EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1447

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1447 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine

ST/9492/2024/INIT

IO L, 2024/1447, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1447/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1447/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1447

24.5.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1447 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Bealtaine 2024

maidir le formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 19 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Meitheamh 2022 dheonaigh an Chomhairle Eorpach stádas tír is iarrthóir don Úcráin. An 14 Nollaig 2023 chinn an Chomhairle Eorpach tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Úcráin, tar éis an mholta a d’eisigh an Coimisiún Eorpach.

(2)

Bhí tionchar suaiteach ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar gheilleagar na hÚcráine, ar tháinig crapadh 29,1 % air in 2022 agus nár tháinig ach biseach measartha air in 2023. Tharla an crapadh sin mar gheall ar éagumasú acmhainní táirgiúla laistigh de chríocha a bhí faoi fhorghabháil ag an Rúis nó cóngarach do na túslínte, mar gheall ar mhór-easáitiú daoine agus suaití sa tionsclaíocht, sa talmhaíocht agus sa trádáil. Tháinig méadú nach beag ar an mboilsciú agus ar an dífhostaíocht araon tar éis ionradh na Rúise. Mar gheall ar chaiteachas ard ar an gcosaint, bhain an t-easnamh rialtais ghinearálta 16 % de OTI amach in 2022 agus 27 % de OTI amach in 2023. Mar gheall gur chaill an Úcráin rochtain ar mhargaí idirnáisiúnta airgeadais, leanann sí de bheith ag brath ar an gcúnamh eachtrach. In 2023, bhí 17,5 % den ghlanmhaoiniú buiséid bunaithe ar an tacaíocht sheachtrach.

(3)

Sa chomhthéacs sin, bhunaigh an tAontas ionstraim aonair mheántéarmach eisceachtúil lena dtugtar le chéile an tacaíocht dhéthaobhach a chuireann an tAontas ar fáil don Úcráin. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/792, bunaíodh an tSaoráid don Úcráin (‘an tSaoráid’) mar ionstraim thiomnaithe a bhfuil uasmhéid foriomlán tacaíochta ón Aontas dar luach EUR 50 000 000 000 i bpraghsanna reatha i gceist léi. Is é is aidhm don tSaoráid rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar an mbearna mhaoiniúcháin san Úcráin agus an chobhsaíocht macrairgeadais a choinneáil ar bun go dtí 2027 agus é mar chuspóir aici rannchuidiú le riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe na hÚcráine, agus tacú le hiarrachtaí athchóirithe na tíre san am céanna agus í ar chonair aontachais i dtreo ballraíocht san Aontas.

(4)

Tá suas le EUR 38 270 000 000 i gceist leis an tacaíocht airgeadais faoi Cholún I den tSaoráid. Maidir leis an maoiniú sin, is tacaíocht neamh-inaisíoctha é EUR 5 270 000 000 de agus iasachtaí atá i gceist le suas le EUR 33 000 000 000 de, lena n-áirítear aon mhaoiniú a fhéadfar a sholáthar mar mhaoiniú idirlinne eisceachtúil i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2024/792. De bharr maoiniú idirlinne eisceachtúil suas le EUR 6 000 000 000 a sholáthar, is é EUR 32 270 000 000 ar a mhéad suim iomlán na n-acmhainní airgeadais a chuirtear ar fáil do Phlean na hÚcráine a bhfuil suas le EUR 5 270 000 000 de i bhfoirm tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus suas le EUR 27 000 000 000 i bhfoirm iasachta.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2024/792, féadfaidh an Coimisiún tacaíocht theoranta eisceachtúil a sholáthar trí bhíthin an mhaoinithe idirlinne, i bhfoirm iasachtaí, ar feadh tréimhse suas le 6 mhí dar tús an 1 Eanáir 2024 mura nglacfar Plean na hÚcráine faoin 2 Márta 2024 nó mura síneofar an Creat-chomhaontú dá bhforáiltear le hAirteagal 9 den Rialachán sin. An 13 Márta 2024 shínigh an Coimisiún agus an Úcráin Meabhrán Tuisceana chun suas le EUR 6 000 000 000 a sholáthar don Úcráin i bhfoirm iasachtaí mar mhaoiniú idirlinne eisceachtúil, ar choinníoll go gcomhlíonfadh an Úcráin an réamhchoinníoll maidir le tacaíocht ón Aontas, go gcomhlíonfaí cúig choinníoll beartais agus ceanglais áirithe tuairiscithe. Chun leanúnachas a áirithiú i gcur chun feidhme an chláir oibre um athchóiriú san Úcráin, léirítear na cúig choinníoll beartais sin i bPlean na hÚcráine freisin.

(6)

An 20 Márta 2024, chuir an Úcráin Plean na hÚcráine faoi bhráid an Choimisiúin go foirmiúil, i gcomhréir le hAirteagail 14, 16 agus 17 de Rialachán (AE) 2024/792. Áirítear i bPlean na hÚcráine 15 chaibidil earnála agus 3 chaibidil chothrománacha maidir leis na próisis atógála agus nuachóirithe ar fud gach leibhéil den rialtas, maidir leis na sásraí agus na socruithe chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus maidir leis an gcomhairliúchán a rinneadh le páirtithe leasmhara agus Plean na hÚcráine á ullmhú. Baineann 151 bheart intomhaiste cháilíochtúla agus chainníochtúla ar an iomlán leis an maoiniú faoi Cholún I den tSaoráid, baineann 5 cinn díobh leis an maoiniú idirlinne eisceachtúil agus baineann 146 díobh leis an maoiniú faoin gCinneadh seo. Shainaithin an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÚcráine na bearta sin bunaithe ar riachtanais, ar thosaíochtaí agus ar acmhainneacht na hÚcráine. Sa bhreis ar na bearta a chumhdaítear faoin tSaoráid, moltar clár oibre níos leithne um athchóiriú agus um infheistíocht i bPlean na hÚcráine. Sa mhéid sin, is plean cuimsitheach amháin é le haghaidh Rialtas na hÚcráine lena leagtar amach na tosaíochtaí athchóirithe agus infheistíochta le haghaidh na ndeontóirí ar fad atá ag obair ar riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin na hÚcráine agus don téarnamh eacnamaíoch agus don atógáil eacnamaíoch sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Ba cheart na bearta is gá a dhéanamh freisin chun dlúthchomhordú agus comhlántacht a áirithiú i measc deontóirí, lena n-áirítear trí chomhairliúcháin rialta agus trí fhor-rochtain straitéiseach.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/792, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, ar chuimsitheacht agus ar oiriúnacht Phlean na hÚcráine. Agus an measúnú sin á dhéanamh ag an gCoimisiún, d’oibrigh sé, a mhéid is féidir, i gcomhar leis an Úcráin agus i gcomhairle le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile. Rinne an Coimisiún a mheasúnú go háirithe an freagairt riachtanais-bhunaithe, chomhleanúnach, chuimsitheach, chothrom go leormhaith é Plean na hÚcráine ar chuspóirí na Saoráide, an rannchuidíonn sé le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin ábhartha a sainaithníodh i gcomhthéacs chonair aontachais na hÚcráine leis an Aontas agus an bhfuil sé comhsheasmhach le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, agus an bhfuil na bearta a shonraítear sa Phlean comhsheasmhach le prionsabail ghinearálta na Saoráide dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/792, agus an gcomhlíonann sé riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe na hÚcráine. Rinne an Coimisiún a mheasúnú freisin an féidir a mheas go n-áiritheofar, trí bhíthin na socruithe atá molta ag an Úcráin, go gcuirfear an Plean chun feidhme go héifeachtach agus go ndéanfar faireachán agus tuairisciú éifeachtach ar Phlean na hÚcráine, agus an meastar go n-áiritheofar go héifeachtach, trí bhíthin na socruithe sin, leibhéal leormhaith cosanta do leasanna airgeadais an Aontais. Ar deireadh, rinne an Coimisiún a mheasúnú an ndeachthas i gcomhairle go cuí le Verkhovna Rada i gcomhréir le creat dlí náisiúnta na hÚcráine, an gcuirtear san áireamh i bPlean na hÚcráine, i gcás inarb iomchuí, ionchur ó na páirtithe leasmhara agus an áirithítear leis an bplean sin gur féidir le deontóirí eile tacú lena chuspóirí.

(8)

Le Plean na hÚcráine, moltar 69 n-athchóiriú agus 10 n-infheistíocht atá le cur chun feidhme d’fhonn cuspóirí ginearálta agus cuspóirí sonracha na Saoráide a bhaint amach. Le Plean na hÚcráine, cuimsítear réimsí tábhachtacha, cuir i gcás an riarachán poiblí, an bhainistíocht airgeadais phoiblí, na breithiúna, an troid in aghaidh an éillithe agus an fhrithsciúrtha airgid, margaí airgeadais, bainistíocht sócmhainní poiblí, an caipiteal daonna, an timpeallacht ghnó, an dílárú agus beartas réigiúnach, an fuinneamh, an t-iompar agus lóistíocht, an t-agraibhia, bainistíocht amhábhar criticiúil, an claochlú digiteach, an t-aistriú glas agus cosaint an chomhshaoil. Áirítear infheistíochtaí i sé chaibidil earnála, is iad sin, an caipiteal daonna, an timpeallacht ghnó, an fuinneamh, an t-iompar agus lóistíocht, an t-agraibhia agus an dílárú agus beartas réigiúnach.

(9)

Na 146 bheart intomhaiste cháilíochtúla agus chainníochtúla a shainaithin an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÚcráine mar choinníollacha chun maoiniú a fháil ón tSaoráid, déanfar iad thar an tréimhse 2024 go 2027. Cinntear an phróifíl íocaíochta de réir na mbeart sin agus cuirtear in iúl léi riachtanais mhaoiniúcháin agus mhaicreacnamaíocha na hÚcráine. I bhfianaise staid mhaicreacnamaíoch agus inbhuanaitheacht fiachais na hÚcráine, tugtar tús-ualú don mhaoiniú sa chéad agus sa dara bliain den chur chun feidhme. Tá an tús-ualú sin le sonrú freisin sa líon beart atá le comhlíonadh. Áirítear leis na bearta faoin gcaibidil maidir le bainistíocht airgeadais phoiblí coinníollacha maidir le ceanglais fhíor-riachtanacha, mar shampla, an chobhsaíocht airgeadais agus eacnamaíoch a choinneáil ar bun, formhaoirseacht bhuiséid agus bainistíocht airgeadais phoiblí.

(10)

Freagraíonn na bearta cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhaineann leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí faoi Phlean na hÚcráine go leormhaith do chuspóirí ginearálta agus do chuspóirí sonracha na Saoráide, mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2024/792 iad. Trí bhíthin gach caibidle de Phlean na hÚcráine, rannchuidítear go mór nó go páirteach le ceann amháin de chuspóirí ginearálta na Saoráide agus le ceann amháin de chuspóirí sonracha na Saoráide ar a laghad, dírítear ar athchóirithe agus ar bhearta chun cóineasú leis an Aontas a chur chun cinn, agus láidrítear an smacht reachta, an daonlathas agus an urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn a dhéantar maidir le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine agus ar a rannchuidiú le cuspóirí ginearálta agus le cuspóirí sonracha na Saoráide, lena n-áirítear trí Scórchlár Phlean na hÚcráine, atá le bunú faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2024/792.

(11)

Leis na bearta cáilíochtúla agus cainníochtúla atá beartaithe i bPlean na hÚcráine, meastar go rannchuideofar leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú don athrú aeráide, le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear caomhnú na bithéagsúlachta, agus leis an aistriú glas a bheidh inbhuanaithe agus cóir. Cloíonn na bearta sin, a mhéid is féidir i dtír ina bhfuil cogadh ar siúl, le caighdeáin aeráide agus chomhshaoil an Aontais agus tá an prionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ ina threoir dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/792. Tá na bearta sin nasctha leis an mbeartas comhshaoil, leis an mbeartas aeráide agus le hathchóirithe áirithe beartais earnála arb é is aidhm dóibh cleachtais inbhuanaitheachta a phríomhshruthú ar fud príomhearnálacha. Leis na bearta, tacaítear a mhéid is féidir leis an Úcráin ailíniú leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ agus lena dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach agus a hoibleagáidí faoi chomhaontuithe comhshaoil iltaobhacha a chomhlíonadh. Ba cheart 12 % de na hinfheistíochtaí iomlána atá beartaithe faoi Cholún I den tSaoráid a ailíniú leis na cuspóirí aeráide agus comhshaoil, agus na coinníollacha i dtír ina bhfuil cogadh ar siúl á gcur san áireamh, lena n-áirítear 80 % ar a laghad de na hinfheistíochtaí uile sa bhonneagar iompair agus 60 % ar a laghad de na hinfheistíochtaí uile sa bhonneagar fuinnimh. Tugtar tosaíocht le Plean na hÚcráine do chlaochlú digiteach na hÚcráine agus do neartú a cumas cibearshlándála, agus réitítear an bealach ionsar chur chun feidhme bhosca uirlisí an Aontais le haghaidh shlándáil 5G.

(12)

Aithnítear le Plean na hÚcráine freisin an bhéim chriticiúil ar lucht saothair agus ar chaipiteal daonna na hÚcráine ar mhaithe le laghdú na bochtaineachta agus fás eacnamaíoch. I ndáil leis an méid sin, cuirtear i dtábhacht ann athbhunú agus feabhsú saoráidí sláinte agus oideachais agus moltar céimeanna athchóirithe agus infheistíochta chun institiúidí sóisialta na tíre a nuachóiriú agus chun feabhas a chur ar an tslándáil shóisialta. Rannchuidítear leis cuspóirí sóisialta le haghaidh sochaí chuimsitheach shíochánta, mar aon le grúpaí i gcásanna leochaileacha a chuimsiú mar shampla iarshaighdiúirí cogaidh, daoine easáitithe agus leas leanaí a áirithiú. Le Plean na hÚcráine, rannchuidítear le comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní, agus cearta na mban agus na gcailíní a chur chun cinn, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht iomlán, chomhionann agus fhóinteach na mban i bpróisis chinnteoireachta a spreagadh, chomh maith le foréigean in aghaidh na mban, foréigean inscnebhunaithe agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac.

(13)

Le Plean na hÚcráine, meastar go rannchuideofar leis an smacht reachta a chur chun cinn trí chéile. Trí bhíthin na n-athchóirithe atá beartaithe, ba cheart cur le neamhspleáchas, cuntasacht, ionracas agus gairmiúlacht an chórais bhreithiúnaigh ar gach leibhéal, feabhas a chur ar nósanna imeachta dócmhainneachta agus forfheidhmithe, rochtain ar an gceartas a mhéadú agus ionracas, tuilleamhlathas agus gairmiúlacht na seirbhíse ionchúisimh a threisiú. Le Plean na hÚcráine, tá sé d’aidhm freisin feabhas a chur ar an acmhainneacht institiúideach agus ar an gcreat dlíthiúil, lena n-áirítear trí na nósanna imeachta is gá chun an fhoireann atá ann faoi láthair a sheiceáil agus earcaigh nua a roghnú, i gcomhlachtaí ábhartha ar bhealach trédhearcach agus fiúntach don chomhrac i gcoinne an éillithe, agus creat dlíthiúil na hÚcráine maidir le frithsciúradh airgid a ailíniú le acquis an Aontais agus le caighdeáin dhomhanda eile.

(14)

Aithnítear le Plean na hÚcráine gur gá córas cuimsitheach comhordúcháin a bhunú chun próisis éifeachtacha atógála agus nuachóirithe a áirithiú ar fud gach leibhéil rialtais agus aithnítear an ról tábhachtach atá ag údaráis fhonáisiúnta, go háirithe an féinrialtas áitiúil, sna próisis sin. I ndáil leis sin, tá na bearta i bPlean na hÚcráine ag teacht le riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe réigiúin agus bhardais na hÚcráine tríd is tríd. Tugtar breac-chuntas i gceann de na caibidlí cothrománacha i bPlean na hÚcráine ar róil agus ar fhreagrachtaí institiúidí agus gníomhaireachtaí stáit, ar na príomhdhoiciméid pleanála straitéisí agus ar phrionsabail bhunúsacha phróisis atógála agus nuachóirithe na hÚcráine ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fonáisiúnta. Le Plean na hÚcráine, moltar bearta chun athchóiriú ar an dílárú a chur chun cinn ar fud na hÚcráine agus chun forbairt an bheartais réigiúnaigh a neartú, agus na cumhachtaí, na cúraimí agus na freagrachtaí a shanntar do leibhéil éagsúla rialtais á gcur san áireamh. Tá sásra le cur i bhfeidhm chun go mbeidh na húdaráis fhonáisiúnta rannpháirteach sa chinnteoireacht maidir le húsáid na tacaíochta sa phróiseas atógála ar an leibhéal áitiúil, mar aon le modheolaíocht chun an caiteachas gaolmhar a rianú. Ba cheart coibhéis 20 % ar a laghad den tacaíocht neamh-inaisíoctha faoi Cholún I den tSaoráid a leithdháileadh ar riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe údaráis fonáisiúnta na hÚcráine, go háirithe an féinrialtas áitiúil, faoi dheireadh na bliana 2027.

(15)

Is cuid lárnach é Plean na hÚcráine d’iarrachtaí na hÚcráine an chobhsaíocht airgeadais a choinneáil ar bun agus feidhmiú bunúsach Stát na hÚcráine a áirithiú, lena n-áirítear leanúint de sheirbhísí poiblí fíor-riachtanacha a sholáthar. Is ceann de na príomhuirlisí freisin é chun cláir oibre Rialtas na hÚcráine um an athchóiriú, um an atógála agus um an infheistíocht a leagan amach le haghaidh tréimhse 4 Phlean na hÚcráine, agus is é an phríomhuirlis é chun cistiú seasmhach intuartha ón Aontas a shlógadh. Is éard atá sna bearta a shainaithnítear i bPlean na hÚcráine freagairt chothrom spriocdhírithe ar riachtanais na hÚcráine, lena méadaítear acmhainneacht fáis na tíre sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus lena dtacaítear leis an gcóineasú ionsar chaighdeáin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta maidir leis na Ballstáit uile. De réir ionsamhlúcháin inmheánacha an Choimisiúin, má chuirtear na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí uile atá beartaithe chun feidhme go hiomlán, d’fhéadfadh Plean na hÚcráine OTI na hÚcráine a ardú thart ar 6,2 % faoi dheireadh na bliana 2027 agus thart ar 14,2 % faoi 2040, i gcomparáid le cás nár cuireadh Plean na hÚcráine chun feidhme, gan éifeachtaí indíreacha a chur san áireamh, éifeachtaí a mheastar a bheidh réasúnta suntasach freisin.

(16)

Meastar go rannchuideoidh an tSaoráid le hinbhuanaitheacht fhioscach na hÚcráine a áirithiú. Le hionsamhlúcháin inmheánacha a rinne an Coimisiún, tuartar go mbeadh an fiachas thart ar 10 bpointe céatadáin OTI níos ísle tar éis chur chun feidhme na Saoráide i gcomparáid le cás malartach nár cuireadh an tSaoráid chun feidhme ann. Is é is aidhm do na hathchóirithe a shonraítear i bPlean na hÚcráine infheistíochtaí a mhéadú, feabhas a chur ar an táirgiúlacht fhoriomlán agus ar an athléimneacht eacnamaíoch agus borradh a chur faoin bhfás ar deireadh thiar thall, rud a chuirfidh bonn fónta faoi gheilleagar na hÚcráine. In éineacht leis na téarmaí ardleibhéil lamháltais cistithe lena laghdófar íocaíochtaí úis agus an seirbhísiú fiachais, le cur chun feidhme na Saoráide agus Phlean na hÚcráine, dá bhrí sin, tacófar le hinbhuanaitheacht an fhiachais fhioscaigh agus phoiblí.

(17)

Tá sé d’aidhm ag Plean na hÚcráine atreisiú a dhéanamh ar iarrachtaí na hÚcráine i dtreo aontachas leis an Aontas. Leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe faoi Phlean na hÚcráine, rannchuidítear agus, i réimsí áirithe, tá forluí leis na moltaí a shonraítear sa Tuairim ón gCoimisiún agus sa tuarascáil anailíseach, agus sa tuarascáil ón Aontas ar mhéadú in 2023 (2). Tá formhór na mbeart cáilíochtúil agus cainníochtúil i bPlean na hÚcráine comhlántach ar bhonn ginearálta nó go páirteach leis na moltaí sa tuarascáil ón Aontas ar mhéadú. Is é is aidhm do chuid mhaith de na bearta dá bhforáiltear i bPlean na hÚcráine an Úcráin a thabhairt níos gaire do chaighdeáin agus do dhea-chleachtais an Aontais trí thuilleadh ailínithe a bhaint amach le acquis an Aontais ar fud na bpríomhréimsí a shainaithnítear i bPlean na hÚcráine. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú freisin go gcomhlíonann athchóirithe agus infheistíochtaí arna gcistiú ag an tSaoráid noirm agus caighdeáin an Aontais, lena n-áirítear na hearnálacha talmhaíochta agus earnálacha ábhartha eile. Leis an ailíniú sin, thacófaí freisin leis na coinníollacha is gá a chruthú chun an Úcráin a chomhtháthú sa mhargadh inmheánach. Dá bhrí sin, tá Plean na hÚcráine comhsheasmhach le cuspóirí an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin, lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála agus déanann sé atreisiú ar na cuspóirí sin. Thairis sin, cuidíonn an bhéim a chuirtear ar an bhfás eacnamaíoch i bPlean na hÚcráine le próiseas aontachais leis an Aontas mar bhealach chun dlús a chur leis an gcóineasú eacnamaíoch leis an Aontas. Ní mór obair leantach a dhéanamh maidir le baint amach na mbeart cáilíochtúil agus cainníochtúil de Phlean na hÚcráine trí ghníomhaíochtaí nithiúla cur chun feidhme a dhéanamh, gníomhaíochtaí a chuirfear san áireamh go cuí faoi chuimsiú an phróisis aontachais.

(18)

Áiríodh in ullmhú Phlean na hÚcráine próiseas comhairliúcháin a rinne Rialtas na hÚcráine i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/792. Leis an bpróiseas sin, díríodh ar chomhairliúcháin laistigh den Úcráin agus leis an bpobal idirnáisiúnta araon tríd an Ardán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí. Laistigh den Úcráin, chuaigh an Rialtas i gcomhairle go cuí le comhlachtaí feidhmeannacha an rialtais láir, le páirtithe leasmhara, le húdaráis fonáisiúnta, leis an tsochaí shibhialta agus le Verkhovna Rada agus a choistí parlaiminteacha. Rinneadh an próiseas sin trí bhíthin comhairliúcháin a reáchtáladh go tráthrialta i bhformáidí éagsúla, lena n-áirítear cuir i láthair, ceardlanna, ceistneoirí scríofa agus plé tiomnaithe. Le linn chur chun feidhme Phlean na hÚcráine, reáchtálfaidh Rialtas na hÚcráine comhairliúcháin bhliantúla maidir lena dhul chun cinn agus maidir leis na bearta cáilíochtúla agus cainníochtúla lena mbaineann le Verkhovna Rada agus, i gcás inar gá, leis na páirtithe leasmhara eile.

(19)

Áirítear le Plean na hÚcráine socruithe leormhaithe le haghaidh a chur chun feidhme agus le haghaidh an fhaireacháin agus an tuairiscithe ar an bPlean chun leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú do leasanna airgeadais an Aontais. Cheap an Úcráin Comhordaitheoir Náisiúnta faoin Aireacht Geilleagair chun comhordú agus cur chun feidhme foriomlán Phlean na hÚcráine mar aon leis an bhfaireachán ar an bPlean a áirithiú. Glacann an Aireacht Airgeadais an fhreagracht as iniúchadh agus cur chun feidhme Phlean na hÚcráine agus as na bearta cáilíochtúla agus cainníochtúla a chomhlíonadh. Oibreoidh na húdaráis a bheidh freagrach as na bearta cáilíochtúla agus cainníochtúla a chur chun feidhme i gcomhar leis an gComhordaitheoir Náisiúnta chun cur chun feidhme tráthúil a áirithiú. Bhainfeadh comhordú agus faireachán éifeachtach ar chúnamh airgeadais iomlán an Aontais don Úcráin tairbhe as idirphlé agus comhar rialta idir na hinstitiúidí a bhfuil baint acu le rialachas Phlean na hÚcráine agus Seomra Cuntasaíochta na hÚcráine. Tugtar breac-chuntas i bPlean na hÚcráine ar bhearta chun neamhrialtachtaí, calaois, gach cineál éillithe lena n-áirítear éilliú ardleibhéil, agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, mar aon le coinbhleachtaí leasa, a chosc, a bhrath agus a cheartú. Leagtar amach bearta freisin chun cionta a dhéanann difear do na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus beartaítear leis freisin sásra chun an comhar breithiúnach le húdaráis inniúla an Aontais agus a Bhallstát a chumasú. Tugtar breac-chuntas ar na socruithe arb é is aidhm dóibh cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir nó ó dheontóirí eile an Aontais a sheachaint. Ba cheart don Úcráin leibhéal leormhaith faisnéise agus infheictheachta a áirithiú i gcur chun feidhme Phlean na hÚcráine. Go háirithe, ní mór do na soláthair a maoiníodh faoi Cholún I den tSaoráid a bheith bunaithe ar chaighdeáin an Aontais mar a leagtar amach in Airteagail 8 agus 11 de Rialachán (AE) 2024/792.

(20)

Ba cheart don Úcráin a áirithiú, arna iarraidh sin, go mbeidh rochtain iomlán ag an gCoimisiún, ag OLAF, ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i gcás inar féidir, ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ar na bunsonraí ábhartha a thacaíonn le réasúnú cuí na n-iarrataí ar íocaíochtaí, chun measúnú a dhéanamh ar na hiarrataí sin agus chun críoch iniúchóireachta agus rialaithe araon. Ba cheart don Úcráin neamhrialtachtaí maidir le húsáid cistí a thuairisciú don Choimisiún a luaithe a bhraitear iad.

(21)

Le linn chur chun feidhme Phlean na hÚcráine, tá an Úcráin le comhlíontacht iomlán a áirithiú le forálacha an Chreat-Chomhaontaithe a tugadh i gcrích leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/792.

(22)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/792, d’fhéadfadh na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, nó foinsí eile ranníocaíochtaí breise a sholáthar don tSaoráid, lena n-áirítear Plean na hÚcráine. Cé nach sonraítear i bPlean na hÚcráine ranníocaíochtaí airgeadais ó dheontóirí eile lena chur chun feidhme, tugtar tuairisc ann ar an gcaoi a n-áirithítear comhordú agus ailíniú leis an bpobal idirnáisiúnta, lena n-áirítear maidir le clár oibre na hÚcráine um athchóiriú agus maidir le riachtanais infheistíochta na hÚcráine chun atógáil, téarnamh agus nuachóiriú na hÚcráine a áirithiú. Chuige sin, agus Plean na hÚcráine á ullmhú, reáchtáladh comhairliúcháin le G7 agus le comhpháirtithe ó institiúidí idirnáisiúnta airgeadais tríd an Ardán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí agus grúpaí saineolaithe lena mbaineann agus leis na Ballstáit. Leanfaidh Rialtas na hÚcráine de chomhairliúcháin a reáchtáil agus áiritheoidh sé comhordú iomchuí le comhpháirtithe idirnáisiúnta le linn chur chun feidhme Phlean na hÚcráine chun a áirithiú gur féidir leo tacú lena chuspóirí.

(23)

I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/792, cuirtear an tacaíocht airgeadais faoi Phlean na hÚcráine ar fáil faoin réamhchoinníoll go leanann an Úcráin de shásraí daonlathacha éifeachtacha a choinneáil ar bun agus urraim a thabhairt do na sásraí sin, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, urraim ar chearta an duine a ráthú, lena n-áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad agus tar éis don Úcráin na coinníollacha a leagtar síos i bPlean na hÚcráine a chomhlíonadh go sásúil. I ndáil leis an méid sin, is gnéithe ríthábhachtacha de Phlean na hÚcráine iad an smacht reachta a neartú, lena n-áirítear neamhspleáchas na mbreithiúna, an troid in aghaidh an éillithe agus go háirithe in aghaidh an éillithe ardleibhéil, an troid in aghaidh sciúradh airgid agus an t-athchóiriú ar an riarachán poiblí a neartú. I bhfianaise an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún ar Phlean na hÚcráine, comhlíonfaidh an Úcráin an réamhchoinníoll le haghaidh tacaíocht faoin tSaoráid. Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an réamhchoinníll le linn thréimhse na tacaíochta a sholáthraítear faoin tSaoráid.

(24)

Le tacaíocht do Phlean na hÚcráine faoin tSaoráid, ba cheart cóineasú na hÚcráine i dtreo an Aontais a áirithiú trí ailíniú forásach le luachanna bunúsacha agus noirm bhunúsacha, trí institiúidí poiblí a neartú agus trí acquis an Aontais a ghlacadh. Chuige sin, agus measúnú á dhéanamh aige ar na bearta cainníochtúla agus cáilíochtúla roimh gach eisíocaíocht faoin tSaoráid, ba cheart don Choimisiún, d’fhonn cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú, aird ar leith a thabhairt ar chomhdhlúthú éifeachtach an smachta reachta, an rialachais agus an riaracháin phoiblí san Úcráin, chomh maith leis an gcomhfhogasú céimnitheach le acquis an Aontais sna hearnálacha ábhartha. Léireofar é sin i measúnú an Choimisiúin ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2024/792 ag an Úcráin le linn thréimhse thacaíocht an Aontais.

(25)

Na hacmhainní airgeadais a chuirfear ar fáil do Phlean na hÚcráine, soláthrófar trí réamh-mhaoiniú agus 15 thráthchuid rathúla iad a leithdháilfear le linn na tréimhse 2024 go 2027 tar éis don Úcráin na bearta cáilíochtúla agus cainníochtúla ábhartha a sainaithníodh i ndáil le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine a chomhlíonadh. Tá méid gach tráthchoda ag teacht tríd is tríd leis an líon beart cáilíochtúil agus cainníochtúil atá i gceist léi, agus staid mhaicreacnamaíoch na hÚcráine agus an inbhuanaitheacht fiachais sa ghearrthéarma á gcur san áireamh.

(26)

Ba cheart na bearta cáilíochtúla agus cainníochtúla uile a thabhairt i gcrích faoin 31 Nollaig 2027. Is féidir tráthchuid deiridh a íoc le linn na chéad ráithe de 2028, más rud é go dtugtar bearta cáilíochtúla agus cainníochtúla i gcrích le linn na ráithe deiridh de 2027.

(27)

An tacaíocht atá le soláthar i bhfoirm iasachtaí, tá sí le maoiniú trí iasachtaí a gheobhaidh an Coimisiún thar ceann an Aontais ar bhonn Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2024/792.

(28)

I bPlean na hÚcráine, d’iarr an Úcráin íocaíocht réamh-mhaoinithe dar luach 7 % den tacaíocht iasachta, méid arb ionann é agus EUR 1 890 000 000. Ba cheart an méid sin a chur ar fáil faoi réir theacht i bhfeidhm an Chreat-Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Úcráin de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/792 agus faoi réir theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Iasachta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Úcráin de bhun Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/792 agus i gcomhréir leis na comhaontuithe sin freisin. Ba cheart an réamh-mhaoiniú a imréiteach trína asbhaint go comhréireach i gcoinne íoc na dtráthchodanna.

(29)

Chun giaráil na tacaíochta a thugtar faoi Phlean na hÚcráine a uasmhéadú, ba cheart na bearta cainníochtúla agus cáilíochtúla a chur chun feidhme i gcomhar leis na tagarmharcanna struchtúracha a leagtar amach i Socrú CAI maidir le Saoráid Fhadaithe Chistiúcháin don Úcráin agus, nuair is féidir, leis na coinníollachtaí atá nasctha le cláir cúnaimh airgeadais a chuireann deontóirí eile ar fáil don Úcráin, gan dochar d’fhorálacha ionstraimí Shaoráid na hÚcráine maidir leis na módúlachtaí a bhaineann le cistiú a chur ar fáil.

(30)

Tar éis an mheasúnaithe dhearfaigh ón gCoimisiún ar Phlean na hÚcráine, ba cheart an measúnú sin a fhormheas agus ba cheart na bearta cáilíochtúla agus cainníochtúla is gá chun Plean na hÚcráine a chur chun feidhme agus an méid atá le cur ar fáil ón Aontas i bhfoirm tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus tacaíocht iasachta don Úcráin a leagan amach sa Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2024/792,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas an mheasúnaithe ar Phlean na hÚcráine

Formheastar an measúnú ón gCoimisiún ar Phlean na hÚcráine, ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/792. Na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta a bhfuil tuairisc orthu i bPlean na hÚcráine, na socruithe agus an tráthchlár maidir le Plean na hÚcráine a chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta cáilíochtúla agus cainníochtúla, agus na socruithe chun rochtain iomlán ar na doiciméid agus ar na sonraí foluiteacha a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i gcás inarb infheidhme d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, tá siad leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Ranníocaíocht airgeadais

1.   Cuirfidh an tAontas ranníocaíocht airgeadais ar fáil don Úcráin i bhfoirm tacaíochta neamh-inaisíoctha dar luach EUR 5 270 000 000.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas ar fáil don Úcráin i dtráthchodanna i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

3.   Scaoileadh na dtráthchodanna i gcomhréir leis an gCreat-Chomhaontú agus i gcomhréir leis an gComhaontú Maoinithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagail 9 agus 10, faoi seach, de Rialachán (AE) 2024/792, beidh sé ag brath ar na leithreasuithe buiséid atá ar fáil agus ar chinneadh ón gComhairle, i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán sin, gur thug an Úcráin i gcrích go sásúil na bearta ábhartha cáilíochtúla agus cainníochtúla a sainaithníodh i ndáil le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine tar éis measúnú dearfach ón gCoimisiún. Beidh íocaíochtaí leis an Úcráin coinníollach ar na bearta cáilíochtúla agus cainníochtúla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur i gcrích. Tabharfar na bearta críochnaitheacha cáilíochtúla agus cainníochtúla chun críche faoin 31 Nollaig 2027.

Airteagal 3

Tacaíocht iasachta

1.   Cuirfidh an tAontas iasacht ar fáil don Úcráin dar uasmhéid EUR 27 000 000 000.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht iasachta dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don Úcráin i dtráthchodanna i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. Cuirfear EUR 1 890 000 000 ar fáil mar íocaíocht réamh-mhaoinithe, méid arb ionann é agus 7 % den tacaíocht iasachta i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/792. Féadfaidh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú agus na tráthchodanna a íoc i dtráinse amháin nó i roinnt tráinsí. Beidh méid na dtráinsí sin faoi réir infhaighteacht an mhaoinithe.

3.   Scaoilfear an réamh-mhaoiniú dá dtagraítear i mír 2 faoi réir theacht i bhfeidhm an Chreat-chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/792 agus an chomhaontaithe iasachta arna dhéanamh de bhun Airteagal 22 den Rialachán sin agus i gcomhréir leis na Comhaontuithe sin. Déanfar réamh-mhaoiniú a imréiteach trína asbhaint go comhréireach i gcoinne íoc na dtráthchodanna.

4.   Scaoileadh na dtráthchodanna i gcomhréir leis an gCreat-Chomhaontú agus leis an gcomhaontú iasachta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, beidh sé sin ag brath ar an gcistiú atá ar fáil agus ar chinneadh ón gComhairle, i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2024/792, gur thug an Úcráin i gcrích go sásúil na bearta ábhartha cáilíochtúla agus cainníochtúla a sainaithníodh i ndáil le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine tar éis measúnú dearfach ón gCoimisiún. Beidh íocaíochtaí leis an Úcráin coinníollach ar na bearta cáilíochtúla agus cainníochtúla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur i gcrích. Tabharfar na bearta críochnaitheacha cáilíochtúla agus cainníochtúla chun críche faoin 31 Nollaig 2027.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Bealtaine 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. VAN PETEGHEM


(1)   IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj.

(2)  An Coimisiún Eorpach, AS um Beartas Comharsanachta agus Caibidlíocht maidir le Méadú, Pacáiste Méadaithe an Aontais – An Úcráin, 2023, COM(2022) 407 final agus SWD(2023) 30 final.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1447/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top