Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2218

    Cinneadh (AE) 2024/2218 ón gComhairle an 28 Lúnasa 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga agus Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht reachta

    ST/12385/2024/INIT

    IO L, 2024/2218, 4.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2218/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2218/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/2218

    4.9.2024

    CINNEADH (AE) 2024/2218 ÓN gCOMHAIRLE

    an 28 Lúnasa 2024

    maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga agus Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht reachta

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Trí bhíthin Chinneadh (AE) 2022/2349 (1), thug an Chomhairle údarú don Choimisiún chun tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais ar choinbhinsiún ó Chomhairle na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga agus cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta. Tugadh an chaibidlíocht i gcrích an 17 Bealtaine 2024 nuair a cuireadh inisealacha leis an gCreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga agus Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht reachta (‘an Coinbhinsiún’) agus nuair a ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa é.

    (2)

    Leis an gCoinbhinsiún, leagtar síos na prionsabail ghinearálta agus na hoibleagáidí ba cheart do na Páirtithe sa Choinbhinsiún a urramú chun cosaint chearta an duine, an daonlathais agus an smachta reachta a áirithiú i ndáil leis na gníomhaíochtaí a dhéantar le linn saolré na gcóras intleachta saorga (IS).

    (3)

    An 13 Meitheamh 2024, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) ar bhonn Airteagail 16 agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), Rialachán ina bhfuil rialacha atá comhchuibhithe, bunaithe go ginearálta ar chomhchuibhiú iomlán, lena rialaítear córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid san Aontas. Tá na rialacha sin infheidhme go díreach sna Ballstáit, mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite leis an Rialachán sin. Cuirfear an Coinbhinsiún chun feidhme san Aontas go heisiach trí Rialachán (AE) 2024/1689 agus trí acquis ábhartha eile de chuid an Aontais, i gcás inarb infheidhme.

    (4)

    Eisiatar gníomhaíochtaí a dhéantar le linn saolré na gcóras intleachta saorga a bhaineann le leasanna slándála náisiúnta a chosaint ó raon feidhme an Choinbhinsiúin. Ina theannta sin, déantar córais intleachta saorga a chuirtear ar an margadh, a chuirtear i mbun seirbhíse, nó a úsáidtear le modhnú nó gan mhodhnú go heisiach chun críoch slándála náisiúnta, agus aschur córas intleachta saorga a úsáidtear san Aontas go heisiach chun na gcríoch sin, a eisiamh ó Rialachán (AE) 2024/1689, arb é príomhghníomh dlí an Aontais lena gcuirtear an Coinbhinsiún chun feidhme, gan beann ar an gcineál eintitis a dhéanann na gníomhaíochtaí sin. Thairis sin, fanfaidh an tslándáil náisiúnta ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin, dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Dá bhrí sin, ba cheart na teorainneacha a leagtar amach thuas a urramú leis an seasamh ón Aontas a cuireadh in iúl i gComhdháil na bPáirtithe, a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún staonadh ó phlé nó aon seasamh a ghlacadh maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar le linn saolré na gcóras intleachta saorga a bhaineann le leasanna slándála náisiúnta a chosaint sna cruinnithe a bhíonn ag Comhdháil na bPáirtithe.

    (5)

    Ós rud é go bhfuil raon feidhme pearsanta agus ábharach an Choinbhinsiúin, agus forálacha substainteacha an Choinbhinsiúin ag teacht den chuid is mó le Rialachán (AE) 2024/1689, a chomhlánaítear le acquis ábhartha eile de chuid an Aontais, d’fhéadfadh tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin difear a dhéanamh do rialacha coiteanna an Aontais nó a raon feidhme a athrú de réir bhrí Airteagal 3(2) de CFAE. Áirítear ar acquis ábhartha eile de chuid an Aontais gníomhartha dlí arb é is aidhm dóibh cearta bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, mar shampla reachtaíocht an Aontais maidir le neamh-idirdhealú, lena n-áirítear Treoir 2000/43/CE ón gComhairle (3) lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, Treoir 2000/78/CE ón gComhairle (4) lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, acquis an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint, lena n-áirítear Rialacháin (AE) 2016/679 (5) agus (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) arb é is aidhm dóibh timpeallacht shábháilte intuartha iontaofa ar líne a áirithiú ina n-urramaítear cearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun faisnéis a fháil agus a thabhairt; Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla; agus reachtaíocht maidir le sábháilteacht táirgí agus reachtaíocht maidir leis an dliteanas i leith táirgí lochtacha, lena n-áirítear Treoir 85/374/CEE ón gComhairle (8). Dá bhrí sin, tá inniúlacht sheachtrach eisiach ag an Aontas chun an Coinbhinsiún a shíniú. dá bharr sin, níor cheart ach an tAontas a bheith ina Pháirtí sa Choinbhinsiún, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

    (6)

    Beidh ról tábhachtach ag Comhdháil na bPáirtithe i gcur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin, lena n-áirítear trí mholtaí sonracha a dhéanamh maidir lena léirmhíniú agus lena chur i bhfeidhm. Féachfaidh Comhdháil na bPáirtithe freisin ar leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gCoinbhinsiún. I gcomhréir le hAirteagal 218(9) CFAE, ba cheart don Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinntí a ghlacadh lena mbunófar na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gComhdháil na bPáirtithe nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, go háirithe Rialacha Nós Imeachta Chomhdháil na bPáirtithe. Agus na Rialacha Nós Imeachta sin á gcaibidil„ rialacha atá le glacadh de chomhthoil laistigh de 12 mhí ó theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin, beidh an tAontas ag iarraidh a áirithiú go dtabharfar 27 vóta dó, ar léiriú é ar líon a Bhallstát. I gcás ina dtabharfar na 27 vóta don Aontas, ba cheart don Choimisiún, agus ionadaíocht á déanamh aige thar ceann an Aontais, a áirithiú go mbeidh comhordú níos fearr ann leis na Ballstáit chun seasaimh aonfhoirmeacha a chur in iúl os comhair Chomhdháil na bPáirtithe agus a cheart vótála a fheidhmiú thar ceann an Aontais. Tá comhordú níos fearr den sórt sin an-ábhartha ós rud é comhaltaí de Chomhairle na hEorpa iad na Ballstáit uile freisin agus ag féachaint don intleacht shaorga a bhíonn ag athrú go tapa, chomh maith lena riachtanaí atá creat comhleanúnach is infheidhme ar fud an domhain sa réimse. Chun a áirithiú go gcuirfear feabhas ar an gcomhordú, ba cheart don Chomhairle a bheith rannpháirteach agus aon seasamh á cheapadh, gan beann ar an gcineál seasaimh a bheidh i gceist, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe ar Airteagal 16(1) CAE agus Airteagal 218(9) CFAE. Mura n-éireoidh leis an Aontas 27 vóta a bhaint amach, in ainneoin a dhícheall, chun a áirithiú go mbeidh líon vótaí ag an Aontas a léiríonn a thábhacht i gComhairle na hEorpa agus a chuirfidh ar a chumas a leasanna a chosaint go hiomchuí, ba cheart don Choimisiún a mholadh go dtabharfaí de chumhacht do na Ballstáit, faoi Airteagal 2(1) CFAE agus le lánurraim d’inniúlacht eisiach an Aontais, aontú don Choinbhinsiún in éineacht leis an Aontas.

    (7)

    Iarrfaidh an Coimisiún ar gach Ballstát ionadaí amháin a chur i dteannta ionadaí an Choimisiúin mar chuid de thoscaireacht an Aontais chuig cruinnithe Chomhdháil na bPáirtithe. Tá prionsabal an chomhair dhílis le hurramú.

    (8)

    Maidir le haon chomhaontú eile a d’fhéadfaí a thabhairt i gcrích amach anseo faoi choimirce Chomhairle na hEorpa nó i bhfóraim idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear i réimse na hintleachta saorga, agus maidir le haon leasú ar an gCoinbhinsiún, ba cheart roinnt na n-inniúlachtaí seachtracha idir an tAontas agus na Ballstáit a mheas i bhfianaise ghnéithe sonracha gach ionstraime mar sin. Tá sé ríthábhachtach go bhféadfaidh an tAontas agus a Bhallstáit leanúint dá ról díreach gníomhach a imirt agus guth an Aontais á chur in iúl agus a leasanna á gcosaint, ar bhealach comhsheasmhach comhordaithe, i gcomhréir go hiomlán leis na Conarthaí.

    (9)

    I gcomhréir leis na Conarthaí, ba cheart don Choimisiún áirithiú go síneofar an Coinbhinsiún, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, údaraítear Creat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga, Cearta an Duine, an Daonlathas agus an Smacht Reachta (‘an Coinbhinsiún’) a shíniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir an Choinbhinsiúin sin a thabhairt i gcrích (9).

    Airteagal 2

    Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an Coinbhinsiúin a shíniú, faoi réir a thabhairt i gcrích.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Lúnasa 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    BÓKA J.


    (1)  Cinneadh (AE) 2022/2349 ón gComhairle an 21 Samhain 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh ar choinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga, cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta (IO L 311, 2.12.2022, lch. 138).

    (2)  Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828, (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).

    (3)  Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22).

    (4)  Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16).

    (5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119 4.5.2016, lch. 1).

    (6)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

    (7)  Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla (IO L, 2024/900, 20.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj).

    (8)  Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO L 210, 7.8.1985, lch. 29).

    (9)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2218/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top