Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0824

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/824 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/2641

    IO L 103, 18.4.2023, p. 5–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/824/oj

    18.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 103/5


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/824 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Aibreán 2023

    lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.

    (2)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha.

    (3)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus catagóirí ainmhithe, na táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas.

    (4)

    Go háirithe, le hIarscríbhinn V, XIV, agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas.

    (5)

    Thairis sin, thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis atá ann i gcúige Quebec, agus deimhníodh í an 27 Márta 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

    (6)

    Ina theannta sin, tá fógra tugtha ag na Stáit Aontaithe don Choimisiún faoi 4 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i stáit Colorado (1) agus Nua-Eabhrac (3), na Stáit Aontaithe, ráigeanna a deimhníodh idir an 22 Márta 2023 agus an 5 Aibreán 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

    (7)

    Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a bhí ann le déanaí, bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada agus na Stát Aontaithe criosanna rialaithe de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú.

    (8)

    Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Ceanada agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh sin a chosc. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. Ar bhonn na meastóireachta sin, agus chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, níor cheart údarú a thabhairt a thuilleadh do choinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis ná d’fheoil úr ó éanlaith chlóis ná d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas ó na ceantair atá faoi shrianta a leagann údaráis tréidliachta Cheanada agus na Stát Aontaithe síos mar gheall ar na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann le déanaí.

    (9)

    Thairis sin, chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch i ndáil le 9 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i gcontaetha Essex (6), Lincolnshire (1), Norfolk (1) agus West Midlands (1) i Sasana, an Ríocht Aontaithe, ráigeanna a deimhníodh idir an 6 Meán Fómhair 2022 agus an 11 Samhain 2022.

    (10)

    Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir an Ríocht Aontaithe isteach agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis díothaithe agus nach bhfuil riosca ag baint a thuilleadh le teacht isteach tráchtearraí éanlaithe clóis san Aontas ó na criosanna sa Ríocht Aontaithe, óna raibh teacht isteach san Aontas na dtráchtearraí éanlaithe clóis ar fionraí tar éis na ráigeanna sin.

    (11)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe.

    (12)

    Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus an riosca tromchúiseach atá ann go dtabharfaí isteach san Aontas é, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne.

    (13)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Aibreán 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

    (1)

    Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

    (a)

    leasaítear Roinn B de Chuid 1 mar a leanas:

    (i)

    san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an ró seo a leanas le haghaidh chrios CAN-2.178 tar éis an ró le haghaidh chrios CAN-2.177:

    CA

    Ceanada

    CA-2.178

    BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

    N, P1

     

    27.3.2023”

     

    ii)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.141:

    GB

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.141

    BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

    N, P1

     

    6.9.2022

    29.3.2023”

    (iii)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.166:

    GB

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.166

    BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

    N, P1

     

    7.10.2022

    29.3.2023”

    (iv)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna GB-2.169 agus GB-2.170:

    “GB

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.169

    BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

    N, P1

     

    8.10.2022

    29.3.2023

    GB-2.170

    N, P1

     

    7.10.2022

    29.3.2023”

    (v)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna GB-2.182 agus GB-2.183:

    “GB

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.182

    BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

    N, P1

     

    9.10.2022

    29.3.2023

    GB-2.183

    N, P1

     

    13.10.2022

    29.3.2023”

    (vi)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.220:

    GB

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.220

    BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

    N, P1

     

    26.10.2022

    28.3.2023”

    (vii)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.236:

    GB

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.236

    BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

    N, P1

     

    2.11.2022

    30.3.2023”

    (viii)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.253:

    GB

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.253

    BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

    N, P1

     

    11.11.2022

    29.3.2023”

    (ix)

    san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.447 go US-2.450 tar éis an ró le haghaidh chrios US-2.446:

    US

    Na Stáit Aontaithe

    US-2.447

    BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

    N, P1

     

    28.3.2023

     

    US-2.448

    N, P1

     

    22.3.2023

     

    US-2.449

    N, P1

     

    22.3.2023

     

    US-2.450

    N, P1

     

    5.4.2023”

     

    (b)

    leasaítear Cuid 2 mar a leanas:

    i)

    san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an tuairisc seo a leanas ar chrios CA-2.178 tar éis na tuairisce ar chrios CA-2.177:

    “Ceanada

    CA-2.178

    Southern Quebec- Latitude 45.36, Longitude -72.93

    The municipalities involved are:

    3km PZ: Ange-Gardien and Saint-Césaire.

    10km SZ: Ange-Gardien, Brigham, Farnham, Saint-Alphonse, Saint-Alphonse-deGranby, Saint-Césaire, Sainte-Brigide-d’Iberville, and Saint-Paul-d’Abbotsford”

    (ii)

    san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar chriosanna US-2.447 go US-2.450 tar éis na tuairisce ar chrios US-2.446:

    “Na Stáit Aontaithe

    US-2.447

    State of Colorado

    Yuma 01

    Yuma County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 102.6021809°W 40.0556963°N)

    US-2.448

    State of New York

    Tompkins 01

    Tompkins County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 76.4228309°W 42.5338498°N)

    US-2.449

    State of New York

    Queens 02

    Queens County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 73.8110491°W 40.7686723°N)

    US-2.450

    State of New York

    Queens 03

    Queens County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 73.7654921°W 40.7913911°N)”

    (2)

    leasaítear Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV mar a leanas:

    (i)

    san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chrios CA-2.178 tar éis na rónna le haghaidh chrios CA-2.177:

    CA

    Ceanada

    CA-2.178

    POU, RAT

    N, P1

     

    27.3.2023

     

    GBM

    P1

     

    27.3.2023”

     

    (ii)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios GB-2.141:

    GB

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.141

    POU, RAT

    N, P1

     

    6.9.2022

    29.3.2023

    GBM

    P1

     

    6.9.2022

    29.3.2023”

    (iii)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios GB-2.166:

    GB

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.166

    POU, RAT

    N, P1

     

    7.10.2022

    29.3.2023

    GBM

    P1

     

    7.10.2022

    29.3.2023”

    (iv)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna GB-2.169 agus GB-2.170:

    GB

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.169

    POU, RAT

    N, P1

     

    8.10.2022

    29.3.2023

    GBM

    P1

     

    8.10.2022

    29.3.2023

    GB-2.170

    POU, RAT

    N, P1

     

    7.10.2022

    29.3.2023

    GBM

    P1

     

    7.10.2022

    29.3.2023”

    (v)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna GB-2.182 agus GB-2.183:

    GB

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.182

    POU, RAT

    N, P1

     

    9.10.2022

    29.3.2023

    GBM

    P1

     

    9.10.2022

    29.3.2023

    GB-2.183

    POU, RAT

    N, P1

     

    13.10.2022

    29.3.2023

    GBM

    P1

     

    13.10.2022

    29.3.2023”

    (vi)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios GB-2.220:

    GB

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.220

    POU, RAT

    N, P1

     

    26.10.2022

    28.3.2023

    GBM

    P1

     

    26.10.2022

    28.3.2023”

    (vii)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios GB-2.236:

    GB

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.236

    POU, RAT

    N, P1

     

    2.11.2022

    30.3.2023

    GBM

    P1

     

    2.11.2022

    30.3.2023”

    (viii)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios GB-2.253:

    GB

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.253

    POU, RAT

    N, P1

     

    11.11.2022

    29.3.2023

    GBM

    P1

     

    11.11.2022

    29.3.2023”

    (ix)

    san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.447 go US-2.450 tar éis an ró le haghaidh chrios US-2.446:

    US

    Na Stáit Aontaithe

    US-2.447

    POU, RAT

    N, P1

     

    28.3.2023

     

    GBM

    P1

     

    28.3.2023

     

    US-2.448

    POU, RAT

    N, P1

     

    22.3.2023

     

    GBM

    P1

     

    22.3.2023

     

    US-2.449

    POU, RAT

    N, P1

     

    22.3.2023

     

    GBM

    P1

     

    22.3.2023

     

    US-2.450

    POU, RAT

    N, P1

     

    5.4.2023

     

    GBM

    P1

     

    5.4.2023”

     


    Top