Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1809

    Cinneadh (AE) 2024/1809 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2024 maidir le liúntais laethúla a dheonú do chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a gcomhaltaí malartacha agus maidir le haisíoc speansas taistil chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a gcomhaltaí malartacha, agus lena n-aisghairtear Cinntí 2013/471/AE agus (AE) 2023/1013

    ST/9514/2024/INIT

    IO L, 2024/1809, 27.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1809/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1809/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1809

    27.6.2024

    CINNEADH (AE) 2024/1809 ÓN gCOMHAIRLE

    an 21 Meitheamh 2024

    maidir le liúntais laethúla a dheonú do chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a gcomhaltaí malartacha agus maidir le haisíoc speansas taistil chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a gcomhaltaí malartacha, agus lena n-aisghairtear Cinntí 2013/471/AE agus (AE) 2023/1013

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 301, an tríú mír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Cinneadh 2013/471/AE ón gComhairle (1), leagadh síos rialacha maidir le liúntais laethúla a dheonú dá chomhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (‘an Coiste’) agus maidir lena speansais taistil a aisíoc leo.

    (2)

    Le Cinneadh (AE) 2023/1013 ón gComhairle (2), tugadh isteach maolú ar Airteagail 2, 3 agus 4 de Chinneadh 2013/471/AE a mhéid a bhaineann le liúntais laethúla a dheonú agus speansais taistil a aisíoc le comhaltaí an Choiste agus lena gcomhaltaí malartacha (dá ngairtear le chéile ‘na tairbhithe’), lena dtugtar teidlíocht do thairbhithe a chianfhreastalaíonn ar chruinnithe trí mhéan leictreonach ar liúntas laethúil. Ina theannta sin, measadh gurbh iomchuí liúntais laethúla den sórt sin a bheith mar chuid d’athbhreithniú cuimsitheach arna dhéanamh amach anseo ar Chinneadh 2013/471/AE, roimh dheireadh théarma oifige reatha an Choiste.

    (3)

    Le Cinneadh (AE) 2023/1013 ón gComhairle, déantar foráil do liúntas laethúil a do thairbhithe a chianfhreastalaíonn trí mheán leictreonach ar chruinnithe áirithe den Choiste. Go sonrach, leis an gcinneadh sin rinneadh foráil do liúntais laethúla do chruinnithe arna n-údarú i gcomhréir le rialacha inmheánacha an Choiste, cé is moite de chruinnithe den Bhiúró, seisiúin iomlánacha an Tionóil, cruinnithe de rannóga agus den Choimisiúin Chomhairleach um Athruithe Tionsclaíocha agus. cruinnithe eile arna n-údarú go cuí nach féidir a eagrú go hiomlán agus na comhaltaí a bheith i láthair go fisiciúil atá riachtanach chun leanúnachas institiúideach agus gnó an Choiste a ráthú. Ar mhaithe le soiléireacht agus trédhearcacht, is iomchuí na coinníollacha céanna atá i bhfeidhm ó 2023 i leith a ionchorprú sa Chinneadh seo freisin.

    (4)

    An 25 Lúnasa 2023, d’iarr an Coiste ar an gComhairle cinneadh nua a ghlacadh maidir le liúntais laethúla chomhaltaí an Choiste agus a gcomhaltaí malartacha a dheonú agus a speansais taistil a aisíoc leo, lena gcoigeartaítear méid na liúntas laethúil a leagtar síos in Airteagal 2 de Chinneadh 2013/471/AE chun na hathruithe sa chumhacht cheannaigh idir 2013 agus 2023 a chur san áireamh de réir shonraí Eurostat. Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach freisin an chothromaíocht iomchuí a choinneáil idir institiúidí agus comhlachtaí comhairleacha éagsúla an Aontais, agus go háirithe i ndáil le Coiste Eorpach na Réigiún.

    (5)

    Níor coigeartaíodh méideanna na liúntas laethúil a íoctar le comhaltaí an Choiste agus lena gcomhaltaí malartacha ó 2013 i leith agus ba cheart iad a oiriúnú. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na méideanna ar bhonn rialta freisin. Dá réir sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh laistigh den 12 mhí roimh thús théarma oifige 5 bliana an Choiste. Ina theannta sin, ba cheart go bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh i gcás ina sáraíonn na leibhéil bhoilscithe céatadán ar leith de réir shonraí Eurostat. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin do chóras chun speansais taistil a aisíoc ar bhonn costais iarbhír, agus do liúntais lena gcúitítear an t-am a chaitheann comhaltaí an Choiste agus a gcomhaltaí malartacha ar chomhlíonadh a ndualgas agus do chostais riaracháin ghaolmhara.

    (6)

    I gcás inarb iomchuí, ba cheart rialacha mionsonraithe a bhunú ar leibhéal an Choiste maidir le liúntais a dheonú, speansais taistil a aisíoc agus uasteorainneacha aisíocaíochta a shocrú le haghaidh speansais taistil. Anuas ar sin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag rialacha mionsonraithe maidir leis na liúntais an leas is fearr is féidir a bhaint as na tairbhí a eascraíonn as cianfhreastal agus a áirithiú ag an am céanna nach dtiocfaidh méadú gan údar ar líon na gcruinnithe a eagraíonn an Coiste. Leis na rialacha cur chun feidhme, ba cheart tús áite a thabhairt do mhodhanna iompair níos glaise, go háirithe taisteal traenach le haghaidh achair níos giorra, agus do shocruithe taistil lena laghdaítear lorg carbóin na dtairbhithe i gcomhréir le spriocanna aeráide 2050 an Aontais. Ag tosú ón gcéad lá den chéad téarma oifige eile de chuid an Choiste, mar riail ghinearálta, ba cheart go socrófaí leis na rialacha cur chun feidhme méideanna tagartha don aisíocaíocht uasta ar aerthaisteal, rud ba cheart a bheith inchomparáide le táille den ghrád barainne.

    (7)

    Ba cheart don Choiste tuarascálacha rialta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le maidir le haisíocaíocht speansas taistil agus liúntas a íocadh le tairbhithe sa bhliain roimhe sin. Ba cheart a léiriú sna tuarascálacha sin go háirithe an tionchar buiséadach agus na costais taistil a tabhaíodh agus a aisíocadh, na liúntais a íocadh as freastal ar chruinnithe idir ar an láthair agus go cianda agus treocht líon na gcruinnithe den Choiste ar ar freastalaíodh go cianda trí mheán leictreonach agus fad cruinnithe den sórt sin, lena n-áirítear aon choigilteas buiséadach agus comhshaoil a bhaineann le cianfhreastal.

    (8)

    Ba cheart don Choiste tuarascáil mheastóireachta a chur faoi bhráid na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Chinnidh seo, agus go háirithe maidir lena thionchar buiséadach. Ba cheart na heilimintí a chuirfidh ar chumas na Comhairle liúntais na dtairbhithe a chinneadh, de réir mar is gá, a bheith san áireamh sa tuarascáil mheastóireachta sin.

    (9)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinntí 2013/471/AE agus (AE) 2023/1013 a aisghairm,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Beidh comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (‘an Coiste’) agus a gcomhaltaí malartacha (dá ngairtear le chéile ‘na tairbhithe’) i dteideal liúntas laethúil le haghaidh laethanta cruinnithe, i dteideal aisíoc a speansas taistil agus i dteideal liúntais achair agus am taistil i gcomhréir leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    1.   Socrófar an liúntas laethúil do thairbhithe a fhreastalaíonn ar chruinnithe ar an láthair ag EUR 367.

    Féadfaidh an Coiste a chinneadh an liúntas laethúil a mhéadú 50 % ar a mhéad:

    (a)

    i gcás ina bhfuil sé d’oibleagáid ar thairbhí a fuair cuireadh cuí freastal ar chruinniú amháin nó níos mó íoc as cóiríocht thar oíche ag ionad na gcruinnithe idir roimh an gcéad chruinniú agus tar éis an chruinnithe dheireanaigh; nó

    (b)

    i gcás misean lasmuigh den Bhruiséil, nuair is mó ná EUR 190 in aghaidh na hoíche rátaí na n-óstán a roghnaíodh mar chóiríocht do na tairbhithe.

    2.   Féadfar an liúntas laethúil a íoc le tairbhithe ar feadh 2 lá ar a mhéad chun an bhearna idir dhá chruinniú a dhúnadh, i gcás inar lú an liúntas sin ná costas aisíocaíochta na speansas taistil a thabhódh an tairbhí murach sin chun turas fillte a dhéanamh idir na cruinnithe sin.

    Airteagal 3

    1.   Socraítear an liúntas laethúil do thairbhithe a cianfhreastalaíonn ar chruinnithe trí mhodhanna leictreonacha ag EUR 149.

    2.   Ní bheidh deonú an liúntais laethúil dá dtagraítear i mír 1 infheidhme ach amháin maidir le cruinnithe a údaraíodh i gcomhréir le rialacha inmheánacha an Choiste, cé is moite de chruinnithe den Bhiúró, de sheisiúin iomlánacha an Tionóil, de chruinnithe na rannóga agus cruinnithe an Choimisiúin Chomhairleach um Athruithe Tionsclaíocha.

    3.   In imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, déanfar an liúntas laethúil dá dtagraítear i mír 1 a dheonú freisin d’aon chruinniú eile arna chuí-údarú, cé is moite de chruinnithe a ndeonaítear an liúntais laethúil ina leith i gcomhréir le mír 2, ar choinníoll nach féidir an cruinniú sin a eagrú ar chaoi a mbeadh iomlán na gcomhaltaí i láthair go fisiciúil agus go bhfuil sé bunriachtanach chun leanúnachas institiúideach agus gnó an Choiste a ráthú.

    Airteagal 4

    Aisíocfar speansais taistil na dtairbhithe ar bhonn na speansas a thabhaítear go hiarbhír. Socróidh an Coiste uasteorainneacha aisíocaíochta iomchuí, d’fhonn a áirithiú nach rachaidh a chaiteachas ar thaisteal thar an leibhéal ina bhuiséad bliantúil mar a vótáladh.

    Airteagal 5

    Beidh tairbhithe i dteideal liúntas achair agus ama taistil. I gcás turais idir áit chónaithe an tairbhí agus an Bhruiséil, beidh an tairbhí i dteideal liúntas i ndáil le turas amháin go dtí an Bhruiséil agus turas amháin ar ais ón mBruiséil i leith gach seachtaine oibre sa Choiste.

    Airteagal 6

    Glacfaidh an Coiste rialacha mionsonraithe lena gcuirfear Airteagail 2, 3, 4 agus 5 chun feidhme faoin 2 Nollaig 2024.

    Airteagal 7

    Déanfar an liúntas achair dá dtagraítear in Airteagal 5 a ríomh mar a leanas:

    (a)

    don chuid den turas idir 0 agus 50 km: EUR 18,98;

    (b)

    don chuid den turas idir 51 agus 500 km: EUR 0,10/km;

    (c)

    don chuid den turas idir 501 agus 1 000 km: EUR 0,05/km;

    (d)

    don chuid den turas idir 1 001 agus 3 000 km: EUR 0,03/km;

    (e)

    don chuid den turas os cionn 3 000 km: gan liúntas.

    Airteagal 8

    Déanfar an liúntas ama taistil dá dtagraítear in Airteagal 5 a ríomh mar seo a leanas:

    (a)

    do thuras atá idir 2 uair agus 4 huaire an chloig ar fhad ar an iomlán: méid atá coibhéiseach le haon ochtú den liúntas lae dá bhforáiltear in Airteagal 2;

    (b)

    do thuras atá idir 4 agus 6 huaire an chloig ar fhad ar an iomlán: méid atá coibhéiseach le haon cheathrú den liúntas lae dá bhforáiltear in Airteagal 2;

    (c)

    do thuras atá níos faide ná 6 huaire an chloig ar an iomlán agus nach gá fanacht thar oíche ina leith: méid atá coibhéiseach le leath an liúntais laethúil dá bhforáiltear in Airteagal 2;

    (d)

    do thuras a mhaireann níos faide ná 6 huaire an chloig san iomlán agus ar gá fanacht thar oíche ina leith: méid atá coibhéiseach leis an liúntas laethúil dá bhforáiltear in Airteagal 2, faoi réir doiciméid tacaíochta a thabhairt ar aird.

    Airteagal 9

    1.   Laistigh den 12 mhí roimh thús théarma oifige 5 bliana an Choiste, féachfaidh an Chomhairle an gá na méideanna dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 2(1), in Airteagal 3(1) agus in Airteagal 7, a choigeartú.

    2.   Tar éis iarraidh a fháil ón gCoiste, féadfaidh an Chomhairle féachaint an gá coigeartú a dhéanamh ar na méideanna dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 2(1), in Airteagal 3(1) agus in Airteagal 7 i gcás inar mó ná 6 % an boilsciú bliantúil carntha de réir Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (ICPT) Eurostat do AE27 ó rinneadh an coigeartú deireanach a chomhaontaigh an Chomhairle.

    Airteagal 10

    Faoin 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh an Coiste tuarascáil mhionsonraithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le haisíocaíochtaí speansas taistil agus liúntas a íocadh le tairbhithe sa bhliain roimhe sin. Sonrófar sa tuarascáil sin líon na dtairbhithe, líon na dturas, na cinn scríbe, an aicme taistil agus na costais taistil a tabhaíodh agus a aisíocadh, chomh maith leis na liúntais a íocadh, lena n-áirítear maidir le freastal ar chruinnithe ar an láthair agus go cianda. Áireofar sa tuarascáil freisin aon choigilteas buiséadach agus comhshaoil a bhaineann le cianfhreastal.

    Airteagal 11

    Faoin 31 Nollaig 2026, cuirfidh an Coiste tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Chinnidh seo, agus go háirithe maidir lena thionchar buiséadach.

    Áireofar sa tuarascáil mheastóireachta sin na gnéithe a chuirfidh ar chumas na Comhairle liúntais na dtairbhithe a chinneadh, de réir mar is gá.

    Airteagal 12

    Aisghairtear Cinntí 2013/471/AE agus (AE) 2023/1013 le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2024.

    Airteagal 13

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2024.

    Beidh feidhm ag Airteagal 9 ón 1 Eanáir 2026.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 21 Meitheamh 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    V. VAN PETEGHEM


    (1)  Cinneadh 2013/471/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir le liúntais laethúla a dheonú do chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus maidir le haisíoc speansas taistil chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a gcomhaltaí malartacha (IO L 253, 25.9.2013, lch. 22).

    (2)  Cinneadh (AE) 2023/1013 ón gComhairle an 16 Bealtaine 2023 maidir le maolú ar Chinneadh 2013/471/AE maidir le liúntais laethúla a dheonú do chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus dá gcomhaltaí malartacha agus maidir le haisíocaíocht speansas taistil na gcomhaltaí sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2021/1072 (IO L 136, 24.5.2023, lch. 69).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1809/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top