Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1245

    Cinneadh (AE) 2024/1245 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2024 lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus maidir leis an gCoimisiún ag cur srian le cearta áirithe cosanta sonraí dá gcuid i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí na Seirbhíse Idirghabhála

    C/2024/2791

    IO L, 2024/1245, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1245/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1245/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1245

    3.5.2024

    CINNEADH (AE) 2024/1245 ÓN gCOIMISIÚN

    an 2 Bealtaine 2024

    lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí agus maidir leis an gCoimisiún ag cur srian le cearta áirithe cosanta sonraí dá gcuid i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí na Seirbhíse Idirghabhála

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (1), agus go háirithe Airteagal 25(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Cinneadh C(2024)1420 ón gCoimisiún (2) maidir leis an tSeirbhís Idirghabhála bunaítear an tSeirbhís Idirghabhála mar sheirbhís neamhspleách sa Choimisiún. Is é an cúram atá uirthi réiteach cairdiúil ar choinbhleachtaí san áit oibre nó ar dhíospóidí a éascú a bhaineann le cearta agus oibleagáidí bhaill foirne an Choimisiúin a chumhdaítear le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (‘Rialacháin Foirne’) agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh 259/68 ón gComhairle (3).

    (2)

    Le Cinneadh C(2024)1420 bunaítear nós imeachta neamhfhoirmiúil lena bhféadfadh aon duine a thagann faoina raon feidhme cúnamh na Seirbhíse Idirghabhála a iarraidh.

    (3)

    Cuireann an Coimisiún agus, i gcomhthéacs an Chinnidh sin, an tSeirbhís Idirghabhála thar a cheann, le hionad oibre táirgiúil agus urramach, trí dhíospóidí a réiteach go neamhfhoirmiúil sula dtéann siad in olcas, agus trí theacht chun cinn cásanna chomhchosúla a sheachaint laistigh den Institiúid. Soláthraíonn an tSeirbhís Idirghabhála comhairle rúnda neamhfhoirmiúil d’aon bhall foirne a iarrann cúnamh uirthi (‘an t-iarrthóir’). Le toiliú an iarrthóra, d’fhéadfadh sí teagmháil a dhéanamh le haon pháirtí eile a shainaithníonn an t-iarrthóir (‘an duine lena mbaineann’) i dtaca le hidirghabháil. Is gá toiliú na bpáirtithe uile atá rannpháirteach don idirghabháil. Gníomhaíonn an tSeirbhís Idirghabhála ar bhonn neamhfhoirmiúil amháin. Níl sé de chumhacht aici cinntí a dhéanamh a dhéanfadh dochar do dhaoine.

    (4)

    Chun a chúraimí i réimse na hidirghabhála a chomhlíonadh, déanann an Coimisiún faisnéis agus roinnt catagóirí sonraí pearsanta de chuid na mball foirne agus na ndaoine eile a thagann faoi raon feidhme Chinneadh C(2024)1420 a bhailiú agus a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí aitheantais, faisnéis teagmhála, faisnéis maidir le róil agus cúraimí gairmiúla, faisnéis ar shonraí maidir le hiompar agus feidhmíocht phríobháideach agus ghairmiúil. Sonraí pearsanta íogaire dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 de Rialachán (AE) 2018/1725, a chuireann an t-iarrthóir ar fáil go deonach, féadfaidh an Coimisiún na sonraí sin a phróiseáil.

    (5)

    Stóráiltear na sonraí pearsanta i dtimpeallacht fhisiceach leictreonach shlán chun cosc a chur ar rochtain neamhdhleathach sonraí i gcás daoine nach bhfuil gá acu le fios a bheith acu nó ar aistriú neamhdhleathach sonraí chuig na daoine sin. Ag deireadh na próiseála coinnítear na sonraí i gcomhréir le hAirteagal 6(11) de Cinneadh C(2024)1420.

    (6)

    Faoi Rialachán (AE) 2018/1725, tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála sin agus a gcearta mar ábhair sonraí a urramú.

    (7)

    Agus cúraimí an Choimisiúin á gcomhlíonadh aige, tá sé de cheangal air cearta daoine nádúrtha a urramú i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta mar a aithnítear le hAirteagal 8(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 16(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus tá sé de cheangal air na cearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/1725 a urramú freisin. Ag an am céanna, tá sé de cheangal ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs a ghníomhaíochtaí mar Sheirbhís Idirghabhála, rialacha dochta rúndachta a chomhlíonadh i leith na n-iarrthóirí agus d’fhéadfadh sé go mbeadh air, dá bhrí sin, cothromaíocht a bhaint amach idir cearta an ábhair sonraí agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí eile.

    (8)

    Tá sé ríthábhachtach don iarrthóir go gcaomhnaítear rúndacht na malartuithe agus nach ndéanfar aon ghníomhaíocht gan a thoiliú. Nuair a théann duine i gcomhairle leis an tSeirbhís Idirghabhála le haghaidh comhairle rúnda i gcomhthéacs coinbhleachta agus nuair nach dtugann sé toiliú don tSeirbhís Idirghabhála dul i dteagmháil leis an duine lena mbaineann d’fhonn idirghabhála, ní bheidh an tSeirbhís Idirghabhála in ann an duine lena mbaineann a chur ar an eolas. Dá soláthrófaí an fhaisnéis sin, ní fhéadfaí cuspóirí na Seirbhíse Idirghabhála a bhaint amach nó chuirfí isteach go mór ar a mbaint amach, go háirithe maidir le spás sábháilte a chur ar fáil inar féidir leis an iarrthóir a chás a phlé go hoscailte agus cinneadh a dhéanamh próiseas idirghabhála a thosú leis an duine lena mbaineann nó gan sin a dhéanamh. Féadfaidh an Coimisiún, dá bhrí sin, an eisceacht a leagtar síos in Airteagal 16(5), pointe (b) de Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i bhfeidhm chun rúndacht na próiseála a chosaint mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Chinneadh C(2024)1420.

    (9)

    In imthosca áirithe, is gá cearta ábhar sonraí de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 a réiteach leis an ngá a áirithiú go ndéanann an Coimisiún a chúraimí go héifeachtach maidir le comhairle rúnda neamhfhoirmiúil a sholáthar, agus lánurraim do chearta agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí eile a áirithiú an tráth céanna. Chuige sin, le hAirteagal 25(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2018/1725, tugtar an deis don Choimisiún srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagail 14 go 17, 19, 20 agus 35, chomh maith le prionsabal na trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (a), a mhéid a chomhfhreagraíonn forálacha an Airteagail sin do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 17, 19, 20 agus 35 den Rialachán sin.

    (10)

    D’fhéadfadh gur amhlaidh a bheadh an scéal go háirithe nuair a chuireann an t-iarrthóir faisnéis ar fáil go hindíreach maidir le daoine eile lena mbaineann. Sa chás sin, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh srian a chur le cearta áirithe an duine lena mbaineann i gcás ina nochtfadh feidhmiú na gceart sin faisnéis maidir le hiarrthóir nár thoiligh go ndéanfadh an tSeirbhís Idirghabhála gníomhaíochtaí chun dialóg leis an duine lena mbaineann a éascú. I gcás den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh srian a chur leis an gceart rochtana ar fhaisnéis maidir leis an duine lena mbaineann nó lena chearta eile d'fhonn cearta agus saoirsí an iarrthóra a chosaint. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh déanamh amhlaidh de bhun Airteagal 25(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2018/1725.

    (11)

    D’fhéadfadh sé gur ghá cosaint a thabhairt d’fhaisnéis rúnda a bhaineann le hiarrthóir. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé gur ghá don Choimisiún srian a chur le rochtain ar chéannacht, ráitis agus sonraí pearsanta eile an iarrthóra, lena n-áirítear an fhíric go raibh siad i dteagmháil leis an tSeirbhís Idirghabhála, d'fhonn a gcearta agus a saoirsí a chosaint.

    (12)

    D’fhéadfadh sé gur ghá srian a chur le ceart chun faisnéise an iarrthóra i gcás ina mbeadh ar an tSeirbhís Idirghabhála foláireamh a thabhairt don tSeirbhís Liachta i gcásanna ina bhfuil gníomhaíocht phráinneach riachtanach ar mhaithe le hiomláine fhisiciúil agus mheabhrach an iarrthóra a chosaint. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh an tSeirbhís Idirghabhála a chinneadh gan an t-iarrthóir a chur ar an eolas faoin bhfoláireamh sin chun ligean don tSeirbhís Liachta bearta sláinte nó cúraim shóisialta a chur ar fáil don duine sin. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh déanamh amhlaidh de bhun Airteagal 25(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2018/1725. Sa chás sonrach sin, chosnófaí ceart an iarrthóra mar choimeádfadh an tSeirbhís Liachta faisnéis leighis faoi rún agus chuirfí an t-iarrthóir ar an eolas toisc go mbeadh an tSeirbhís Liachta i dteagmháil leis dá measfadh sí gur ghá sin.

    (13)

    Le Cinneadh C(2024)1420 ceanglaítear ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar iarrataí ar chúnamh a chuirtear faoi bhráid na Seirbhíse Idirghabhála a láimhseáil go rúnda. Chun an rúndacht sin a áirithiú, agus caighdeáin chosanta maidir le sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 á n-urramú, ní mór rialacha inmheánacha a ghlacadh faoina bhféadfaidh an Coimisiún srian a chur le cearta na n-ábhar sonraí i gcomhréir le hAirteagal 25(1), pointe (h) de Rialachán (AE) 2018/1725.

    (14)

    Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha inmheánacha i leith na n-oibríochtaí próiseála uile a dhéanann an Coimisiún i gcomhlíonadh a chúraimí nuair atá iarrataí á láimhseáil faoi Airteagal 6 de Cinneadh C(2024)1420.

    (15)

    Chun Airteagail 14, 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún gach duine aonair a chur ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí ina bpróiseáiltear a sonraí pearsanta agus faoina gcearta ar bhealach atá trédhearcach agus comhleanúnach, trí bhíthin fógra cosanta sonraí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. I gcás inarb ábhartha, ba cheart don Choimisiún an t-iarrthóir a chur ar an eolas ar bhonn aonair ar bhealach iomchuí. I gcás inar thug an t-iarrthóir toiliú chun dul i dteagmháil le duine eile lena mbaineann, ba cheart don Choimisiún an duine lena mbaineann a chur ar an eolas ar bhonn aonair ar bhealach iomchuí.

    (16)

    Níor cheart don Choimisiún srianta a chur i bhfeidhm ach amháin nuair a urramaítear leo bunús na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha, nuair atá siad fíor-riachtanach agus nuair is beart comhréireach iad i sochaí dhaonlathach. Ba cheart don Choimisiún údair a thabhairt leis na srianta sin.

    (17)

    Agus prionsabail na trédhearcachta, na cothroime agus na cuntasachta á gcur i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún gach srian a láimhseáil ar bhealach trédhearcach agus gach iarratas ar shrianta a chlárú sa chóras taifid comhfhreagrach.

    (18)

    Le hAirteagal 25(6) de Rialachán (AE) 2018/1725, ceanglaítear ar an rialaitheoir ábhair sonraí a chur ar an eolas faoi na príomhchúiseanna is bun leis an srian a chur i bhfeidhm agus go bhfuil de cheart aige nó aici gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

    (19)

    De bhun Airteagal 25(8) de Rialachán (AE) 2018/1725, féadfaidh an Coimisiún soláthar faisnéise a bhaineann leis na phríomhchúiseanna atá le srian a chur i bhfeidhm ar ábhar sonraí a chur ar atráth, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú, dá gcuirfeadh soláthar na faisnéise sin tionchar an tsrianta ar ceal ar aon bhealach.

    (20)

    I gcás ina bhfuil srian le cearta ábhair sonraí, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar bhonn cás ar chás an gcuirfeadh cur in iúl an tsriain a tionchar ar ceal.

    (21)

    Ba cheart don Choimisiún deireadh a chur leis an srian a luaithe nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na coinníollacha lena dtugtar údar leis an srian, agus ba cheart dó na coinníollacha sin a mheas go tráthrialta. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach cur i bhfeidhm sriain a choinneáil ar bun go dtí nach mbeidh na sonraí pearsanta atá i gceist á gcoinneáil ag an gCoimisiún a thuilleadh. I gcás den sórt sin, níor cheart an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoi phróiseáil a sonraí pearsanta. D’fhéadfadh cás den sórt sin a bheith ann go háirithe i gcás ina bhfuil baol mór ann go ndéanfadh feidhmiú a chearta ag an nduine lena mbaineann dochar do chearta agus do shaoirsí daoine eile. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás nuair nach dtoilíonn an t-iarrthóir go rachadh an tSeirbhís Liachta i dteagmháil leis an duine lena mbaineann chun idirghabháil neamhfhoirmiúil a thionscnamh eatarthu.

    (22)

    Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na srianta nuair a thoilíonn an t-iarrthóir páirt a ghlacadh in idirghabháil neamhfhoirmiúil nó ar a dhéanaí nuair a dhúnann sé iarraidh ar chúnamh.

    (23)

    In Airteagal 16(5), 17(4), 19(3) agus 20(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 déantar foráil maidir le heisceachtaí ar chearta ábhar sonraí chun faisnéise. Má tá feidhm ag na heisceachtaí sin, ní gá don Choimisiún srian a chur i bhfeidhm faoin gCinneadh seo.

    (24)

    Chun cosaint cearta agus saoirsí ábhar sonraí a áirithiú agus i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart don Choimisiún páirt a thabhairt don comhordaitheoir/do na comhordaitheoirí cosanta sonraí ábhartha agus d'oifigeach cosanta sonraí an Choimisiúin Eorpaigh i gcaitheamh an nós imeachta agus ba cheart dó an comhairliúchán sin a dhoiciméadú. Ba cheart, go háirithe, dul i gcomhairle leis an gcomhordaitheoir cosanta sonraí a ceapadh chun comhairle a chur ar an roinn den Choimisiún lena mbaineann roimh aon srian a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm agus ba cheart dó comhlíonadh an tsriain sin leis an gCinneadh seo a fhíorú.

    (25)

    Ba cheart d’oifigeach cosanta sonraí an Choimisiúin Eorpaigh athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na srianta, d’fhonn a áirithiú go gcomhlíontar an Cinneadh seo.

    (26)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus thug sé uaidh a thuairim an 13 Márta 2024.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.   Tá feidhm ag an gCinneadh seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún mar rialaitheoir d’fhonn iarrataí faoi Airteagal 6 de Chinneadh C(2024) 1420 a láimhseáil.

    2.   Leagtar síos leis an gCinneadh seo na rialacha atá le leanúint ag an gCoimisiún chun na hábhair sonraí a chur ar an eolas faoi phróiseáil a sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagail 14, 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus iarrataí á láimhseáil aige faoi Airteagal 6 de Chinneadh C(2024)1420.

    3.   Leagtar síos ann freisin na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Coimisiún srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagail 4, 14 go 17, 19, 20 agus 35 de Rialachán (AE) 2018/1725, i gcomhréir le hAirteagal 25(1), pointe (h), de.

    4.   Áirítear sna catagóirí sonraí pearsanta a chumhdaítear leis an gCinneadh seo sonraí aitheantais, faisnéis teagmhála, faisnéis maidir le róil agus cúraimí gairmiúla, faisnéis maidir le hiompar agus feidhmíocht phríobháideach agus ghairmiúil. D’fhéadfadh na hiarrthóirí catagóirí íogaire sonraí pearsanta a chur ar fáil dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 de Rialachán (AE) 2018/1725 i gcomhthéacs cúnamh a iarraidh ar an tSeirbhís Liachta i gcás sonrach.

    Airteagal 2

    Srianta is infheidhme

    1.   Faoi réir Airteagail 3 go 9 den Chinneadh seo, d’fhéadfadh an Coimisiún srian a chur ar chur i bhfeidhm Airteagail 14 go 17, 19, 20 agus 35 de Rialachán (AE) 2018/1725, chomh maith le prionsabal na trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (a), den Rialachán sin, a mhéid a chomhfhreagraíonn forálacha an Airteagail sin leis na cearta agus na forálacha dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 17, 19, 20 agus 35 den Rialachán sin. Féadfaidh an Coimisiún déanamh amhlaidh i gcás ina ndéanfadh feidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí sin dochar do chosaint an ábhair sonraí nó do chosaint ceart agus saoirsí daoine eile i gcomhréir le hAirteagal 25(1), pointe (h), den Rialachán sin.

    2.   Beidh mír 1 gan dochar do chur i bhfeidhm cinntí eile ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le soláthar faisnéise d’ábhair sonraí agus cearta áirithe a shrianadh faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725.

    3.   Aon srian leis na cearta agus na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1, urramófar leo bunús na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus beidh sé riachtanach agus comhréireach i sochaí daonlathach agus na rioscaí do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí á gcur san áireamh.

    4.   Sula gcuirtear srianta i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún measúnú cás ar chás ar an ngá atá leo agus ar a gcomhréireacht. Ní rachaidh na srianta thar an méid is gá chun a gcuspóir a bhaint amach.

    Airteagal 3

    Faisnéis a sholáthar do na hábhair sonraí

    1.   Foilseoidh an Coimisiún fógra cosanta sonraí ar a shuíomh gréasáin chun na hábhair sonraí uile a chur ar an eolas faoina ghníomhaíochtaí a bhaineann le próiseáil a sonraí pearsanta chun críocha iarrataí a láimhseáil faoi Airteagal 6 de Chinneadh C(2024)1420. Cuirfidh an fógra faisnéis ar fáil maidir leis an bhféidearthacht atá ann srian a chur le cearta ábhar sonraí de bhun Airteagal 2, 3, 4 agus 5 den Chinneadh seo, chomh maith leis na cearta a bhféadfaí srian a chur leo, na forais a bhféadfaí srianta a chur i bhfeidhm dá réir agus fad ama féideartha na srianta sin.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún iarrthóirí a chur ar an eolas ar bhonn aonair, ar bhealach iomchuí, faoi phróiseáil a sonraí pearsanta. Déanfaidh an Coimisiún an duine lena mbaineann a chur ar an eolas freisin ar bhonn aonair, ar bhealach iomchuí, i gcás inar thoiligh an t-iarrthóir le hidirghabháil neamhfhoirmiúil leis an duine lena mbaineann.

    3.   I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún srian go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir le hAirteagal 2, le soláthar faisnéise dá dtagraítear i mír 2 do na hiarrthóirí, ar daoine iad a bpróiseáiltear a sonraí pearsanta chun críocha iarrataí a láimhseáil faoi Airteagal 6 de Chinneadh C (2024)1420, déanfaidh sé na cúiseanna atá leis an srian sin a thaifeadadh agus a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 6 den Chinneadh seo.

    Airteagal 4

    Ceart rochtana na n-ábhar sonraí, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh agus an ceart go gcuirfí srian le próiseáil

    1.   I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún srian, go hiomlán nó go páirteach, le ceart rochtana na n-ábhar sonraí ar shonraí pearsanta, leis an gceart go ndéanfaí léirscriosadh nó leis an gceart go gcuirfí srian le próiseáil, dá dtagraítear in Airteagail 17, 19 agus 20, faoi seach, de Rialachán (AE) 2018/1725, cuirfidh sé an t-ábhar sonraí lena mbaineann ar an eolas i scríbhinn agus gan moill mhíchuí, sa fhreagra uaidh ar an iarraidh ar rochtain, ar léirscriosadh nó ar shrianadh próiseála, maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    maidir leis an srian a chuirtear i bhfeidhm agus na príomhchúiseanna atá leis; agus

    (b)

    maidir leis an deis gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó leigheas breithiúnach a lorg i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

    2.   Féadfar soláthar faisnéise maidir leis na cúiseanna leis an srian dá dtagraítear i mír 1 a chur siar, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú a fhad a chuirfeadh sé tionchar an tsriain ar ceal.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún na cúiseanna atá leis an srian a thaifeadadh i gcomhréir le hAirteagal 6.

    4.   I gcás ina gcuirfear srian, go hiomlán nó go páirteach, leis an gceart rochtana, féadfaidh an t-ábhar sonraí a gceart rochtana a fheidhmiú trí idirghabhálaí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 25(6), (7) agus (8) de Rialachán (AE) 2018/1725.

    Airteagal 5

    Sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl do na hábhair sonraí

    I gcás ina bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1725, féadfaidh sé, in imthosca eisceachtúla, srian iomlán nó páirteach a chur leis an gcumarsáid sin. Déanfaidh sé na cúiseanna atá leis an srian a thaifeadadh agus a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 6 den Chinneadh seo. Cuirfidh an Coimisiún an taifead in iúl don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tráth a thabharfar fógra faoin sárú ar shonraí pearsanta.

    Airteagal 6

    Srianta a thaifeadadh agus a chlárú

    1.   Déanfaidh an Coimisiún na cúiseanna atá le haon srian a chuirfear i bhfeidhm de bhun an Chinnidh seo a thaifeadadh, lena n-áirítear measúnú ar na rioscaí do chearta agus saoirsí ábhar sonraí a bhaineann le srian a chur i bhfeidhm agus ar an ngá atá leis an srian agus ar a chomhréireacht, agus na heilimintí ábhartha a leagtar amach in Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 á gcur san áireamh.

    2.   Sonrófar sa taifead an bealach a ndéanfadh feidhmiú cheart an ábhair sonraí ábhartha dochar do chosaint an ábhair sonraí nó do chosaint ceart agus saoirsí daoine eile faoi Airteagal 25(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2018/1725.

    3.   Déanfar an taifead agus, i gcás inarb infheidhme, na doiciméid ina bhfuil na heilimintí foluiteacha fíorasacha agus dlíthiúla a chlárú. Cuirfear ar fáil iad don Mhaoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí ar iarratas.

    Airteagal 7

    Fad na srianta

    1.   Leanfaidh na srianta dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 d’fheidhm a bheith acu a fhad a bheidh na cúiseanna a thug údar leo fós infheidhme.

    2.   I gcás nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna atá le srian dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an srian.

    3.   Soláthróidh sé freisin na príomhchúiseanna atá leis an srian sin a chur i bhfeidhm ar an ábhar sonraí agus cuirfidh sé ar an eolas é faoin deis gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí aon tráth nó sásamh breithiúnach a lorg i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

    4.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na srianta dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5 den Chinneadh seo nuair a thugann an t-iarrthóir toiliú páirt a ghlacadh in idirghabháil neamhfhoirmiúil leis an duine lena mbaineann nó ar a dhéanaí nuair a dhúntar iarrataí a cuireadh isteach faoi Chinneadh C(2024)1420. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán gach sé mhí ar cibé acu is gá an srian a choinneáil nó nach gá. Áireofar san athbhreithniú measúnú ar an ngá atá leis an srian agus a chomhréireacht, agus na heilimintí ábhartha a leagtar amach in Airteagal 25(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 á gcur san áireamh.

    Airteagal 8

    Coimircí agus tréimhsí stórála

    1.   Cuirfidh an Coimisiún coimircí i bhfeidhm chun mí-úsáid agus rochtain neamhdhleathach nó aistriú neamhdhleathach sonraí pearsanta a chosc, ar sonraí pearsanta iad a bhfuil feidhm ag srianta maidir leo nó a bhféadfaí srianta a chur i bhfeidhm maidir leo. Áireofar sna coimircí sin bearta teicniúla agus eagraíochtúla agus mionsonraithe de réir mar is gá i nósanna imeachta inmheánacha de chuid an Choimisiúin. Áireofar na nithe seo a leanas sna coimircí:

    (a)

    sainmhíniú soiléir ar róil, ar fhreagrachtaí agus ar chéimeanna nós imeachta;

    (b)

    timpeallacht leictreonach shlán lena gcoisctear rochtain neamhdhleathach agus thimpisteach ar shonraí leictreonacha nó aistriú neamhdhleathach agus thimpisteach sonraí leictreonacha chuig daoine neamhúdaraithe;

    (c)

    stóráil shlán agus próiseáil shlán le haghaidh doiciméid pháipéarbhunaithe; agus

    (d)

    faireachán cuí ar shrianta agus athbhreithniú tréimhsiúil ar a gcur i bhfeidhm.

    2.   Coinneofar na sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 6(11) de Cinneadh C(2024)1420. Ag deireadh na tréimhse coinneála, scriosfaidh an Coimisiún na sonraí pearsanta.

    Airteagal 9

    Rannpháirtíocht an chomhordaitheora cosanta sonraí agus oifigeach cosanta sonraí an Choimisiúin

    1.   Rachfar i gcomhairle leis an gcomhordaitheoir cosanta sonraí a ceapadh chun comhairle a chur ar an roinn den Choimisiún lena mbaineann roimh aon srian a chur i bhfeidhm agus déanfaidh sé comhlíonadh an tsriain sin leis an gCinneadh seo a fhíorú.

    2.   Gan dochar do mhír 1, cuirfear oifigeach cosanta sonraí an Choimisiúin ar an eolas gan moill mhíchuí aon uair a chuirfear srian le cearta na n-ábhar sonraí i gcomhréir leis an gCinneadh seo. Arna iarraidh sin, tabharfar rochtain don oifigeach cosanta sonraí ar na taifid ghaolmhara agus ar aon doiciméad ina bhfuil na heilimintí bunúsacha fíorasacha agus dlíthiúla.

    3.   Féadfaidh an t-oifigeach cosanta sonraí athbhreithniú ar chur i bhfeidhm sriain a iarraidh. Cuirfidh an Coimisiún an t-oifigeach cosanta sonraí ar an eolas i scríbhinn faoi thoradh an athbhreithnithe a iarradh.

    4.   Déanfaidh an Coimisiún doiciméadú ar rannpháirtíocht an oifigigh cosanta sonraí agus, i gcás inarb infheidhme, an chomhordaitheora cosanta sonraí (lena n-áirítear cén fhaisnéis a roinntear leo), i ngach cás ina gcuirfear srian leis na cearta agus na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 2(2).

    Airteagal 10

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Bealtaine 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, .http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/(oj).

    (2)  Cinneadh C(2024)1420 ón gCoimisiún maidir leis an tSeirbhís Idirghabhála agus lena n-aisghairtear Cinneadh C (2002) 601.

    (3)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1968/259(1)/oj).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1245/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top