This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0755
Council Implementing Regulation (EU) 2023/755 of 13 April 2023 implementing Regulation (EU) No 269/2014 concerning restrictive measures in respect of actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/755 ón gComhairle an 13 Aibreán 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/755 ón gComhairle an 13 Aibreán 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
ST/7714/2023/INIT
IO L 100I, 13.4.2023, p. 1–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32014R0269 | Cur le | iarscríbhinn I Téacs | 13/04/2023 |
13.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 100/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/755 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Aibreán 2023
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. |
(2) |
Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine. |
(3) |
Sna conclúidí uaithi an 23 Márta 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go gcáineann sí go géar cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar sárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe. D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach freisin go bhfuil an tAontas tiomanta i gcónaí coinneáil leis an mbrú comhchoiteann ar an Rúis agus an brú sin a mhéadú, lena n-áirítear, b’fhéidir, trí bhearta sriantacha breise a thabhairt isteach. |
(4) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart 2 eintiteas atá freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur le liosta na ndaoine nadúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Aibreán 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na heintitis a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“210. |
Grúpa Wagner (Rúisis: Группа Вагнера) ar a dtugtar freisin Grúpa Vagner PMC Wagner Liga League |
Daoine aonair comhlachaithe: Dimitriy Utkin; Yevgeniy Prigozhin |
Is eintiteas míleata neamhchorpraithe príobháideach atá bunaithe sa Rúis é an Grúpa Wagner, a bunaíodh in 2014 mar eagraíocht a tháinig i gcomharbacht ar Chór Slavach. Tá sé faoi stiúir Dimitriy Utkin agus maoinithe ag Yevgeniy Prigozhin. Trí eintitis áitiúla a bhunú, agus le tacaíocht ó rialtais áitiúla, maoiníonn agus déanann an Grúpa Wagner a chuid oibríochtaí. Is é an Grúpa Wagner a bhí i gceannas ar na hionsaithe ar bhailte Soledar agus Bakhmut san Úcráin i mí Eanáir 2023 agus tá ról ghníomhach aige i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá an Grúpa Wagner freagrach as tacaíocht ábharach a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
13.4.2023 |
211. |
RIA FAN ar a dtugtar freisin FNA Federal News Agency LLC RIA FNA |
Áit chlárúcháin: Cathair Pheadair, Cónaidhm na Rúise Dáta clárúcháin: an 11.5.2014 Suíomh gréasáin: www.riafan.ru Duine aonaoir comhlachaithe: Yevgeniy Priogzhin Eintitis comhlachaithe: Patriot Media Group, an Grúpa Wagner |
Tá RIA FAN mar chuid de Patriot Media Group (Grúpa Meán Patriot), eagraíocht meán de chuid na Rúise agus is é Yevgeniy Prigozhin atá i gceannas ar Bhoird na nIontaobhaithe. Tá RIA FAN rannpháirteach i mbolscaireacht ar son an rialtais agus bréagaisnéis maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Déanann RIA FAN cur síos ar chogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine mar mhisean chun stop a chur le ‘Naitsithe Úcráineacha’ agus cuireann sé gníomhaíochtaí a rinne an Grúpa Wagner chun cinn. Dá bhrí sin, tugann RIA FAN tacaíocht ábharach do ghníomhaíochtaí agus bearta lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá baint ag RIA FAN freisin leis annGrúpa Meán Patriot. |
13.4.2023” |