Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0758

    Cinneadh (CBES) 2024/758 ón gComhairle an 26 Feabhra 2024 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine

    ST/6261/2024/INIT

    IO L, 2024/758, 27.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/758/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/758/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/758

    27.2.2024

    CINNEADH (CBES) 2024/758 ÓN gCOMHAIRLE

    an 26 Feabhra 2024

    lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 28 Feabhra 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2019/346/CBES (1) lena gceaptar Eamon GILMORE mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) um Chearta an Duine. Tá sainordú ISAE le dul in éag an 29 Feabhra 2024.

    (2)

    Ba cheart ISAE nua um Chearta an Duine a cheapadh ar feadh tréimhse 24 mhí,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

    Leis seo, ceaptar Olof SKOOG mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) um Chearta an Duine go dtí an 28 Feabhra 2026. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

    Airteagal 2

    Cuspóirí beartais

    Beidh sainordú ISAE bunaithe ar chuspóirí beartais an Aontais maidir le cearta an duine mar a leagtar amach iad sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gCreat Straitéiseach AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas agus i bPlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas, lena n-áirítear:

    (a)

    éifeachtacht, láithreacht agus infheictheacht an Aontais a fheabhsú maidir le cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain agus insint dhearfach maidir le cearta an duine a chur chun cinn, go háirithe trí chomhar an Aontais agus idirphlé polaitiúil le tríú tíortha, le comhpháirtithe ábhartha, le gnó, leis an tsochaí shibhialta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha a dhoimhniú, agus trí ghníomhú i bhfóraim ábhartha idirnáisiúnta;

    (b)

    feabhas a chur ar rannchuidiú an Aontais leis an daonlathas agus forbairtí institiúidí, an smacht reachta, an dea-rialachas, agus urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha ar fud an domhain a neartú;

    (c)

    feabhas a chur ar chomhleanúnachas ghníomhaíocht an Aontais maidir le cearta an duine agus maidir le cearta an duine a chomhtháthú i ngach réimse de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

    Airteagal 3

    Sainordú

    Chun na cuspóirí beartais a bhaint amach, is é an méid seo a leanas a bheidh mar shainordú ag ISAE:

    (a)

    rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas an Aontais um chearta an duine, go háirithe Creat Straitéiseach AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas agus Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas, chomh maith le cur chun feidhme Threoirlínte an Aontais, sraith straitéisí agus pleananna gníomhaíochta maidir le cearta an duine, lena n-áirítear trí mholtaí a fhoirmliú ina leith sin;

    (b)

    rannchuidiú le cur chun feidhme sheasaimh an Aontais, mar atá sainithe ag an gComhairle, maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn;

    (c)

    rannchuidiú le cur chun feidhme sheasaimh an Aontais, mar atá sainithe ag an gComhairle, maidir le tacaíocht don cheartas coiriúil idirnáisiúnta a chur chun cinn, go háirithe na seasaimh sin faoi Chinneadh 2011/168/CBES (2) ón gComhairle maidir leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta;

    (d)

    iarracht a dhéanamh guth Eorpach níos láidre a bhunú trí idirphlé maidir le cearta an duine le rialtais i dtríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gníomhaithe ábhartha eile chun éifeachtacht agus infheictheacht bheartas an Aontais maidir le cearta an duine a áirithiú; idirphlé tábhachtach maidir le cearta an duine le tríú tíortha a stiúradh;

    (e)

    rannchuidiú le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais i réimsí chosaint agus chur chun cinn chearta an duine a fheabhsú, go háirithe trí ionchur a sholáthar maidir le beartais ábhartha an Aontais a fhoirmliú;

    (f)

    rannchuidiú, i gcomhairle leis na Ballstáit, le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht sheasaimh an Aontais dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) a fheabhsú.

    Airteagal 4

    An sainordú a chur chun feidhme

    1.   Beidh ISAE freagrach as an sainordú a chur chun feidhme, ag gníomhú dó nó di faoi údarás an Ardionadaí.

    2.   Coimeádfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nasc pribhléidithe le ISAE agus is é a bheidh ina phríomhphointe teagmhála leis an gComhairle ag ISAE. Soláthróidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála treoir straitéiseach agus stiúradh polaitiúil do ISAE faoi chuimsiú an tsainordaithe, gan dochar do chumhachtaí an Ardionadaí.

    3.   Oibreoidh ISAE i ndlúthchomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus lena ranna ábhartha chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a áirithiú ina gcuid oibre faoi seach i réimse chearta an duine.

    Airteagal 5

    Maoiniú

    1.   EUR 3 092 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Márta 2024 go dtí an 28 Feabhra 2026 a chumhdach.

    2.   Bainisteofar an caiteachas i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

    3.   Beidh bainistiú an chaiteachais faoi réir conradh idir ISAE agus an Coimisiún. Beidh ISAE cuntasach don Choimisiún as gach caiteachas.

    Airteagal 6

    Tiomsú agus comhdhéanamh na foirne

    1.   Laistigh de theorainneacha shainordú ISAE agus laistigh de na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha a chuirfear ar fáil, beidh ISAE freagrach as foireann a chur le chéile. Áireofar san fhoireann daoine a bhfuil an saineolas acu maidir le saincheisteanna sonracha beartais de réir mar a cheanglaítear leis an sainordú. Coinneoidh ISAE an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas in am agus i dtráth faoi chomhdhéanamh na foirne.

    2.   Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí de chuid an Aontais agus SEGS a mholadh go mbeadh foireann ar iasacht ag obair le ISAE. Is iad an Ballstát seolta, institiúid seolta an Aontais nó SEGS, faoi seach, a chumhdóidh tuarastail an phearsanra sin atá ar iasacht. Ina theannta sin, féadfar saineolaithe atá ar iasacht ó na Ballstáit chuig institiúidí an Aontais nó chuig SEGS a phostú chun oibriú le ISAE. Beidh náisiúntacht Bhallstáit ag an bhfoireann idirnáisiúnta ar conradh.

    3   Is faoi údarás riaracháin an Bhallstáit seolta, institiúid seolta an Aontais nó SEGS, faoi seach, a fhanfaidh an pearsanra uile ar iasacht agus comhlíonfaidh siad a ndualgais agus feidhmeoidh siad chun leas shainordú ISAE.

    4.   Comhlonnófar foireann ISAE i ranna ábhartha SEGS nó le toscaireachtaí ábhartha an Aontais chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a ngníomhaíochtaí faoi seach a áirithiú.

    Airteagal 7

    Slándáil fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais

    Urramóidh ISAE agus comhaltaí fhoireann ISAE na prionsabail slándála agus na híoschaighdeáin arna mbunú le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (3).

    Airteagal 8

    Rochtain ar fhaisnéis agus tacaíocht lóistíochta

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit, an Coimisiún, SEGS agus Ardrúnaíocht na Comhairle go dtabharfar rochtain do ISAE ar aon fhaisnéis ábhartha.

    2.   Cuirfidh toscaireachtaí an Aontais agus ionadaíochtaí taidhleoireachta na mBallstát, de réir mar is iomchuí, tacaíocht lóistíochta ar fáil do ISAE.

    Airteagal 9

    An tslándáil

    I gcomhréir le beartas an Aontais maidir le slándáil an phearsanra a imscartar lasmuigh den Aontas i gcáil oibríochtúil faoi Theideal V den Chonradh, déanfaidh ISAE gach beart is féidir le réasún, i gcomhréir le sainordú ISAE agus ar bhonn staid na slándála i réimse na freagrachta, i ndáil le slándáil an phearsanra uile atá faoi údarás díreach ISAE, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    plean slándála sonrach a bhunú a bheidh bunaithe ar threoir ó SEGS, lena n-áirítear bearta slándála sonracha fisiciúla, eagraíochtúla agus nós imeachta, lena rialaítear bainistiú ar ghluaiseacht shlán pearsanra chuig an réimse freagrachta agus laistigh di, chomh maith le bainistiú teagmhas slándála agus lena bhforáiltear do phlean teagmhais agus aslonnaithe misin;

    (b)

    a áirithiú go gcumhdófar an pearsanra uile a imscartar lasmuigh den Aontas le hárachas ardriosca, mar a cheanglaítear leis na coinníollacha i réimse na freagrachta;

    (c)

    a áirithiú go mbeidh oiliúint slándála iomchuí faighte ag foireann ISAE a bheidh le himscaradh lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear pearsanra a bheidh ar conradh go háitiúil, roimh theacht i réimse na freagrachta nó ar theacht isteach sa réimse sin dóibh, bunaithe ar na rátálacha riosca arna sannadh ag SEGS don réimse sin;

    (d)

    a áirithiú go ndéanfar na moltaí comhaontaithe uile, a dhéantar tar éis measúnuithe rialta slándála, a chur chun feidhme agus tuarascálacha i scríbhinn a chur ar fáil don Chomhairle, don Ardionadaí agus don Choimisiún maidir lena gcur chun feidhme agus maidir le saincheisteanna slándála eile faoi chuimsiú na dtuarascálacha ar dhul chun cinn agus na tuarascála ar chur chun feidhme an tsainordaithe.

    Airteagal 10

    Tuairisciú

    Cuirfidh ISAE tuarascálacha i scríbhinn agus ó bhéal ar fáil go tráthrialta don Ardionadaí agus don Choiste Polaitiúil agus Slándála. Tuairisceoidh ISAE freisin do mheithleacha na Comhairle, go háirithe an Mheitheal um Chearta an Duine, de réir mar is gá. Scaipfear tuarascálacha tráthrialta trí líonra ‘COREU’. Féadfaidh ISAE tuarascálacha a sholáthar don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha. I gcomhréir le hAirteagal 36 den Chonradh, féadfaidh ISAE a bheith rannpháirteach maidir le faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa.

    Airteagal 11

    Comhordú

    1.   Rannchuideoidh ISAE le haontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais agus cabhróidh ISAE lena áirithiú go ndéanfar ionstraimí uile an Aontais agus gníomhaíochtaí uile na mBallstát a shaothrú go comhsheasmhach, chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. Déanfar gníomhaíochtaí ISAE a chomhordú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus an Choimisiúin, chomh maith le gníomhaíochtaí Ionadaithe Speisialta an Aontais Eorpaigh eile, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh ISAE faisnéis rialta ar fáil do mhisin na mBallstát agus do thoscaireachtaí an Aontais.

    2.   Ar an láthair, coinneofar dlúthchaidreamh le Cinn Mhisin ábhartha na mBallstát, le Cinn Thoscaireachtaí an Aontais, agus le Cinn nó Ceannasaithe mhisin agus oibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta agus le hIonadaithe Speisialta eile an Aontais Eorpaigh, de réir mar is iomchuí. Déanfaidh siad gach iarracht cúnamh a thabhairt do ISAE agus sainordú ISAE á chur chun feidhme acu.

    3.   Déanfaidh ISAE idirchaidreamh le gníomhaithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile ar leibhéal na Ceanncheathrún agus sa réimse agus lorgóidh sé nó sí comhlántacht agus sineirgí leo. Féachfaidh ISAE le teagmháil rialta a dhéanamh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ar leibhéal na Ceanncheathrún agus sa réimse araon.

    Airteagal 12

    Athbhreithniú

    Déanfar athbhreithniú tráthrialta ar chur chun feidhme an Chinnidh seo agus ar a chomhsheasmhacht le rannchuidithe eile ón Aontas. Cuirfidh ISAE tuarascálacha rialta ar an dul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, an Ardionadaí agus an Choimisiúin, agus cuirfidh sé tuarascáil chuimsitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe faoina mbráid faoin 30 Samhain 2025.

    Airteagal 13

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Feabhra 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    D. CLARINVAL


    (1)  Cinneadh 2019/346/CBES ón gComhairle an 28 Feabhra 2019 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine (IO L 62, 1.3.2019, lch.12).

    (2)  Cinneadh 2011/168/CBES ón gComhairle an 21 Márta 2011 maidir leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2003/444/CBES (IO L 76, 22.3.2011, lch. 56).

    (3)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir le rialacha slándála i dtaca le faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/758/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top