Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0859

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/859 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí an bhia núíosaigh “2′-Fúcaisiollachtós” (foinse mhiocróbach) chun a tháirgeadh le tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a údarú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/2647

IO L 111, 26.4.2023, p. 17–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/859/oj

26.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 111/17


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/859 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Aibreán 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí an bhia núíosaigh “2′-Fúcaisiollachtós” (foinse mhiocróbach) chun a tháirgeadh le tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a údarú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha údaraithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/376 ón gCoimisiún (3), i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), údaraíodh 2′-Fúcaisiollachtós (“2′-FL”) sintéiseach a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosach.

(4)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2201 ón gCoimisiún (5), i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 258/97, údaraíodh 2′-FL (foinse mhiocróbach) a tháirgtear le Escherichia coli tréithchineál BL21 a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh.

(5)

An 23 Meitheamh 2016, chuir an chuideachta Glycom A/S an Coimisiún ar an eolas, de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97, go raibh sé ar intinn aici 2′-FL (foinse mhiocróbach) a tháirgtear trí choipeadh baictéarach le Escherichia coli tréithchineál K-12 a chur ar an margadh. Áiríodh 2′-Fúcaisiollachtós de thionscnamh miocróbach a tháirgtear le Escherichia coli tréithchineál K-12 ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha ar bhonn an fhógra sin nuair a bunaíodh an tAontas

(6)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/388 ón gCoimisiún (6), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283, údaraíodh an t-athrú ar shonraíochtaí an bhia núíosaigh 2′-FL (foinse mhiocróbach) a tháirgtear le Escherichia coli K-12 chun na leibhéil de 2′-FL, D-Lachtós agus Défhúcaisil-D-lachtós a mhodhnú.

(7)

An 7 Iúil 2020 chuir an chuideachta Advanced Protein Technologies Corporation (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 ar athrú ar shonraíochtaí 2′-FL (foinse mhiocróbach) chun a tháirgeadh trí choipeadh miocróbach a údarú agus úsáid á baint as tréithchineál díorthach géinmhodhnaithe de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032.

(8)

An 7 Iúil 2020 chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin freisin go gcosnófaí staidéir agus sonraí eolaíocha dílseánaigh maidir le tástálacha athshondais mhaighnéadaigh núicléach (“AMN”) chun aitheantas 2′-FL a chinneadh (7); tuairisc ar na hanailísí ar sheicheamh géiniteach an tréithchineáil táirgthe ghéinmhodhnaithe 2′-FL (8); torthaí na n-anailísí chun neamhláithreacht cealla inmharthana den tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a dheimhniú (9); tástáil bhaictéarach ais-sócháin le 2′-FL (10); tástáil saofa crómasóim in vitro le 2′-FL (11); tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le 2′-FL (12); tástáil micreanúicléis in vitro i limficít dhaonna le 2′-FL (13); staidéar ar ghéarthocsaineacht bhéil i bhfrancaigh (14); agus, staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le 2′-FL (15), a cuireadh isteach mar thaca leis an iarratas.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, an 13 Deireadh Fómhair 2020, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú a dhéanamh ar 2′-FL a táirgtear trí choipeadh miocróbach agus úsáid á baint as tréithchineál díorthach géinmhodhnaithe Corynebacterium glutamicum ATCC 13032.

(10)

An 26 Deireadh Fómhair 2022 ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch maidir le Sábháilteacht 2′-fúcaisiollachtóis (2′-FL) a tháirgtear le tréithchineál díorthach (APC199) de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283 (16) i gcomhréir le ceanglais Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(11)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir le 2’-FL a tháirgtear trí choipeadh miocróbach agus úsáid á baint as tréithchineál díorthach géinmhodhnaithe de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 go bhfuil sé sábháilte nuair a úsáidtear é faoi na coinníollacha úsáide atá údaraithe faoi láthair. Dá bhrí sin, is leor an foras sa tuairim eolaíoch sin chun a shuí go gcomhlíonann 2’-FL a tháirgtear trí choipeadh miocróbach, agus úsáid á baint as tréithchineál díorthach géinmhodhnaithe de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 na coinníollacha chun é a chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 nuair a úsáidtear é faoi choinníollacha úsáide atá údaraithe faoi láthair.

(12)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire go raibh a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar staidéir agus sonraí eolaíocha ó thástálacha athshondais mhaighnéadaigh núicléach (“AMN”) chun aitheantas 2′-FL a chinneadh; an tuairisc ar na hanailísí ar sheicheamh géiniteach an tréithchineáil táirgthe ghéinmhodhnaithe 2′-FL; torthaí na n-anailísí chun neamhláithreacht cealla inmharthana den tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a dheimhniú; an tástáil bhaictéarach ais-sócháin le 2′-FL; an tástáil saofa crómasóim in vitro le 2′-FL; an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le 2′-FL, an tástáil micreanúicléis in vitro i limficít dhaonna le 2′-FL; agus an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le 2′-FL, atá i gcomhad an iarratasóra, nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach ná a chonclúid a bhaint amach dá n-uireasa.

(13)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an údar a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na staidéir agus na sonraí sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach tagartha a bheith aige ina leith i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(14)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta dílseánaigh agus eisiacha tagartha aige i leith na staidéar agus na sonraí eolaíocha ar thástálacha athshondais mhaighnéadaigh núicléach (“AMN”) chun aitheantas 2′-FL a chinneadh, an tuairisc ar sheicheamh géiniteach an tréithchineáil táirgthe ghéinmhodhnaithe 2′-FL; torthaí na n-anailísí chun neamhláithreacht cealla inmharthana den tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a dheimhniú; an tástáil bhaictéarach ais-sócháin le 2′-FL; an tástáil saofa crómasóim in vitro le 2′-FL; an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le 2′-FL; an tástáil micreanúicléis in vitro i limficít dhaonna le 2′-FL; agus, an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le 2′-FL, faoin dlí náisiúnta an tráth a chuir sé an t-iarratas isteach, agus nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí ná na staidéir sin, iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh.

(15)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh bunús leordhóthanach tugtha ag an iarratasóir gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, na staidéir agus na sonraí ar thástálacha athshondais mhaighnéadaigh núicléach (“NMR”) chun aitheantas 2′-FL a chinneadh; an tuairisc ar na hanailísí ar sheicheamh géiniteach an tréithchineáil táirgthe ghéinmhodhnaithe 2′-FL; torthaí na n-anailísí chun neamhláithreacht cealla inmharthana den tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a dheimhniú; an tástáil bhaictéarach ais-sócháin le 2′-FL, an tástáil saofa crómasóim in vitro le 2′-FL; an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le 2′-FL; an tástáil micreanúicléis in vitro i limficít dhaonna le 2′-FL; agus, an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le 2′-FL, ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun 2′-FL a tháirgtear le tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(16)

Mar sin féin, maidir leis 2′-FL a tháirgtear le tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 agus an tagairt do na sonraí eolaíocha atá i gcomhad an iarratasóra a shrianadh d’úsáid an iarratasóra amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile cur isteach ina dhiaidh sin ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh, ar choinníoll go mbeidh a n-iarratas bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin.

(17)

Maidir leis na hathruithe ar shonraíochtaí an bhia núíosaigh 2′-Fúcaisiollachtós (foinse mhiocróbach) chun 2′-FL a tháirgtear le tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a údarú, is leor an foras san fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas agus sa tuairim ón Údarás chun a shuí go bhfuil na hathruithe sin i gcomhréir le coinníollacha Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus gur cheart iad a fhormheas.

(18)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(19)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Is í an chuideachta “Advanced Protein Technologies Corporation” (17) amháin atá údaraithe an bia núíosach 2′-Fúcaisiollachtós (foinse mhiocróbach) a tháirgtear le tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ar feadh tréimhse 5 bliana ó 16 Bealtaine 2023, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh sin gan tagairt a dhéanamh do na sonraí eolaíocha atá faoi chosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú “Advanced Protein Technologies Corporation”.

Airteagal 3

Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe aon iarratasóir ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú “Advanced Protein Technologies Corporation”.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/376 ón gCoimisiún an 11 Márta 2016 lena n-údaraítear 2′-O-fúcaisiollachtós a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2016, lch. 27).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bia núíosach agus comhábhair bhia núíosacha (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2201 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2017 lena n-údaraítear 2′-fúcaisiollachtós a tháirgtear le Escherichia coli tréithchineál BL21 a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 313, 29.11.2017, lch. 5).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/388 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena n-údaraítear athrú maidir le sonraíochtaí an bhia núíosaigh 2′-Fúcaisiollachtós a tháirgtear le Escherichia coli K-12 faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 70, 12.03.2019, lch. 21).

(7)  Gyeonggi Busness & Science Accelerator (2021 nár foilsíodh).

(8)  Advanced Protein Technologies Corporation (2021, nár foilsíodh).

(9)  Advanced Protein Technologies Corporation (2021, nár foilsíodh).

(10)  Biotoxtech Company, Ltd. (2019a, nár foilsíodh).

(11)  Biotoxtech Company, Ltd. (2019b, nár foilsíodh).

(12)  Biotoxtech Company, Ltd. (2019c, nár foilsíodh).

(13)  GenEvolutioN (2021, nár foilsíodh).

(14)  Biotoxtech Company, Ltd. (2019d, nár foilsíodh).

(15)  Biotoxtech Company, Ltd. (2019e, nár foilsíodh).

(16)  EFSA Journal [Iris EPSA] 2022;20(12)7647.

(17)  Seoladh: 7th Floor GyeongGi-BioCenter, 147, Gwanggyo-ro, Yeongtong-gu, Suwon-si Gyeonggi-do, 16229 An Chóiré Theas.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh 2′-Fúcaisiollachtóis (foinse mhiocróbach):

“Sonraíochtaí

 

Cosaint sonraí

 

Sainmhíniú:

 

Ainm ceimiceach: α-L-Fúcaipioranóisil-(1→2)-β-D-galachtaipioranóisil-(1→4)-D-glúcaipioranós

 

Foirmle cheimiceach: C18H32O15

 

Uimh. CAS: 41263-94-9

 

Meáchan móilíneach: 488.44 g/mol

2′-Fúcaisiollachtós a tháirgtear leis an tréithchineál géinmhodhnaithe de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 arna údarú an 16 Bealtaine 2023. Tá an cuimsiú sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus ar shonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: “Advanced Protein Technologies Corporation”, 7th Floor GyeongGi-BioCenter, 147, Gwanggyo-ro, Yeongtong-gu, Suwon-si Gyeonggi-do, 16229 An Chóiré Theas. Is é “Advanced Protein Technologies Corporation” amháin atá údaraithe chun 2′-Fúcaisiollachtós a tháirgtear le tréithchineál géinmhodhnaithe de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt a dhéanamh don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó do na sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú “Advanced Protein Technologies Corporation”.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: an 16 Bealtaine 2028.”

2′-Fúcaisiollachtós (foinse mhiocróbach)

Foinse: Tréithchineál géinmhodhnaithe Escherichia coli K-12

Foinse: Tréithchineál géinmhodhnaithe Escherichia coli BL-21

Foinse:: Tréithchineál géinmhodhnaithe Corynebacterium glutamicum ATCC 13032

Tuairisc:

Is púdar idir bán agus neasbhán a tháirgtear trí phróiseas micribhitheolaíoch 2′-Fúcaisiollachtós.

Íonacht:

 

2′-Fúcaisiollachtós: ≥ 83 %

 

D-Lachtós: ≤ 10.0 %

 

L-Fúcós: ≤ 2.0 %

 

Défhúcaisil-D-lactose: ≤ 5.0 %

 

2′-Fúcaisil-D-lachtalós: ≤ 1.5 %

 

Suim na saicrídí (2′-Fúcaisiollachtós, D-Lachtós, L-Fúcós, Défhúcaisil-D-lachtós, 2′-Fúcaisil-D-lachtalós): ≥ 90 %

 

pH (20 °C, tuaslagán 5 %): 3.0-7.5

 

Uisce: ≤ 9.0 %

 

Luaith shulfáitithe: ≤ 2.0 %

 

Aigéad aicéiteach: ≤ 1.0 %

 

Próitéiní iarmharacha: ≤ 0.01 %

Critéir mhicribhitheolaíocha:

 

Áireamh iomlán na mbaictéar aeróbach méisifileach: ≤ 3 000 CFU/g

 

Giostaí: ≤ 100 CFU/g

 

Múscáin: ≤ 100 CFU/g

 

Iontocsainí: ≤ 10 EU/mg

 

CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta; EU: Aonaid Iontocsaine

Tuairisc:

Is púdar atá idir bán agus neasbhán 2′-Fúcaisiollachtós agus is tuaslagán uiscí gan dath go beagán buí é an tuaslagán uiscí ina fhoirm tiúchain leachtaigh (45 % ± 5 % w/v). Déantar 2′-Fúcaisiollachtós a tháirgeadh trí phróiseas micribhitheolaíoch.

Íonacht:

 

2′-Fúcaisiollachtós ≥ 90 %

 

Lachtós: ≤ 5.0 %

 

Fúcós: ≤ 3.0 %

 

3-Fúcaisiollachtós: ≤ 5.0 %

 

Fúcaisiollgalachtós: ≤ 3.0 %

 

Défhúcaisiollachtós: ≤ 5.0 %

 

Glúcós: ≤ 3.0 %

 

Galachtós: ≤ 3.0 %

 

Uisce: ≤ 9.0 % (púdar)

 

Luaith, í sulfáitithe: ≤ 0.5 % (púdar agus leacht)

 

Próitéiní iarmharacha: ≤ 0.01 % (púdar agus leacht)

Miotail Throma:

 

Luaidhe: ≤ 0.02 mg/kg (púdar agus leacht)

 

Arsanaic: ≤ 0.2 mg/kg (púdar agus leacht)

 

Caidmiam: ≤ 0.1 mg/kg (púdar agus leacht)

 

Mearcair: ≤ 0.5 mg/kg (púdar agus leacht)

Critéir mhicribhitheolaíocha:

 

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha: ≤ 104 CFU/g (púdar), ≤ 5 000 CFU/g (leacht)

 

Giostaí agus Múscáin: ≤ 100 CFU/g (púdar); ≤ 50 CFU/g (leacht)

 

Enterobacteriaceae/Baictéir dhrólannacha: neamhláithreacht in 11 g (púdar agus leacht)

 

Salmonella: diúltach/100 g (púdar), diúltach/200 ml (leacht)

 

Cronobacter: diúltach/100 g (púdar), diúltach/200 ml (leacht)

 

Iontocsainí:: ≤ 100 EU/g (púdar), ≤ 100 EU/ml (leacht)

 

Aflatocsain M1: ≤ 0.025 μg/kg (púdar agus leacht)

 

CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta; EU: Aonaid Iontocsaine

Tuairisc:

Is púdar idir bán agus neasbhán/dath an eabhair a tháirgtear trí phróiseas micribhitheolaíoch 2′-Fúcaisiollachtós.

Íonacht:

 

2′-Fúcaisiollachtós (meáchan/meáchan d’ábhar tirim): ≥ 94.0 %

 

D-Lachtós (meáchan/meáchan d’ábhar tirim): ≤ 3.0 %

 

L-Fúcós (meáchan/meáchan d’ábhar tirim): ≤ 3.0 %

 

3-Fúcaisiollachtós (meáchan/meáchan d’ábhar tirim): ≤ 3.0 %

 

Défhúcaisiollachtós (meáchan/meáchan d’ábhar tirim): ≤ 2.0 %

 

D-Glúcós (meáchan/meáchan d’ábhar tirim): ≤ 3,0 %

 

D-Galachtós (meáchan/meáchan d’ábhar tirim): ≤ 3.0 %

 

Uisce: ≤ 9.0 %

 

Luaith: ≤ 0.5 %

 

Próitéiní iarmharacha: ≤ 0.005 %

Éilleáin:

 

Arsanaic: ≤ 0.03 mg/kg

 

Aflatocsain M1: ≤ 0.025 μg/kg

 

Eatánól: ≤ 1 000 mg/kg

Critéir mhicribhitheolaíocha:

 

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha: ≤ 500 CFU/g

 

Giostaí agus Múscáin: ≤ 100 CFU/g

 

Enterobacteriaceae: neamhláithreacht in 10 g

 

Salmonella: neamhláithreacht in 25 g

 

Cronobacter spp.: neamhláithreacht in 10 g

 

Iontocsainí: ≤ 100 EU/mg

 

CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta; EU: Aonaid Iontocsaine


Top