EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0851

Rialachán (AE) 2023/851 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/66/2022/REV/1

IO L 110, 25.4.2023, p. 5–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/851/oj

25.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 110/5


RIALACHÁN (AE) 2023/851 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Aibreán 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig Comhaontú Pháras (4), a glacadh an 12 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) (“Comhaontú Pháras”), i bhfeidhm an 4 Samhain 2016. D’aontaigh na Páirtithe i gComhaontú Pháras an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. Treisíodh an gealltanas sin le glacadh Chomhshocrú Aeráide Ghlaschú faoi UNFCCC an 13 Samhain 2021, ina n-aithníonn Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC, ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, go mbeidh tionchair an athraithe aeráide i bhfad níos ísle ag an méadú teochta 1,5 °C, i gcomparáid le 2 °C, agus ina bhfuil rún daingean aici iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5 °C.

(2)

Tá iarrachtaí chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach i gcroílár na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an “Comhaontú Glas don Eoraip” (“an Comhaontú Glas don Eoraip”). D’iarr Parlaimint na hEorpa, i rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (5), go ndéanfaí an t-aistriú is gá chuig sochaí aeráidneodrach faoi 2050 ar a dhéanaí agus, ina rún an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil, d’fhógair sí éigeandáil aeráide agus chomhshaoil (6). Tá riachtanas agus luach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip méadaithe i bhfianaise thionchair fhíor-thromchúiseacha phaindéim COVID-19 ar shláinte agus ar fholláine eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais.

(3)

Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, nasctar sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis atá dírithe ar shochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh tionscail bhríomhara atá fós ar thús cadhnaíochta ina gcuid deighleoga faoi seach agus spreagthaí nuálaíochta domhanda, agus poist ardcháilíochta á n-áirithiú san Aontas ag an am céanna. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Sa chomhthéacs sin, leis an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol a bheidh ar siúl go dtí 2030 a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), treisítear an cuspóir dlús a chur leis an aistriú glas chuig geilleagar ciorclach atá aeráidneodrach, inbhuanaithe, neamhthocsaineach, tíosach ar acmhainní, atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite, athléimneach agus iomaíoch ar bhealach cóir, cothrom agus cuimsitheach agus staid an chomhshaoil a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú, agus é ag tacú leis an tacar beart agus tionscnamh a fógraíodh faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus cur leo. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus baineann tionchar áirithe leis ar roinnt grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine atá faoi mhíchumais agus daoine le cúlra cine mionlaigh nó mionlaigh eitnigh. Ina theannta sin, beidh tionchar éagsúil ag an aistriú ar réigiúin an Aontais, go háirithe ar na réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh struchtúir de, ar na réigiúin fhorimeallacha agus ar na réigiúin is forimeallaí. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin go mbeidh an t-aistriú cóir agus ionchuimsitheach, agus nach bhfágfar aon duine chun deiridh.

(4)

Faoi 2030, tá an tAontas tiomanta do ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud gheilleagar an Aontais a laghdú faoi 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 sa rannchuidiú a tugadh cothrom le dáta agus a cinneadh go náisiúnta, a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 17 Nollaig 2020.

(5)

Trí Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a ghlacadh, chumhdaigh an tAontas an cuspóir astaíochtaí a laghdú go nialas faoi 2050 ar a dhéanaí agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach sa reachtaíocht ina dhiaidh sin. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin sprioc laghdaithe intíre cheangailteach de chuid an Aontais maidir le laghdú 55% ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030.

(6)

Táthar ag súil leis go rannchuideoidh gach earnáil den gheilleagar leis na laghduithe sin ar astaíochtaí a bhaint amach, lena n-áirítear an earnáil iompair de bhóthar. Is í earnáil an iompair an t-aon earnáil ina bhfuil méadú ag teacht ar astaíochtaí ó 1990 i leith. Áirítear leis sin iompar de bhóthar d’fheithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair, arb ionann iad le chéile agus os cionn 70 % d’iomlán na n-astaíochtaí iompair. Chun aeráidneodracht a bhaint amach, tá gá le laghdú 90 % ar astaíochtaí iompair faoi 2050.

(7)

Leis na haistrithe digiteacha agus glasa, ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar thábhacht na gné sóisialta chun a áirithiú go bhfuil soghluaisteacht inacmhainne do chách agus go bhfuil rochtain ag cách uirthi, go háirithe comaitéirí nach bhfuil rochtain acu ar iompar poiblí ar ardchaighdeán ná ar réitigh soghluaisteachta eile. Le caighdeáin níos uaillmhianaí CO2 do ghluaisteáin paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma, táthar ag súil go gcuirfear dlús le glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha, go méadófar a n-inacmhainneacht agus go gcuirfear dlús le dícharbónú an mhargaidh athláimhe i ngach deighleog, rud a rachaidh chun tairbhe níos mó do thomhaltóirí ar ioncam íseal agus ar mheánioncam. Agus na caighdeáin sin á nglacadh, tá sé tábhachtach freisin iarmhairtí suntasacha eacnamaíocha agus sóisialta na n-aistrithe glasa agus digiteacha a chur san áireamh agus an gá atá le fostaíocht a chosaint agus iomaíochas thionscal an Aontais a chaomhnú.

(8)

Tá gá leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo mar chuid de chreat comhleanúnach agus comhsheasmhach atá fíor-riachtanach chun cuspóir foriomlán an Aontais a bhaint amach chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, chomh maith le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú. Tá sé ríthábhachtach go n-oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí tionsclaíocha chun an tslabhra soláthair a dhaingniú sna hamhábhair chriticiúla atá ag teastáil le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle. Tacóidh sé sin freisin le hiomaíochas thionscal an Aontais agus neartófar uathriail straitéiseach an Aontais.

(9)

Chun laghdú de 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030, is gá na ceanglais maidir le laghdú a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a neartú le haghaidh gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma araon. Is gá conair shoiléir a shocrú freisin le haghaidh tuilleadh laghduithe ó 2030 ar aghaidh chun rannchuidiú le cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050. Gan gníomhaíocht uaillmhianach maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san iompar de bhóthar, bheadh gá le laghduithe níos airde ar astaíochtaí in earnálacha eile, lena n-áirítear earnálacha ina bhfuil an dícharbónú níos dúshlánaí.

(10)

Leis na ceanglais láidrithe maidir le laghduithe ar astaíochtaí CO2, ba cheart méadú a spreagadh i gcion na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha atá le cur in úsáid ar mhargadh an Aontais agus tairbhí á soláthar do thomhaltóirí agus do shaoránaigh an tráth céanna i dtéarmaí na cáilíochta aeir agus ó thaobh neartú na slándála agus na héifeachtúlachta fuinnimh de, agus ó thaobh coigiltis fuinnimh ghaolmhara de, mar aon lena áirithiú gur féidir nuálaíocht i slabhra luacha an tionscail mhótarfheithiclí a choinneáil ar bun. Laistigh den chomhthéacs domhanda, ní mór don slabhra luacha i dtionscail mhótarfheithiclí an Aontais a bheith ina phríomhghníomhaí san aistriú domhanda leanúnach i dtreo na soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha. Tá na caighdeáin láidrithe i ndáil le laghduithe ar astaíochtaí CO2 neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, maidir le spriocanna an fhlít uile atá le baint amach a shocraíonn siad. Tá teicneolaíochtaí difriúla ar fáil agus ar fáil fós chun sprioc na n-astaíochtaí nialasacha le haghaidh an fhlít uile a bhaint amach. Maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha, áirítear leo faoi láthair feithiclí ceallra-leictreacha, breosla-chille agus feithiclí eile faoi thiomáint hidrigine, agus tá na nuálaíochtaí teicneolaíochta ag leanúint ar aghaidh. Maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle, lena n-áirítear feithiclí leictreacha hibride inluchtaithe a fheidhmíonn go maith freisin, is féidir leo leanúint le ról a imirt sa chonair i dtreo an aistrithe. Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach sonraí atá cruinn agus iomlán a áirithiú maidir le feidhmíocht astaíochtaí na bhfeithiclí leictreacha hibrideacha inluchtaithe sin.

(11)

Tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí, déanfaidh an Coimisiún togra maidir le clárú tar éis 2035 feithiclí a ritheann go heisiach ar bhreoslaí neodrach ó thaobh CO2 de i gcomhréir le dlí an Aontais, lasmuigh de raon feidhme chaighdeáin an fhlít, agus i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais.

(12)

I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart spriocanna láidrithe i leith laghduithe astaíochtaí CO2 a shocrú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua araon ó 2030 ar aghaidh. Ba cheart na spriocanna sin a shocrú ar leibhéal lena dtabharfar comhartha láidir chun dlús a chur le glacadh na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha ar mhargadh an Aontais agus chun an nuálaíocht sa teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha a spreagadh ar bhealach cost-éifeachtach.

(13)

Is réamhriachtanas í an nuálaíocht theicneolaíoch chun an tsoghluaisteacht san Aontas a dhícharbónú, agus ba cheart tacú léi dá bhrí sin. Tá cistiú suntasach ar fáil cheana féin don nuálaíocht san éiceachóras soghluaisteachta trí ionstraimí cistiúcháin éagsúla de chuid an Aontais, go háirithe Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), InvestEU, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an ciste nuálaíochta, a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit leanúint dá n-iarrachtaí tacú le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach i dtaighde agus nuálaíocht mótarfheithiclí san Eoraip, lena n-áirítear trí thionscnaimh lena gcuirtear sineirgí chun cinn san earnáil mótarfheithiclí, amhail Comhghuaillíocht Ceallraí an Aontais. In éineacht le comharthaí soiléire rialála, tacóidh agus spreagfaidh na hiarrachtaí sin cinntí infheistíochta ó mhonaróirí, coinneoidh siad ceannaireacht theicneolaíoch na hEorpa san earnáil sin, cuideoidh siad le barr feabhais tionsclaíoch a fhorbairt i dteicneolaíochtaí na todhchaí san Aontas agus áiritheofar inbhuanaitheacht agus iomaíochas fadtéarmach a bhonn tionsclaíoch.

(14)

Ba cheart straitéis an Aontais a bheith ag gabháil leis na spriocanna sna caighdeáin feidhmíochta athbhreithnithe maidir le CO2 chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le forbairt mhonarú na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus na dteicneolaíochtaí gaolmhara, agus sainiúlachtaí gach Ballstáit á gcur san áireamh, mar aon leis an ngá oibrithe san earnáil a uas-sciliú agus a athsciliú agus leis an éagsúlú eacnamaíoch agus le gníomhaíochtaí a athfhorbairt, agus leibhéil fostaíochta mótarfheithiclí san Aontas á gcoinneáil ar bun ag an am céanna. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an tionchar a bheidh ag an aistriú sin ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) feadh an tslabhra soláthair mhótarfheithiclí agus ar réigiúin agus ar phobail atá thíos leis a d’fhéadfadh a bheith níos leochailí mar gheall ar dhiantionscal mótarfheithiclí a bheith ann. I gcás inarb iomchuí, ba cheart tacaíocht airgeadais a bhreithniú ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát chun infheistíocht phríobháideach a chomhchruinniú, lena n-áirítear trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), an Ciste um Aistriú Cóir, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), an ciste nuálaíochta, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ionstraimí eile an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (16) agus Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (17), i gcomhréir le rialacha Státchabhrach agus ionstraimí airgeadais eile atá ar fáil, amhail ón mBanc Eorpach Infheistíochta.

Leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2022 maidir le Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022, cumasaítear do Bhallstáit tacú le gnólachtaí a gcuid próiseas táirgeachta a dhícharbónú agus teicneolaíochtaí níos glaise a ghlacadh i gcomhthéacs na teachtaireachta ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 maidir le Straitéis Nua Tionsclaíche 2020 a Nuashonrú: Margadh Aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa (“an Straitéis Nua Tionsclaíochta nuashonraithe”). Is uirlis thábhachtach é an Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 (18) do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe fostaíochta agus sóisialta d’aistriú cóir i dtreo geilleagar atá aeráidneodrach. Ba cheart don Choimisiún féachaint ar roghanna breise chun tacú leis an aistriú sin agus, go sonrach, chun aon tionchar diúltach ar fhostaíocht an aistrithe sin san earnáil mótarfheithiclí a mhaolú.

(15)

Chun aon bhearnaí cistiúcháin a shainaithint maidir le haistriú cóir a áirithiú sa slabhra soláthair mhótarfheithiclí, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna agus ar na réigiúin is mó a ndéanann an t-aistriú i dtreo geilleagar atá aeráidneodrach difear dóibh, ba cheart don Choimisiún, faoin 31 Nollaig 2025, ar dháta tíolactha na chéad tuarascála ar dhul chun cinn, agus ag cur le tionscnaimh leanúnacha, amhail an chonair aistrithe d’éiceachóras na soghluaisteachta agus Comhaontas na Réigiún Gluaisteán de chuid Choiste na Réigiún, i gcomhar leis na Ballstáit, leis na réigiúin agus leis na húdaráis áitiúla agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, tuarascáil a thíolacadh ina sainaithneofar bearnaí cistiúcháin den sórt sin. Ba cheart go mbeadh tograí le haghaidh bearta leordhóthanacha airgeadais ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a sainaithníodh.

(16)

Leis an Straitéis Nua Thionsclaíoch, beartaítear go ndéanfar conairí glasa agus conairí i dtreo an aistrithe dhigitigh a chomhchruthú i gcomhpháirtíocht leis an tionscal, údaráis phoiblí, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara eile. Sa chomhthéacs sin, ba cheart conair aistrithe a fhorbairt le haghaidh éiceachóras na soghluaisteachta chun tacú le haistriú an tslabhra luacha mótarfheithiclí, lena n-áirítear trí leanúnachas an idirphlé shóisialta a áirithiú a mbeidh an earnáil agus a geallsealbhóirí páirteach ann, ar bhealach iomlán trédhearcach. Leis an gconair sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar FBManna sa slabhra soláthair mhótarfheithiclí, agus ar an gcomhairliúchán le páirtithe sóisialta, lena n-áirítear ag na Ballstáit. Chomh maith leis sin, leis an gconair, ba cheart cur leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal “Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht”, lena n-áirítear tionscnaimh amhail an “Comhaontú um Scileanna” chun an earnáil phríobháideach a shlógadh mar aon le páirtithe leasmhara eile chun lucht oibre na hEorpa a uas-sciliú agus a athsciliú i bhfianaise na n-aistrithe glasa agus digiteacha. Leis an gconair, ba cheart dul i ngleic leis na gníomhaíochtaí iomchuí agus leis na dreasachtaí iomchuí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát freisin chun borradh a chur faoi inacmhainneacht na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanfar maidir leis an gconair chuimsitheach aistrithe sin d’éiceachóras na soghluaisteachta gach 2 bhliain mar chuid de thuarascáil ar dhul chun cinn atá le tíolacadh ag an gCoimisiún.

Leis an tuarascáil ar dhul chun cinn sin, ba cheart a chur san áireamh, inter alia, dul chun cinn maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a chur in úsáid, go háirithe i ndeighleog na bhfeithiclí tráchtála éadroma, chomh maith leis na bearta ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal na mBallstát agus ar an leibhéal áitiúil chun aistriú na mBallstát chuig feithiclí saothair éadroim astaíochtaí nialasacha a éascú, mar aon le forbairtí ar a bpraghsanna agus ar a n-éifeachtúlacht fuinnimh, cur in úsáid breoslaí ionadúla agus dul chun cinn maidir le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, a chur i bhfeidhm, atá le leagan amach i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“an Rialachán maidir le bonneagar breoslaí ionadúla”) agus in athmhúnlú Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), acmhainneacht teicneolaíochtaí nuálacha chun soghluaisteacht atá aeráidneodrach a bhaint amach, iomaíochas idirnáisiúnta, infheistíochtaí sa slabhra luacha mótarfheithiclí, agus uas-sciliú agus athsciliú oibrithe agus ath-thiontú gníomhaíochtaí, go háirithe in FBManna. Leis an tuarascáil ar dhul chun cinn, ba cheart freisin, cur leis na tuarascálacha ar dhul chun cinn atá le cur isteach ag na Ballstáit gach 2 bhliain faoin Rialachán maidir le bonneagar breoslaí ionadúla. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le páirtithe sóisialta in ullmhú na tuarascála ar dhul chun cinn, lena n-áirítear maidir le torthaí an idirphlé shóisialta. Tá nuálaíochtaí sa slabhra soláthair mhótarfheithiclí ag leanúint ar aghaidh. Maidir le teicneolaíochtaí nuálacha amhail leictribhreoslaí a tháirgeadh le gabháil ón aer, dá bhforbrófaí tuilleadh iad, d’fhéadfadh ionchais a bheith i gceist leo le haghaidh na soghluaisteachta aeráidneodraí inacmhainne. Ba cheart don Choimisiún dá bhrí sin súil a choinneáil ar an dul chun cinn ó thaobh na nuálaíochta de san earnáil mar chuid dá thuarascáil ar dhul chun cinn.

(17)

Chun comhshaol agus sláinte na saoránach i ngach Ballstát a chosaint, tá sé tábhachtach freisin an flít atá ann cheana a dhícharbónú. Le margadh na bhfeithiclí athláimhe, cruthaítear an baol go n-aistreofar astaíochtaí CO2, agus truailliú aeir, chuig réigiúin nach bhfuil chomh forbartha sin ó thaobh an gheilleagair de san Aontas. Chun dlús a chur le laghdú astaíochtaí ón bhflít atá ann cheana agus chun dlús a chur leis an aistriú chuig iompar astaíochtaí nialasacha, tá sé ríthábhachtach tiontú feithiclí innill dócháin inmheánaigh go tiomáint leictreach ceallraí nó breosla-chille a spreagadh, lena n-áirítear trí mheasúnú a dhéanamh ar conas imscaradh na réiteach sin i mBallstáit a éascú.

(18)

Mar a luaitear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal “Plean REPowerEU”, chun coigiltis fuinnimh agus éifeachtúlachtaí in earnáil an iompair a fheabhsú agus chun dlús a chur leis an aistriú i dtreo feithiclí astaíochtaí nialasacha, tá sé tábhachtach sciar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflíteanna gluaisteán poiblí agus corparáideacha a mhéadú thar mhéid áirithe. Chuige sin, áirítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal “Clár oibre an Choimisiúin 2023” tionscnamh maidir le flíteanna corparáideacha a ghlasú. Agus an tionscnamh sin á mholadh aige, ba cheart don Choimisiún cothrom na Féinne a áirithiú agus ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint.

(19)

Chun glacadh feithiclí lena n-ídítear níos lú fuinnimh a chur chun cinn, ba cheart don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh ar na tionchair a bhaineann le híostairseacha éifeachtúlachta fuinnimh a shocrú do ghluaisteáin nua paisinéirí astaíochtaí nialasacha agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua a chuirtear ar mhargadh an Aontais.

(20)

Déanfar na spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais a chomhlánú le leathadh amach riachtanach an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá le leagan amach i Rialachán maidir le bonneagar breoslaí ionadúla agus in athmhúnlú Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach go leanfar den infheistíocht san imscaradh bonneagair is gá agus go méadófar an infheistíocht sin. Ag an am céanna, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirfear fuinneamh in-athnuaite in úsáid go pras, mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

(21)

Ba cheart solúbthacht leordhóthanach a sholáthar do mhonaróirí maidir lena bhflíteanna a chur in oiriúint le himeacht aimsire chun an t-aistriú i dtreo feithiclí astaíochtaí nialasacha a bhainistiú ar bhealach cost-éifeachtúil, bealach lena dtacaítear lena n-iomaíochas agus lena réitítear an bealach do thuilleadh nuálaíochtaí. Is iomchuí, dá bhrí sin, an cur chuige a choinneáil maidir le spriocleibhéil a laghdú i gcéimeanna 5 bliana.

(22)

I ngeall ar na spriocanna níos déine le haghaidh fhlít uile an Aontais ó 2030 ar aghaidh, beidh ar mhonaróirí i bhfad níos mó feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur in úsáid ar mhargadh an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ní chomhlíonfadh an sásra dreasachta le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a chuspóir bunaidh a thuilleadh agus bheadh an baol ann leis go mbainfí an bonn d’éifeachtacht Rialachán (AE) 2019/631. Ba cheart deireadh a chur le sásra dreasachta le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle ón 1 Eanáir 2030 amach dá bhrí sin. Roimh an dáta sin agus dá bhrí sin i gcaitheamh na 10 mbliana seo, leanfaidh an sásra dreasachta le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle ar aghaidh ag tacú le feithiclí lena mbaineann astaíochtaí ó nialas chomh hard le 50 g CO2/km a chur in úsáid, lena n-áirítear feithiclí ceallra-leictreacha, feithiclí leictreacha breosla-chille ina n-úsáidtear hidrigin agus feithiclí leictreacha hibride inluchtaithe a fheidhmíonn go maith. Mar sin féin, ba cheart tagarmharcanna maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a athbhreithniú chun glacadh níos tapa feithiclí astaíochtaí nialasacha ar mhargadh an Aontais a chur san áireamh. Tar éis an 1 Eanáir 2030, leanfar ar aghaidh le feithiclí leictreacha hibride inluchtaithe a chomhaireamh in aghaidh na spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais a bhfuil ceangal ar mhonaróirí a chomhlíonadh.

(23)

Tá uasteorainn 7 g CO2/km leis na creidmheasanna éiceanuálaíochta is féidir le monaróir a éileamh. Ba cheart an uasteorainn sin a ísliú i gcomhréir leis na spriocleibhéil, chun cion cothrom de leibhéal na huasteorann sin maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 na monaróirí.

(24)

Tá cur chun feidhme chaighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 nasctha go láidir le cur chun feidhme na reachtaíochta maidir le cineálcheadú. Tar éis Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) an 1 Meán Fómhair 2020 a aisghairm agus a ionadú le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), is iomchuí, chun comhsheasmhacht leanúnach a áirithiú idir an dá thacar ionstraimí, na sainmhínithe a ailíniú tuilleadh agus tagairtí i Rialachán (AE) 2019/631 a thabhairt cothrom le dáta de réir an chreata reachtaíochta maidir le cineálcheadú.

(25)

Déantar an iarracht chun astaíochtaí a laghdú, a cheanglaítear chun na spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais a bhaint amach, a dháileadh i measc monaróirí trí chuar teorainnluacha a úsáid atá bunaithe ar mheánmhais fhlít fheithiclí nua an Aontais agus fhlít fheithiclí nua an mhonaróra. Cé gurb iomchuí an sásra sin a choinneáil ar bun, is gá cosc ar chur ar chás ina mbeadh an sprioc i leith astaíochta sonracha diúltach le haghaidh monaróra, de dheasca na spriocanna níos déine le haghaidh fhlít uile an Aontais. Ar an gcúis sin, is gá a shoiléiriú, i gcás ina dtarlóidh cás den sórt sin, gur cheart an sprioc i leith astaíochtaí sonracha a shocrú ar 0 g CO2/km.

(26)

Tá na luachanna a úsáidtear chun na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha agus meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a ríomh bunaithe ar shonraí arna dtaifeadadh sna doiciméid chineálcheadaithe agus i ndeimhnithe comhréireachta na bhfeithiclí lena mbaineann. Tá sé fíor-riachtanach chun éifeachtacht na gcaighdeán feidhmíochta astaíochtaí CO2 a áirithiú go mbeidh na sonraí a úsáidtear chun na gcríoch sin ceart. Má shainaithnítear earráidí sna sonraí mar sin féin, b’fhéidir nach mbeadh sé indéanta, bunaithe ar an reachtaíocht maidir le cineálcheadú, na doiciméid chineálcheadaithe a cheartú ná na deimhnithe comhréireachta a eisíodh cheana, i gcás ina dtagraíonn na sonraí do chineálcheaduithe a scoir de bheith bailí. I gcásanna den sórt sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún chun iarraidh ar na húdaráis chineálcheadaithe ábhartha nó, i gcás inarb infheidhme, ar mhonaróirí, ráiteas ceartúcháin a eisiúint ar féidir na luachanna, a úsáidtear chun feidhmíocht monaróirí maidir lena spriocanna a chinneadh, a cheartú ar a mbonn.

(27)

Tagann tuairisciú na sonraí le haghaidh fheithiclí i gcatagóirí M2 (busanna) agus N2 (leoraithe ar mheánmhéid) faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus is iomchuí, dá bhrí sin, an ceanglas tuairiscithe sin a bhaint as Rialachán (AE) 2019/631.

(28)

I bhfianaise an chuspóra mhéadaithe foriomlána chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun éifeachtaí féideartha maidir le saobhadh sa mhargadh a sheachaint, ba cheart na ceanglais maidir le laghdú le haghaidh na monaróirí uile atá i margadh an Aontais a ailíniú, seachas le haghaidh na monaróirí sin atá freagrach as níos lú ná 1 000 míle feithicil nua a chláraítear i mbliain féilire. Dá dhroim sin, maidir leis an bhféidearthacht do mhonaróirí, atá freagrach as idir 1 000 agus 10 000 gluaisteán nua paisinéirí nó as idir 1 000 agus 22 000 feithicil tráchtála éadrom a chláraítear as an nua i mbliain féilire, chun iarratas a dhéanamh ar mhaolú óna spriocanna i leith astaíochtaí sonracha, ba cheart deireadh a chur leis an bhféidearthacht sin ón 1 Eanáir 2036.

(29)

Chun soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú mar aon le comhsheasmhacht le cleachtais atá i bhfeidhm faoi láthair, is iomchuí a shoiléiriú gur cheart na coigeartuithe ar luachanna M0 agus TM0 a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631 seachas trí ghníomhartha tarmligthe lena bhforlíontar an Rialachán sin.

(30)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh in 2026 ar an dul chun cinn a dhéantar faoi Rialachán (AE) 2019/631 i dtreo na spriocanna laghdaithe atá socraithe le haghaidh 2030 agus ina dhiaidh, a bhaint amach. Le haghaidh an athbhreithnithe sin, ba cheart gach gné den tuairisciú gach 2 bhliain a bhreithniú.

(31)

Tá sé dearbhaithe ag roinnt Ballstát pleananna chun dlús a chur le tabhairt isteach feithiclí astaíochtaí nialasacha trí dháta a leagan síos chun deireadh a chur de réir a chéile le gluaisteáin nua paisinéirí lena n-astaítear CO2 agus feithiclí tráchtála éadroma nua de réir a chéile roimh 2035. Ba cheart don Choimisiún roghanna a shainaithint chun an t-aistriú sin a éascú agus an gá atá le bearta breise a mheas i gcomhréir le pleananna den sórt sin.

(32)

Tá meastóireacht déanta ar an bhféidearthacht an t-ioncam ó na préimheanna astaíochtaí iomarcacha a shannadh do chiste sonrach nó do chlár ábhartha mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) 2019/631, leis an gconclúid go ndéanfaí an t-ualach riaracháin a mhéadú go suntasach leis sin, agus nach rachadh sé chun tairbhe na hearnála mótarfheithiclí dó díreach le linn a haistrithe. Maidir leis an ioncam ó na préimheanna astaíochtaí iomarcacha, ba cheart go leanfaí lena bhreithniú mar ioncam dá bhrí sin le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2019/631.

(33)

Tá sé tábhachtach measúnú a dhéanamh ar na hastaíochtaí CO2 ar feadh shaolré na bhfeithiclí saothair éadroim ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún modheolaíocht a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán feithiclí saothair éadroim a chuirtear ar mhargadh an Aontais agus chun tuairisciú a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin ar feadh shaolré iomlán.

(34)

Chun modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais a leagan amach chun measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán ó ghluaisteáin phaisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma agus chun a áirithiú gur féidir ríomh na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha le haghaidh monaróirí atá freagrach as astaíochtaí CO2 ó feithiclí tráchtála éadroma ilchéimneacha a choigeartú chun athruithe ar an nós imeachta a bhaineann le hastaíochtaí CO2 agus mais na bhfeithiclí sin a chinneadh a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le Rialachán (AE) 2019/631 a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais den sórt sin a leagan amach agus trí leasú a dhéanamh, i gcás inar gá, ar na foirmlí ríofa a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, faoi seach. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (24). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon na ceanglais maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua araon a neartú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(36)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/631 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 5 mar a leanas:

(i)

i bpointe (a), cuirtear “55 %” in ionad fhigiúr “37.5 %”;

(ii)

i bpointe (b), cuirtear “50 %” in ionad fhigiúr “31 %”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“5a.   Ón 1 Eanáir 2035, beidh feidhm ag na spriocanna seo a leanas maidir le flít uile an Aontais:

(a)

i gcás mheánastaíochtaí fhlít na ngluaisteán nua paisinéirí, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú 100 % ar an sprioc in 2021 arna cinneadh i gcomhréir le Cuid A, pointe 6.1.3, d’Iarscríbhinn I;

(b)

i gcás mheánastaíochtaí fhlít na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú 100 % ar an sprioc in 2021 arna cinneadh i gcomhréir le Cuid B, pointe 6.1.3, d’Iarscríbhinn I.”

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2029, beidh feidhm ag tagarmharc maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle arb ionann é agus sciar 25 % de fhlít na ngluaisteán nua paisinéirí agus atá cothrom le sciar 17 % den fhlít feithiclí tráchtála éadroma nua i gcomhréir le pointí 6.3 de Chodanna A agus B d’Iarscríbhinn I, faoi seach.”

;

(d)

scriostar mír 7;

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

i bpointe (a), cuirtear “Airteagal 4(1), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2018/858” in ionad na tagartha do “Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

catagóir N1 mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) 2018/858 agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (“feithiclí tráchtála éadroma”), a chláraítear san Aontas den chéad uair agus nár cláraíodh roimhe sin lasmuigh den Aontas (“feithiclí tráchtála éadroma nua”); i gcás na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha ó chatagóir N ar mó a mais tagartha ná 2 610 kg nó 2 840 kg, de réir mar a bheidh, déanfar iad a chomhaireamh, ón 1 Eanáir 2025, chun críche an Rialacháin seo agus gan dochar do Rialachán (AE) 2018/858 ná do Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, mar fheithiclí tráchtála éadroma atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo más de thoradh mhais an chórais stórála fuinnimh, agus dá thoradh sin amháin, an mhais tagartha iomarcach.”;

(b)

i mír 3, cuirtear tagairt do “Cuid A, pointe 5, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858” in ionad “pointe 5 de Chuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE”;

(3)

in Airteagal 3, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

“1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe i Rialachán (AE) 2018/858. Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:”

;

(b)

scriostar pointí (b) go (g) agus (i) agus (n);

(4)

in Airteagal 4(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), i gcás inar sprioc dhiúltach í an sprioc i leith astaíochtaí sonracha arna cinneadh i gcomhréir le pointe 6.3 de Chuid A nó Cuid B d’Iarscríbhinn I, is é 0 g/km a bheidh sa sprioc i leith astaíochtaí sonracha.”;

(5)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“6a.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil na sonraí sealadacha a chuir na Ballstáit isteach i gcomhréir le mír 2, nó go bhfuil na sonraí, ar thug na monaróirí fógra ina leith, i gcomhréir le mír 5, bunaithe ar shonraí míchearta sna doiciméid chineálcheadaithe nó sna deimhnithe comhréireachta, cuirfidh an Coimisiún an t-údarás cineálcheadaithe nó, i gcás inarb infheidhme, an monaróir ar an eolas faoi agus iarrfaidh sé ar an údarás cineálcheadaithe nó, i gcás inarb infheidhme, ar an monaróir, ráiteas ceartúcháin a eisiúint lena sonrófar na sonraí ceartaithe. Tarchuirfear an ráiteas ceartúcháin chuig an gCoimisiún agus úsáidfear na sonraí ceartaithe chun na ríomhanna sealadacha faoi mhír 4 a leasú.”

;

(b)

scriostar míreanna 10 agus 11;

(6)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 7a

Astaíochtaí CO2 ar feadh shaolré

1.   Faoin 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a fhoilsiú ina leagtar amach modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar na hastaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán ó ghluaisteáin phaisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma a chuirtear ar mhargadh an Aontais, agus chun tuairisciú a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin i rith an ama. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Faoin 31 Nollaig 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais a leagan síos chun measúnú a dhéanamh ar na hastaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán ó ghluaisteáin phaisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma agus chun tuairisciú comhsheasmhach a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin.

3.   Ón 1 Meitheamh 2026, féadfaidh monaróirí, ar bhonn deonach, na sonraí maidir le hastaíochtaí CO2 saolré le haghaidh gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus úsáid á baint as an modheolaíocht dá dtagraítear i mír 2.”

;

(7)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad abairte:

“Féadfar maolú, a ndéanfar iarratas air faoi mhír 1, a dheonú ó na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha is infheidhme go dtí bliain féilire 2035 agus an bhliain sin san áireamh.”;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“4.   Maidir le monaróir atá freagrach, i gcomhar lena ghnóthais bhainteacha uile, as líon idir 10 000 agus 300 000 gluaisteán nua paisinéirí a chláraítear san Aontas in aghaidh na bliana féilire, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh do na blianta suas go 2028 agus an bhliain sin san áireamh ar mhaolú ar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha a ríomhtar i gcomhréir le pointí 1 go 4 agus 6.3 de Chuid A d’Iarscríbhinn I.”

;

(8)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Measfar coigiltis CO2 a baineadh amach trí leas a bhaint as teicneolaíochtaí nuálacha nó as cumasc teicneolaíochtaí nuálacha (“pacáistí teicneolaíochtaí nuálacha”) i gcás ina gcuireann soláthraí nó monaróir iarratas isteach air sin.

Ní chuirfear teicneolaíochtaí den sórt sin san áireamh ach amháin má tá an mhodheolaíocht a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh orthu in ann torthaí infhíoraithe, in-athdhéanta agus inchomparáide a tháirgeadh.

Féadfaidh suas leis an méid seo a leanas a bheith i gceist le rannchuidiú iomlán na dteicneolaíochtaí sin chun laghdú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra:

7 g CO2/km go dtí 2024;

6 g CO2/km ó 2025 go dtí 2029;

4 g CO2/km ó 2030 go dtí 2034 agus an bhliain sin san áireamh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a leasú chun luachanna na huasteorann dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo a choigeartú síos le héifeacht ó 2025 amach chun forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh agus, san am céanna, chun a áirithiú go mbeidh cion cothrom de leibhéal na huasteorann sin ann maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 na monaróirí.”

;

(9)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Chun cosc a chur ar fhás bhearna na bhfíorastaíochtaí, déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2023, measúnú ar conas is féidir sonraí maidir le fíorídiú breosla agus fuinnimh arna mbailiú de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 ón gCoimisiún (*1) a úsáid chun a áirithiú go mbeidh luachanna astaíochtaí CO2 agus luachanna ídithe breosla nó fuinnimh na feithicle arna gcinneadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ionadaíoch i gcónaí ar fhíorastaíochtaí le himeacht ama do gach monaróir.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú bliantúil ar an gcaoi a bhforbróidh an bhearna dá dtagraítear sa chéad fhomhír ó 2021 ar aghaidh agus déanfaidh sé, a luaithe a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil, agus tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2026, tuarascáil a fhoilsiú ina leagfar amach modheolaíocht le haghaidh sásra chun coigeartú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra amhail ó 2030 agus úsáid á baint as fíorshonraí arna mbailiú de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392, agus ina ndéanfar measúnú ar indéantacht sásra den sórt sin.

Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, moltaí do bhearta leantacha, amhail tograí reachtacha, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun sásra den sórt sin a chur i bhfeidhm.

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí a bhaineann le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1014/2010, (AE) Uimh. 293/2012, (AE) 2017/1152 agus (AE) 2017/1153 ón gCoimisiún (IO L 77, 5.3.2021, lch. 8).”;"

(10)

in Airteagal 13(3), cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“I gcás nach bhféadfar na sonraí sna doiciméid cineálcheadaithe a cheartú faoi Rialachán (AE) 2018/858, eiseoidh an t-údarás cineálcheadaithe atá freagrach ráiteas ceartúcháin ina mbeidh na sonraí ceartaithe agus tarchuirfidh an ráiteas sin chuig an gCoimisiún agus chuig na páirtithe lena mbaineann.”;

(11)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun Iarscríbhinn I a leasú dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.”

;

(12)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 14a

Tuarascáil ar dhul chun cinn

1.   Faoin 31 Nollaig 2025 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an dul chun cinn i dtreo na soghluaiseachta astaíochtaí nialasacha de bhóthar. Déanfar faireachán agus measúnú leis an tuarascáil go háirithe ar an ngá le bearta breise féideartha chun éascú le haistriú cóir, lena n-áirítear trí mhodhanna airgeadais.

2.   Sa tuarascáil, breithneoidh an Coimisiún gach fachtóir lena rannchuidítear le dul chun cinn cost-éifeachtúil i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050, lena n-áirítear:

(a)

an dul chun cinn atá déanta maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a chur in úsáid, go háirithe i ndeighleog na bhfeithiclí tráchtála éadroma, chomh maith leis na bearta ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal na mBallstát agus ar an leibhéal áitiúil chun aistriú na mBallstát chuig feithiclí saothair éadroim astaíochtaí nialasacha a éascú;

(b)

dul chun cinn maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus inacmhainneacht feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle;

(c)

na tionchair ar thomhaltóirí, go háirithe ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus meánioncaim, lena n-áirítear ar phraghsanna leictreachais;

(d)

anailís ar mhargadh na bhfeithiclí athláimhe;

(e)

an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith ann i dtéarmaí coigiltis CO2 ó bhearta breise arb é is aidhm dóibh an mheánaois a ísliú agus, ar an gcaoi sin, astaíochtaí fhlít na bhfeithiclí saothair éadroim a laghdú, amhail bearta chun tacú le feithiclí scothaosta a chéimniú amach ar bhealach atá cóir ó thaobh na sochaí de agus fónta ó thaobh an chomhshaoil de;

(f)

tionchair ar fhostaíocht san earnáil mótarfheithiclí, go háirithe ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus éifeachtacht na mbeart chun tacú le hathoiliúint agus uas-sciliú an lucht saothair;

(g)

éifeachtacht na mbeart airgeadais atá ann cheana agus an gá atá le gníomhaíocht bhreise, lena n-áirítear bearta airgeadais leordhóthanacha, ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal an Bhallstáit nó ar an leibhéal áitiúil chun aistriú cóir a áirithiú agus chun aon tionchair dhiúltacha shocheacnamaíocha a mhaolú, go háirithe sna réigiúin agus sna pobail is mó atá buailte;

(h)

dul chun cinn san idirphlé sóisialta, chomh maith le gnéithe chun aistriú chuig soghluaisteacht de bhóthar astaíochtaí nialasacha a éascú tuilleadh, ar aistriú é a bheidh inmharthana ó thaobh an gheilleagair de agus cothrom ó thaobh na sochaí de;

(i)

dul chun cinn maidir le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe poiblí agus príobháideach a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear dul chun cinn faoin Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus faoi athmhúnlú Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(j)

rannchuidiú féideartha teicneolaíochtaí nuálaíochta agus breoslaí ionadúla inbhuanaithe, lena n-áirítear breoslaí sintéiseacha, chun soghluaisteacht aeráidneodrach a bhaint amach;

(k)

astaíochtaí saolré gluaisteán nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua a chuirtear ar an margadh, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 7a;

(l)

tionchar an Rialacháin seo ar bhaint amach spriocanna na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2018/842 agus faoi athmhúnlú Threoir 2008/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

3.   Ar dháta tíolactha na chéad tuarascála ar dhul chun cinn dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena n-áirítear anailís chun aon bhearnaí cistiúcháin a shainaithint chun aistriú cóir a áirithiú i slabhra soláthair mhótarfheithiclí, agus aird ar leith á tabhairt ar FBManna agus ar na réigiúin is mó a ndéanann an t-aistriú difear dóibh. Beidh tograí le haghaidh bearta leordhóthanacha airgeadais ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais arna sainaithint.

(*2)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13)."

(*3)  Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1).”;"

(13)

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, in 2026, ar éifeachtacht agus ar thionchar an Rialacháin seo, ag cur leis an tuairisciú a dhéantar gach 2 bhliain, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh toradh an athbhreithnithe. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, measúnú ar an dul chun cinn a dhéanfar faoin Rialachán seo chun na spriocanna laghdaithe a leagtar amach in Airteagal 1(5a) a bhaint amach, agus na forbairtí teicneolaíocha á gcur san áireamh, lena n-áirítear maidir le teicneolaíochtaí hibrideacha inluchtaithe, agus a thábhachtaí atá aistriú atá inmharthana go heacnamaíoch agus cothrom ar bhonn sóisialta i dtreo soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha. Bunaithe ar an measúnú sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 1(5a). Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar na tionchair a bhaineann le híostairseacha éifeachtúlachta fuinnimh a bhunú do ghluaisteáin nua paisinéirí astaíochtaí nialasacha agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua a chuirtear ar mhargadh an Aontais.

I gcás inarb iomchuí, beidh togra ag gabháil leis an tuarascáil chun an Rialachán seo a leasú.”

;

(b)

scriostar míreanna 2 go 5;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Threoir 1999/94/CE, lena ndéanfar breithniú ar an ngá le faisnéis chruinn, dhaingean agus inchomparáide a sholáthar do thomhaltóirí maidir le hídiú breosla agus fuinnimh, astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir ó ghluaisteáin paisinéirí nua a chuirtear ar an margadh, lena n-áirítear faoi fhíordhálaí, chomh maith le meastóireacht ar na roghanna i dtaca le barainneacht breosla agus astaíochtaí CO2 a thabhairt isteach d’fheithiclí tráchtála éadroma nua.

I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an athbhreithniú.”

;

(d)

cuirtear an mhír a leanas leis:

“9.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun na foirmlí a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I a leasú, i gcás ina mbeidh gá le leasuithe den sórt sin chun an nós imeachta a chur san áireamh le haghaidh feithiclí ilchéimneacha N1 a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn III.”

;

(14)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear “Airteagal 7(8), Airteagal 7a(2), Airteagal 10(8), Airteagal 11(1), an ceathrú fomhír, Airteagal 13(4), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(8) agus (9)” in ionad na tagartha do “Airteagal 7(8), Airteagal 10(8), an ceathrú fomhír d’Airteagal 11(1), Airteagal 13(4), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(8)”;

(b)

i mír 3, cuirtear “Airteagal 7(8), Airteagal 7a(2), Airteagal 10(8), Airteagal 11(1), an ceathrú fomhír, Airteagal 13(4), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(8) agus (9)” in ionad na tagartha do “Airteagal 7(8), Airteagal 10(8), an ceathrú fomhír d’Airteagal 11(1), Airteagal 13(4), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(8)”;

(c)

i mír 6, cuirtear “Airteagal 7(8), Airteagal 7a(2), Airteagal 10(8), Airteagal 11(1), an ceathrú fomhír, Airteagal 13(4), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(8) agus (9)” in ionad na tagartha do “Airteagal 7(8), Airteagal 10(8), an ceathrú fomhír d’Airteagal 11(1), Airteagal 13(4), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(8)”;

(15)

déantar Iarscríbhinn I a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Aibreán 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO C 194, 12.5.2022, lch. 81.

(2)  IO C 270, 13.7.2022, lch. 38.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023.

(4)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(5)  IO C 270, 7.7.2021, lch. 2

(6)  IO C 232, 16.6.2021, lch. 28.

(7)  Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).

(8)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).

(10)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(12)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(13)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(14)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(15)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I , 22.12.2020, lch. 11).

(17)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23).

(18)  Moladh 2022/C 243/04 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (IO C 243, 27.6.2022, lch. 35).

(19)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(20)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(21)  Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin a cheadú (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(23)  Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ar ídiú breosla na bhfeithiclí sin (IO L 173, 9.7.2018, lch. 1).

(24)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Cuid A mar a leanas:

(a)

i bpointe 6.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

“Spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais le haghaidh 2025 ar aghaidh”;

(b)

i bpointe 6.1.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

“Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais le haghaidh 2030 go 2034”;

(c)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“6.1.3

Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais le haghaidh 2035 ar aghaidh

Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2035 = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2021 (1 – fachtóir laghdaithe2035)

i gcás:

ina bhfuil an sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2021

mar a shainmhínítear i bpointe 6.0;

ina bhfuil fachtóir laghdaithe2035

mar a shainmhínítear in Airteagal 1(5a), pointe (a) é.”;

(d)

i bpointe 6.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

“Spriocanna tagartha i leith astaíochtaí sonracha”;

(e)

scriostar pointe 6.2.2;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.3:

“6.3

Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha le haghaidh 2025 ar aghaidh

6.3.1

Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha le haghaidh 2025 go 2029:

Sprioc i leith astaíochtaí sonracha = an sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha · fachtóir ZLEV

i gcás:

ina bhfuil sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha

an sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha CO2 a chinntear i gcomhréir le pointe 6.2.1;

ina bhfuil fachtóir ZLEV

(1 + y - x), ach amháin más mó an tsuim sin ná 1,05 nó más lú ná 1,0 í agus, sa chás sin, socrófar fachtóir ZLEV ag 1,05 nó 1,0 de réir mar a bheidh;

i gcás:

ina bhfuil y

sciar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle i bhflít gluaisteán nua paisinéirí an mhonaróra arna ríomh mar an líon iomlán feithiclí nua astaíochtaí nialasacha agus ísle, i gcás ina ndéanfar gach ceann díobh a chomhaireamh mar ZLEVsonrach i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, arna roinnt ar an líon iomlán gluaisteán nua paisinéirí a chláraítear sa bhliain féilire ábhartha:

ZLEVsonrach = 1 –

Formula

I gcás gluaisteán nua paisinéirí a chláraítear i mBallstáit ina bhfuil sciar d'fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle ina bhflít atá faoi bhun 60 % de mheán an Aontais sa bhliain 2017 agus ina bhfuil níos lú ná 1 000 feithicil nua astaíochtaí nialasacha agus ísle a cláraíodh sa bhliain 2017 (*1), ríomhfar ZLEVannasonracha go 2029, agus an bhliain sin san áireamh, i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

ZLEVsonrach = 

Formula

I gcás inar mó ná 5 % sciar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle i bhflít Ballstáit de ghluaisteáin nua paisinéirí a chláraítear i mbliain idir 2025 agus 2028, ní bheidh an Ballstát sin incháilithe chun iolraitheoir 1,85 a chur i bhfeidhm sna blianta ina dhiaidh sin;

ina bhfuil x

25 % sna blianta ó 2025 go 2029.

6.3.2

Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha le haghaidh 2030 go 2034

Sprioc i leith astaíochtaí sonracha = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2030 + a2030 · (TM-TM0)

i gcás:

ina bhfuil an sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2030

mar a chinntear i gcomhréir le pointe 6.1.2 í;

ina bhfuil a2030

ann

Formula

i gcás:

ina bhfuil a2021

mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é

ina bhfuil meánastaíochtaí2021

mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é

ina bhfuil TM

mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é

ina bhfuil TM0

mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é

6.3.3

Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha le haghaidh 2035 ar aghaidh

An sprioc i leith astaíochtaí sonracha = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2035 + a2035 · (TM-TM0)

i gcás:

ina bhfuil an sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2035

mar a chinntear i gcomhréir le pointe 6.1.3 í;

ina bhfuil a2035

ann

Formula

i gcás:

ina bhfuil a2021

mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é

ina bhfuil meánastaíochtaí2021

mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 iad

ina bhfuil TM

mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é

ina bhfuil TM0

mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é.

(*1)  Déantar sciar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle nua i bhflít na ngluaisteán nua paisinéirí de chuid Ballstáit in 2017 a ríomh mar an líon iomlán feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a cláraíodh in 2017 arna roinnt ar an líon iomlán gluaisteán nua paisinéirí a cláraíodh sa bhliain chéanna.”;"

(2)

Leasaítear Cuid B seo a leanas:

(a)

i bpointe 6.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

“Spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais le haghaidh 2025 ar aghaidh”;

(b)

i bpointe 6.1.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

“Spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais le haghaidh 2030 go 2034”;

(c)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“6.1.3

Spriocanna le haghaidh fhlít uile an Aontais le haghaidh 2035 ar aghaidh

Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2035 = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2021 · (1 – fachtóir laghdaithe2035)

i gcás:

ina bhfuil an sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2021

mar a shainmhínítear i bpointe 6.0;

ina bhfuil fachtóir laghdaithe2035

an fachtóir mar a shainmhínítear in Airteagal 1(5a), pointe (b) é.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.2.2:

“6.2.2

Spriocanna tagartha i leith astaíochtaí sonracha le haghaidh 2030 go 2034

Sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2030 + α · (TM-TM0)

i gcás:

ina gcinntear Sprioc2030

le haghaidh fhlít uile an Aontais i gcomhréir le pointe 6.1.2;

α

α2030, i gcás ina mbeidh meánmhais tástála feithiclí tráchtála éadroma nua monaróra cothrom le nó níos ísle ná TM0, agus α2021 i gcás ina mbeidh meánmhais tástála feithiclí tráchtála éadroma nua monaróra níos airde ná TM0;

i gcás:

ina bhfuil a2030

mar

Formula

ina bhfuil a2021

mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é

ina bhfuil meánastaíochtaí2021

mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 iad

ina bhfuil TM

mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é ina bhfuil

TM0

mar shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é”;

(e)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“6.2.3

Spriocanna tagartha i leith astaíochtaí sonracha le haghaidh 2035 ar aghaidh

Sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2035 + α · (TM-TM0)

i gcás:

ina gcinntear Sprioc2035

le haghaidh fhlít uile an Aontais i gcomhréir le pointe 6.1.3;

ina bhfuil α

2035,L i gcás ina mbeidh meánmhais tástála feithiclí tráchtála éadroma nua monaróra cothrom le nó níos ísle ná TM0, agus 2035,H i gcás ina mbeidh meánmhais tástála feithiclí tráchtála éadroma nua monaróra níos airde ná TM0;

i gcás:

ina bhfuil a2035,L

Formula

ina bhfuil a 2035,H

Formula

ina bhfuil meánastaíochtaí2021

mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 iad

ina bhfuil TM

mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é ina bhfuil

TM0

mar shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é.”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.3:

“6.3.

Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha ó 2025 ar aghaidh

6.3.1

Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha le haghaidh 2025 go 2029

An sprioc i leith astaíochtaí sonracha = sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha - (øspriocanna - sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2025) Fachtóir · ZLEV

i gcás:

ina bhfuil sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha

an sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha CO2 a chinntear i gcomhréir le pointe 6.2.1;

ina bhfuil øspriocanna

meán na spriocanna tagartha uile i leith astaíochtaí sonracha, arna ualú ar an líon feithiclí tráchtála éadroma nua atá ag gach monaróir aonair, a chinntear i gcomhréir le pointe 6.2.1;

ina bhfuil fachtóir ZLEV

(1 + y - x), ach amháin más mó an tsuim sin ná 1.05 nó más lú ná 1.0 í agus, sa chás sin, socrófar fachtóir ZLEV ag 1.05 nó 1.0 de réir mar a bheidh;

i gcás:

ina bhfuil y

sciar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle i bhflít fheithiclí tráchtála éadroma nua an mhonaróra arna ríomh mar an líon iomlán feithiclí nua astaíochtaí nialasacha agus ísle, i gcás ina ndéanfar gach ceann díobh a chomhaireamh mar ZLEVsonrach i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, arna roinnt ar an líon iomlán feithiclí tráchtála éadroma nua a chláraítear sa bhliain féilire ábhartha:

ZLEVsonrach = 1 –

Formula

ina bhfuil x

17 % sna blianta ó 2025 go 2029.

6.3.2

Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha le haghaidh 2030 go 2034

An sprioc i leith astaíochtaí sonracha = sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha - (øspriocanna - sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2030)

i gcás:

ina bhfuil sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha

an sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha le haghaidh an mhonaróra a chinntear i gcomhréir le pointe 6.2.2;

ina bhfuil øspriocanna

meán na spriocanna tagartha uile i leith astaíochtaí sonracha, arna ualú ar an líon feithiclí tráchtála éadroma nua atá ag gach monaróir aonair, a chinntear i gcomhréir le pointe 6.2.2;

inarb amhlaidh go bhfuil an sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2030

mar a chinntear i bpointe 6.1.2 í.

6.3.3

Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha le haghaidh 2035 ar aghaidh

An sprioc i leith astaíochtaí sonracha = sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha - (øspriocanna - sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2035)

i gcás:

ina bhfuil sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha

an sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha le haghaidh an mhonaróra a chinntear i gcomhréir le pointe 6.2.3;

ina bhfuil øspriocanna

meán na spriocanna tagartha uile i leith astaíochtaí sonracha, arna ualú ar an líon feithiclí tráchtála éadroma nua atá ag gach monaróir aonair, a chinntear i gcomhréir le pointe 6.2.3;

ina bhfuil an sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2035

mar a chinntear i bpointe 6.1.3. í.”.


(*1)  Déantar sciar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle nua i bhflít na ngluaisteán nua paisinéirí de chuid Ballstáit in 2017 a ríomh mar an líon iomlán feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a cláraíodh in 2017 arna roinnt ar an líon iomlán gluaisteán nua paisinéirí a cláraíodh sa bhliain chéanna.”;”


Top