EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1846

Cinneadh (AE) 2024/1846 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca leis an leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse agus ar Phrótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE (Bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

ST/11124/2024/INIT

IO L, 2024/1846, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1846/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1846/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1846

5.7.2024

CINNEADH (AE) 2024/1846 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Meitheamh 2024

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca leis an leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse agus ar Phrótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE (Bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(5) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE cinneadh a dhéanamh, inter alia, Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (‘Prótacal 31’) agus Prótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 (‘Prótacal 37’) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú.

(3)

Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chumhdach.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréacht-Chinneadh atá i gceangal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhchoiste LEE maidir leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse agus ar Phrótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Meitheamh 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022, lch. 26).


DRÉACHT

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE UIMH. …

an …

lena leasaítear Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse agus Prótacal 37 ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101 a ghabhann le Comhaontú LEE

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun go gcumhdófar Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (1).

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 31 agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeifear in ann an comhar leathnaithe sin a chur ar bun,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs fhleasc 9 (Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Airteagal 16(1) de Phrótacal 31:

32022 R 2371: Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022. lch. 26).

Beidh Stáit CSTE rannpháirteach go hiomlán sa Choiste Slándála Sláinte agus beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu ann agus a bhíonn ag Ballstáit an Aontais, cé is moite den cheart vótála.

De bhua Airteagal 79(3) den Chomhaontú, beidh feidhm ag Cuid VII (Forálacha Institiúideacha) den Chomhaontú, cé is moite de Ranna 1 agus 2 de Chaibidil 3, maidir leis an bhfleasc seo.’.

Airteagal 2

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i bPrótacal 37 a ghabhann leis an gComhaontú:

‘49.

An Coiste Slándála Sláinte (Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle).’.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, …

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rúnaithe

Chomhchoiste LEE


(1)   IO L 314, 6.12.2022, lch. 26.

(*1)  [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1846/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top