EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2455

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2455 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2023 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí meitiream, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

C/2023/7407

IO L, 2023/2455, 8.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2455/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2455/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2455

8.11.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2455 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Samhain 2023

maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí meitiream, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) agus Airteagal 78(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2005/72/CE ón gCoimisiún (2), áirítear meitiream mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

De réir Airteagal 78(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

Formheas na substainte gníomhaí meitiream, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 31 Eanáir 2024.

(4)

Cuireadh iarratais faoi bhráid na hIodáile, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na Ríocht Aontaithe, an Ballstáit is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí meitiream a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chuir na hiarratasóirí na sainchomhaid fhorlíontacha riachtanacha faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir na hiarratais a bheith inghlactha.

(6)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 2 Samhain 2017.

(7)

Chuir an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan in iúl do na hiarratasóirí agus do na Ballstáit chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal.

(8)

An 20 Márta 2023, chuir an tÚdarás an chonclúid uaidh (6) in iúl don Choimisiún maidir le cé acu is féidir nó nach féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh meitiream na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Shainaithin an tÚdarás roinnt príomhréimsí imní. Go háirithe, tháinig sé ar an gconclúid maidir le luachanna tagartha maidir le meitiream agus a mheitibilítí ábhartha atá gníomhach go fuingicídeach, go sáraítear na luachanna sin le haghaidh teagmháil oibreoirí, daoine ar an láthair agus cónaitheoirí i ngach úsáid ionadaíoch. Ina theannta sin, shainaithin an tÚdarás ardriosca d’orgánaigh uisceacha agus ardriosca ar an láthair d’artrapóid nach spriocartrapóid iad le haghaidh gach úsáide ionadaíche. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go gcomhlíonann meitiream na critéir is gá lena shainaithint mar shuaiteoirí inchríneacha i gcás daoine maidir le módúlacht na faireoga tíoróidigh.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 13(3a), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, tugadh an deis don iarratasóir faisnéis bhreise a chur isteach chun aghaidh a thabhairt ar na critéir formheasa maidir le hairíonna suaite inchrínigh a leagtar amach i bpointe 3.6.5 agus pointe 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(10)

An 24 Bealtaine 2023 chuir an Coimisiún dréacht-tuarascáil athnuachana maidir le meitiream agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

(11)

D’iarr an Coimisiún ar na hiarratasóirí a mbarúlacha a chur isteach maidir le conclúidí an Údaráis. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, d’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach i leith na dréacht-tuarascála athnuachana. Chuir na hiarratasóirí a mbarúlacha isteach agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(12)

D’ainneoin na n-argóintí a rinne an t-iarratasóir, ní fhéadfaí an t-ábhar imní a bhaineann leis an tsubstaint ghníomhach a chur as an áireamh.

(13)

Dá réir sin, maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil meitiream, níor suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, is iomchuí gan formheas na substainte gníomhaí sin a athnuachan.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir sin.

(15)

Ba cheart am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit údaruithe maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil meitiream a tharraingt siar.

(16)

Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil meitiream, i gcás ina ndeonóidh na Ballstáit aon tréimhse cairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, níor cheart an tréimhse sin a bheith níos faide ná 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(17)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/114 ón gCoimisiún (7) cuireadh síneadh leis an tréimhse formheasa ar meitiream go dtí an 31 Eanáir 2024 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh cinneadh gan an formheas a athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, ba cheart tús a bheith le feidhm an Rialacháin seo tráth is luaithe ná an dáta sin.

(18)

Leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc ar iarratas eile a chur isteach maidir leis an tsubstaint ghníomhach meitiream a fhormheas de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(19)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí

Ní dhéantar formheas na substainte gníomhaí meitiream a athnuachan.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, scriostar ró 115 maidir le meitiream.

Airteagal 3

Forálacha idirthréimhseacha

Déanfaidh na Ballstáit na húdaruithe a tharraingt siar maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil meitiream mar shubstaint ghníomhach faoin 28 Bealtaine 2024.

Airteagal 4

Tréimhse cairde

Aon tréimhse chairde a dheonaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rachaidh sí in éag faoin 28 Samhain 2024.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Samhain 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Treoir 2005/72/CE ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2005 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun clóirpireafos, clóirpireafos-meitil, mancóiseib, maineib agus meitiream a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 279, 22.10.2005, lch. 63).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26), ar Rialachán é a leanann d’fheidhm a bheith aige maidir leis an nós imeachta chun na substaintí gníomhacha sin a athnuachan de bhun Airteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).

(6)   Peer review of the pesticide risk assessment of the active substance metiram. [Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí meitiream]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(4):7937.

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/114 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beinsivindéfhluipir, búpróifisin, ciofluifeanaimíd, fluasanam, flutolainil, fosfán, lambda-ciahalaitrin, meiceapróp-P, meipiocuat, meitiream, meatsulfúrón-meitil, agus pireaclóstróibin (IO L 15, 17.1.2023, lch. 9).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2455/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top