This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2477
Commission Delegated Regulation (EU) 2023/2477 of 30 August 2023 amending Directive (EU) 2016/1629 of the European Parliament and of the Council as regards the classification of Union inland waterways and the minimum technical requirements applicable to craft
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2477 ón gCoimisiún an 30 Lúnasa 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haicmiú uiscebhealaí intíre de chuid an Aontais agus na híoscheanglais theicniúla is infheidhme maidir le hárthaí
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2477 ón gCoimisiún an 30 Lúnasa 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haicmiú uiscebhealaí intíre de chuid an Aontais agus na híoscheanglais theicniúla is infheidhme maidir le hárthaí
C/2023/5721
IO L, 2023/2477, 7.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2477/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32016L1629 | Athchur | iarscríbhinn I | 27/11/2023 | |
Modifies | 32016L1629 | Athchur | iarscríbhinn II | 01/01/2024 |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2477 |
7.11.2023 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2477 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Lúnasa 2023
lena leasaítear Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haicmiú uiscebhealaí intíre de chuid an Aontais agus na híoscheanglais theicniúla is infheidhme maidir le hárthaí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/87/CE (1), agus go háirithe Airteagal 4(2) agus Airteagal 31(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir (AE) 2016/1629 bunaítear córas comhchuibhithe chun deimhnithe teicniúla a eisiúint le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre a chomhlíonann ceanglais theicniúla aontaithe. |
(2) |
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1629 leagtar amach liosta d’uiscebhealaí intíre de chuid an Aontais arna roinnt go geografach i Zóin 1, 2 agus 3. |
(3) |
Ní fhéadfar aicmiú uiscebhealaí a mhodhnú, lena n-áirítear uiscebhealaí a chur leis agus a scriosadh, ach amháin ar iarraidh ón mBallstát lena mbaineann, le haghaidh uiscebhealaí ina chríoch. |
(4) |
D’iarr Poblacht na Fraince modhnú ar aicmiú na n-uiscebhealaí i Zón 1 ina críoch. Go háirithe, sholáthair sé na suíomhanna beachta agus cur síos ar Zón 1 sa Fhrainc. |
(5) |
D’iarr Poblacht Chónaidhme na Gearmáine modhnú ar liosta na n-uiscebhealaí i Zóin 1, 2 agus 3 ina críoch. Go háirithe, shonraigh sí na huiscebhealaí i Zóin 2 agus 3 ina críoch agus rinne sí cur síos orthu, sholáthair sí míleáiste mhionsonraithe na hEilbe agus cur síos soiléir ar bhéal aibhneacha sonracha. |
(6) |
Thairis sin, leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1629 gurb iad na ceanglais theicniúla is infheidhme maidir le hárthaí ar uiscebhealaí Zóin 1, 2 agus 3 de chuid an Aontais na ceanglais sin a leagtar amach i gcaighdeán ES-TRIN 2021/1. Le caighdeán ES-TRIN leagtar síos ceanglais theicniúla aonfhoirmeacha is gá chun sábháilteacht soithí loingseoireachta intíre a áirithiú, ag cur san áireamh an cineál soithigh, lena n-áirítear an zón ina n-oibríonn sé. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh tionchar a bheith ag athruithe sna Zóin laistigh de na Ballstáit ar infheidhmeacht ES-TRIN sna réimsí sin. |
(7) |
Le gníomhaíocht de chuid an Aontais in earnáil na loingseoireachta intíre, ba cheart é a bheith mar aidhm an aonfhoirmeacht a áirithiú agus ceanglais theicniúla á bhforbairt le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre san Aontas. |
(8) |
An Coiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre (“CESNI”), bunaíodh é an 3 Meitheamh 2015 faoi chuimsiú an Lárchoimisiúin um Loingseoireacht ar an Réin (‘CCNR’) chun caighdeáin theicniúla a fhorbairt le haghaidh uiscebhealaí intíre i réimsí éagsúla, go háirithe maidir le soithí, teicneolaíocht faisnéise agus criú. |
(9) |
Ag an gcruinniú a bhí ag CESNI an 13 Deireadh Fómhair 2022, glacadh leagan nua den Chaighdeán Eorpach lena leagtar síos Ceanglais Theicniúla le haghaidh soithí Loingseoireachta Intíre, is é sin ES-TRIN 2023/1 (2). Áirítear sa chaighdeán nua forálacha maidir le longthógáil, feistiú agus trealamh le haghaidh soithí loingseoireachta intíre, forálacha speisialta maidir le haicmí sonracha soithí amhail soithí paisinéirí, conbhuanna a bhrúitear agus soithí coimeádáin, forálacha maidir le trealamh an chórais aitheantais uathoibríoch, forálacha maidir le haitheantas soithí, samhail de na deimhnithe agus samhail den chlár, agus forálacha idirthréimhseacha chomh maith le treoracha maidir leis an gcaighdeán teicniúil a chur i bhfeidhm. |
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2016/1629 a leasú dá réir sin. |
(11) |
Chun go mbeidh na Ballstáit in ann a rialacha inmheánacha maidir le comhlachtaí teicniúla agus cigireachta a chur in oiriúint do ES-TRIN 2023/1 nua, ba cheart cur i bhfeidhm ES-TRIN 2023/1 a chur siar, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir (AE) 2016/1629 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I; |
(2) |
Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag pointe 2 d’Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Lúnasa 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 252, 16.9.2016, lch. 118.
(2) Rún CESNI 2022-II-1.
IARSCRÍBHINN I
‘IARSCRÍBHINN I
LIOSTA D’UISCEBHEALAÍ INTÍRE DE CHUID AN AONTAIS ARNA ROINNT, DE RÉIR GEOGRAIFE, I ZÓN 1, ZÓN 2 AGUS ZÓN 3
CAIBIDIL 1
Zón 1
An Ghearmáin
Ems |
Ón líne ó sheanteach solais Greetsiel go cé thiar bhéal an chalafoirt ag Eeemshaven, amach chun na farraige a fhad le líne dhomhanleithid 53° 30′ T agus líne dhomhanfhaid 6° 45′ O, i.e. claon beag ar thaobh na farraige den limistéar lictéaraithe le haghaidh iompróirí lasta thirim Alte Ems (1) |
An Fhrainc
An Gironde ó theorainn thrasnach na farraige arb é atá inti an líne a théann ó Pointe de Grave go Pointe de Suzac, go dtí an líne a théann ó Pointe de Grave go ceann thoir shliogán Pontaillac
An Loire ó theorainn thrasnach na farraige arb é atá ann an líne a théann ó cheann Mindin go ceann Penoët, go dtí an líne a théann ó sholas cadáin Pointe du Pointeau go teach solais Villès-Martin ag Saint-Nazaire
An tSéin ó theorainn thrasnach na farraige (an líne a thosaíonn ó Cape Hode, ar an mbruach deas, agus a chríochnaíonn ar an mbruach clé, ag an áit a dtagann an cladán beartaithe le chéile leis an gcósta síos le sruth ó Berville-sur-Mer) go dtí an teorainn arb é atá inti líne atá dírithe ar 245° a thosaíonn ó theach solais Sainte Adresse agus a théann chomh fada le trasnú fhadlíne Greenwich. Ón trasnú sin, cuirtear síneadh leis an teorainn le líne a shíneann ó thuaidh-theas go dtí trasnú líne a shíneann soir-siar ó sholas Falaise des Fonds atá suite siar ó Honfleur
Deilt Rhône
Murascaill Fos: ó theorainneacha zón 3 ó thuaidh agus soir, go dtí an líne bhriste a thosaíonn ó sholas chladán Canal St-Louis, a théann trí bhunbhaoi thuaidh They de la Gracieuse agus bunbhaoi thiar Lavéra agus a chríochnaíonn ag Pointe de Bonnieu
An chuid theas de Etang de Berre idir Martigues (ceann Brise Lames) agus calafort La Pointe (deireadh an chladáin thuaidh)
An Pholainn
An chuid de Bhá Pomorska atá taobh theas den líne ó NordPerd ar Oileán Rugen go dtí teach solais Niechorze
An chuid de Bhá Gdańska atá taobh theas den líne ó theach solais Hel go dtí an baoi béal cuain ag calafort Baltijsk
An tSualainn
Loch Vänern, a theorannaítear ó dheas leis an líne dhomhanleithid trí rabhchán Bastungsgrunden
Loch Vättern
Brofjorden – Donsö
An limistéar a theorannaítear leis an mórthír nó le teorainn zón 2 nó 3 agus le líne ón bpointe is faide ó dheas de Grötö tríd an bpointe is faide siar de Gåsö; an pointe is faide ó thuaidh de Härmanö; Härmanö huvud (ceann Härmanö); Vedholmen; Danholmen; lár Mollön; treosholas Räbbehuvud; treosholas íochtarach Sankt Olov; an pointe is faide soir ó dheas de Flatholmen; treosholas Åstol; treosholas Marstrand; treosholas Sälö; treosholas íochtarach Kågholmen; treosholas Tynneskär; treosholas Buskärs Knöte; agus ó threosholas uachtarach Rivö go treosholas Rivö
Tuaisceart Öregrundsgrepen
An limistéar idir an mhórthír agus Gräsö, a theorannaítear ó thuaidh leis an líne dhomhanleithid trí threosholas Engelska Grundet agus ó dheas leis an líne dhomhanfhaid trí sholas stiúrtha uachtarach Öregrund
Söderarm – Sandhamn
An limistéar a theorannaítear le teorainn zón 2 agus le líne ó sholas stiúrtha Tyvö trí threosholas Söderarm; solas stiúrtha uachtarach chalafort píolótaíochta Söderarm; agus ó threosholas Prästkobben go rabhchán Korsö
Jungfrufjärden
An limistéar a theorannaítear leis an mórthír nó le teorainn zón 2 agus le líne ón bpointe is faide siar de Nämdö tríd an bpointe is faide siar de Mörtö-Bunsö go rabhchán Ornöhuvud
Mysingen – Landsort
An limistéar a theorannaítear le teorainn zón 2 agus le líne ó threosholas Utö tríd an bpointe is faide ó dheas de Nåttarö; treosholas Måsknuv; agus ó threosholas Viksten go treosholas Landsort
Landsort – Arkö
An limistéar a theorannaítear leis an mórthír nó le teorainn zón 2 nó 3, agus le líne ó threosholas Landsort tríd an bpointe is faide ó dheas de Enskär agus treosholas Norra Kränkan go Marö kupa
Bá Valdemarsviken agus oileánra Gryt
An limistéar a theorannaítear leis an mórthír nó le teorainn zón 2 agus le líne ó rabhchán Gubbö kupa trí threosholas Häradsskär agus ó threosholas Häradsskär go dtí an pointe is faide ó dheas de Kvädö
Sunda thuaidh Kalmar – Västervik
An limistéar a theorannaítear leis an mórthír agus le líne ó Hallmare Skackel trí threosholas Aleskär; treosholas Idö; treosholas Idö Stångskär; treosholas Strupö Ljungskär, ag T 57 20,0 O016 48,0; agus ó bhaoi sparra thiar Enerumsgrund go dtí an pointe is faide ó thuaidh de Öland agus thairis sin trí chósta thiar thuaidh Öland agus ó dheas tríd an líne dhomhanleithid T 56 15,00′
Sunda theas Kalmar
An limistéar idir an mhórthír agus Öland, a theorannaítear ó thuaidh le líne ó rinn Dunö (ar an mórthír) go Bejershamn in Öland, agus ó dheas leis an líne dhomhanleithid T 56 15.00′
Zón 2
An tSeicia
Damba Loch Lipno
An Ghearmáin
Ems |
Idir líne trasna abhainn an Ems in aice bhéal chalafort Papenburg ó sheanstáisiún caidéalaithe Diemen go béal na leibhé ag Halte, agus chomh fada le líne ó sheanteach solais Greetsiel go dtí an ché thiar ag béal chalafort Eemshaven (2) |
||||||||||||||||||||||
LEDA |
Ó bhéal chalafort amuigh mhuirloc Leere go dtí an béal ag Ems |
||||||||||||||||||||||
Jade |
I dtreo na talún ó líne ó sheanteach threosholas uachtarach Schillig go dtí an túr séipéil ag Langwarden |
||||||||||||||||||||||
Weser |
Ón imeall thiar thuaidh den droichead iarnróid in Bremen go líne ó thúr séipéil Langwarden go túr séipéil Cappel, lena n-áirítear taobhchraobhacha Westergate, Loch Rekumer, Rechter Nebenarm agus Schweiburg |
||||||||||||||||||||||
Hunte |
Ó líne 140 m síos le sruth ó dhroichead Amalienbrücke in Oldenburg go dtí an béal ag Weser |
||||||||||||||||||||||
Lesum |
Ó chomhchumar an Hamme agus an Wümme (ag an bpointe 0,00 km) go dtí an béal ag an Weser |
||||||||||||||||||||||
An Eilbe |
Ó theorainn íochtarach chalafort Hamburg a fhad le líne ón rabhcán ag Döse go himeall thiar chladán Friedrichskoog (Dieksland) lena n-áirítear:
|
||||||||||||||||||||||
Este |
Ó shruth sceite loc Buxtehude (ag an bpointe 0,25 km) go dtí an béal ag an Elbe |
||||||||||||||||||||||
Lühe |
Ó shruth sceite an Au-Mühle in Horneburg (0,00 km) go dtí an béal ag an Elbe |
||||||||||||||||||||||
Schwinge |
Ó imeall thuaidh loc Salztor in Stade go dtí an béal ag an Elbe |
||||||||||||||||||||||
Pinnau |
Ón imeall thiar theas den droichead ródfheithiclí in Pinneberg go dtí an béal ag an Elbe |
||||||||||||||||||||||
Krückau |
Ón imeall thiar theas den droichead ródfheithiclí in Pinneberg go dtí an béal ag an Elbe |
||||||||||||||||||||||
Stör |
Ó thomhsaire taoide Rensing go dtí an béal ag an Elbe |
||||||||||||||||||||||
Freiburger Hafenpriel |
Ó imeall thoir na bualchomhla in Freiburg an der Elbe a fhad leis an mbéal ag an Elbe |
||||||||||||||||||||||
Oste |
Ó 210 m suas an abhainn ó ais an droichid ródfheithiclí thar bharáiste Oste (ag an bpointe 69,36 km) go dtí an béal ag an Elbe |
||||||||||||||||||||||
Meldorfer Bucht |
Laistigh de líne ó imeall thiar chladán Friedrichskoog (Dieksand) go dtí an ceann cé thiar ag Büsum |
||||||||||||||||||||||
Eider |
Ó bhéal Chanáil Gieselau (ag an bpointe 22,64 km) a fhad le líne ó lár an dúin (Tränke) go túr séipéil Vollerwiek |
||||||||||||||||||||||
Gieselaukanal |
Ón mbéal ag an Eider go dtí an béal ag Canáil Nord-Estsee |
||||||||||||||||||||||
Flensburger Förde |
I dtreo na talún ó líne ó theach solais Kegnäs go Birknack agus ó thuaidh ón teorainn idir an Ghearmáin agus an Danmhairg in Flensburger Förde |
||||||||||||||||||||||
Schlei |
I dtreo na talún ó líne ó cheann go chéile de na cinn ché in Schleimünde |
||||||||||||||||||||||
Eckernförder Bucht |
I dtreo na talún ó líne ó Boknis-Eck go dtí an ceann thoir thuaidh den mhórthír in aice Dänisch Nienhof |
||||||||||||||||||||||
Kieler Förde |
I dtreo na talún ó líne ó theach solais Bülk go leacht cuimhneacháin muirí Laboe |
||||||||||||||||||||||
Nord-Ostsee-Kanal, lena n-áirítear Audorfer See agus Schirnauer See |
Idir líne ó cheann go chéile de na cinn ché ag Brunsbüttel agus líne ó cheann go chéile de sholais bhéal an chuain ag Kiel-Holtenau, agus Obereidersee agus Enge, Audorfer See, lena n-áirítear Borgstedter See agus Enge, Schirnauer See, Flemhuder See agus Canáil Achterwehrer |
||||||||||||||||||||||
Trave |
Ón imeall thiar thuaidh den droichead tógála iarnróid ag Lübeck maille leis an Pötenitzer Wiek, agus an Dassower See a fhad le líne ón gceann cé istigh theas go dtí an ceann cé amuigh thuaidh, ag Travemünde |
||||||||||||||||||||||
An limistéar calafoirt in Wismarbucht, Kirchsee, Breitling, Salzhaff agus Wismar |
Teoranta chun na farraige ag líne ó Hoher Wieschendorf Huk go treosholas Timmendorf agus líne ó threosholas Gollwitz ar oileán Poel go dtí ceann theas leithinis Wustrow |
||||||||||||||||||||||
Warnow agus Unterwarnow lena n-áirítear an Breitling agus taobhchraobhacha (gan an taobhchraobh siad ó Badewieseninsel) |
Ó imeall thiar an droichid iarnróid Rostock-Stralsund go líne ó cheann thuaidh na cé thiar go ceann thuaidh na cé thoir in Rostock-Warnemünde |
||||||||||||||||||||||
Uiscí atá iata ag an mórthír agus ag leithinsí Darß agus Zingst agus ag oileáin Hiddensee agus Rügen (lena n-áirítear limistéar calafoirt Stralsund) |
Chun na farraige teoranta idir
|
||||||||||||||||||||||
Greifswalder Bodden agus limistéar calafoirt Greifswald lena n-áirítear Ryck |
Ó imeall thoir Steinbecker Brücke in Greifswald go líne ó cheann thoir Thiessower Haken (Südperd) go ceann thoir oileán Ruden, agus go ceann thuaidh oileán Usedom (54° 10′ 37′′ T, 13° 47′ 51′′ O) |
||||||||||||||||||||||
Na huiscí atá iata ag an mórthír agus ag oileán Usedom (an Peenestrom, lena n-áirítear limistéar calafoirt Wolgast, Achterwasser, Stettiner Haff) |
Soir a fhad leis an teorainn idir an Pholainn agus an Ghearmáin in Stettiner Haff |
||||||||||||||||||||||
Uecker |
Ó imeall thiar theas an droichid ródfheithiclí in Uekermünde go dtí líne ó cheann go chéile d’imill na gceann cé |
An Fhrainc
An Gironde ón bpointe ciliméadair (KP 48,50) go dtí an chuid de rinn an Ile de Patiras síos an sruth ón oileán, go dtí teorainn thrasnach na farraige arb é atá inti an líne ó Pointe de Grave go Pointe de Suzac
An Loire ó Cordemais (KP 25) go dtí teorainn thrasnach na farraige arb é atá inti an líne ó Pointe de Mindin go Pointe de Penhoët
An tSéin ó thús Chanáil Tancarville go dtí teorainn thrasnach na farraige arb é atá inti an líne ó Rinn Hode, ar an mbruach deas, go dtí an pointe, ar an mbruach clé, mar a gcastar an cladán atá beartaithe agus an cósta taobh thíos de Berville ar a chéile
An Vilaine ó Dhamba Arzal go dtí teorainn thrasnach na farraige arb é atá inti an líne ó Pointe du Scal go Pointe du Moustoir
Loch na Ginéive
An Ungáir
Loch Balaton
An Ísiltír
Dollard
Eems
Waddenzee: lena n-áirítear na naisc leis an Muir Thuaidh
IJsselmeer: lena n-áirítear an Markermeer agus an IJmeer, ach gan an Gouwzee a bheith san áireamh
Nieuwe Waterweg agus an Scheur
Calandkanaal siar ó chalafort Benelux
Hollands Diep
Breeddiep, Beerkanaal agus na calaí atá nasctha leis
Haringvliet agus Vuile Gat: lena n-áirítear na huiscebhealaí atá idir Goeree-Overflakkee ar thaobh amháin agus Voorne-Putten agus Hoeksche Waard ar an taobh eile
Hellegat
Volkerak
Krammer
Grevelingenmeer agus Brouwershavensche Gat: lena n-áirítear na huiscebhealaí uile atá idir Schouwen-Duiveland agus Goeree-Overflakkee
Keten, Mastgat, Zijpe, Krabbenkreek, an Sceilt Thoir agus Roompot: lena n-áirítear na huiscebhealaí atá idir Walcheren, Noord-Beveland agus Zuid-Beveland ar thaobh amháin agus Schouwen-Duiveland agus Tholen ar an taobh eile, ach gan Canáil na Sceilte go Réin a bheith san áireamh
An Sceilt agus an Sceilt Thiar agus a béal ag an bhfarraige: lena n-áirítear na huiscebhealaí atá idir Zeeland Fhlóndras ar thaobh amháin agus Walcheren agus Zuid-Beveland ar an taobh eile, ach gan Canáil na Sceilte go Réin a bheith san áireamh
An Pholainn
Murlach Szczecin
Murlach Kamień
Murlach Wisła
Bá Puck
Taiscumar Włocławski
Loch Śniardwy
Loch Niegocin
Loch Mamry
An tSualainn
Lysekil – Orust – Tjörn
An limistéar a theorannaítear leis an mórthír, agus le líne ar threo-uillinn 170 céim ó Släggö in Lysekil go Skaftölandet; líne ó threosholas Islandsberg go Lavösund; líne ar threo-uillinn 300 céim ó threosholas Lyr go dtí an mhórthír soir ó Mollösund; líne ón bpointe is faide ó dheas de Lyr go Björholmen; agus sa chuid thuaidh de Hakefjorden in aice leis an líne arb éard atá ann líne dhomhanleithid T 58 01,00
Oileánra theas Göteborg
An limistéar a theorannaítear leis an mórthír nó le teorainn zón 3 agus le líne ón bpointe is faide siar de chalafort Arendal trí Knippelholmen; treosholas Rivö, treosholas uachtarach Rivö; rabhchán Känsö Torn; treosholas Kårholmen; agus ó threosholas Rättarens go Askims Nabbe
Öregrund – Norrtälje
An limistéar idir an mhórthír agus Gräsö, a theorannaítear ó thuaidh leis an líne dhomhanfhaid trí sholas stiúrtha uachtarach Öregrund, agus a theorannaítear ionsar an bhfarraige le líne idir Äspskäret agus treosholas Råstensudde; líne trasna Singsundet; in aice na ndroichead trasna Fygdströmmen; líne ó Dejeudden trí threosholas Arholma go treosholas Tyvö
Norrtälje – Nämdö
An limistéar a theorannaítear leis an mórthír nó le teorainn zón 2 nó 3 agus le líne ó threosholas Tyvö trí threosholas Idskärskobben; an pointe is faide siar de Svartlöga; treosholas Stenkobbsgrund, rabhchán Korsö; agus ón bpointe is faide siar de Nämdö go dtí an pointe is faide ó dheas de Björnö
Dalarö – Torö
An limistéar a theorannaítear leis an mórthír agus le líne ó Klacknäset trí rabhchán Ornöhuvud; Näset in Ornö; an pointe is faide ó thuaidh de Utö; treosholas Utö; treosholas Älvsnabben; Norra Stegholmen; Yttre Gården; Valsudden ar Järflotta; agus ó Långsudden in Järflotta go dtí an pointe is faide soir de Torö.
Torö – Oxelösund
An limistéar a theorannaítear leis an mórthír nó le teorainn zón 3 agus le líne ó shéipéal Torö trí threosholas Fifång; treosholas Kockehällan; Lacka torn; an pointe is faide soir de Kittelö; treosholas Trutbådan, treosholas Beten; agus ó rabhchán Femörehuvud go Svartudden ó thuaidh ó threosholas uachtarach Kungshamn
Bråviken, Slätbaken agus oileánra Östergötland
An limistéar a theorannaítear leis an mórthír (in iarthar Bråviken ó dhroichead Hamnbron in Norrköping; in iarthar Slätbaken ó loc Mem), agus le líne ó threosholas Gullängsberget trí rabhchán Arkö; Marö kupa; rabhchán Kupa klint; an pointe is faide siar de Birkskär; agus ó rabhchán Gubbö kupa go Dalaudde ó dheas ó Orren
Sunda láir Kalmar
An limistéar a theorannaítear leis an mórthír san iarthar, le Öland san oirthear, leis an líne dhomhanleithid T 56° 51.00′ ó thuaidh agus le líne ó rinn Dunö (ar an mórthír) go Beijerhamn in Öland ó dheas
CAIBIDIL 2
Zón 3
An Bheilg
An Sceilt mhuirí (síos an sruth ó acarsóid oscailte Antuairp)
An Bhulgáir
An Danóib: ó rkm 845,650 go rkm 374,100
An tSeicia
Lochanna damba: Brněnská (Kníničky), Jesenice, Nechranice, Orlík, Rozkoš, Slapy, Těrlicko, Žermanice agus Nové Mlýny III
Lochanna mianaigh gairbhéil ghainmhigh: Ostrožná Nová Ves agus Tovačov
An Ghearmáin
An Danóib |
Ó Kelheim (km 2 414,72 ) go dtí an teorainn idir an Ghearmáin agus an Ostair ag Jochenstein |
An Réin lena n-áirítear Lampertheimer Altrhein (ó km 4,75 go dtí an Rijn), Altrhein Stockstadt-Erfelden (ó km 9,80 go dtí an Réin) |
Ón teorainn idir an Ghearmáin agus an Eilvéis ag Basel go dtí an teorainn idir an Ghearmáin agus an Ísiltír ag Millingen |
Elbe (Norderelbe), lena n-áirítear Süderelbe agus Köhlbrand |
Ó bhéal chanáil Elbe-Seiten go dtí teorainn íochtarach chalafort Hamburg |
Müritz |
|
An Fhrainc
An Adour ó Bec du Gave go dtí an fharraige
An Aulne ón loc ag Châteaulin go dtí teorainn thrasnach na farraige arb é atá inti Passage de Rosnoën
An Blavet ó Pontivy go dtí Pont du Bonhomme
Canáil Calais;
An Charente ón droichead ag Tonnay-Charente go dtí teorainn thrasnach na farraige arb é atá inti an líne a théann trí lár an treosholais ‘síos an sruth’ ar an mbruach clé agus trí lár Fort de la Pointe
An Dordogne ón gcomhchumar leis an Lidoire go dtí Bec d’Ambès
An Garonne, ón droichead ag Castet en Dorthe go dtí Bec d’Ambès
An Gironde ó Bec d’Ambès go dtí an líne thrasnach ag KP 48,50 agus tríd an rinn is faide síos an sruth ó Ile de Patiras
An Hérault, ó chalafort Bessan go dtí an fharraige, a fhad le huasteorainn na hurthrá taoidmhire
An Isle, ón gcomhchumar leis an Dronne go dtí an comhchumar leis an Dordogne
An Loire, ón gcomhchumar leis an Maine go Cordemais (KP 25)
An Marne, ón droichead ag Bonneuil (KP 169 bis 900) agus an loc ag St Maur go dtí an comhchumar leis an tSéin
An Réin
An Nive, ó dhamba Haïtze ag Ustaritz go dtí an comhchumar leis an Adour
An Oise, ó loc Janville go dtí an comhchumar leis an tSéin
An Orb, ó Sérignan go dtí an fharraige, a fhad le huasteorainn na hurthrá taoidmhire
An Rhône, ó theorainn na hEilvéise go dtí an fharraige, ach gan an Petit Rhône a bheith san áireamh
An Saône, ó dhroichead Pont de Bourgogne ag Chalon-sur-Saône go dtí an comhchumar leis an Rhône
An tSéin, ón loc ag Nogent-sur-Seine go dtí tosach Chanáil Tancarville
An Sèvre Niortaise, ón loc ag Marans ag teorainn thrasnach na farraige atá os coinne an tí garda, go dtí a béal
An Somme ón imeall is faide síos an sruth ó dhroichead Pont de la Portelette ag Abbeville go tarbhealach an iarnróid ó Noyelles go Saint-Valéry-sur-Somme
An Vilaine, ó Redon (KP 89,345) go Damba Arzal
Loch Amance
Loch Annecy
Loch Biscarosse
Loch Bourget
Loch Carcans
Loch Cazaux
Loch Der-Chantecoq
Loch Guerlédan
Loch Hourtin
Loch Lacanau
Loch Orient
Loch Pareloup
Loch Parentis
Loch Sanguinet
Loch Serre-Ponçon
Loch Temple
An Chróit
An Danóib: ó rkm 1 295 + 500 go rkm 1 433 + 100
Abhainn an Drava: ó rkm 0 go rkm 198 + 600
Abhainn an Sava: ó rkm 210 + 800 go rkm 594 + 000
Abhainn an Kupa: ó rkm 0 go rkm 5 + 900
Abhainn an Una: ó rkm 0 go rkm 15
An Ungáir
An Danóib: ó rkm 1 812 go rkm 1 433
Mosoni-Duna: ó rkm 14 go rkm 0
Szentendrei-Duna: ó rkm 32 go rkm 0
Ráckevei-Duna: ó rkm 58 go rkm 0
Abhainn an Tisza: ó rkm 685 go rkm 160
Abhainn an Dráva: ó rkm 198 go rkm 70
Abhainn an Bodrog: ó rkm 51 go rkm 0
Abhainn an Kettős-Körös: ó rkm 23 go rkm 0
Abhainn an Hármas-Körös: ó rkm 91 go rkm 0
Cainéal Sió: ó rkm 23 go rkm 0
Loch Velence
Loch Fertő
An Ísiltír
An Réin
Sneekermeer, Koevordermeer, Heegermeer, Fluessen, Slotermeer, Tjeukemeer, Beulakkerwijde, Belterwijde, Ramsdiep, Ketelmeer, Zwartemeer, Veluwemeer, Eemmeer, Alkmaardermeer, Gouwzee, Buiten IJ, Afgesloten IJ, Noordzeekanaal, calafort IJmuiden, limistéar calafoirt Rotterdam, Nieuwe Maas, Noord, Oude Maas, Beneden Merwede, Nieuwe Merwede, Dordsche Kil, Boven Merwede, Waal, Canáil Bijlandsch, Boven Rijn, Canáil Pannersdensch, Geldersche IJssel, Neder Rijn, Lek, Canáil Amstardam go Réin, Veerse Meer, Canáil Schelde go Réin a fhad lena béal ag an Volkerak, Amer, Bergsche Maas, an Meuse taobh thíos de Venlo, Gooimeer, Europort, Calandkanaal (an chuid taobh thoir de chalafort Benelux), Hartelkanaal
An Ostair
An Danóib: ón teorainn idir an Ostair agus an Ghearmáin go dtí an teorainn idir an Ostair agus an tSlóvaic
Inn: óna béal go Stáisiún Cumhachta Passau-Ingling
Traun: óna béal go dtí an pointe 1,80 km
Enns: óna béal go dtí an pointe 2,70 km
March: go dtí an pointe 6,00 km
An Pholainn
Abhainn an Biebrza, ó inbhear Chainéal Augustowski go hinbhear abhainn an Narwia
Abhainn an Brda, ón nasc idir í agus Cainéal Bydgoski in Bydgoszcz go hinbhear abhainn an Wisła
Abhainn an Bug, ó inbhear abhainn an Muchawiec go hinbhear abhainn an Narwia
Loch Dąbie, a fhad leis an teorainn idir í agus na huiscí farraige inmheánacha
Cainéal Augustowski, ón nasc idir é agus abhainn an Biebrza go dtí teorainn an Stáit, maille leis na lochanna atá ar feadh chúrsa an Chainéil sin
Cainéal Bartnicki, ó Loch Ruda Woda go Loch Bartężek, maille le Loch Bartężek
Cainéal Bydgoski
Cainéal Elbląski ó Loch Druzno go Loch Jeziorak agus Loch Szeląg Wielki, maille leis na lochanna sin agus na lochanna ar feadh chúrsa an Chainéil, agus mionbhealach a théann i dtreo Zalewo, ó Loch Jeziorak go Loch Ewingi, agus iad sin san áireamh
Cainéal Gliwicki maille le Cainéal Kędzierzyński
Cainéal Jagielloński, ón nasc idir é agus abhainn an Elbląg go dtí abhainn an Nogat
Cainéal Łączański
Cainéal Ślesiński maille leis na lochanna ar feadh chúrsa an Chainéil sin agus Loch Gopło
Cainéal Żerański
Abhainn an Martwa Wisła, ó abhainn an Wisła in Przegalina a fhad leis an teorainn idir í agus na huiscí farraige inmheánacha
Abhainn an Narew, ó inbhear abhainn an Biebrza go hinbhear abhainn an Wisła, maille le Loch Zegrzyński
Abhainn an Nogat, ó abhainn an Wisła go hinbhear Mhurlach Wisła
Abhainn an Noteć (uachtarach), ó Loch Gopło go dtí an nasc idir é agus Cainéal Górnonotecki, agus Cainéal Górnonotecki agus abhainn an Noteć (íochtarach) ón nasc idir í agus Cainéal Bydgoszcz go hinbhear abhainn an Warta
Abhainn Nysa Łużycka, ó Gubin go hinbhear abhainn an Odra
Abhainn an Odra, ó bhaile Racibórz go dtí an nasc idir í agus abhainn an Odra Thoir, a iompaíonn go habhainn an Regalica ó Phasáiste Klucz-Ustowo, maille leis an abhainn sin agus a taobhchraobhacha uile a fhad le Loch Dąbie maille le mionbhealach de chuid abhainn an Odra ó loc Opatowice go dtí an loc i gcathair Wrocław
Abhainn an Odra Thiar, ó chora in Widuchowa (704,1 km d’abhainn an Odra) go dtí an teorainn idir í agus na huiscí farraige inmheánacha, maille lena taobhchraobhacha chomh maith le pasáiste Klucz-Ustowo a nascann abhainn an Odra Thoir agus abhainn an Odra Thiar
Abhainn an Parnica agus pasáiste Parnicki ó abhainn an Odra Thiar go dtí an teorainn idir í agus na huiscí farraige inmheánacha
Abhainn an Pisa, ó Loch Roś go hinbhear abhainn an Narew
Abhainn an Szkarpawa, ó abhainn an Wisła go hinbhear Mhurlach Wisła
Abhainn an Warta, ó Loch Ślesińskie go hinbhear abhainn an Odra
Wielkie Jeziora Mazurskie lena gcuimsítear na lochanna atá nasctha le chéile ag aibhneacha agus cainéil agus arb é atá iontu príomhbhealach ó Loch Roś (agus é sin san áireamh) in Pisz go Cainéal Węgorzewo (agus é sin san áireamh) in Węgorzewo, maille le loch Seksty, loch Mikołajskie, loch Tałty, loch Tałtowisko, loch Kotek, loch Szymon, loch Szymoneckie, loch Jagodne, loch Boczne, loch Tajty, loch Kisajno, loch Dargin, loch Łabap, loch Kirsajty agus loch Święcajty, maille le Cainéal Giżycki agus Cainéal Niegociński agus Cainéal Piękna Góra, agus mionbhealach ó Loch Ryńskie (agus é sin san áireamh) in Ryn go Loch Nidzkie (suas go 3 km, áit a bhfuil an teorainn idir an loch agus tearmann dúlra ‘Loch Nidzkie’), maille le loch Bełdany, loch Guzianka Mała agus loch Guzianka Wielka
Abhainn an Wisła ó inbhear abhainn an Przemsza a fhad leis an nascphasáiste go dtí Cainéal Łączański maille leis an gcuid ó inbhear an Chainéil sin in Skawina go hinbhear abhainn an Wisła go Bá Gdańsk, ach gan Taiscumar Włocławek a bheith san áireamh
An Rómáin
An Danóib: ó theorainn na Seirbia agus na Rómáine (km 1 075) go dtí an Mhuir Dhubh ar chraobhchainéal Sulina
Canáil na Danóibe chun na Mara Duibhe (64,410 km ar fad): ón gcumar leis an Danóib, ag km 299,300 den Danóib ag Cernavodă (agus km 64,410 den Chanáil, dá réir sin), go calafort Constanta Agigea Theas (km ‘0’ den Chanáil)
Canáil Poarta Albă-Midia Năvodari (34,600 km ar fad): ón gcumar le Canáil na Danóibe chun na Mara Duibhe ag km 29,410 go Poarta Albă (agus km 27,500 den Chanáil, dá réir sin) go Calafort Midia (km ‘0’ den Chanáil)
An tSlóvaic
An Danóib: ó rkm 1 880,26 go rkm 1 708,20
Canáil na Danóibe: ó rkm 1 851,75 go rkm 1 811,00
Abhainn an Váh: ó rkm 0,00 go rkm 70,00
Abhainn an Morava: ó rkm 0,00 go rkm 6,00
Abhainn an Bodrog: ó rkm 49,68 go rkm 64,85
Lochanna damba: Oravská Priehrada, Liptovská Mara, Zemplínska Šírava
An tSualainn
Loch Mälaren
Saltsjön, calafoirt Stócólm agus Värmdölandet
An limistéar ó bhéil Loch Mälaren i Stócólm, ag Norrström, Slussen agus Hammarbyslussen faoi seach, a theorannaítear leis an mórthír agus droichead Lidingöbron, agus le líne ar threo-uillinn 135-315 chéim trí threosholas Elfviksgrund; líne idir Mellangårdsholmen agus Högklevsudde in Baggensfjärden; Örsundet idir Ingarö agus Fågelbrolandet; líne ó Rönnäsudd trí threosholas Tegelhällan agus treosholas Runö go Talatta in Djurö; líne trasna Vindöström idir Vindö agus Värmdölandet; agus, thairis sin, leis na hoileáin sa limistéar
Canáil Södertälje agus calafoirt Södertälje
Canáil Södertälje agus calafoirt Södertälje, an chuid díobh atá idir loc Södertälje ar an taobh thuaidh agus líne dhomhanleithid 59° 09′ 00″ T ar an taobh theas
Canáil Trollhätte, Göta älv agus Nordre älv
An limistéar ón líne dhomhanleithid trí rabhchán Bastungsgrunden sa chuid theas de Loch Vänern go droichead Älvsborg agus abhainn an Nordre älv go dtí an líne dhomhanfhaid O 11° 45′ 00″
Canáil Göta
San oirthear ó loc Mem go droichead Motala, lena n-áirítear Loch Asplången, Loch Roxen agus Loch Boren; san iarthar ón líne dhomhanfhaid trí threosholas Rödesund Norra Yttre ag Karlsborg go loc Sjötorp, lena n-áirítear an loch-chóras a dtéann an chanáil tríd
(1) I gcás soithí a bhfuil a gcalafort baile i Stát eile, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 32 de Chonradh Ems-Dollart an 8 Aibreán 1960 (BGBI. 1963 II lch. 602).
(2) I gcás soithí a bhfuil a gcalafort baile i Stát eile, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 32 de Chonradh Ems-Dollart an 8 Aibreán 1960 (BGBI. 1963 II lch. 602).
IARSCRÍBHINN II
‘IARSCRÍBHINN II
ÍOSCHEANGLAIS THEICNIÚLA IS INFHEIDHME I dTACA LE hÁRTHAÍ AR UISCEBHEALAÍ INTÍRE ZÓIN 1, 2, 3 AGUS 4
Is iad na ceanglais theicniúla a leagtar amach in ES-TRIN 2023/1 na ceanglais theicniúla is infheidhme i dtaca le hárthaí.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2477/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)