EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2814

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2814 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2023 lena bhformheastar leasuithe ar an tsonraíocht ar ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint (Tejo (TGFC))

C/2023/8871

IO L, 2023/2814, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2814/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2814/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2814

18.12.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2814 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Nollaig 2023

lena bhformheastar leasuithe ar an tsonraíocht ar ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint (‘Tejo’ (TGFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar an iarratas ar leasuithe a fhormheas ar thásc geografach faoi chosaint ‘Tejo’, a chuir an Phortaingéil ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(2)

Tá an t-iarratas ar fhormheas ar leasuithe ar an tsonraíocht foilsithe ag an gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(3)

Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm ‘Tejo’ (TGFC) formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)   IO C 255, 20.7.2023, lch. 13


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2814/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top