EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1174

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1174 ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí Crataegus monogyna le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe

C/2023/3837

IO L 155, 16.6.2023, p. 33–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1174/oj

16.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 155/33


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1174 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Meitheamh 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí Crataegus monogyna le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an chéad fhomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2) bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo.

(2)

Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, liostaíodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú de thionscnamh tríú tíortha go sealadach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Áirítear an géineas Crataegus L. ar an liosta sin.

(3)

An 3 Bealtaine 2022, chuir an Ríocht Aontaithe (3) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin maidir le plandaí Crataegus monogynale haghaidh plandú atá suanach, fréamhlom agus saor ó dhuilleoga agus atá suas le 7 mbliana d’aois agus a bhfuil trastomhas uasta 6,5 cm acu ag bun an ghais, agus plandaí Crataegus monogyna le haghaidh plandú agus iad i ndamhna fáis atá suas le 15 bliana d’aois agus a bhfuil trastomhas 13 cm ar a mhéad acu ag bun an ghais (‘na plandaí ábhartha’) a onnmhairiú isteach an Aontas. Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh sin.

(4)

An 30 Márta 2023, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca ar na plandaí ábhartha de thionscnamh na Ríochta Aontaithe (4). Shainaithin sé Erwinia amylovora mar an lotnaid a bhaineann leis na plandaí sin.

(5)

A mhéid a bhaineann le Erwinia amylovora, rinne an tÚdarás meastóireacht féachaint an gcomhlíontar na ceanglais speisialta maidir le plandaí Crataegus L., seachas torthaí agus síolta, a thabhairt isteach sna criosanna cosanta sonraithe agus maidir lena ngluaiseacht laistigh de na criosanna sin, criosanna a liostaítear i bpointe 9 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (5).

(6)

Ar bhonn na tuairime sin, meastar an riosca fíteashláintíochta a eascraíonn as tabhairt isteach na bplandaí ábhartha ón Ríocht Aontaithe i gcríoch an Aontais a bheith laghdaithe go leibhéal inghlactha.

(7)

Maidir leis na plandaí ábhartha atá suas le 7 mbliana d’aois agus fréamhlom, mar a áirítear sa sainchomhad a chuir an Ríocht Aontaithe isteach, tá riosca fíteashláintíochta níos ísle ag baint leo de bharr a saintréithe. Dá bhrí sin, níor cheart a mheas a thuilleadh gur plandaí a mbaineann ardriosca leo iad na plandaí ábhartha uile atá suas le 15 bliana d’aois agus a bhfuil trastomhas uasta 13 cm acu ag bun an ghais, ar plandaí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad.

(8)

Dá bhrí sin, na plandaí ábhartha uile atá suas le 15 bliana d’aois agus a bhfuil trastomhas uasta 13 cm acu ag bun an ghais, ar plandaí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad, ba cheart iad a bhaint den liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10).

(3)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an ghnímh seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.

(4)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2023. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Crataegus monogyna plants from the UK [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Crataegus monogyna ón Ríocht Aontaithe]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(4):8003.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa tábla i bpointe 1, sa dara colún ‘Tuairisc’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘Crataegus L.’:

Crataegus L., seachas plandaí Crataegus monogyna le haghaidh plandú atá suas le 15 bliana d’aois agus a bhfuil trastomhas uasta 13 cm acu ag bun an ghais, ar plandaí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad.’.


Top