Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2510

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2510 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 lena leasaítear Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i leith na dtairseach le haghaidh conarthaí soláthair, conarthaí seirbhíse agus conarthaí oibreacha

    C/2023/7652

    IO L, 2023/2510, 16.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2510/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2510/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2510

    16.11.2023

    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2510 ÓN gCOIMISIÚN

    an 15 Samhain 2023

    lena leasaítear Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i leith na dtairseach le haghaidh conarthaí soláthair, conarthaí seirbhíse agus conarthaí oibreacha

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí áirithe oibreacha poiblí, soláthair phoiblí agus seirbhíse poiblí ag údaráis nó eintitis chonarthacha i réimse na cosanta nó na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE (1), agus go háirithe Airteagal 68(1), an dara fomhír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Cinneadh 2014/115/AE (2), d’fhormheas an Chomhairle an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (3) a tugadh i gcrích faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála. Is ionstraim ilpháirtithe é an Comhaontú leasaithe maidir le Soláthar Rialtais (‘an Comhaontú’) agus is é is cuspóir dó margaí soláthair rialtais a oscailt go frithpháirteach i measc a chuid pháirtithe. Baineann an Comhaontú le haon chonradh soláthair a bhfuil luach aige, lena mbaintear amach nó lena sáraítear na méideanna arna sonrú ann (‘tairseacha’) agus arna gcur in iúl mar chearta tarraingthe speisialta.

    (2)

    Ceann de spriocanna Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) is ea na heintitis chonarthacha agus na húdaráis chonarthacha a chuireann an Treoir sin i bhfeidhm a chumasú chun na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chomhaontú a chomhlíonadh an tráth céanna. I gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2014/25/AE, ní mór don Choimisiún a fhíorú, gach 2 bhliain, go gcomhfhreagraíonn na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 15, pointí (a) agus (b), den Treoir sin leis na tairseacha arna mbunú sa Chomhaontú, agus ní mór dó iad a athbhreithniú, i gcás inar gá.

    (3)

    Tá athbhreithniú déanta ar na tairseacha a leagtar síos i dTreoir 2014/25/AE. I gcomhréir le hAirteagal 68(1) de Threoir 2009/81/CE, tá na tairseacha a leagtar síos sa Treoir sin le hailíniú leis na tairseacha athbhreithnithe a leagtar síos i dTreoir 2014/25/AE.

    (4)

    De bhun Airteagal 68(1) de Threoir 2009/81/CE, athbhreithneoidh an Coimisiún na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 8 den Treoir sin an tráth céanna a athbhreithneofar na tairseacha a leagtar síos i dTreoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Le hAirteagal 17(1) de Threoir 2014/25/AE, lena ndearnadh Treoir 2004/17/CE a aisghairm, ceanglaítear ar an gCoimisiún na tairseacha a athbhreithniú gach 2 bhliain le héifeacht ón 1 Eanáir. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na tairseacha do na blianta 2024-2025 ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh.

    (5)

    Ní féidir tús a chur leis na tairseacha a ríomh tráth níos luaithe ná an 1 Meán Fómhair, mar gheall ar infhaighteacht na sonraí. De réir Airteagal 68(3) de Threoir 2009/81/CE, ní mór don Choimisiún na tairseacha athbhreithnithe in euro agus a luachanna comhfhreagracha in airgeadraí náisiúnta eile Bhallstáit an Aontais a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ag tús mhí na Samhna. I bhfianaise an mhéid thuas, agus chun an sprioc-am thuasluaite a bhaint amach, tá an Coimisiún chun dul i muinín an nós imeachta práinne chun an rialachán seo a ghlacadh.

    (6)

    Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2009/81/CE a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Airteagal 8 de Threoir 2009/81/CE mar a leanas:

    (1)

    i bpointe (a), cuirtear ‘EUR 443 000’ in ionad ‘EUR 431 000’;

    (2)

    i bpointe (b), cuirtear ‘EUR 5 538 000’ in ionad ‘EUR 5 382 000’.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Samhain 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 216, 20.8.2009, lch. 76.

    (2)  Cinneadh 2014/115/AE ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 maidir leis an bPrótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais a thabhairt i gcrích (IO L 68, 7.3.2014, lch. 1).

    (3)   IO L 68, 7.3.2014, lch. 2.

    (4)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

    (5)  Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (IO L 134, 30.4.2004, lch. 1).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2510/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top