Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0722

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/722 ón gComhairle an 31 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/427 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

    ST/7749/2023/INIT

    IO L 94, 3.4.2023, p. 19–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/722/oj

    3.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 94/19


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/722 ÓN gCOMHAIRLE

    an 31 Márta 2023

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/427 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/427 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1), agus go háirithe Airteagal 1, pointe (20), de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 25 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/427, lenar leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle (2) agus lenar tugadh isteach tuilleadh beart sriantach chun gníomhaíochtaí craoltóireachta san Aontas, nó atá dírithe ar an Aontas, a chur ar fionraí – gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí meán áirithe. Leagtar na heagraíochtaí sin amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/427. De bhun Airteagal 1, pointe (20), de Rialachán (AE) 2023/427, tá infheidhmeacht na mbeart sin i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí meán sin faoi réir glacadh gníomhartha cur chun feidhme ag an gComhairle.

    (2)

    Tar éis di na cásanna faoi seach a scrúdú, chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag na bearta sriantacha dá dtagraítear in Airteagal 2f de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón 10 Aibreán 2023 i leith na n-eintiteas a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/427,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2f de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón 10 Aibreán 2023 i leith na n-eintiteas a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/427.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Márta 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. ROSWALL


    (1)  IO L 59I, 25.2.2023, lch. 6.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).


    Top