EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2707

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2707 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1637 a mhéid a bhaineann leis na rialacha agus na nósanna imeachta i ndáil le hearraí máil a onnmhairítear agus an dleacht mháil ar fionraí agus doiciméid chúltaca á n–úsáid

C/2023/8209

IO L, 2023/2707, 6.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2707/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2707/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2707

6.12.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2707 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Nollaig 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1637 a mhéid a bhaineann leis na rialacha agus na nósanna imeachta i ndáil le hearraí máil a onnmhairítear agus an dleacht mháil ar fionraí agus doiciméid chúltaca á n–úsáid

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (1), agus go háirithe Airteagal 29(2) agus Airteagal 43(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 21(3) agus (4) de Threoir (AE) 2020/262 ceanglaítear ar na húdaráis inniúla sa Bhallstát onnmhairíochta sonraí an doiciméid riaracháin leictreonaigh agus an dearbhaithe onnmhairiúcháin a fhíorú agus fógra a thabhairt faoi aon neamhréireacht idir an doiciméad riaracháin leictreonach agus an dearbhú onnmhairiúcháin don Bhallstát seolta trí bhíthin an chórais ríomhairithe dá dtagraítear i gCinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (‘an córas ríomhairithe’). Chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar agus chun stádas na gluaiseachta a chur ar an eolas, ba cheart do na húdaráis inniúla sa Bhallstát seolta an fógra sin a chur ar aghaidh chuig an gcoinsíneoir gan mhoill.

(2)

Le hAirteagal 26(1) agus Airteagal 38(1) de Threoir (AE) 2020/262, ceadaítear don choinsíneoir agus don choinsíneoir deimhnithe, faoi seach, tús a chur le gluaiseacht earraí máil i gcás nach bhfuil an córas ríomhairithe ar fáil sa Bhallstát seolta má tá doiciméad cúltaca ag gabháil leis na hearraí, agus má chuireann an coinsíneoir nó an coinsíneoir deimhnithe údaráis inniúla an Bhallstáit seolta ar an eolas faoi sin i gcomhréir le hAirteagal 26(1), pointe (b), nó Airteagal 38(1), pointe (b), faoi seach, de Threoir (AE) 2020/262. Chun faireachán leordhóthanach a dhéanamh ar ghluaiseacht earraí máil laistigh den Aontas i gcás nach bhfuil an córas ríomhairithe ar fáil laistigh de thréimhse ghearr, ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh gan mhoill chuig údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1637 (3) ón gCoimisiún, leagtar síos rialacha a mhéid a bhaineann le húsáid doiciméad i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta agus gluaiseacht earraí máil tar éis iad a scaoileadh lena dtomhailt ach ní leagtar síos leis rialacha maidir le húsáid na ndoiciméad dá dtagraítear in Airteagal 21(4), Airteagal 26(1) agus Airteagal 38(1) de Threoir (AE) 2020/262.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1637 a leasú dá réir.

(5)

Táthar ag súil go ndéanfar comhéadan idir an córas ríomhairithe máil agus Córas Onnmhairiúcháin Uathoibrithe an Aontais faoin 13 Feabhra 2024, dá bhforáiltear in Airteagal 54 de Threoir (AE) 2020/262. Ós rud é go mbaineann an Rialachán seo le nósanna imeachta maidir le gluaiseacht earraí máil faoi fhionraí dleachta a onnmhairítear lasmuigh den Aontas, ba cheart feidhm a bheith aige ón dáta sin.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Dhleacht Mháil,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1637 mar a leanas:

(1)

cuirtear an tAirteagal 4a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 4a

Teachtaireachtaí maidir le hearraí máil atá á n–onnmhairiú faoi fhionraí dleachta máil

Tabharfar fógra faoi thoradh an fhíoraithe a rinne údaráis inniúla an Bhallstáit onnmhairíochta, de bhun Airteagal 21(3) de Threoir (AE) 2020/262, do na húdaráis inniúla sa Bhallstát seolta i gcomhréir le hAirteagal 6a(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1636.

Déanfaidh an Ballstát seolta na teachtaireachtaí maidir le hearraí máil atá á n-onnmhairiú faoi fhionraí dleachta máil a chur ar aghaidh gan mhoill chuig an gcoinsíneoir.’;

(2)

cuirtear an tAirteagal 7a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 7a

Doiciméid chúltaca a úsáid

I gcás ina gcuirfidh coinsíneoir nó coinsíneoir deimhnithe údaráis inniúla an Bhallstáit seolta ar an eolas faoi thús gluaiseachta earraí máil de bhun Airteagal 26(1), pointe (b), nó Airteagal 38(1), pointe (b), faoi seach, de Threoir (AE) 2020/262, agus i gcás ina meastar nach mbeidh an córas ríomhairithe sa Bhallstát seolta ar fáil an tráth a shroichfidh na hearraí an áit seachadta, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit seolta an fhaisnéis sin ar aghaidh gan mhoill chuig údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 13 Feabhra 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 58, 27.2.2020, lch. 4.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2020 maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 43).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1637 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2022 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid doiciméad i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil faoi shocrú fionraí dleachta agus i gcomhthéacs gluaiseacht earraí máil tar éis iad a scaoileadh lena dtomhailt, agus lena leagtar síos an fhoirm a úsáidfear le haghaidh an deimhnithe díolúine (IO L 247, 23.9.2022, lch. 57).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2707/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top