This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1462
Council Regulation (EU) 2023/1462 of 17 July 2023 amending Regulation (EU) No 36/2012 concerning restrictive measures in view of the situation in Syria
Rialachán (AE) 2023/1462 ón gComhairle an 17 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
Rialachán (AE) 2023/1462 ón gComhairle an 17 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
ST/10990/2023/INIT
IO L 180, 17.7.2023, p. 8–9
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32012R0036 | Athchur | airteagal 16a mír 1 Téacs | 18/07/2023 |
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Corrected by | 32023R1462R(01) | ||||
Corrected by | 32023R1462R(02) | (RO) |
17.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 180/8 |
RIALACHÁN (AE) 2023/1462 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Iúil 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Eanáir 2012 ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES (1) agus Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 (2) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria, de bhun ghlacadh na gconclúidí ón gComhairle inar cháin an Chomhairle an foréigean agus na sáruithe tromchúiseacha forleathana córasacha ar chearta an duine sa tSiria. |
(2) |
I bhfianaise na staide sa tSiria atá ag dul in olcas agus na sáruithe tromchúiseacha forleathana córasacha ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, lena n-áirítear úsáid arm ceimiceach i gcoinne an phobail shibhialta, lean an Chomhairle d’ainmneacha a chur leis an liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais. |
(3) |
De dheasca chrith talún tragóideach an 6 Feabhra 2023, ghéaraigh ar na dálaí uafásacha agus mhéadaigh fulaingt mhuintir na Siria. |
(4) |
Sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 9 Feabhra 2023, d’athdhearbhaigh sí go bhfuil an tAontas réidh le cúnamh breise a chur ar fáil chun an fhulaingt a mhaolú sna réigiúin uile atá buailte. D’iarr sí ar chách rochtain dhaonnúil ar íospartaigh an chreatha talún sa tSiria a áirithiú gan beann ar an áit a bhfuil siad agus d’iarr sí ar an bpobal daonnúil, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, seachadadh tapa na cabhrach a áirithiú. |
(5) |
Bearta sriantacha an Aontais, lena n-áirítear na bearta sin arna nglacadh i bhfianaise na staide sa tSiria, níl siad ceaptha bac a chur ar an soláthar cabhrach daonnúla do dhaoine a bhfuil gá acu leis. Níl srian ar an trádáil i bhformhór na n-earnálacha idir an tAontas agus an tSiria – lena n-áirítear i mbia agus i gcógas – leis na bearta sriantacha a ghlac an Chomhairle i bhfianaise na staide sa tSiria. Thairis sin, a mhéid a bhaineann le bearta aonair, tá eisceachtaí i bhfeidhm chun gur féidir cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine agus d’eintitis ainmnithe, i gcás ina bhfuil gá leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin chun fóirithint dhaonnúil a chur ar fáil sa tSiria nó cúnamh a thabhairt don daonra sibhialta sa tSiria amháin. I gcásanna áirithe, is gá réamhúdarú a fháil ón údarás inniúil náisiúnta ábhartha. |
(6) |
An 23 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/408 (3) agus Rialachán (AE) 2023/407 (4), lenar tugadh isteach díolúine maidir le sócmhainní daoine nádúrtha nó dlítheanacha ainmnithe agus sócmhainní eintiteas ainmnithe a reo, agus maidir leis na srianta ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh. Chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag an díolúine sin chun dul chun tairbhe d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus do chatagóirí sainithe áirithe gníomhaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí daonnúla agus gur cheart feidhm a bheith aici ar feadh tréimhse tosaigh 6 mhí, i.e., go dtí an 24 Lúnasa 2023. |
(7) |
Chun freagairt don phráinn leanúnach a bhaineann leis an ngéarchéim dhaonnúil sa tSiria atá ag dul in olcas mar gheall ar an gcrith talún agus d’fhonn seachadadh tapa na cabhrach a éascú, is iomchuí síneadh a chur leis an díolúine sin go dtí an 24 Feabhra 2024. |
(8) |
Tagann na leasuithe a áirítear faoin Rialachán seo faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát. |
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 16a(1), de Rialachán (AE) Uimh. 36/2012, cuirtear an dáta ‘24 Feabhra 2024’ in ionad ‘25 Lúnasa 2023’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Iúil 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. CALVIÑO SANTAMARÍA
(1) Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 147, 1.6.2013, lch. 14).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (IO L 16 19.1.2012, lch. 1).
(3) Cinneadh (CBES) 2023/408 ón gComhairle an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 56 I, 23.2.2023, lch. 4).
(4) Rialachán (AE) 2023/407 ón gComhairle an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 56 I, 23.2.2023, lch. 1).