Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0867

Cinneadh (AE) 2024/867 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena dtugtar de chumhacht do Phoblacht na Fraince comhaontú idirnáisiúnta maidir leis na ceanglais sábháilteachta agus idir-inoibritheachta laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht a chaibidil, a shíniú agus a thabhairt i gcrích

PE/91/2023/REV/1

IO L, 2024/867, 18.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/867/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/867/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/867

18.3.2024

CINNEADH (AE) 2024/867 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Márta 2024

lena dtugtar de chumhacht do Phoblacht na Fraince comhaontú idirnáisiúnta maidir leis na ceanglais sábháilteachta agus idir-inoibritheachta laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht a chaibidil, a shíniú agus a thabhairt i gcrích

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an gConradh idir Poblacht na Fraince agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le tógáil agus oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann lamháltóirí príobháideacha a síníodh in Canterbury an 12 Feabhra 1986 (‘Conradh Canterbury’), bunaíodh Coimisiún Idir-Rialtasach chun maoirseacht a dhéanamh ar gach ceist a bhaineann le tógáil agus oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht (‘an Coimisiún Idir-Rialtasach’).

(2)

Ó dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3), bhí bainisteoir bonneagair Nasc Seasta Mhuir nIocht agus na gnóthais iarnróid a oibríonn i Nasc Seasta Mhuir nIocht faoi réir dhá chreat dlí ar leithligh a mhéid a bhaineann le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid.

(3)

I litir ó Phoblacht na Fraince dar dáta an 16 Iúil 2020, d’iarr sí go dtabharfadh an tAontas de chumhacht di comhaontú idirnáisiúnta maidir leis na ceanglais sábháilteachta agus idir-inoibritheachta laistigh de Nasc Seasta Mhuir nIocht a chaibidil agus a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe. I gcomhréir leis an iarraidh sin, le Cinneadh (AE) 2020/1531 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tugadh de chumhacht do Phoblacht na Fraince comhaontú a chaibidil chun a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Treoracha (AE) 2016/797 (6) agus (AE) 2016/798 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i bhfeidhm ar bhealach aontaithe agus dinimiciúil ar fud Nasc Seasta Mhuir nIocht go léir. Ina theannta sin, le Cinneadh (AE) 2020/1531 leagadh síos na coinníollacha faoina bhféadfadh an Coimisiún Idir-Rialtasach leanúint de ról an údaráis náisiúnta sábháilteachta a bheadh freagrach as an gcuid de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoi dhlínse na Fraince a chomhlíonadh.

(4)

Is léir ón gcaibidlíocht idir Poblacht na Fraince agus an Ríocht Aontaithe nach dtiocfaidh comhaontú atá sásúil don dá Pháirtí as comhaontú faoi na coinníollacha a leagtar síos sa chinneadh sin. Dá bhrí sin, i litir dar dáta an 23 Márta 2023, léirigh Poblacht na Fraince go raibh sé ar intinn aici comhaontú eile a chaibidil agus a thabhairt i gcrích. Tá cumhachtú malartach á mholadh dá bhrí sin.

(5)

Maidir le comhaontú idirnáisiúnta le tríú tír i ndáil le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht iarnróid i gcásanna trasteorann, d’fhéadfadh comhaontú den chineál sin difear a dhéanamh do réimse a chumhdaítear den chuid is mó le dlí an Aontais agus go háirithe le Rialachán (AE) 2016/796 agus Treoracha (AE) 2016/798 agus (AE) 2016/797. Dá bhrí sin, tagann aon chomhaontú den sórt sin faoi inniúlacht eachtrach eisiach an Aontais. Ní fhéadfaidh na Ballstáit comhaontú den sórt sin a chaibidil, ná a thabhairt i gcrích, ach amháin má thugann an tAontas de chumhacht dóibh déanamh amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ós rud é go mbaineann comhaontú den sórt sin le réimsí a chumhdaítear faoi dhlí an Aontais atá ann cheana i réimse an iompair, tá sé riachtanach freisin gurb é reachtóir an Aontais a thabharfaidh an cumhachtú sin, i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 91 CFAE.

(6)

I bhfianaise an seasamh speisialta atá ag Nasc Seasta Mhuir nIocht mar nasc iarnróid lena mbaineann struchtúr innealtóireachta aonair casta agus é lonnaithe go páirteach i gcríoch Phoblacht na Fraince agus go páirteach i dtríú tír, is iomchuí cumhacht a thabhairt do Phoblacht na Fraince comhaontú idirnáisiúnta a chaibidil, a shíniú agus a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe maidir le cur i bhfeidhm rialacha comhleanúnacha maidir le sábháilteacht agus idir-inoibritheacht i Nasc Seasta Mhuir nIocht (‘an Comhaontú’) agus chun an comhar idir údarás sábháilteachta náisiúnta na Fraince, is é sin Etablissement Public de Sécurité Ferroviaire (‘EPSF’) agus údarás náisiúnta sábháilte na Ríochta Aontaithe, is é sin the Office of Rail and Road [Oifig na nIarnród agus na mBóithre] (‘ORR’) a áirithiú.

(7)

Ba cheart an chuid de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoi dhlínse Phoblacht na Fraince a bheith fós faoi réir dhlí an Aontais. Ba cheart prionsabail thosaíocht agus, i gcás inarb infheidhme, éifeacht dhíreach dhlí an Aontais agus inniúlachtaí institiúidí an Aontais agus chomhlachtaí an Aontais faoi seach a chosaint.

(8)

Díospóidí idir Poblacht na Fraince agus an Ríocht Aontaithe a bhaineann le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, níor cheart iad a chur faoi bhráid an bhoird eadrána a cuireadh ar bun faoi Airteagal 19 de Chonradh Canterbury ná faoi bhráid aon mhodh eile maidir le díospóidí a réiteach atá ceangailteach ó thaobh dlí de.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/796, ba cheart Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh leanúint de fhreagracht a bheith aici, agus aici amháin, le haghaidh na bhfeidhmeanna agus na gcumhachtaí a shanntar di agus, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir (AE) 2016/798, ba cheart do EPSF leanúint de bheith neamhspleách ina chuid cinnteoireachta. Dá bhrí sin, i leith na n-ábhar ar a dtugtar aghaidh sa Chomhaontú, ba cheart ról an Choimisiúin Idir-Rialtasaigh agus an Údaráis Sábháilteachta arna mbunú faoi Chonradh Canterbury a bheith teoranta do ghníomhaíochtaí EPSF agus ORR a chomhordú. Níor cheart gníomhartha rialála an Choimisiúin Idir-Rialtasaigh agus an Údaráis Sábháilteachta nó a n-éifeachtaí difear a dhéanamh do neamhspleáchas cinnteoireachta EPSF, i gcomhréir le dlí an Aontais.

(10)

Chun a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais chun feidhme i gceart i gcónaí sa chuid de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoi dhlínse Phoblacht na Fraince, agus chun a áirithiú gur féidir leis an gCoimisiún formhaoirseacht a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm faoi rialú na Cúirte Breithiúnais, lena n-áirítear in imthosca práinne, ba cheart do Phoblacht na Fraince an ceart a choinneáil chun an Comhaontú a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh go haontaobhach.

(11)

Chun athruithe i ndlí an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a chur san áireamh, go háirithe athruithe ar Rialachán (AE) 2016/796 agus Treoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798, ba cheart go bhforálfaí do rialacha i ndáil lena leasú sa Chomhaontú freisin. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún Poblacht na Fraince a údarú chun an Comhaontú a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta leasaitheach a leagtar síos sa Chomhaontú sin, ar choinníoll go bhfuil na leasuithe sin teoranta d’oiriúnuithe lena léirítear athruithe ar dhlí an Aontais.

(12)

Chun leasa an Aontais, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Fhrainc chomh maith tuilleadh leasuithe a chaibidil ar an gcomhaontú arna thabhairt i gcrích ar bhonn an chumhachtaithe sa chinneadh seo, lena léirítear na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2020/1531. Dá bhrí sin, ba cheart an cumhachtú arna deonú ag an Aontas i gCinneadh (AE) 2020/1531 leanúint de bheith bailí a mhéid a bhféadfaidh an comhaontú arna thabhairt i gcrích ar bhonn an chumhachtaithe seo a leasú chun na coinníollacha a leagtar síos sa chinneadh sin a léiriú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis an gCinneadh seo, leagtar amach na coinníollacha ar dá mbun a thugtar an chumhacht do Phoblacht na Fraince comhaontú idirnáisiúnta leis an Ríocht Aontaithe a chaibidil, a shíniú, a thabhairt i gcrích agus a leasú amach anseo maidir leis na ceanglais sábháilteachta agus idir- inoibritheachta i Nasc Seasta Mhuir nIocht, agus maidir le comhar idir Etablissement Public de Sécurité Ferroviaire (EPSF) agus Office of Rail and Road (ORR) (‘an Comhaontú’).

Leis an gComhaontú, comhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 den Chinneadh seo.

Airteagal 2

I leith na coda de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoi dhlínse Phoblacht na Fraince, comhlíonfaidh an Comhaontú na coinníollacha seo a leanas:

(a)

Beidh an Comhaontú comhoiriúnach le dlí an Aontais ar gach bealach. Áiritheofar comhlíonadh phrionsabail na tosaíochta agus, i gcás inarb infheidhme, éifeacht dhíreach dhlí an Aontais.

(b)

Díospóidí idir Poblacht na Fraince agus an Ríocht Aontaithe a bhaineann le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, ní chuirfear iad faoi bhráid an bhoird eadrána arna bhunú faoi Airteagal 19 de Chonradh Canterbury ná faoi bhráid aon mhodh eile maidir le díospóidí a réiteach atá ceangailteach ó thaobh dlí de.

(c)

Coimeádfaidh Poblacht na Fraince an ceart chun an Comhaontú a chur ar fionraí nó a shéanadh go haontaobhach, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm go hiomlán, i gceart agus go tapa sa chuid de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoina dlínse.

(d)

Foráiltear leis an gComhaontú sásra i ndáil lena leasú, chun é a oiriúnú d’athruithe ar dhlí an Aontais.

(e)

Áiritheofar an neamhspleáchas agus na cumhachtaí faoi seach a dheonaítear le dlí an Aontais do Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus EPSF, mar údarás náisiúnta sábháilteachta de réir bhrí Threoir (AE) 2016/798, agus go háirithe:

ní aithneofar gníomhartha ORR chun críocha an Chomhaontaithe ach amháin i gcásanna inar tugadh comhaontú roimhe sin i gcrích faoi Airteagal 14(5) de Threoir 2012/34/AE (8),

ní aithneofar coibhéis ghníomhartha ORR ach amháin i gcás dá bhforáiltear sin leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF), agus

i leith na n-ábhar a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe, ní dhéanfaidh cúraimí agus cumhachtaí an Choimisiúin Idir-Rialtasaigh agus an Údaráis Sábháilte a bunaíodh faoi Chonradh Canterbury difear d’uathriail cinnteoireachta EPSF, i gcomhréir le dlí an Aontais.

Airteagal 3

Coimeádfaidh Poblacht na Fraince an Coimisiún ar an eolas go tráthrialta faoin gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe maidir leis an gComhaontú agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh Poblacht na Fraince ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir.

Ar chríochnú na caibidlíochta, cuirfidh Poblacht na Fraince an dréacht-chomhaontú a thiocfaidh as sin faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach faoin dréacht-chomhaontú a thiocfaidh as sin.

Laistigh d’aon mhí amháin ón dréacht-chomhaontú a chur faoi bhráid an Choimisiúin, glacfaidh an Coimisiún cinneadh faoi cé acu atá na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2 á gcomhlíonadh nó nach bhfuil. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi ghlacadh an chinnidh sin. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, féadfaidh Poblacht na Fraince an comhaontú comhfhreagrach a shíniú agus a thabhairt i gcrích.

Cuirfidh Poblacht na Fraince cóip den chomhaontú sínithe ar fáil don Choimisiún laistigh d’aon mhí amháin tar éis a theacht i bhfeidhm, nó, i gcás ina mbeidh an Comhaontú le cur i bhfeidhm go sealadach, laistigh d’aon mhí amháin ó thús a chur i bhfeidhm sealadach.

Airteagal 4

Fad a bheidh an Comhaontú i bhfeidhm, áiritheoidh Poblacht na Fraince go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm go hiomlán, i gceart agus go tapa sa chuid de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoina dlínse. Déanfaidh Poblacht na Fraince bearta iomchuí ina leith sin lena n-áirítear, i gcás inar gá, fionraí nó séanadh an chomhaontaithe.

Airteagal 5

1.   Tugtar de chumhacht do Phoblacht na Fraince leasuithe ar an gComhaontú a chaibidil, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo, ar choinníoll go bhfuil gá leis na leasuithe sin chun an Comhaontú a oiriúnú d’athruithe a dhéanfar amach anseo ar dhlí an Aontais, agus go háirithe do leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/796 agus Treoracha (AE) 2016/797 agus (AE) 2016/798, agus ar choinníoll freisin go bhfuil gá leis na leasuithe sin chun a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm go hiomlán, i gceart agus go tapa sa chuid de Nasc Seasta Mhuir nIocht atá faoina dlínse.

2.   Tugtar de chumhacht do Phoblacht na Fraince freisin tuilleadh leasuithe ar an gComhaontú a chaibidil, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo, chun a áirithiú go gcomhlíonfar, leis an gComhaontú, na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/1531.

3.   Coimeádfaidh Poblacht na Fraince an Coimisiún ar an eolas go tráthrialta faoi aon chaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe a bhaineann le leasuithe ar an gComhaontú agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh Poblacht na Fraince ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir. Cuirfidh Poblacht na Fraince na leasuithe atá beartaithe faoi bhráid an Choimisiúin in éineacht le nóta míniúcháin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin méid sin láithreach. Soláthróidh Poblacht na Fraince aon fhaisnéis bhreise a iarrann an Coimisiún maidir leis na leasuithe atá beartaithe.

4.   Laistigh de 3 mhí ón leasú atá beartaithe agus an nóta míniúcháin a ghabhann leis a chur faoi bhráid an Choimisiúin, glacfaidh an Coimisiún cinneadh faoi cé acu atá na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 2 á gcomhlíonadh nó nach bhfuil. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha sin, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi ghlacadh an chinnidh sin, agus féadfaidh Poblacht na Fraince dul ar aghaidh leis an leasú ar an gComhaontú. Cuirfear cóip den Chomhaontú leasaithe ar fáil don Choimisiún laistigh d’aon mhí amháin tar éis theacht i bhfeidhm an leasaithe, nó, i gcás ina mbeidh an leasú le cur i bhfeidhm go sealadach, laistigh d’aon mhí amháin ó thús a chur i bhfeidhm sealadach.

Airteagal 6

Leanfaidh Cinneadh (AE) 2020/1531 de bheith infheidhme a mhéid dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

Airteagal 7

Dírítear an Cinneadh seo ar Phoblacht na Fraince.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Marta 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C, C/2023/879, 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/879/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Márta 2024.

(3)   IO L 29, 31.1. 2020, lch. 7.

(4)  Cinneadh (AE) 2020/1531 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2020 lena gcumhachtaítear an Fhrainc chun comhaontú idirnáisiúnta lena ndéantar forlíonadh ar an gConradh idir an Fhrainc agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le Tógáil agus Oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann Lamháltóirí Príobháideacha a chaibidil, a shíniú agus a thabhairt i gcrích (IO L 352, 22.10.2020, lch. 4).

(5)  Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1).

(6)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

(7)  Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).

(8)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/867/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top