Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2203

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2203 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte rafocsainíd i ndáil lena huasteorainn iarmhar in mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch

    C/2023/6945

    IO L, 2023/2203, 23.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2203/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2203/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2203

    23.10.2023

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2203 ÓN gCOIMISIÚN

    an 20 Deireadh Fómhair 2023

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte rafocsainíd i ndáil lena huasteorainn iarmhar in mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14, i gcomhar le hAirteagal 17 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Coimisiún, trí bhíthin Rialacháin, le huasteorainneacha iarmhar (‘MRLanna’) a bhunú le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid san Aontas i dtáirgí íocshláinte tréidliachta le haghaidh bia-ainmhithe, nó i dtáirgí bithicídeacha a úsáidtear i bhfeirmeoireacht ainmhithe.

    (2)

    Le Tábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (2) leagtar amach na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta agus a n-aicmiú i ndáil le MRLanna i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch.

    (3)

    Áirítear rafocsainíd sa tábla sin cheana féin mar shubstaint atá ceadaithe le haghaidh speicis de chineál buaibheach agus caorach, is infheidhme maidir le matán, saill, an t-ae agus an duán. An MRL sealadach don tsubstaint sin a leagtar amach le haghaidh ainmhithe de chineál buaibheach agus caorach, is infheidhme maidir le bainne, chuaigh sé in éag an 31 Nollaig 2017.

    (4)

    I gcomhréir le hAirteagal 27(2) de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, an 21 Feabhra 2023 chuir Éire iarraidh faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (‘an Ghníomhaireacht’) maidir leis an iontráil atá ann cheana maidir le rafocsainíd a eachtarshuí chun bainne bó-ainmhithe agus bainne caorach a chumhdach.

    (5)

    An 20 Aibreán 2023, trí thuairim an Choiste um Tháirgí Íocshláinte d’Úsáid Tréidliachta, mhol an Ghníomhaireacht MRL críochnaitheach a bhunú le haghaidh rafocsainíde i mbainne bó-ainmhithe agus caorach.

    (6)

    I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Ghníomhaireacht chun breithniú a dhéanamh maidir le MRLanna a bunaíodh i leith substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de in mbia-ábhar áirithe a úsáid le haghaidh bia-ábhar eile a dhíorthaítear ón speiceas céanna, nó MRLanna a bunaíodh i leith substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i speiceas amháin nó i níos mó ná speiceas amháin a úsáid le haghaidh speicis eile.

    (7)

    Tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid gurb iomchuí an iontrála atá ann cheana maidir le rafocsainíd a eachtarshuí chuig na hathchogantach uile seachas ainmhithe de chineál caorach.

    (8)

    I bhfianaise na tuairime ón nGníomhaireacht, measann an Coimisiún gurb iomchuí MRL a bhunú le haghaidh rafocsaníde in ainmhithe de chineál buaibheach agus caorach, i ndáil le bainne agus an MRL le haghaidh rafocsainíde a eachtarshuí chuig na hathchogantaigh uile seachas ainmhithe de chineál caorach.

    (9)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a leasú dá réir.

    (10)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Deireadh Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 152, 16.6.2009, lch. 11.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú i ndáil le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    I dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh na substainte ‘rafocsainíd’:

    Substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de

    Iarmhar marcála

    Speiceas Ainmhíoch

    MRL

    Spriocfhíocháin

    Forálacha Eile (de réir Airteagal 14(7) de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009)

    Aicme Theiripeach

    ‘Rafocsainíd

    Rafocsainíd

    Gach athchogantach seachas ainmhithe de chineál caorach

    30 μg/kg

    30 μg/kg

    10 μg/kg

    40 μg/kg

    10 μg/kg

    Matán

    Saill

    An t-ae

    An duán

    Bainne

    GAN IONTRÁIL

    Oibreáin fhrithsheadánacha/Oibreáin (atá ag gníomhú) i gcoinne ionpharaisítí’

    Ainmhithe de chineál caorach

    100 μg/kg

    250 μg/kg

    150 μg/kg

    150 μg/kg

    10 μg/kg

    Matán

    Saill

    An t-ae

    An duán

    Bainne

    GAN IONTRÁIL


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2203/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top