Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1412

    Cinneadh (AE) 2024/1412 ón gComhairle an 19 Feabhra 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chósta Eabhair i ndáil le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil adhmaid agus táirgí díorthaithe chuig an Aontas Eorpach (FLEGT)

    ST/12245/2023/INIT

    IO L, 2024/1412, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1412/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1412/oj

    Related international agreement
    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1412

    27.5.2024

    CINNEADH (AE) 2024/1412 ÓN GCOMHAIRLE

    an 19 Feabhra 2024

    maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chósta Eabhair i ndáil le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil adhmaid agus táirgí díorthaithe chuig an Aontas Eorpach (FLEGT)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 21 Bealtaine 2003, ghlac an Coimisiún teachtaireacht chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa dar teideal Forest Law Enforcement, Governance and Trade (FLEGT): proposal for an EU action plan [Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT): togra le haghaidh plean gníomhaíochta an Aontais]. Leis an bPlean Gníomhaíochta a leagtar amach sa teachtaireacht sin (‘Plean Gníomhaíochta FLEGT’), iarradh bearta chun aghaidh a thabhairt ar logánú neamhdhleathach trí chomhaontuithe comhpháirtíochta deonaí a fhorbairt le tíortha táirgthe adhmaid. Glacadh conclúidí ón gComhairle maidir leis an bplean gníomhaíochta i mí Dheireadh Fómhair 2003 (1) agus glacadh rún ó Pharlaimint na hEorpa ar an ábhar an 11 Iúil 2005 (2).

    (2)

    An 5 Nollaig 2005, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht ar chomhaontaithe comhpháirtíochta le tíortha táirgthe adhmaid chun Plean Gníomhaíochta FLEGTa chur chun feidhme.

    (3)

    An 20 Nollaig 2005, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 (3) maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach san Aontas ó thíortha lenar thug an tAontas comhaontuithe comhpháirtíochta deonaí i gcrích.

    (4)

    Tugadh i gcrích go rathúil an chaibidlíocht le Poblacht an Chósta Eabhair chun Comhaontú Comhpháirtíochta Deonaí i ndáil le forfheidhmiú an dlí i ndáil le forfheidhmiú an dlí i dtaca le le foraoisí, rialachas agus trádáil adhmaid agus táirgí díorthaithe chuig an Aontas Eorpach (‘an Comhaontú’) a tabhairt i gcrích agus cuireadh inisealacha leis an gChomhaontú an 17 Deireadh Fómhair 2022.

    (5)

    Ba cheart an Comhaontú a shíniú,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, údaraítear an Comhaontú Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chósta Eabhair i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí adhmaid agus táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach a shíniú thar cheann an Aontais, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích (4).

    Airteagal 2

    Leis seo, údaraítear Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Feabhra 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Y. DÍAZ PÉREZ


    (1)   IO C 268, 7.11.2003, lch. 1.

    (2)   IO C 157 E, 6.7.2006, lch. 482.

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (IO L 347, 30.12.2005, lch. 1).

    (4)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1412/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top