nádúrtha nó dlítheanach ar leis nó léi maoin is ábhar d’ordú reo nó coigistíochta;

    (c)

    tríú páirtí a ndéantar dochar díreach leis an ordú sin dá chearta nó dá cearta i ndáil le maoin is ábhar d’ordú reo nó coigistíochta; nó

    (d)

    duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil a mhaoin nó a maoin faoi réir díolachán idirbhreitheach de bhun Airteagal 21 den Treoir seo.

    CAIBIDIL II

    Rianú agus sainaithint

    Airteagal 4

    Imscrúduithe rianaithe sócmhainní

    1.   Chun an comhar trasteorann a éascú, déanfaidh na Ballstáit bearta ionas gur féidir ionstraimeachtaí agus fáltais, nó maoin is ábhar d’ordú reo nó coigistíochta, nó a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar d’ordú reo nó coigistíochta le linn imeachtaí in ábhair choiriúla, a rianú agus a shainaithint go gasta.

    2.   Áireofar freisin le maoin dá dtagraítear i mír 1 maoin is ábhar d’ordú reo nó a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar d’ordú reo nó coigistíochta i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Threoir (AE) 2024/1226.

    3.   I gcás ina dtionscnaítear imscrúdú i ndáil le cion coiriúil ar dócha go n-eascróidh tairbhe mhór eacnamaíoch as, déanfaidh údaráis inniúla imscrúduithe rianaithe sócmhainní de bhun mhír 1 láithreach. Féadfaidh na Ballstáit raon feidhme imscrúduithe rianaithe sócmhainní den sórt sin a theorannú d’imscrúduithe ar chionta ar dócha go ndearnadh iad faoi chuimsiú eagraíochta coiriúla.

    Airteagal 5

    Oifigí um aisghabháil sócmhainní

    1.   Bunóidh gach Ballstát oifig amháin um aisghabháil sócmhainní ar a laghad chun an comhar trasteorann a éascú i ndáil le himscrúduithe rianaithe sócmhainní.

    2.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar na hoifigí um aisghabháil sócmhainní:

    (a)

    ionstraimeachtaí, fáltais nó maoin a rianú agus a shainaithint i ngach cás inar gá chun tacú le húdaráis inniúla náisiúnta eile atá freagrach as imscrúduithe rianaithe sócmhainní de bhun Airteagal 4 nó chun tacú le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE);

    (b)

    ionstraimeachtaí, fáltais nó maoin is ábhar d’ordú reo nó coigistíochta nó a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar d’ordú reo nó coigistíochta arna eisiúint ag údarás inniúil i mBallstát eile, a rianú agus a shainaithint;

    (c)

    dul i gcomhar le hoifigí um aisghabháil sócmhainní i mBallstáit eile agus le OIPE, agus faisnéis a mhalartú leo, maidir le hionstraimeachtaí, fáltais nó maoin is ábhar d’ordú reo nó coigistíochta nó a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar d’ordú reo nó coigistíochta, a rianú agus a shainaithint.

    3.   Chun a gcúraimí a dhéanamh de bhun mhír 2, pointe (b), beidh oifigí um aisghabháil sócmhainní i dteideal a iarraidh ar na húdaráis inniúla ábhartha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, dul i gcomhar leo i gcás inar gá chun ionstraimeachtaí, fáltais, nó maoin a rianú agus a shainaithint;

    4.   Tabharfar de chumhacht d’oifigí um aisghabháil sócmhainní maoin daoine agus eintiteas atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais a rianú agus a shainaithint i gcás inar gá chun brath cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 2.1, pointe (p), den Treoir seo a éascú, arna iarraidh sin d’údaráis inniúla náisiúnta bunaithe ar thásca agus ar fhorais réasúnacha chun a chreidiúint go ndearnadh cion coiriúil de bhun Airteagal 3 de Threoir (AE) 2024/1226. Beidh cumhachtaí den sórt sin gan dochar do na ceanglais nós imeachta ábhartha agus do na coimircí arna mbunú faoin dlí náisiúnta nós imeachta, lena n-áirítear na rialacha maidir le himeachtaí coiriúla a thionscnamh nó, i gcás inar gá, an ceanglas údarú breithiúnach a fháil.

    Airteagal 6

    Rochtain ar fhaisnéis

    1.   Chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5 a dhéanamh, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag oifigí um aisghabháil sócmhainní ar an bhfaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo, a mhéid is gá faisnéis den sórt sin chun ionstraimeachtaí, fáltais nó maoin a rianú agus a shainaithint.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain láithreach dhíreach ag na hoifigí um aisghabháil sócmhainní ar an bhfaisnéis seo a leanas, ar choinníoll go ndéanfar faisnéis den sórt sin a stóráil i mbunachair sonraí láraithe nó idirnasctha nó i gcláir atá i seilbh na n-údarás poiblí:

    (a)

    cláir náisiúnta réadmhaoine nó córais leictreonacha aisghabhála sonraí agus cláir náisiúnta thalún agus chadastracha;

    (b)

    cláir náisiúnta saoránachta agus daonra maidir le daoine nádúrtha;

    (c)

    cláir náisiúnta na mótarfheithiclí, na n-aerárthaí agus na n-árthaí uisce;

    (d)

    cláir thráchtála, lena n-áirítear cláir na ngnólachtaí agus na gcuideachtaí.

    (e)

    cláir náisiúnta um úinéireacht thairbhiúil i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 agus sonraí a bheidh ar fáil trí bhíthin idirnascadh na gclár úinéireachta tairbhiúla i gcomhréir leis an Treoir sin;

    (f)

    cláir láraithe cuntas bainc, i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1153.

    3.   Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le hoifigí um aisghabháil sócmhainní an fhaisnéis seo a leanas a fháil go pras, láithreach agus go díreach nó arna hiarraidh sin:

    (a)

    sonraí fioscacha, lena n-áirítear sonraí atá i seilbh údarás cánach agus ioncaim;

    (b)

    sonraí náisiúnta slándála sóisialta;

    (c)

    faisnéis ábhartha atá i seilbh na n-údarás atá inniúil as cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh;

    (d)

    faisnéis faoi mhorgáistí agus iasachtaí;

    (e)

    faisnéis sna bunachair shonraí náisiúnta um airgeadra agus um malartú airgeadra;

    (f)

    faisnéis faoi urrúis;

    (g)

    sonraí custaim, lena n-áirítear aistrithe fisiceacha trasteorann airgid thirim;

    (h)

    faisnéis maidir le ráitis airgeadais bhliantúla ó chuideachtaí;

    (i)

    faisnéis maidir le haistrithe de dhroim sreinge agus iarmhéideanna cuntais;

    (j)

    faisnéis maidir le cuntais criptea-shócmhainní agus aistrithe criptea-shócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE)2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44);

    (k)

    i gcomhréir le dlí an Aontais, sonraí a stóráiltear sa Chóras Faisnéise Víosaí (VIS), i gCóras Faisnéise Schengen (SIS II), i gCóras Dul Isteach/Imeachta (EES), sa Chóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), agus sa Chóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla do Náisiúnaigh Tríú Tír (ECRIS-TCN).

    4.   I gcás nach stóráiltear an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 i mbunachair sonraí nó i gcláir láraithe nó idirnasctha atá á gcoinneáil ag údaráis phoiblí, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur féidir leis na hoifigí um aisghabháil sócmhainní an fhaisnéis sin a fháil go tapa ó na hinstitiúidí ábhartha ar mhodhanna eile ar bhealach cuíchóirithe caighdeánaithe.

    5.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh i gcás rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3, pointí (a), (b) agus (c), go n-éilítear iarraidh réasúnaithe ina leith, agus gur féidir diúltú d’iarraidh den sórt sin i gcás ina mbeadh an méid seo a leanas mar thoradh ar sholáthar na faisnéise a iarradh;

    (a)

    chuirfeadh sé imscrúdú atá ar siúl i mbaol,

    (b)

    bheadh sé díréireach go soiléir le leasanna dlisteanacha duine nádúrtha nó dhlítheanaigh maidir leis na críocha dár iarradh rochtain; nó

    (c)

    chuimseodh sé faisnéis arna soláthar ag Ballstát eile nó ag tríú tír nach féidir toiliú a fháil ann lena tarchur a thuilleadh.

    6.   Beidh an rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo gan dochar do na coimircí nós imeachta arna mbunú faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear, i gcás inar gá, an ceanglas údarú breithiúnach a fháil.

    Airteagal 7

    Coinníollacha le haghaidh rochtain na n-oifigí um aisghabháil sócmhainní ar fhaisnéis

    1.   Ní thabharfar rochtain ar fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6 ar bhonn cás ar chás, ach amháin i gcás inar gá agus inar comhréireach sin chun na cúraimí de bhun Airteagal 5 a dhéanamh agus ní bheidh rochtain ar fhaisnéis den sórt sin ach ag baill foirne arna n-ainmniú agus arna n-údarú go sonrach chun faisnéis den sórt sin a rochtain.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonann baill foirne na n-oifigí um aisghabháil sócmhainní na rialacha maidir leis an rúndacht agus an rúndacht ghairmiúil dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta is infheidhme agus faoi acquis cosanta sonraí an Aontais. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na scileanna speisialaithe agus an cumas is gá ag baill foirne na n-oifigí um aisghabháil sócmhainní chun a róil a chur i gcrích go héifeachtach.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na bearta teicniúla agus eagraíochta is iomchuí ar bun chun leibhéal slándála a áirithiú is iomchuí maidir leis an riosca a bhaineann le sonraí a phróiseáil ionas go bhféadfaidh na hoifigí um aisghabháil sócmhainní an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6 a rochtain agus a chuardach.

    Airteagal 8

    Faireachán ar rochtain agus cuardaigh na n-oifigí um aisghabháil sócmhainní

    Déanfaidh na Ballstáit foráil do logaí de ghníomhaíochtaí rochtana agus cuardaigh a dhéanann na hoifigí um aisghabháil sócmhainní faoin Treoir seo a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir (AE) 2016/680.

    Airteagal 9

    Malartú faisnéise

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go soláthróidh a n-oifigí um aisghabháil sócmhainní, arna iarraidh sin d’oifig um aisghabháil sócmhainní i mBallstát eile, aon fhaisnéis a bhfuil rochtain ag na hoifigí sin um aisghabháil sócmhainní uirthi, ar faisnéis í is gá chun na cúraimí de bhun Airteagal 5 a dhéanamh, don oifig um aisghabháil sócmhainní a iarann an fhaisnéis sin (‘an oifig um aisghabháil sócmhainní iarrthach’). Ní fhéadfar ach na catagóirí sonraí pearsanta sin a liostaítear i Roinn B, pointe 2, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/794 a sholáthar, cé is moite d’fhaisnéis um shainaithint fhóiréinseach a liostaítear i Roinn B, pointe 2(c)(v), den Iarscríbhinn sin.

    Aon sonraí pearsanta a bheidh le soláthar, déanfar cinneadh ina leith ar bhonn cás ar chás, i bhfianaise a bhfuil gá leis chun na cúraimí de bhun Airteagal 5 a dhéanamh, agus i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680.

    2.   Agus iarraidh de bhun mhír 1 á déanamh aici, sonróidh an oifig um aisghabháil sócmhainní iarrthach an méid seo a leanas ar bhealach chomh beacht agus is féidir:

    (a)

    ábhar na hiarrata;

    (b)

    cúiseanna na hiarrata, lena n-áirítear ábharthacht na faisnéise a iarrtar chun an mhaoin ábhartha a rianú agus a shainaithint;

    (c)

    cineál na n-imeachtaí;

    (d)

    an cineál ciona choiriúil lena mbaineann an iarraidh;

    (e)

    an nasc idir na himeachtaí agus an Ballstát ina bhfuil an oifig um aisghabháil sócmhainní a fhaigheann an iarraidh lonnaithe;

    (f)

    mionsonraí maidir leis an mhaoin a lorgaítear nó ar a ndírítear, amhail cuntais bhainc, réadmhaoin, feithiclí, árthaí, aerárthaí, cuideachtaí, agus earraí ardluacha eile;

    (g)

    i gcás inar gá chun na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a thoimhdítear a bheith bainteach leo a shainaithint, aon doiciméad aitheantas má tá sé ar fáil, sonraí amhail ainm, náisiúntacht, áit chónaithe, uimhreacha aitheantais náisiúnta nó uimhreacha slándála sóisialta, seoltaí, dáta breithe agus áit bhreithe, dáta clárúcháin, tír bhunaíochta, scairshealbhóirí, ceanncheathrú agus fochuideachtaí, de réir mar is iomchuí;

    (h)

    i gcás inarb infheidhme, na cúiseanna le práinn na hiarrata.

    3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a chur ar a gcumas dá n-oifigí um aisghabháil sócmhainní faisnéis a sholáthar d’oifigí um aisghabháil sócmhainní na mBallstát eile, gan í a bheith iarrtha orthu, i gcás ina mbeidh na hoifigí sin ar an eolas faoi fhaisnéis maidir le hionstraimeachtaí, fáltais nó maoin a mheasann siad a bheith riachtanach chun cúraimí oifigí um aisghabhála sócmhainní an Bhallstáit eile sin de bhun Airteagal 5 a dhéanamh. Nuair a sholáthraíonn siad an fhaisnéis sin, leagfaidh na hoifigí um aisghabháil sócmhainní amach cúiseanna a meastar go bhfuil gá leis an bhfaisnéis arna soláthar.

    4.   Mura gcuireann an oifig um aisghabháil sócmhainní a sholáthraíonn faisnéis de bhun mhír 1 nó mhír 3 a mhalairt in iúl, féadfar an fhaisnéis a sholáthraítear a chur i láthair mar fhianaise os comhair cúirt náisiúnta nó údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an oifig um aisghabháil sócmhainní a fhaigheann an fhaisnéis lonnaithe, i gcomhréir le nósanna imeachta faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear rialacha nós imeachta maidir le hinghlacthacht fianaise in imeachtaí in ábhair choiriúla i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le hoibleagáidí na mBallstát mar a leagtar amach in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach iad.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain dhíreach ag oifigí um aisghabháil sócmhainní ar an bhFeidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA) agus go n-úsáidfidh siad na réimsí sonracha atá ceaptha do na hoifigí um aisghabháil sócmhainní in SIENA a chomhfhreagraíonn don fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 2 nó, i gcás inar gá ar bhonn eisceachtúil, ar bhealaí slána eile chun faisnéis a mhalartú de bhun an Airteagail seo.

    6.   Féadfaidh oifigí um aisghabháil sócmhainní diúltú faisnéis a sholáthar don oifig um aisghabháil sócmhainní iarrthach más ann do chúiseanna fíorasacha lena mheas gurb é an toradh a bheadh ar sholáthar na faisnéise ceann de na nithe seo a leanas:

    (a)

    díobháil a dhéanamh do leasanna bunúsacha slándála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an oifig um aisghabháil sócmhainní a fhaigheann an iarraidh lonnaithe;

    (b)

    imscrúdú atá ar bun cheana nó oibríocht faisnéise coiriúla a chur i mbaol, nó garbhagairt ar shaol duine nó ar a shláine fhisiciúil; nó

    (c)

    gur léir go mbeadh sé díréireach nó neamhábhartha maidir leis na cuspóirí dár iarradh é.

    7.   I gcás ina ndiúltóidh oifig um aisghabháil sócmhainní, de bhun mhír 6, faisnéis a chur ar fáil d’oifig um aisghabháil sócmhainní iarrthach, déanfaidh an Ballstát ina bhfuil an oifig um aisghabháil sócmhainní a fhaigheann an iarraidh lonnaithe na bearta is gá chun a áirithiú go dtabharfar na cúiseanna leis an diúltú agus go rachfar i gcomhairle leis an oifig um aisghabháil sócmhainní iarrthach roimh ré. Ní bheidh feidhm ag aon diúltú ach amháin ar an gcuid sin den fhaisnéis iarrtha lena mbaineann na cúiseanna a leagtar amach i mír 6 agus ní dhéanfaidh an diúltú difear don oibleagáid na codanna eile den fhaisnéis a sholáthar, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis an Treoir seo.

    Airteagal 10

    Teorainneacha ama chun faisnéis a sholáthar

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na hoifigí um aisghabháil sócmhainní freagra ar iarrataí ar fhaisnéis arna ndéanamh de bhun Airteagal 9(1), a luaithe agus is féidir agus i gcás ar bith laistigh de na teorainneacha ama seo a leanas:

    (a)

    7 lá féilire, i gcás gach iarrata nach bhfuil práinneach;

    (b)

    8 huaire, i gcás iarrataí práinneacha a bhaineann le faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6 agus atá stóráilte i mbunachair sonraí agus i gcláir ar a bhfuil rochtain dhíreach ag na hoifigí um aisghabháil sócmhainní sin;

    (c)

    3 lá féilire, i gcás iarrataí práinneacha a bhaineann le faisnéis nach bhfuil rochtain dhíreach ag na hoifigí um aisghabháil sócmhainní sin uirthi.

    2.   I gcás nach bhfuil fáil dhíreach ar an bhfaisnéis a iarrtar de bhun mhír 1, pointe (b), nó ina gcuirfidh an iarraidh arna déanamh de bhun mhír 1, pointe (a), ualach díréireach ar an oifig um aisghabháil sócmhainní a fhaigheann an iarraidh,, féadfaidh an oifig um aisghabháil sócmhainní sin moill a chur ar sholáthar na faisnéise. I gcás den sórt sin, cuirfidh an oifig um aisghabháil sócmhainní a fhaigheann an iarraidh an oifig um aisghabháil sócmhainní iarrthach ar an eolas faoin moill sin láithreach agus soláthróidh sí an fhaisnéis a iarradh a luaithe agus is féidir, agus i gcás ar bith laistigh de 7 lá ón sprioc-am tosaigh a suíodh de bhun mhír 1, pointe (a), nó laistigh de 3 lá ón sprioc-am tosaigh a suíodh de bhun mhír 1, pointí (b) agus (c).

    3.   Cuirfear tús leis na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 1 a luaithe a gheofar an iarraidh ar fhaisnéis.

    CAIBIDIL III

    Reo agus coigistiú

    Airteagal 11

    Reo

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na beartais is gá ionas gur féidir maoin a reo nuair is gá sin chun a áirithiú go bhféadfar an mhaoin chéanna a choigistiú faoi Airteagail 12 go 16. Is é a bheidh sna bearta reo orduithe reo agus gníomhaíocht láithreach.

    2.   Déanfar gníomhaíocht láithreach nuair is gá chun an mhaoin a chaomhnú go dtí go n-eiseofar ordú reo. I gcás nach i bhfoirm ordú reo atá gníomhaíocht láithreach, cuirfidh na Ballstáit teorainn le bailíocht shealadach na gníomhaíochta láithrí sin.

    3.   Gan dochar do chumhachtaí údarás inniúil eile, cuirfidh na Ballstáit ar chumas na n-oifigí um aisghabháil sócmhainní gníomhaíocht láithreach a dhéanamh de bhun mhír 2 i gcás ina bhfuil gar-riosca ann go n-imeoidh an mhaoin a rianaigh agus a shainaithin na hoifigí sin i ndéanamh a gcúraimí de bhun Airteagal 5(2), pointe (b), gan tásc ná tuairisc. Ní mhairfidh gníomhaíocht láithreach den sórt sin níos faide ná 7 lá oibre.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údarás inniúil agus iad sin amháin na bearta reo agus go leagfar amach na cúiseanna leis na bearta sin sa chinneadh ábhartha nó go ndéanfar iad a thaifeadadh sa cháschomhad mura n-ordaítear an beart reo i scríbhinn.

    5.   Ní fhanfaidh an t-ordú reo i bhfeidhm ach ar feadh na tréimhse is gá chun an mhaoin a chaomhnú chun go bhféadfaí í a choigistiú ina dhiaidh sin. Maoin reoite nach gcoigisteofar ina dhiaidh sin í, díreofar í gan moill mhíchuí. Cinnfear de réir an dlí náisiúnta na coinníollacha nó na rialacha nós imeachta faoina ndéanfar an mhaoin sin a dhíreo.

    Airteagal 12

    Coigistiú

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá ionas go mbeifear in ann coigistiú a dhéanamh, go huile nó go páirteach, ar ionstraimeachtaí agus fáltais a fuarthas as cion coiriúil faoi réir ciontú críochnaitheach, rud a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh freisin ar imeachtaí in absentia.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá ionas go mbeifear in ann coigistiú a dhéanamh ar mhaoin a gcomhfhreagraíonn a luach d’ionstraimeachtaí nó d’fháltais a fuarthas as cion coiriúil atá faoi réir ciontú críochnaitheach, rud a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh freisin ar imeachtaí in absentia. Féadfaidh coigistiú den sórt sin a bheith ina choigistiú cúnta nó ina mhalairt ar choigistiú de bhun mhír 1.

    Airteagal 13

    Coigistiú ó thríú páirtí

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá ionas go mbeifear in ann coigistiú a dhéanamh ar fháltais, nó ar mhaoin eile a gcomhfhreagraíonn a luach d’fháltais, a d’aistrigh duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, go díreach nó go hindíreach, chuig tríú páirtithe, nó a fuair tríú páirtithe ó dhuine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe.

    Beifear in ann fáltais nó maoin eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír a choigistiú i gcás ina suífidh cúirt náisiúnta, bunaithe ar fhíorais agus imthosca nithiúla an cháis, go raibh a fhios ag na tríú páirtithe ábhartha, nó gur cheart gurbh eol dóibh, gurbh é cuspóir an aistrithe nó na héadála coigistiú a sheachaint. Áirítear an méid seo a leanas ar fhíorais agus imthosca den sórt sin:

    (a)

    go ndearnadh an t-aistriú nó an éadáil saor in aisce nó mar mhalairt ar mhéid is léir a bheith díréireach le luach margaidh na maoine; nó

    (b)

    aistríodh an mhaoin chuig páirtithe a raibh gaol gairid eatarthu ach í faoi smacht éifeachtach i gcónaí an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe.

    2.   Beidh mír 1 gan dochar do chearta tríú páirtithe bona fide.

    Airteagal 14

    Coigistiú sínte

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá ionas go mbeifear in ann maoin a choigistiú, go huile nó go páirteach, ar maoin í ar le duine atá ciontaithe i gcion coiriúil i gcás ina bhféadfadh tairbhe eacnamaíoch eascairt as an gcion sin a rinneadh, go díreach nó go hindíreach, agus más deimhin le cúirt náisiúnta go bhfuarthas an mhaoin as iompar coiriúil.

    2.   Chun a shuí an bhfuarthas an mhaoin as iompar coiriúil, cuirfear imthosca uile an cháis san áireamh, lena n-áirítear na fíorais shonracha agus an fhianaise atá ar fáil, amhail luach na maoine a bheith díréireach le hioncam dleathach an duine atá ciontaithe.

    3.   Chun críocha an Airteagail seo, áireofar sa choincheap ‘cion coiriúil’ ar a laghad na cionta a liostaítear in Airteagal 2, míreanna 1 go 3, i gcás inar féidir uastréimhse caillte saoirse 4 bliana ar a laghad a ghearradh mar phionós i leith cionta den sórt sin.

    Airteagal 15

    Coigistiú nach mbunaítear ar chiontú

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá ionas gur féidir, faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, coigistiú a dhéanamh ar ionstraimeachtaí, fáltais nó ar mhaoin dá dtagraítear in Airteagal 12 nó ar fháltais nó ar mhaoin a aistríodh chuig tríú páirtithe dá dtagraítear in Airteagal 13, i gcásanna inar tosaíodh imeachtaí coiriúla ach nárbh fhéidir leanúint leo mar gheall ar cheann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

    (a)

    breoiteacht an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe;

    (b)

    éalú an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe;

    (c)

    bás an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe;

    (d)

    tá an tréimhse teorann le haghaidh an chiona choiriúil ábhartha a fhorordaítear leis an dlí náisiúnta faoi bhun 15 bliana agus tá sí imithe in éag tar éis imeachtaí coiriúla a thionscnamh.

    2.   Beidh coigistiú gan ciontú roimh ré faoin Airteagal seo teoranta do chásanna ina mbeadh sé indéanta, in éagmais na n-imthosca a leagtar amach i mír 1, ciontú coiriúil a bheith mar thoradh ar na himeachtaí coiriúla ábhartha, i leith, ar a laghad, cionta a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis, go díreach nó go hindíreach, le tairbhe eacnamaíoch substaintiúil, agus i gcás inar deimhin leis an gcúirt náisiúnta go bhfuarthas na hionstraimeachtaí, na fáltais nó an mhaoin a bheidh le coigistiú ón gcion coiriúil atá i gceist nó go bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu leis.

    Airteagal 16

    Coigistiú rachmais gan mhíniú a bhfuil baint aige le hiompar coiriúil

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá ionas go mbeifear in ann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás go bhféadfadh sé nach gcuirfí bearta coigistíochta Airteagail 12 go hAirteagal 15 i bhfeidhm, coigistiú maoine a shainaithnítear i gcomhthéacs imscrúdú i ndáil le cion coiriúil a dhéanamh, ar choinníoll gur deimhin le cúirt náisiúnta go bhfuarthas an mhaoin a sainaithníodh ó iompar coiriúil a rinneadh faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil agus go bhféadfaí tairbhe eacnamaíoch shuntasach a bhaint, go díreach nó go hindíreach, as an iompar sin.

    2.   Agus cinneadh á dhéanamh ar cheart an mhaoin dá dtagraítear i mír 1 a choigistiú, cuirfear imthosca uile an cháis san áireamh, lena n-áirítear an fhianaise atá ar fáil agus na fíorais shonracha, a bhféadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh orthu:

    (a)

    go bhfuil luach na maoine díréireach go mór le hioncam dleathach an duine dá ndéantar difear;

    (b)

    nach ann d’aon fhoinse dhleathach inchreidte don mhaoin;

    (c)

    go bhfuil baint ag an duine dá ndéantar difear le daoine a bhfuil baint acu le heagraíocht choiriúil.

    3.   Beidh mír 1 gan dochar do chearta tríú páirtithe bona fide.

    4.   Chun críocha an Airteagail seo, áireofar sa choincheap ‘cion coiriúil’ cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(1) go (3), i gcás inar féidir uastréimhse caillte saoirse 4 bliana ar a laghad a ghearradh mar phionós i leith cionta den sórt sin.

    5.   Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach saothrófar coigistiú rachmais gan mhíniú i gcomhréir leis an Airteagal seo ach amháin i gcás inar reodh an mhaoin atá le coigistiú roimhe sin i gcomhthéacs imscrúdaithe i ndáil le cion coiriúil arna dhéanamh faoi chuimsiú eagraíochta coiriúla.

    Airteagal 17

    Coigistiú agus forghníomhú éifeachtach

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá ionas gur féidir maoin atá le reo nó le coigistiú a rianú agus a shainaithint fiú tar éis ciontú críochnaitheach i gcion coiriúil, nó tar éis imeachtaí maidir le coigistiú de bhun Airteagail 15 agus 16.

    2.   Chun críoch mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na húdaráis inniúla in ann uirlisí rianaithe agus sainaitheantais a úsáid atá chomh héifeachtach leo siúd atá ar fáil chun sócmhainní a rianú agus a reo de bhun Chaibidil II den Treoir seo.

    3.   Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe comhroinnte costas a thabhairt i gcrích le Ballstáit eile maidir le horduithe reo agus coigistíochta a fhorghníomhú.

    Airteagal 18

    Íospartaigh a chúiteamh

    1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú, i gcás ina bhfuil éilimh ag íospartaigh, mar thoradh ar chion coiriúil, i gcoinne an duine atá faoi réir beart coigistíochta dá bhforáiltear faoin Treoir seo, go gcuirfear na héilimh sin san áireamh sna himeachtaí rianaithe, reoite agus coigistíochta sócmhainní ábhartha.

    2.   Cuirfidh na Ballstáit ar chumas na n-údarás inniúil atá freagrach as imscrúduithe rianaithe sócmhainní de bhun Airteagal 4 aon fhaisnéis maidir le sócmhainní sainaitheanta a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun críocha na n-éileamh sin a chur ar fáil, arna iarraidh sin, do na húdaráis atá freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir le héilimh ar aiseag agus as éilimh ar chúiteamh nó atá freagrach as cinntí den sórt sin a fhorghníomhú. Féadfaidh na Ballstáit a chur ar chumas na n-údarás inniúil atá freagrach as imscrúduithe rianaithe sócmhainní de bhun Airteagal 4 faisnéis den sórt sin a sholáthar fiú gan a leithéid d'iarraidh.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh oifigí um aisghabháil sócmhainní ionstraimeachtaí agus fáltais nó maoin is ábhar do chinneadh chun íospartach a chúiteamh nó maoin a aiseag leis, nó a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar do chinneadh den sórt sin, a rianú agus a shainaithint, ar a laghad i gcás ina ngníomhóidh oifigí um aisghabháil sócmhainní i gcásanna trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 5(2), pointe (b), agus i gcás ina n-eiseoidh cúirt a bhfuil inniúlacht aici in ábhair choiriúla i mBallstát eile an cinneadh le linn na n-imeachtaí coiriúla.

    4.   I gcás ina bhfuil íospartach i dteideal aiseag maoine atá nó a d'fhéadfadh teacht faoi réir beart coigistíochta dá bhforáiltear faoin Treoir seo, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an mhaoin lena mbaineann a aiseag leis an íospartach, faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 15 de Threoir 2012/29/AE.

    5.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach ndéanfaidh forghníomhú na mbeart coigistíochta dá bhforáiltear faoin Treoir seo dochar do chearta íospartach cúiteamh a fháil. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na bearta sin a theorannú do chásanna nach leor sócmhainní dleathacha an chiontóra chun méid iomlán an chúitimh a chumhdach.

    Airteagal 19

    Úsáid bhreise a bhaint as an maoin choigistithe

    1.   Molfar do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh ionas go mbeifear in ann maoin choigistithe a úsáid, i gcás inarb iomchuí, ar mhaithe le leas an phobail nó chun críoch sóisialta.

    2.   Gan dochar don dlí idirnáisiúnta is infheidhme, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as na hionstraimeachtaí, na fáltais nó as an maoin a coigistíodh i ndáil leis na cionta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2024/1226, chun ranníocaíochtaí a dhéanamh le sásraí chun tacú le tríú tíortha a ndéanann cásanna ar glacadh bearta sriantacha de chuid an Aontais ina leith difear dóibh, go háirithe i gcásanna de chogadh foghach. Féadfaidh an Coimisiún treoir a sholáthar maidir leis na socruithe le haghaidh na ranníocaíochtaí sin.

    CAIBIDIL IV

    Bainistíocht

    Airteagal 20

    Bainistiú agus pleanáil sócmhainní

    1.   Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun bainistiú éifeachtúil na n-eintiteas, amhail gnóthais, a chaomhnófar mar ghnóthas leantach a áirithiú.

    2.   Na daoine sin a ciontaíodh sna himeachtaí coiriúla ina ndearnadh an mhaoin a reo, moltar do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun cosc a chur orthu maoin a fháil le linn a diúscartha de thoradh ordú coigistíochta.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar maoin reoite nó choigistithe a bhainistiú go héifeachtúil go dtí go ndiúscrófar í de thoradh ordú coigistíochta deiridh.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina mbeidh údar leis de bharr chineál na maoine, go ndéanfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as maoin reoite a bhainistiú measúnú ar imthosca sonracha na maoine a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar d’ordú coigistíochta chun na costais bhainistíochta a mheastar a bheidh uirthi a íoslaghdú agus chun luach na maoine sin a chaomhnú go dtí go ndéanfar í a dhiúscairt. Déanfar measúnú den sórt sin agus an t-ordú reo á ullmhú nó, ar a dhéanaí, gan moill mhíchuí tar éis an t-ordú reo a fhorghníomhú.

    5.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ngearrfar costais bainistithe na maoine reoite, go páirteach ar a laghad, ar an úinéir tairbhiúil.

    Airteagal 21

    Díolacháin idirbhreitheacha

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir maoin is ábhar d’ordú reo a aistriú nó a dhíol roimh ordú coigistíochta deiridh, i gceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

    (a)

    tá an mhaoin atá faoi réir reo meatach nó tá sí ag dímheas go gasta;

    (b)

    tá costais stórála nó cothabhála na maoine ar díréir lena luach margaidh;

    (c)

    tá dálaí speisialta agus saineolas nach bhfuil fáil air go héasca ag teastáil chun an mhaoin a bhainistiú.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear leasa an duine dá ndéantar difear san áireamh, lena n-áirítear an mhaoin a bheith éasca le hathsholáthar nó a mhalairt, nuair a eisítear ordú le haghaidh díolachán idirbhreitheach. Cé is moite de chásanna inar éalaigh an duine dá ndéantar difear nó nach féidir an duine sin a aimsiú, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra don duine dá ndéantar difear agus, cé is moite de chásanna práinne, go dtabharfar an deis don duine sin éisteacht a fháil roimh an díolachán. Tabharfar an deis don duine dá ndéantar difear a iarraidh go ndíolfar an mhaoin.

    3.   Déanfar na fáltais ó dhíolacháin idirbhreitheacha a chosaint go dtí go ndéanfar cinneadh breithiúnach maidir leis an gcoigistiú.

    Airteagal 22

    Oifigí bainistíochta sócmhainní

    1.   Bunóidh nó ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin ar a laghad a fheidhmeoidh mar oifig bainistíochta sócmhainní chun maoin reoite agus choigistithe a bhainistiú go dtí go ndéanfar an mhaoin sin a dhiúscairt de bhun ordú coigistíochta deiridh.

    2.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar na hoifigí bainistíochta sócmhainní:

    (a)

    bainistíocht éifeachtúil na maoine reoite agus coigistithe a áirithiú, bíodh sin trí bhainistíocht dhíreach na maoine reoite agus coigistithe nó trí thacaíocht agus saineolas a sholáthar d’údaráis inniúla eile atá freagrach as bainistíocht na maoine reoite agus coigistithe agus pleanáil i gcomhréir le hAirteagal 20(4);

    (b)

    dul i gcomhar le húdaráis inniúla eile atá freagrach as maoin a rianú agus a shainaithint, a reo agus a choigistiú, de bhun na Treorach seo;

    (c)

    dul i gcomhar le húdaráis inniúla eile atá freagrach as bainistíocht na maoine reoite agus coigistithe i gcásanna trasteorann.

    CAIBIDIL V

    Coimircí

    Airteagal 23

    Oibleagáid na daoine dá ndéantar difear a chur ar an eolas

    Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na horduithe reo dá dtagraítear in Airteagal 11, na horduithe coigistíochta de bhun Airteagail 12 go 16, agus na horduithe díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 21 in iúl don duine dá ndéantar difear gan moill mhíchuí. Leagfar amach sna horduithe sin na cúiseanna leis an mbeart chomh maith leis na cearta agus na leigheasanna dlí atá ar fáil don duine sin dá ndéantar difear de bhun Airteagal 24. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le ceart d’údaráis inniúla cur in iúl na n-orduithe reo don duine dá ndéantar difear a chur siar chomh fada agus is gá chun nach gcuirfear imscrúdú coiriúil i mbaol.

    Airteagal 24

    Leigheasanna dlí

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an ceart chun leighis éifeachtaigh ag na daoine a ndéanann na horduithe reo de bhun Airteagal 11 agus na horduithe coigistíochta de bhun Airteagail 12 go 16 difear dóibh agus an ceart chun triail chóir a fháil chun go seasfar lena gcearta.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ráthófar na cearta chun cosanta, lena n-áirítear an ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad, an ceart chun éisteacht a fháil maidir le saincheisteanna dlí agus fíorais agus, i gcás inarb ábhartha, an ceart chun ateangaireachta agus aistriúcháin, do na daoine sin dá ndéantar difear, ar daoine iad a bhfuil drochamhras fúthu nó atá cúisithe, nó daoine a ndéanann coigistiú difear dóibh de bhun Airteagal 16.

    Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfuil na cearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag daoine eile dá ndéantar difear freisin. Déanfaidh na Ballstáit foráil go bhfuil an ceart rochtana ar an gcomhad, an ceart chun éisteacht a fháil maidir le saincheisteanna dlí agus fíorais ag na daoine eile sin dá ndéantar difear freisin, chomh maith le haon chearta nós imeachta eile is gá chun a gceart chun leigheas éifeachtach a fheidhmiú go héifeachtach. Féadfar an ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad a theorannú do na doiciméid a bhaineann leis an mbeart reo nó coigistíochta ar choinníoll go mbeidh rochtain ag na daoine dá ndéantar difear ar na doiciméid is gá chun a gceart chun leighis éifeachtaigh a fheidhmiú.

    3.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le deis éifeachtach a bheith ag an duine a ndéantar difear dá mhaoin nó dá maoin agóid a dhéanamh i gcoinne an ordaithe reo de bhun Airteagal 11 os comhair cúirte, i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta. I gcás inarb údarás inniúil nach údarás breithiúnach é a d’eisigh an t-ordú reo, féadfar foráil a dhéanamh leis an dlí náisiúnta go gcuirfear an t-ordú sin faoi bhráid údarás breithiúnach lena bhailíochtú nó le hathbhreithniú a dhéanamh air sular féidir agóid a dhéanamh ina choinne os comhair cúirte.

    4.   I gcás inar éalaigh an duine atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe, déanfaidh na Ballstáit gach beart réasúnta chun deis éifeachtach a áirithiú an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne an ordaithe coigistíochta a fheidhmiú agus ceanglóidh siad go gcuirfear toghairm ar an duine lena mbaineann chun na n-imeachtaí coigistíochta nó go ndéanfar iarracht réasúnta an duine sin a chur ar an eolas faoi na himeachtaí sin.

    5.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le deis éifeachtach a bheith ag an duine a ndéantar difear dá mhaoin nó dá maoin agóid a dhéanamh i gcoinne an ordaithe coigistíochta de bhun Airteagail 12 go 16, lena n-áirítear imthosca ábhartha an cháis agus fianaise atá ar fáil ar a bhfuil na torthaí bunaithe, os comhair cúirte, i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta.

    6.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le deis éifeachtach a bheith ag an duine dá ndéantar difear agóid a dhéanamh i gcoinne ordú le haghaidh díolachán idirbhreitheach de bhun Airteagal 21 agus tabharfaidh siad na cearta nós imeachta uile is gá don duine dá ndéantar difear chun a cheart nó a ceart chun leighis éifeachtaigh a fheidhmiú. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an bhféidearthacht go bhféadfaidh cúirt forghníomhú an ordaithe díolacháin sin a chur ar fionraí, más rud é go ndéanfaí dochar doleasaithe don duine dá ndéantar difear á cheal.

    7.   Beidh tríú páirtithe i dteideal teideal úinéireachta a éileamh nó cearta maoine eile a éileamh, lena n-áirítear sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 13.

    8.   Daoine a ndéanann na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo difear dóibh, beidh an ceart chun dlíodóir a rochtain acu ar feadh na n-imeachtaí um reo agus choigistiú. Cuirfear na daoine lena mbaineann ar an eolas faoin gceart sin.

    CAIBIDIL VI

    Creat Straitéiseach um Aisghabháil Sócmhainní

    Airteagal 25

    Straitéis náisiúnta maidir le haisghabháil sócmhainní

    1.   Glacfaidh na Ballstáit, faoin 24 Bealtaine 2027, straitéis náisiúnta maidir le haisghabháil sócmhainní agus tabharfaidh siad cothrom le dáta í ag eatraimh rialta nach faide ná 5 bliana.

    2.   Áireofar an méid seo a leanas sa straitéis dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    gnéithe a bhaineann le tosaíochtaí an bheartais náisiúnta sa réimse seo, agus na cuspóirí agus na bearta chun iad a bhaint amach;

    (b)

    ról agus freagrachtaí na n-údarás inniúil, lena n-áirítear socruithe maidir le comhordú agus comhar eatarthu;

    (c)

    acmhainní;

    (d)

    oiliúint;

    (e)

    bearta a bheidh le déanamh, i gcás inarb infheidhme, maidir le húsáid sócmhainní coigistithe chun leas an phobail nó chun críoch sóisialta;

    (f)

    gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh maidir le comhar le tríú tíortha;

    (g)

    socruithe lena gceadófar meastóireacht rialta a dhéanamh ar thorthaí.

    3.   Déanfaidh na Ballstáit a gcuid straitéisí agus aon nuashonrú ar na straitéisí sin a chur in iúl don Choimisiún laistigh de 3 mhí ó dháta a nglactha.

    Airteagal 26

    Acmhainní

    Áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis na hoifigí um aisghabháil sócmhainní agus na hoifigí bainistíochta sócmhainní a dhéanann cúraimí de bhun na Treorach seo, go mbeidh foireann chuícháilithe acu maille leis na hacmhainní airgeadais, teicniúla agus teicneolaíochta iomchuí is gá chun a gcuid feidhmeanna a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo a fheidhmiú go héifeachtach. Gan dochar don neamhspleáchas breithiúnach ná do dhifríochtaí in eagrú na mbreithiúna ar fud an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oiliúint speisialaithe agus malartuithe dea-chleachtas ar fáil don fhoireann a bhfuil baint acu le sócmhainní a shainaithint, a rianú, a aisghabháil agus a choigistiú.

    Airteagal 27

    Bainistíocht éifeachtúil ar mhaoin reoite agus coigistithe

    1.   Chun maoin reoite agus choigistithe a bhainistiú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oifigí bainistíochta sócmhainní, agus, de réir mar is iomchuí, oifigí um aisghabháil sócmhainní, agus údaráis inniúla eile a dhéanann cúraimí de bhun na Treorach seo, in ann faisnéis a fháil go pras maidir le maoin reoite agus choigistithe atá le bainistiú faoin Treoir seo. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit uirlisí éifeachtúla bainistíochta maoine reoite agus coigistithe a bhunú, amhail clár lárnach amháin nó cláir eile de mhaoin a reoitear agus a choigistítear de bhun na Treorach seo.

    2.   Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir faisnéis a fháil maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    an mhaoin is ábhar d’ordú reo nó coigistíochta agus atá le bainistiú de bhun Airteagal 20(3) go dtí go ndéanfar í a dhiúscairt de thoradh ordú coigistíochta deiridh, lena n-áirítear mionsonraí lenar féidir an mhaoin a shainaithint;

    (b)

    luach measta nó iarbhír na maoine, i gcás inarb iomchuí, tráth a reo, a coigistithe agus a diúscartha;

    (c)

    úinéir na maoine, lena n-áirítear an t-úinéir tairbhiúil, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil;

    (d)

    tagairt an chomhaid náisiúnta le haghaidh an imeachta a bhaineann leis an maoin.

    3.   I gcás ina mbunóidh na Ballstáit clár de mhaoin reoite agus choigistithe de bhun mhír 1, áiritheoidh siad gur féidir leis na húdaráis a bhfuil rochtain acu ar an gclár faisnéis a chuardach agus a fháil maidir le hainm an údaráis a iontrálann an fhaisnéis sa chlár agus maidir le haitheantóir úsáideora uathúil an oifigigh a d’iontráil an fhaisnéis sa chlár.

    4.   I gcás ina mbunóidh na Ballstáit clár de mhaoin reoite agus choigistithe de bhun mhír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh siad go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a choinneáil a fhad is a bheidh gá léi chun taifead agus forbhreathnú a choimeád ar an maoin atá reoite, coigistithe nó faoi bhainistíocht, agus tráth nach faide ná dáta dhiúscairt na maoine, nó chun staitisticí bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 28 a sholáthar.

    5.   I gcás ina mbunóidh na Ballstáit clár de mhaoin reoite agus choigistithe de bhun mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir aon sonraí pearsanta a stóráiltear sa chlár a rochtain agus a úsáid chun ionstraimeachtaí. fáltais nó maoin is ábhar d’ordú reo nó coigistíochta, nó a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar d’ordú reo nó coigistíochta, a reo, a choigistiú agus a bhainistiú, i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

    6.   I gcás ina mbunóidh na Ballstáit clár de mhaoin reoite agus choigistithe de bhun mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is iomchuí ar bun chun slándáil na sonraí atá i gcláir na maoine reoite agus coigistithe a áirithiú agus ainmneoidh siad an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as bainistiú na gclár agus as cúraimí an rialaitheora a dhéanamh mar a shainítear sna rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

    Airteagal 28

    Staidreamh

    Déanfaidh na Ballstáit staidreamh cuimsitheach a bhailiú go rialta ó na húdaráis ábhartha agus coinneoidh siad staidreamh cuimsitheach chun athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht a gcóras coigistíochta. Cuirfear an staidreamh a bhaileofar faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain faoin 31 Nollaig na bliana ina diaidh sin agus beidh an méid seo a leanas san áireamh ann:

    (a)

    líon na n-orduithe reo arna bhforghníomhú;

    (b)

    líon na n-orduithe coigistíochta arna bhforghníomhú;

    (c)

    luach measta na maoine arna reo d’fhonn go bhféadfaí í a choigistiú ina dhiaidh sin tráth an reo;

    (d)

    luach measta na maoine arna haisghabháil tráth na coigistíochta;

    (e)

    líon na n-iarrataí ar orduithe reo atá le forghníomhú i mBallstát eile;

    (f)

    líon na n-iarrataí ar orduithe coigistíochta atá le forghníomhú i mBallstát eile;

    (g)

    luach nó luach measta na maoine a aisghabhadh tar éis forghníomhú i mBallstát eile;

    (h)

    luach na maoine coigistithe i gcomparáid lena luach tráth an reo, i gcás ina mbeidh fáil air sin ar an leibhéal lárnach;

    (i)

    miondealú ar na huimhreacha agus na luachanna a bhaineann le pointí (b) agus (d) de réir an chineáil coigistíochta, i gcás ina mbeidh fáil air sin ar an leibhéal lárnach;

    (j)

    líon na ndíolachán idirbhreitheach, i gcás ina mbeidh fáil air sin ar an leibhéal lárnach;

    (k)

    luach na maoine atá le hathúsáid chun críoch sóisialta.

    CAIBIDIL VII

    Comhar

    Airteagal 29

    An líonra comhair maidir le sócmhainní a aisghabháil agus a choigistiú

    1.   Bunóidh an Coimisiún líonra comhair maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní chun comhar a éascú i measc oifigí um aisghabháil sócmhainní agus oifigí bainistíochta sócmhainní agus le Europol i ndáil le cur chun feidhme na Treorach seo, agus chun comhairle a chur ar an gCoimisiún agus malartú dea-chleachtas a éascú i ndáil le cur chun feidhme na Treorach seo.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó Eurojust, ó OIPE agus, i gcás inarb iomchuí, ón Údarás um an Sciúradh Airgid páirt a ghlacadh i gcruinnithe de chuid an líonra dá dtagraítear i mír 1.

    Airteagal 30

    Comhar le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais

    1.   Oibreoidh oifigí um aisghabháil sócmhainní de chuid na mBallstát, faoina n-inniúlachtaí faoi seach agus i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme, i ndlúthchomhar le OIPE chun sainaithint na n-ionstraimeachtaí, na bhfáltas nó na maoine is ábhar d’ordú reo nó coigistíochta nó a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar d’ordú reo nó coigistíochta in imeachtaí in ábhair choiriúla a éascú, a mhéid a bhaineann le cionta coiriúla a thagann faoi inniúlacht OIPE.

    2.   Oibreoidh na hoifigí um aisghabháil sócmhainní agus na hoifigí bainistíochta sócmhainní i gcomhar le Europol agus Eurojust, i gcomhréir lena réimsí inniúlachta, chun sainaithint na n-ionstraimeachtaí, na bhfáltas nó na maoine is ábhar d’ordú reo nó coigistíochta nó a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar d’ordú reo nó coigistíochta arna eisiúint ag údarás inniúil le linn imeachtaí in ábhair choiriúla, a éascú, agus chun bainistíocht sócmhainní reoite agus coigistithe a éascú.

    Airteagal 31

    Comhar le tríú tíortha

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh oifigí um aisghabháil sócmhainní, faoi chuimsiú an chreata dhlíthiúil idirnáisiúnta, i gcomhar lena gcontrapháirtithe i dtríú tíortha a mhéid is féidir, agus faoi réir an chreata dhlíthiúil is infheidhme maidir le cosaint sonraí, chun na cúraimí de bhun Airteagal 5 a dhéanamh.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh oifigí bainistíochta sócmhainní, faoi chuimsiú an chreata dhlíthiúil idirnáisiúnta, i gcomhar lena gcontrapháirtithe i dtríú tíortha a mhéid is féidir, agus faoi réir an chreata dhlíthiúil is infheidhme maidir le cosaint sonraí, chun na cúraimí de bhun Airteagal 22 a dhéanamh.

    CAIBIDIL VIII

    Forálacha críochnaitheacha

    Airteagal 32

    Údaráis inniúla ainmnithe agus pointí teagmhála

    1.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin údarás nó faoi na húdaráis a ainmnítear chun na cúraimí de bhun Airteagail 5 agus 22 a dhéanamh.

    2.   Ainmneoidh na Ballstáit dhá phointe teagmhála ar a mhéad chun an comhar a éascú i gcásanna trasteorann idir oifigí um aisghabháil sócmhainní agus dhá phointe teagmhála ar a mhéad chun an comhar a éascú idir oifigí bainistíochta sócmhainní. Ní bheidh sé riachtanach na cúraimí de bhun Airteagal 5 nó 22 a chur de chúram ar na pointí teagmhála sin iad féin.

    3.   Faoin 24 Bealtaine 2027 [6 mhí ó dhul in éag thréimhse trasuí na Treorach seo], tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin údarás inniúil nó faoi na húdaráis inniúla agus, i gcás inarb ábhartha, faoi na pointí teagmhála dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 faoi seach.

    4.   Faoin 24 Bealtaine 2027 [6 mhí ó dhul in éag thréimhse trasuí na Treorach seo], cuirfidh an Coimisiún clár ar líne ar bun ina liostaítear na húdaráis inniúla uile agus an pointe teagmhála atá ainmnithe le haghaidh gach údaráis inniúil. Foilseoidh an Coimisiún liosta na n-údarás dá dtagraítear i mír 1 ar a shuíomh gréasáin agus tabharfaidh sé cothrom le dáta go tráthrialta é.

    Airteagal 33

    Trasuí

    1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 23 Samhain 2026. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 34

    Tuairisciú

    1.   Faoin 24 Samhain 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina ndéanfar measúnú ar chur chun feidhme na Treorach seo.

    2.   Faoin 24 Samhain 2031, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina ndéanfar meastóireacht ar an Treoir seo. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis a sholáthróidh na Ballstáit agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le trasuí agus cur chun feidhme na Treorach seo. Ar bhonn na meastóireachta sin, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le gníomhaíochtaí leantacha iomchuí, lena n-áirítear, más gá, togra reachtach.

    Airteagal 35

    An gaol le hionstraimí eile

    Ní dochar an Treoir seo do Threoir (AE) 2019/1153.

    Airteagal 36

    Gabháil ionad Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 98/699/CGB, Chinnidh Réime 2001/500/CGB agus 2005/212/CGB, Chinneadh Réime 2007/845/CGB agus Threoir 2014/42/AE

    1.   Gabhtar ionad Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 98/699/CGB, Chinnidh Réime 2001/500/CGB agus 2005/212/CGB, Chinneadh Réime 2007/845/CGB agus Threoir 2014/42/AE a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát sin maidir leis an dáta chun na hionstraimí sin a thrasuí sa dlí náisiúnta.

    2.   Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí do na hionstraimí dá dtagraítear i mír 1 a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

    Airteagal 37

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 38

    Seolaithe

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna déanamh in Strasbourg, an 24 Aibreán 2024.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa T

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    har ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. MICHEL


    (1)   IO C 100, 16.3.2023, lch. 105.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2024.

    (3)  Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO L 127, 29.4.2014, lch. 39).

    (4)  Cinneadh 2007/845/CGB ón gComhairle an 6 Nollaig 2007 maidir le comhar idir Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní na mBallstát sa réimse a bhaineann le fáltais ó choireacht, nó maoin eile a bhaineann le coireacht, a rianú agus a shainaithint (IO L 332, 18.12.2007, lch. 103).

    (5)  Cinneadh Réime 2005/212/CGB ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le Fáltais, Ionstraimeachtaí agus Maoin a bhaineann le Coireacht a Choigistiú (IO L 68, 15.3.2005, lch. 49).

    (6)  Treoir 2002/90/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2002 lena sainmhínítear éascú teacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe (IO L 328, 5.12.2002, lch. 17).

    (7)  Cinneadh Réime 2002/946/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2002 maidir leis an gcreat pionósach a neartú chun cosc a chur le héascú ar theacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe (IO L 328, 5.12.2002, lch. 1).

    (8)  Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir le coireacht eagraithe a chomhrac (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).

    (9)  Treoir (AE) 2024/1226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú i leith sárú ar bhearta sriantacha an Aontais agus lena leasaítear Treoir (AE) 2018/1673 (IO L, 2024/1226, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1226/oj).

    (10)  Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’orduithe reo agus d’orduithe coigistíochta (IO L 303, 28.11.2018, lch. 1).

    (11)  Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle (IO L 186, 11.7.2019, lch. 122).

    (12)  Treoir (AE) 2015/849/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

    (13)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

    (14)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

    (15)  Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin in imeachtaí coiriúla (IO L 280, 26.10.2010, lch. 1).

    (16)  Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart i gcomhair faisnéise in imeachtaí coiriúla (IO L 142, 1.6.2012, lch. 1).

    (17)  Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta íospartaigh na coireachta, maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).

    (18)  Treoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse. (IO L 294, 6.11.2013, lch. 1).

    (19)  Treoir 2014/60/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le réada cultúrtha a aistríodh go neamhdhleathach ó chríoch Ballstáit a fháil ar ais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 159, 28.5.2014, lch. 1).

    (20)  Treoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta a neartú mar aon leis an gceart bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla (IO L 65, 11.3.2016, lch. 1).

    (21)  Treoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 ar choimircí nós imeachta do leanaí ar daoine iad atá faoi dhrochamhras nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla (IO L 132, 21.5.2016, lch. 1).

    (22)  Treoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach (IO L 297, 4.11.2016, lch. 1).

    (23)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (24)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

    (25)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/699/CGB an 3 Nollaig 1998 arna glacadh ag an gComhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le sciúradh airgid agus ionstraimeachtaí agus fáltais ó choireacht a shainaithint, a rianú, a reo, a urghabháil agus a choigistiú (IO L 333, 9.12.1998, lch. 1).

    (26)  Cinneadh Réime 2001/500/CGB ón gComhairle an 26 Meitheamh 2001 maidir le sciúradh airgid agus le hionstraimeachtaí agus fáltais ón gcoireacht a shainaithint, a rianú, a reo, a urghabháil agus a choigistiú (IO L 182, 5.7.2001, lch. 1).

    (27)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (28)   IO C 425, 8.11.2022, lch. 2.

    (29)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

    (30)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

    (31)  Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

    (32)  Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus maidir le pionóis i réimse na gáinneála aindleathaí ar dhrugaí (IO L 335, 11.11.2004, lch. 8).

    (33)   IO C 195, 25.6.1997, lch. 1.

    (34)  Cinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le héilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach (IO L 192, 31.7.2003, lch. 54).

    (35)  Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil (IO L 284, 12.11.2018, lch. 22).

    (36)  Treoir (AE) 2019/713 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle (IO L 123, 10.5.2019, lch. 18).

    (37)  Treoir 2014/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le cosaint an euro agus airgeadraí eile ar ghóchumadh leis an dlí coiriúil, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2000/383/CGB ón gComhairle (IO L 151, 21.5.2014, lch. 1).

    (38)  Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus Chinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle (IO L 218, 14.8.2013, lch. 8).

    (39)   IO L 89, 25.3.2014, lch. 10.

    (40)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

    (41)  Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).

    (42)  Treoir 2005/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le truailliú ó longa agus pionóis, lena n-áirítear pionóis choiriúla, a thabhairt isteach do chionta an truaillithe (IO L 255, 30.9.2005, lch. 11).

    (43)  Treoir 2014/57/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le smachtbhannaí coiriúla i leith drochúsáid mhargaidh (an Treoir maidir le drochúsáid mhargaidh) (IO L 173, 12.6.2014, lch. 179).

    (44)  Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le criptea-shócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 1).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1260/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top