Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024B2247

Cinneadh (AE) 2024/2247 ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn X – an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

IO L, 2024/2247, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2247/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2247/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2247

10.10.2024

CINNEADH (AE) 2024/2247 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 11 Aibreán 2024

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn X – an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (1),

ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (COM(2023)0391 – C9-0253/2023) (2),

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí chuig an údarás um urscaoileadh ar iniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2022,

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2022, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagal 59, Airteagal 118 agus Airteagal 260 go hAirteagal 263 de,

ag féachaint do Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (6), agus go háirithe Airteagal 8 de,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0102/2024),

1.

ag deonú urscaoileadh d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí don bhliain airgeadais 2022;

2.

Ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo ina dhiaidh seo;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur ar aghaidh chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig an Ombudsman Eorpach agus chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArdrúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 45, 24.2.2022.

(2)   IO C, C/2023/2, 12.10.2023.

(3)   IO C, C/2023/103, 4.10.2023

(4)   IO C, C/2023/112, 12.10.2023

(5)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(6)   IO L 201, 3.8.2010, lch. 30.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2247/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top