EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2591
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/2591 of 21 November 2023 renewing the approval of the active substance ethephon in accordance with Regulation (EC) No 1107/2009 of the European Parliament and of the Council and amending Commission Implementing Regulation (EU) No 540/2011
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2591 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2023 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí eiteafón a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2591 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2023 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí eiteafón a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
C/2023/7780
IO L, 2023/2591, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2591/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32011R0540 | Scriosadh | iarscríbhinn cuid A pointe 142 | 01/02/2024 | |
Modifies | 32011R0540 | Cur le | iarscríbhinn cuid B pointe 168 | 01/02/2024 |
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2591 |
22.11.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2591 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Samhain 2023
lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí eiteafón a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 2006/85/CE ón gCoimisiún (2) áirítear eiteafón mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3). |
(2) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4). |
(3) |
Formheas na substainte gníomhaí eiteafón, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 15 Samhain 2024. |
(4) |
An 28 agus an 30 Iúil 2014 cuireadh iarratas faoi bhráid na hÍsiltíre, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na Polainne, an Ballstáit is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí eiteafón a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin. |
(5) |
Chuir na hiarratasóirí na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (an tÚdarás) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha. |
(6) |
D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 2 Lúnasa 2017. |
(7) |
Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Chuir an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar aghaidh chuig na hiarratasóirí agus chuig na Ballstáit chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
(8) |
An 18 Eanáir 2019 d’iarr an tÚdarás eolas breise ó na hiarratasóirí faoi airíonna suaite inchrínigh eiteafóin de bhun Airteagal 13(3a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chuir na hiarratasóirí eolas isteach a mhéid a bhaineann leis na critéir chun sainaithint a dhéanamh ar airíonna suaite inchrínigh a leagtar amach i bpointe 3.6.5 agus i bpointe 3.8.2 den Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 1107/2009, mar a thugtar isteach le Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún (6). |
(9) |
I mí Mheán Fómhair 2022 rinne an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil cothrom le dáta maidir le measúnú ar athnuachan a chur ar fáil don Údarás, do na Ballstáit agus don Choimisiún. Sa dréacht-tuarascáil cothrom le dáta maidir le measúnú ar athnuachan, phléigh an Ballstát is rapóirtéir an t-eolas breise maidir leis na critéir chun airíonna suaite inchrínigh a shainaithint agus mhol sé formheas eiteafóin a athnuachan. |
(10) |
An 7 Nollaig 2022 chuir an tÚdarás a chonclúid in iúl don Choimisiún (7) go bhféadfaí coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh eiteafón na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(11) |
An 24 Bealtaine 2023 chuir an Coimisiún dréacht-tuarascáil athnuachana maidir le heiteafón faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, agus chuir sé dréacht-rialachán faoina bhráid an 11 Iúil 2023. |
(12) |
D’iarr an Coimisiún ar na hiarratasóirí a mbarúlacha a chur isteach maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir na hiarratasóirí a mbarúlacha isteach, barúlacha a scrúdaíodh go cúramach agus a cuireadh san áireamh. |
(13) |
Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach eiteafón, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(14) |
An measúnú riosca maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí eiteafón, bunaítear é ar líon teoranta úsáidí ionadaíocha, úsáidí nach gcuireann srian, áfach, ar na húsáidí lena bhféadfar táirgí cosanta plandaí a bhfuil eiteafón iontu a údarú. Dá bhrí sin, is iomchuí gan an srian a choinneáil ar bun maidir le húsáid a bhaint as ach mar rialaitheoir fáis plandaí. |
(15) |
Dá bhrí sin, is iomchuí an formheas ar eiteafón a athnuachan. |
(16) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir sin. |
(17) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/918 ón gCoimisiún (8), cuireadh síneadh leis an tréimhse formheasa ar eiteafón go dtí an 15 Samhain 2024 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, áfach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin. |
(18) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan
An formheas ar an tsubstaint ghníomhach eiteafón, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, déantar é a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Feabhra 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Treoir 2006/85/CE ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2006 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun feanaimíofos agus eiteafón a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 293, 24.10.2006, lch. 3).
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26), ar Rialachán é a leanann d’fheidhm a bheith aige maidir leis an nós imeachta chun na substaintí gníomhacha sin a athnuachan de bhun Airteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).
(6) Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 lena leagtar síos critéir eolaíocha chun airíonna suaite inchrínigh a chinneadh (IO L 101, 20.4.2018, lch. 33).
(7) EFSA Journal [Iris EFSA], 2023;21(1):7742. Le fáil ar líne: www.efsa.europa.eu.
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/918 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aclóinífein, aimeatochtraidin, beaflubútaimid, beintiavalacarb, boscailid, captan, cleataidim, cioglocsaidim, ciafluaimeitifein, dasaimeit, déchlófop, démheatomorf, eiteafón, feanasacuin, fluaipicilíd, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, himeacsasól, aigéad iondóiliolbútarach, mandaprópaimid, meatalacsail, meataildéad, meatam, meatasaclór, meitríbhúisin, milbimeictin, paclabútrasól, peanocsulam, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, própamacarb, prócuineaisid, próitiaconasól, S-meitileaclór, víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, Trichoderma asperellum tréithchineál T34 agus Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 160).
IARSCRÍBHINN I
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
||||||||||||||||
Eiteafón Uimh. CAS: 16672-87-0 Uimh. CIPAC: 373 |
Aigéad 2-clóireitiolfosfónach |
≥ 692 g/kg (Tiúchan theicniúil (TK)) ≥ 910 g/kg (Ábhar teicniúil (TC), teoiriciúil) Is ábhar imní ó thaobh na tocsaineolaíochta iad na heisíontais seo a leanas agus ní rachaidh siad thar an méid seo a leanas san ábhar teicniúil ann:
|
1 Feabhra 2024 |
31 Eanáir 2039 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin ar eiteafón, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:
Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí. |
(1) Sa tuarascáil athbhreithniúcháin soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún mar a leanas:
(1) |
i gCuid A, scriosadh iontráil 142 maidir le heiteafón; |
(2) |
i gCuid B, cuireadh an iontráil seo a leanas leis:
|
(1) Sa tuarascáil athbhreithniúcháin soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2591/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)