This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1669
Council Decision (EU) 2024/1669 of 22 April 2024 on the position to be taken on behalf of the European Union within the Committee of the Parties of the Council of Europe Convention on preventing and combating violence against women and domestic violence on amendments to the Committee’s Rules of Procedure, with regard to matters related to judicial cooperation in criminal matters, asylum and non-refoulement
Cinneadh (AE) 2024/1669 ón gComhairle an 22 Aibreán 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement
Cinneadh (AE) 2024/1669 ón gComhairle an 22 Aibreán 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement
ST/8482/2024/INIT
IO L, 2024/1669, 12.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1669/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1669 |
12.6.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1669 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Aibreán 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus le non-refoulement
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), Airteagal 82(2) agus Airteagal 84, i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Thug an tAontas Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1075 (1) ón gComhairle, i ndáil le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, agus trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1076 (2) ón gComhairle, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non-refoulement, agus tháinig sé i bhfeidhm i leith an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2023. Go dtí seo, tá 39 bPáirtí sa Choinbhinsiún, lena n-áirítear an tAontas agus 22 Bhallstát. |
(2) |
Is é atá i gCoiste na bPáirtithe (‘an Coiste’) comhlacht shásra faireacháin an Choinbhinsiúin. De bhun Airteagal 67(3) den Choinbhinsiún, ghlac Coiste na bPáirtithe a rialacha nós imeachta (‘na Rialacha Nós Imeachta’) féin. Foráiltear leis na Rialacha Nós Imeachta go mbeidh vóta amháin ag gach Páirtí sa Choinbhinsiún. Le haontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún, ceanglaítear coigeartuithe áirithe ar na Rialacha Nós Imeachta chun na módúlachtaí is infheidhme nuair a fheidhmíonn an tAontas a chearta vótála mar Pháirtí sa Choinbhinsiún a chinneadh. |
(3) |
I mí Lúnasa 2023, mhol Rúnaíocht an Choiste leasuithe áirithe ar na Rialacha Nós Imeachta chun tionchar aontachas an Aontais ar fheidhmiú an Choiste a léiriú. D’iarr sí ar na Páirtithe sa Choinbhinsiún agus ar an Aontas moltaí maidir le dréachtú a chur isteach d’fhonn na leasuithe a ghlacadh in 2024. Pléifear na leasuithe agus, más féidir, glacfar iad ag an 16ú cruinniú den Choiste an 31 Bealtaine 2024. |
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste a leagan amach ós rud é go mbeidh na leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta ceangailteach ó thaobh an dlí ar an Aontas. |
(5) |
De réir na ndréachtleasuithe a mhol Rúnaíocht an Choiste, choinneofaí na rialacha maidir le córam chun cinntí an Choiste a ghlacadh dá bhforáiltear sna Rialacha Nós Imeachta ach d’fhorlíonfaí iad le roinnt ceanglas nua. Ba cheart don Aontas leasuithe malartacha ar na Rialacha Nós Imeachta a mholadh chun raon feidhme aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún a léiriú ar bhealach níos fearr agus chun leasanna an Aontais a chosaint agus, ag an am céanna, toilteanas an Aontais freastal ar ábhair imní na bPáirtithe sa Choinbhinsiún nach Ballstáit den Aontas iad a léiriú. |
(6) |
A mhéid a bhaineann leis an riail ghinearálta maidir le vótáil i Riail 20 de na Rialacha Nós Imeachta, molann Rúnaíocht an Choiste clásal neamhbhreisíochta a áireamh ar dá réir a bheadh an tAontas nó a Bhallstáit i dteideal vótáil ar ábhar ar leith. Tá prionsabal na neamhbhreisíochta ionchorpraithe cheana féin i gcoinbhinsiúin eile de chuid Chomhairle na hEorpa ar aontaigh an tAontas leo agus ba cheart glacadh leis freisin sa chás seo. Mar sin féin, ba cheart foclaíocht an chlásail a oiriúnú chun inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach a léiriú. |
(7) |
A mhéid a bhaineann leis an riail ghinearálta maidir le vótáil i Riail 20 de na Rialacha Nós Imeachta, molann Rúnaíocht an Choiste freisin ceanglas maidir le tromlach dúbailte a áireamh, rud a chiallaíonn nach nglacfar cinneadh le tromlach dhá-thrian de na vótaí a chaitear ach amháin má thacaíonn tromlach simplí de na vótaí a chaitheann na Páirtithe sa Choinbhinsiún nach Ballstáit den Aontas iad leis an gcinneadh sin. Le ceanglas den sórt sin, dhéanfaí an tromlach simplí atá ag an Aontas sa Choiste ó thaobh vótaí de a fhrithchothromú agus, ar an gcaoi sin, thabharfaí aghaidh ar ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ag Páirtithe sa Choinbhinsiún nach Ballstáit den Aontas iad maidir le hualú vóta an Aontais. Ba cheart don Aontas a mholadh go ndéanfaí an ceanglas maidir le tromlach dúbailte a leasú chun foráil a dhéanamh nach mbeidh feidhm aige ach amháin i gcás ina nglacann an tAontas páirt i vótáil agus ina bhfuil sé ag vótáil le líon vótaí atá cothrom le nó níos mó ná dhá thrian de na vótaí uile a shanntar do chomhaltaí an Choiste, agus chun an fhoclaíocht a oiriúnú chun inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát a léiriú. |
(8) |
A mhéid a bhaineann leis na rialacha sonracha maidir le comhaltaí an Ghrúpa saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean baile (‘GREVIO’) a thoghadh, ba cheart don Aontas leasuithe breise a mholadh anuas ar an leasú atá beartaithe lena bhforáiltear d’aon vóta amháin don Aontas sa bhreis ar vóta aonair gach Ballstáit. A mhéid a bhaineann, go sonrach, le cinntí chun tarraingt siar iarrthóra amháin nó níos mó nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le ballraíocht in GREVIO a iarraidh, molann Rúnaíocht an Choiste ceanglas maidir le tromlach dúbailte a chur i bhfeidhm. Cé gur cinntí eisceachtúla iad cinntí den sórt sin, ba cheart don Aontas a mholadh nach n-áireofaí i dtromlach dhá-thrian de na vótaí arna gcaitheamh, de réir mar is gá le haghaidh cinntí den sórt sin, tromlach simplí na vótaí arna gcaitheamh ag ionadaithe Páirtithe seachas an tAontas agus a Bhallstáit ach amháin má tá an tAontas agus a Bhallstáit ag vótáil le líon vótaí atá cothrom le nó níos mó ná dhá thrian de na vótaí uile a shanntar do chomhaltaí an Choiste. |
(9) |
A mhéid a bhaineann le leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta atá le glacadh trí thromlach dhá-thrian de na vótaí arna gcaitheamh, agus vóta amháin ag gach Páirtí sa Choinbhinsiún, ba cheart don Aontas a mholadh maidir le ceanglas tromlach dúbailte a chur isteach mar a mhol Rúnaíocht an Choiste, nach bhfuil feidhm aige ach amháin má tá an tAontas agus a Bhallstáit ag vótáil le líon vótaí atá cothrom le nó níos mó ná dhá-thrian de na vótaí uile a shanntar do chomhaltaí an Choiste, faoi réir é a shoiléiriú nach bhfuil feidhm ag prionsabal na neamhbhreisíochta sa chás sin. |
(10) |
A mhéid a bhaineann leis na Rialacha Nós Imeachta, ba cheart an tagairt don Aontas i liosta na Rannpháirtithe nach comhaltaí den Choiste iad a scriosadh ós rud é go bhfuil sí imithe i léig. |
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Choiste a bheith bunaithe ar na dréachtleasuithe atá i gceangal leis na Rialacha Nós Imeachta. |
(12) |
Ba cheart seasamh an Aontais laistigh de Choiste na bPáirtithe a bheith gan dochar do sheasaimh a bheidh ann amach anseo maidir le rialacha nós imeachta i ndáil le coinbhinsiúin eile de chuid Chomhairle na hEorpa nó comhaontuithe eile de chuid an Aontais le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta. |
(13) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta-Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(14) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste na bPáirtithe (‘an Coiste’), arna bhunú faoi Airteagal 67 de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac, i ndáil le leasuithe a ghlacadh ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste, beidh an seasamh sin bunaithe ar na dréachtleasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 22 Aibreán 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 1).
(2) Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 4).
IARSCRÍBHINN
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste na bPáirtithe, arna bhunú faoi Airteagal 67 den Choinbhinsiún, maidir le leasuithe a ghlacadh ar Rialacha Nós Imeachta Choiste na bPáirtithe, ag cruinniú Choiste na bPáirtithe an 31 Bealtaine 2024.
Meabhraíonn an tAontas Eorpach gur aontaigh sé do Choinbhinsiún Iostanbúl chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac. Comhoibríonn an tAontas go fírinneach le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad i ngach conradh idirnáisiúnta a n-aontaíonn sé dó ina iomláine.
Is mian leis an Aontas a dhearbhú, i dtaca leis an gceanglas maidir leis an tromlach dúbailte, nach bhfuil feidhm ag an gceanglas sin ach amháin nuair atá an tAontas ag vótáil le líon vótaí atá cothrom le nó níos mó ná dhá thrian de na vótaí uile a shanntar do chomhaltaí an Choiste (riail 20) nó nuair a shroicheann sé an líon sin vótaí in éineacht le Ballstáit an Aontais Eorpaigh nuair atá an tAontas agus a Bhallstáit araon i dteideal vótáil (rialacha 21 agus 25).
Cuireann an tAontas Eorpach in iúl go bhfuil a sheasamh reatha maidir leis na leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta i gCoiste na bPáirtithe gan dochar do sheasaimh a bheidh aige amach anseo maidir le Rialacha Nós Imeachta i ndáil le Coinbhinsiúin eile de chuid Chomhairle na hEorpa nó comhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Riail 20 – Vótáil Leasú Uimh. 1:
Déanfaidh an tAontas Eorpach a cheart vótála a fheidhmiú le líon vótaí atá cothrom le líon a Bhallstát atá ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún agus atá faoi cheangal ag feidhmiú a inniúlachta ag an Aontas. Is féidir le Ballstáit an Aontais Eorpaigh nach bhfuil faoi cheangal ag feidhmiú inniúlachta an Aontais vóta ar leithligh a chaitheamh. I gcás ina mbeidh an tAontas Eorpach i dteideal a cheart vótála a fheidhmiú, ní vótálfaidh na Ballstáit atá ina bPáirtithe sa Choinbhinsiún agus atá faoi cheangal ag feidhmiú inniúlacht an Aontais maidir leis an ábhar a bhfuil vótáil le déanamh air.’
|
||||||||||
Leasú Uimh. 2:
|
||||||||||
Riail 21 – Rialacha sonracha maidir le comhaltaí GREVIO a thoghadh
[…] Leasú Uimh. 3:
[…]
|
||||||||||
Riail 25 – Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú Leasú Uimh. 4: ‘Féadfaidh an Coiste na Rialacha Nós Imeachta a leasú le tromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, lena n-áirítear tromlach simplí de na vótaí arna gcaitheamh ag ionadaithe Páirtithe seachas an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit má tá an líon vótaí a shanntar don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit cothrom le nó níos mó ná dhá thrian de na vótaí uile a shanntar do chomhaltaí an Choiste. Chun críocha na Rialach seo, ní bheidh feidhm ag Riail 20, mír 1, fomhír 2 agus fomhír 3.’ |
||||||||||
Riail 2 – Comhdhéanamh 1. Comhaltaí
[…] 2. Rannpháirtithe […]
[…] |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1669/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)