EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1637

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1637 ón gCoimisiún an 16 Lúnasa 2023 lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithchúitimh arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2092 ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise trí allmhairí bithdhíosail ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Ríocht Aontaithe, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad nó ná bíodh, agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe

C/2023/5499

IO L 204, 17.8.2023, p. 3–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1637/oj

17.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 204/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1637 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Lúnasa 2023

lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithchúitimh arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2092 ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise trí allmhairí bithdhíosail ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Ríocht Aontaithe, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad nó ná bíodh, agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fordheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 23(4) agus 24(5) de,

Tar éis dóibh na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

A.   IARRAIDH

(1)

Fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh de bhun Airteagal 23(4) agus Airteagal 24(5) ‘den bhun-Rialachán’, chun imscrúdú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha na mbeart frithchúitimh arna bhforchur ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise agus lena gcuirtear allmhairí bithdhíosail faoi réir a gcláraithe, ar allmhairí bithdhíosail iad arna gcur chun bealaigh ó Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) agus ón Ríocht Aontaithe (‘RA’), bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad nó ná bíodh.

(2)

Chuir an Bord Bithdhíosail Eorpach an iarraidh isteach an 4 Iúil 2023.

B.   AN TÁIRGE

(3)

Is éard atá sa táirge a mbaineann an t-imchéimniú féideartha leis ná eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus gás-olaí pairifíneacha a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontais, i bhfoirm íon nó atá i gcumasc, a aicmítear an dáta a thiocfaidh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2092 ón gCoimisiún i bhfeidhm (2) faoi chóid CN ex 1516 20 98 (cóid TARIC 1516209821, 1516209829 agus 1516209830), ex 1518 00 91 (cóid TARIC 1518009121, 1518009129 agus 1518009130), ex 1518 00 95 (cód TARIC 1518009510), ex 1518 00 99 (cóid TARIC 1518009921, 1518009929 agus 1518009930), ex 2710 19 43 (cóid TARIC 2710194321, 2710194329 agus 2710194330), ex 2710 19 46 (cóid TARIC 2710194621, 2710194629 agus 2710194630), ex 2710 19 47 (cóid TARIC 2710194721, 2710194729 agus 2710194730), 2710 20 11, 2710 20 15, 2710 20 17, ex 3824 99 92 (cóid TARIC 3824999210, 3824999212 agus 3824999220), 3826 00 10 agus ex 3826 00 90 (cóid TARIC 3826009011, 3826009019 agus 3826009030) agus de thionscnamh na hIndinéise (‘an táirge lena mbaineann’). Is é sin an táirge a bhfuil feidhm ag na bearta maidir leis, is iad sin na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair.

(4)

Is é atá sa táirge faoi imscrúdú an táirge a shainítear san aithris roimhe seo, atá faoi láthair faoi chóid CN ex 1516 20 98, ex 1518 00 91, ex 1518 00 95, ex 1518 00 99, ex 2710 19 43, ex 2710 19 46, ex 2710 19 47, 2710 20 11, 2710 20 16, ex 3824 99 92, 3826 00 10 agus ex 3826 00 90, ach a chuirtear chun bealaigh ón tSín agus ón Ríocht Aontaithe, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Síne agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad nó ná bíodh (cóid TARIC 1516209822, 1516209823, 1516209831, 1516209832, 1518009122, 1518009123, 1518009131, 1518009132, 1518009510, 1518009511, 1518009922, 1518009923, 1518009931, 1518009932, 2710194322, 2710194323, 2710194331, 2710194332, 2710194622, 2710194623, 2710194631, 2710194632, 2710194722, 2710194723, 2710194731, 2710194732, 2710201122, 2710201123, 2710201131, 2710201132, 2710201622, 2710201623, 2710201631, 2710201632, 2710201691, 2710201692, 3824999211, 3824999213, 3824999215, 3824999216, 3826001021, 3826001022, 3826001051, 3826001052, 3826001090, 3826001091, 3826009012, 3826009013, 3826009031 agus 3826009032) (‘an táirge faoi imscrúdú’).

C.   BEARTA ATÁ ANN CHEANA

(5)

Is iad na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith á n-imchéimniú ná bearta frithdhumpála arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2092 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise (‘na bearta atá ann cheana’).

D.   FORAS

(6)

Is leor an fhianaise atá san iarraidh lena léiriú go bhfuil na bearta frithchúitimh atá ann faoi láthair ar allmhairí an táirge lena mbaineann á n-imchéimniú mar gheall ar allmhairí an táirge faoi imscrúdú. Go háirithe, léirítear an méid seo a leanas leis an bhfianaise atá ar fáil don Choimisiún.

(7)

Tháinig athrú ar phatrún na trádála a bhaineann le honnmhairí ón Indinéis agus ón tSín agus ón Ríocht Aontaithe chuig an Aontas agus ón Tuirc go dtí an tAontas tar éis fhorchur na mbeart frithchúitimh atá ann cheana..

(8)

Is cosúil go n-eascraíonn an t-athrú sin as cleachtas nach bhfuil cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis seachas forchur na dleachta, is é sin cur chun bealaigh an táirge lena mbaineann tríd an tSín agus tríd an Ríocht Aontaithe chuig an Aontas.

(9)

Ina theannta sin, léiríonn an fhianaise mar gheall ar na cleachtais thuasluaite go bhfuil an bonn á bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithchúitimh atá ann cheana ar an táirge lena mbaineann ó thaobh cainníochta agus praghsanna de. Is cosúil gur tháinig méideanna suntasacha d’allmhairí an táirge faoi imscrúdú isteach i margadh an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, is leor an fhianaise lena léiriú gur ar phraghsanna díobhálacha a dhéantar allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú.

(10)

Ar deireadh, tugann an fhianaise le fios go mbaineann an táirge atá faoi imscrúdú agus/nó codanna de leas as an bhfóirdheontas go fóill. Go deimhin, maidir leis na cuideachtaí san Indinéis a tháirgeann an táirge atá faoi imscrúdú agus na codanna de agus a dhéanann iad a onnmhairiú chuig an tSín agus chuig an Ríocht Aontaithe, fuarthas amach go bhfaigheann na cuideachtaí sin fóirdheontais in-fhrithchúitithe le haghaidh tháirgeadh agus dhíol an táirge atá faoi imscrúdú faoi na bearta atá ann cheana.

(11)

Le linn an imscrúdaithe, má aithnítear cleachtais imchéimnithe a chumhdaítear le hAirteagal 23 den bhun-Rialachán, seachas na cinn thuasluaite, féadfaidh an t-imscrúdú na cleachtais sin a chumhdach freisin.

E.   NÓS IMEACHTA

(12)

I bhfianaise an mhéid sin thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil go leor fianaise ann chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 23(4) den bhun-Rialachán agus chun allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú a chur faoi réir a gcláraithe, i gcomhréir le hAirteagal 24(5) den bhun-Rialachán.

(13)

Chun an fhaisnéis is gá a fháil don imscrúdú sin, ba cheart do gach páirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach, ach tráth nach déanaí ná an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo. Tá feidhm ag an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo maidir leis na páirtithe leasmhara uile. Féadfar faisnéis a lorg freisin ar thionscal an Aontais de réir mar is iomchuí.

(14)

Tabharfar fógra d’údaráis na Síne, d’údaráis na Ríochta Aontaithe agus d’údaráis na hIndinéise faoi thionscnamh an imscrúdaithe.

(a)   Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

(15)

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do na páirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipcheart tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear a) don Choimisiún an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú.

(16)

Cuirfear an lipéad ‘Íogair’ (3) ar gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar sa Rialachán seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras atá curtha ar fáil ag na páirtithe leasmhara agus a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo. Iarrtar ar na páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo cúis a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfí i modh rúin leo.

(17)

Ní mór do na páirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘Íogair’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 29(2) den bhun-Rialachán, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘Lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara’. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta.

(18)

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thaispeáint lena iarraidh gur i modh rúin a gcaithfí leo nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus sa cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

(19)

Iarrtar ar na páirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara, cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhniúcháin.

(20)

Chun rochtain a fháil ar TRON.tdi, tá cuntas EU Login ag teastáil ó pháirtithe leasmhara. Tá treoracha iomlána maidir le conas clárú agus conas TRON.tdi a úsáid ar fáil ar https://webgate.ec.europa.eu/tron/resources/documents/gettingStarted.pdf.

Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3.

(21)

Ní mór do pháirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, agus gur seoladh é a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí ríomhphost, seachas i gcás ina n-iarrfaidh siad go soiléir na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura rud é gur gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara na treoracha cumarsáide a cheadú le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

(22)

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1049 Bruxelles/An Bhruiséil

BELGIQUE/BELGIË/AN BHEILG

TRON.tdi: https://webgate.ec.europa.eu/tron/tdi

Ríomhphost:

Le haghaidh cúrsaí ginearálta nó cúrsaí a bhaineann leis an tSín: TRADE-R800-BIODIESEL-CN@ec.europa.eu

Le haghaidh cúrsaí ginearálta nó cúrsaí a bhaineann le RA: TRADE-R800-BIODIESEL-UK@ec.europa.eu

(b)   Faisnéis a bhailiú agus éisteachtaí a thionól

(23)

Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus aon chomhlachas ábhartha a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil ar choinníoll go ndéanfar na haighneachtaí sin faoin sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 3(2). Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún éisteacht le páirtithe leasmhara, ar choinníoll go ndéanfaidh siad iarraidh i scríbhinn agus go gcuirfidh siad in iúl go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht a thabhairt dóibh.

(c)   Iarrataí ar dhíolúintí

(24)

I gcomhréir le hAirteagal 23(6) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú a dhíolmhú ó bhearta mura bhfuil imchéimniú i gceist maidir leis an allmhairiú.

(25)

Ós rud é gur lasmuigh den Aontas a tharlaíonn an t-imchéimniú féideartha, féadfar díolúintí a dheonú, i gcomhréir le hAirteagal 23(6) den bhun-Rialachán, do tháirgeoirí an táirge atá faoi imscrúdú sa tSín agus sa Ríocht Aontaithe, táirgeoirí a léiríonn nach bhfuil siad páirteach sna cleachtais imchéimnithe mar a shainmhínítear in Airteagal 23(3) den bhun-Rialachán. Táirgeoirí ar mian leo díolúine a fháil, más ann dóibh, ba cheart dóibh iad féin a chur in iúl laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo. Tá cóipeanna den fhoirm lena n-iarrtar díolúine le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín agus sa Ríocht Aontaithe agus ceistneoirí le haghaidh allmhaireoirí san Aontas sa chomhad lena n-iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2678. Ní mór na ceistneoirí a thíolacadh laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

F.   CLÁRÚCHÁN

(26)

De bhun Airteagal 24(5) den bhun-Rialachán, má léiríonn toradh an imscrúdaithe go raibh imchéimniú á dhéanamh, cuirfear allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú gur féidir dleachtanna frithchúitimh de mhéid iomchuí a thobhach, méid nach mó ná an dleacht iarmharach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2092, ón dáta ar forchuireadh clárú na n-allmhairí sin.

G.   TEORAINNEACHA AMA

(27)

Ar mhaithe le dea-riarachán, ba cheart teorainneacha ama a shonrú i dtaca leis an méid seo a leanas:

is féidir leis na páirtithe leasmhara iad féin a chur in iúl don Choimisiún, ceistneoirí a thíolacadh, a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn nó aon fhaisnéis eile a bheidh le cur san áireamh le linn an imscrúdaithe,

féadfaidh táirgeoirí sa tSín agus sa Ríocht Aontaithe díolúintí ó bhearta a iarraidh,

is féidir le páirtithe leasmhara iarraidh i scríbhinn a dhéanamh chun éisteacht a fháil leis an gCoimisiún.

(28)

Tugtar chun suntais go bhfuil feidhmiú na gceart nós imeachta a leagtar amach sa bhun-Rialachán ag brath ar pháirtithe a chuireann iad féin in iúl laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo.

H.   NEAMH-CHOMHOIBRIÚ

(29)

Má dhiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí dearfacha nó diúltacha a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán.

(30)

I gcás inar léir gur chuir páirtí leasmhar faisnéis ar fáil a bhí bréagach nó míthreorach, tabharfar neamhaird ar an bhfaisnéis agus úsáidfear na fíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán.

(31)

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, más ar na fíorais atá ar fáil a bhunófar na torthaí i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach céanna don pháirtí sin agus a bheadh sé dá gcomhoibreodh sé.

I.   SCEIDEAL AN IMSCRÚDAITHE

(32)

Tabharfar an t-imscrúdú i gcrích, de bhun Airteagal 23(4) den bhun-Rialachán, laistigh de 9 mí ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

J.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(33)

Tugtar faoi deara gur i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chaithfear le sonraí pearsanta a bhaileofar san imscrúdú seo.

(34)

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine aonair ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W

K.   OIFIGEACH ÉISTEACHTA

(35)

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh i gcomhair imeachtaí trádála. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe faoi mar a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an imeachta.

(36)

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí/na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

(37)

Ní mór aon iarraidh a thíolacadh in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais arb é is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirtear isteach iarrataí ar éisteachtaí lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú freisin ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a tarraingíodh anuas agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.

(38)

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tionscnaítear imscrúdú de bhun Airteagal 23(4) de Rialachán (AE) 2016/1037, chun a chinneadh an imchéimnítear na bearta arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2092 le hallmhairí eistear mona-ailcile aigéid shailligh agus gás-olaí pairifíneacha a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontais, i bhfoirm íon nó atá i gcumasc, a thagann isteach san Aontas agus a aicmítear faoi láthair faoi chóid CN ex 1516 20 98, ex 1518 00 91, ex 1518 00 95, ex 1518 00 99, ex 2710 19 43, ex 2710 19 46, ex 2710 19 47, 2710 20 11, 2710 20 16, ex 3824 99 92, 3826 00 10 agus ex 3826 00 90, a chuirtear chun bealaigh ón tSín agus ón Ríocht Aontaithe, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Síne agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad nó ná bíodh, (cóid TARIC 1516209822, 1516209823, 1516209831, 1516209832, 1518009122, 1518009123, 1518009131, 1518009132, 1518009510, 1518009511, 1518009922, 1518009923, 1518009931, 1518009932, 2710194322, 2710194323, 2710194331, 2710194332, 2710194622, 2710194623, 2710194631, 2710194632, 2710194722, 2710194723, 2710194731, 2710194732, 2710201122, 2710201123, 2710201131, 2710201132, 2710201622, 2710201623, 2710201631, 2710201632, 2710201691, 2710201692, 3824999211, 3824999213, 3824999215, 3824999216, 3826001021, 3826001022, 3826001051, 3826001052, 3826001090, 3826001091, 3826009012, 3826009013, 3826009031 agus 3826009032).

Airteagal 2

1.   De bhun Airteagal 23(4) agus Airteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2016/1037, glacfaidh údaráis chustaim na mBallstát na céimeanna iomchuí chun na hallmhairí a thagann isteach san Aontas agus a shainaithnítear in Airteagal 1 den Rialachán seo a chlárú.

2.   Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

1.   Ní mór do na páirtithe leasmhara scéala a thabhairt don Choimisiún le hiad féin a chur in iúl laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Chun a n-uiríll a chur san áireamh le linn an imscrúdaithe, ní mór do na páirtithe leasmhara a dtuairim a chur in iúl i scríbhinn agus freagraí ar an gceistneoir, iarrataí ar dhíolúintí, nó aon fhaisnéis eile a thíolacadh laistigh de 37 lá ón dáta a fhoilseofar an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ach amháin má shonraítear a mhalairt.

3.   Féadfaidh na páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh freisin ar éisteacht a fháil os comhair an Choimisiúin laistigh den teorainn ama chéanna de 37 lá. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le céim thionscnaimh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a thíolacadh laistigh de 15 lá ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Maidir le hiarraidh ar éisteacht a fháil, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2092 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise (IO L 317, 9.12.2019, lch. 42).

(3)  Is doiciméad ‘Íogair’ doiciméad a mheastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 29 den bhun-Rialachán agus Airteagal 12 de Chomhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh (Comhaontú SCM). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, Lch. 43).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


Top