This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D0767
Council Decision (EU) 2024/767 of 20 February 2024 on the signing, on behalf of the Union, of the Agreement between the European Union and the Kingdom of Norway amending the Agreement between the European Union and the Kingdom of Norway on administrative cooperation, combating fraud and recovery of claimsin the field of value added tax
Cinneadh (AE) 2024/767 ón gComhairle an 20 Feabhra 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, comhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha
Cinneadh (AE) 2024/767 ón gComhairle an 20 Feabhra 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, comhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha
ST/16398/2023/INIT
IO L, 2024/767, 28.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/767/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/767 |
28.2.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/767 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Feabhra 2024
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, comhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá torthaí an-dearfacha ar an gcreat comhair faoin gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, comhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha (1). |
(2) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle (2), arna leasú le Rialachán (AE) 2018/1541 ón gComhairle (3), tugadh isteach uirlisí nua comhair riaracháin i reachtaíocht an Aontais. |
(3) |
An 26 Aibreán 2022, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, comhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha (‘an Comhaontú’). |
(4) |
An 26 Aibreán 2022, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le leasú ar an gComhaontú. |
(5) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
(6) |
Ba cheart an Comhaontú a shíniú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, comhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha a shíniú, thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (5).
Airteagal 2
Leis seo, údaraítear Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) IO L 195, 1.8.2018, lch. 3.
(2) IO L 268, 12.10.2010, lch. 1.
(3) Rialachán (AE) 2018/1541 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 904/2010 agus (AE) 2017/2454 a mhéid a bhaineann le bearta chun comhar riaracháin i réimse na cánach breisluacha a neartú (IO L 259, 16.10.2018, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(5) Foilseofar téacs an Chomhaontuithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/767/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)